Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí na hÉireann agus "SHOPPING BY POST."

Title
Déantúisí na hÉireann agus "SHOPPING BY POST."
Author(s)
Nic Fhualáin, Úna,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Déantúisí na hÉireann agus "Shopping by Post".



Suas is anuas le leathscór nó doiséan bliadhanta ó shoin ba
bheag an tsuim do bhí dá chur i ndéantúisíbh na hÉireann, ná ba
bheag an trácht do bhí ortha. Nuair a théigheadh sinn isteach i
siopa éadaigh cheannuigheadh sinn rud ar bith a thaithnigheadh linn
gan fiafruighe cár deineadhé nó cé'n tír ab as é. D'íocfadh
sinn ar gcuid airgid ar an rud sin gan ceist againn air cé dhó
a raibh an t-airgead sin ag dul 'un leasa. Ghníodh sinn an cleas
céadna i siopa na mbróg agus ins gach uile shiopa eile dá réir.
Tá athrughadh mór tagtha ar an saoghal ó shoin agus nach maith an
scéal é. Is iomdha ceist a cuirtear ar fhear siopa anois fá
dtaobh na n-earraidhe a bhíos dá ndíol aige. Mhúscail Connradh
na Gaedhilge an sprid Ghaedhealach ins na daoine agus tá a rian
sin ar an tír.



Acht tá sluagh mór de'n phobal fós nár chuidigh agus nach
bhfuil ag cuidiughadh leis an athrughadh seo. Tá sluagh mór ann
atá ar nós cuma liom. Má leagann fear siopa earraidhe
a deineadh i nÉirinn os comhair an dream "cuma liom" seo,
b'fhéidir go gceannóchadh siad iad: acht thairis sin ní chuirfidh
siad de thréas ná d'easonóir ortha féin a n-éileamh. Ní hé go
mbíonn fonn ar an dream seo cuidiughadh leis an Allmhurach, ná
tús a thabhairt do na hearraidhe Gallda ar earraidhe a dtíre
féin, acht is cumha leo eatortha é. Ní thuigeann siad go bhfuil
sé de dhualgas ortha ná gur ceart dóibh cuidiughadh le na dtír
dhúthchais féin, chomh fada agus is féidir leo é, i dtosach ar aon
tír eile. Níl siad dúisighthe as tromshuan na neamhshuime go
fóill. Tá cuid mhaith den dream "cuma liom" seo 'na gcomh-
nuidhe fá'n tuaith. Níl mé a rádh nach bhfuil cuid aca ins na
bailtibh móra chomh maith; acht faghann dream an bhaile mhóir
a gcuid airgid ins na siopaí atá san mbaile, agus cuireann
dream na tuaithe a gcuid airgid, nó cuid mhaith dhe, a triall ar
shiopaibh móra Shasana is Alban. Cia'n fáth ata leis sin? Sin í
an cheist a chuir a scríobhadh an ailt seo mé.



Is mór an suim airgid a cuirtear anonn go Sasana gach uile
bhliadhain ar earraidhe, mhór mhór ar éadach. Ná síltear gur


L. 154


ag tabhairt milleán d'éinneach atá mé gá scríobhadh seo: ní
headh, ná chor ar bith. Bhí mé fhéin chomh cionntach le cách sa
mbealach sin scathamh den aimsir a caitheadh (cé gur fadó an lá
anois ó bhí aon déighleáil againn leo), acht bím buidheach do
Chonnradh na Gaedhilge agus don "Chlaidheamh Soluis" a sheol ar
bhealach mo leasa mé. Mar adubhairt mé, ní le milleán a
thabhairt d'éinne tá mé dhá scríobhadh seo, acht leis an gceist a
thabhairt os comhair an phobail féachaint a bhféadfaidhe aon nídh a
dhéanamh leis an airgead seo a chongbháil sa mbaile, agus le
eolas a thabhairt dho na daoinibh seo ar earraidhe na hÉireann.



Ní hé go mbíonn fonn ortha seo tús a thabhairt do na Gallaibh
acht ní bhíonn neart ag a bhfurmhór air. Tá siad 'na gcomhnuidhe
i n-áiteachaibh iargcúlacha, eistreánacha, a bhfad ón mbaile mór
agus nuair fheileas aon nídh dhóibh le na n-aghaidh fén ná le
haghaidh an tighe ní féidir leo a dhul 'na choinne. Ní móide
a bhfuil fhios aca barainneach cé'n sórt rud atá uatha chor ar bith,
ná céard é a luach, agus muna bhfuil fhios ní bheidh fhios aca cé'n
méid airgid a chuirfidh siad ag triall ar fhear an tsiopa; agus
ar ndóigh muna bhfuil aithne ag fear an tsiopa ortha, nó muna
raibh aon déighleáil aige leo roimhe sin, ní chuirfidh sé na
hearraidhe chuca gan an t-airgead, rud nach milleán air.



Anois nach gceapfá, má tá sé chomh deacair sin dóibh na
hearraidhe fheileas dóibh fhághail 'sa mbaile i nÉirinn, go mbeadh
sé níos deacra 'ná sin dóibh iad fhághail thar sáile: acht ní mar
sin atá an scéal chor ar bith. Níl aon ré soluis nach bhfuil
siopadóirí móra Shasana is Alban ag cuir leabhra ag triall ar
mhuinntir na tutithe i nÉirinn. Níl fhios agam má cuirtear chuig
lucht an bhaile mhóir iad. Tá gach uile nídh dá bhfuil dá dhíol aca
agus go deimhin sin é gach uile rud dá bhféadfá cuimhneamh air
agus rudaí cuid mhaith nach gcuimhntheá chor ar bith ortha, fógraithe
agus léaraighthe ins na leabhra sin aca. Tá gach uile rud ionnta
fheileas don teach, ón n-éadach urláir go dtí an leabaidh agus an
leaba chomh maith. Tá cáilidheacht gach aon rud aca sin innsithe
agus mínighthe dhuit go soiléar. Má's éadach é, tá a dhath, a fad
'sa leithead, agus a luach thíos annsin agat 'na dhubh 'sna bhán
agus mar sin le gach uile rud eile.



Nuair fheileas rud ar bith do mhnaoi a bhfuil ceann de na
leabhra seo aici, níl aici le déanamh acht suidhe síos agus an


L. 155


leabhar sin fhoscailt; gheobhaidh sí amach annsin céard atá uaithi
agus déanfa sí suas cé mhéad a thiocfas sé. Racha sí annsin
chuig teach an phosta agus gheobha sí ordughadh airgid le pé bith
méid atá uaithi, cuirfidh sí é sin ag triall ar fhear siopa i
gceann éicínt de bhailte móra Shasana. Fá ceann cúpla lá
buailfidh fear an phosta isteach chuici agus bosca nó búrla mór
ar iomchar aige. Céard atá ann, an measann tú? Is maith tá
fhios sin ag mnaoi nó ag cailín óg an tighe. Nuair imtheóchas
fear an phosta amach gearrfaidh sí na ruagaí tá dhá cheangal
agus osglóchaidh sí amach é. Tá aici annsin gach uile mhíle nídh
dár chuir sí fios air gan aon lúib ar lár.



"Leabharsa féin," adéarfaidh sí, "is sibhse ar fíu scríobhadh i
gcoinne an rud chugaibh! Is sibh nach gcoinneóchaidh an mhoill air!
Is sibh a chuirfeas isteach 'na tighe ag duine é go breágh sásamhail
scioptha; ní hionnann sin agus an mhuinntir a gcaithfidh tú
scríobhadh trí nó ceathair de chuarta chuca sul mar chuirfeas siad
an rud chugat, agus b'fhéidir gan é chuir chugat ar aon chaoi ar
deiridh. O, go deimhin, sé "Shopping by Post" an rud nach
féidir a shárúghadh. Níl agat le déanamh acht cúpla focailín a
scríobhadh agus ainmneacha na rudaí atá uait a luadh, agus tá
siad istigh ins an teach agat fá cheann cúpla lá gan níos
mó trioblóide, ná gan nóiméad aimsire a chaitheamh ná a chuir
amugha mar gheall ortha." Sin mar déarfas bean an leabhair
sin, agus sin mar tá aici le rádh.



Tá na leabhra seo ag teacht 'na sraitheannaibh gach uile am sa
mbliadhain. Is minic a ghním iongantas cá bhfaghann siad na
hainmneacha chor ar bith. Cébí cá bhfaghann siad iad, bíonn siad
aca go cruinn, baileach: d'ainm 's do shloinneadh, agus d'áit
comhnuidhthe; agus nuair bhéas sin aca uair amháin, deirim-se
leat-sa nach ndéanfaidh siad dearmad ort, ná nach leigfidh siad
duit-se dearmad a dhéanamh ortha acht oiread; agus muna
mbeidh aon déighleáil agat leo ní iad-san is cionntach. Ní hé
amháin go gcuirfidh siad ceann a triall ort i n-éadan an ráithe,
acht is minic a thiocfas péire i n-éinfheacht, le heagla, creidim,
go ndeinfidhe dearmad ar bith ort. Deirim leat gur toghadh
sáitire é an Sasanach! Is air nach bhfuil an náire a chuid
earraidhe fhuagairt agus a chur os comhair an phobail, agus ar
ndóigh tá an ceart aige. Deir an sean-fhocal: "nár mhinic


L. 156


fear náireach éadálach," agus creidim nár cumadh agus nár
ceapadh rud ar bith fós atá i n-ann an sean-fhocal a shárughadh.



Anois, ní duine mise a d'iarrfadh ná adéaradh le aon duine
eile acht oiread mórán aithris a dhéanamh ar an Sasanach, acht badh
chuma liom cé air a ndéanfainn aithris - dá mb'ar mo dhearg-
námhaid é - dá mbadh rud é go gceapfainn go gcuirfeadh
an aithris sin chun tosaigh mé nó go ndéanfadh sí aon leas dom;
agus déarfainn le siopadóirí móra Bhaile Átha Cliath, Corcaigh,
Béal Feirste agus Luimnigh aithris a dhéanamh ar shiopadóirí
móra Shasana is Alban san méid seo agus leabhra, mar iad
seo ar thracht mé ó chianaibh ortha, a scaoileadh amach ar fud
na dúthaighe. Badh mhór an mhaitheas a dhéanfaidís. Choinneóchaidhe
sa mbaile cuid mhaith den airgead atá ag dul thar sáile fá
láthair.



Tá cuid de mhuinntir na tuaithe a cheapann go bhfuil maith ar
an rud a thagann "anuas" seachas an rud atá le fagháil istigh
'san mbaile aca féin. "Is glas iad na cnoic abhfad uainn." Is
cuma leo cé as a dtiocfadh sé acht é theacht "anuas". Bhéadh sé
chomh "'nuas" céadna aca é theacht as Baile Átha Cliath, nó as
Corcaigh, nó as Béal Feirste, le é theacht as Lonnduin nó as
Libhearpúl nó as aon bhaile mór eile i Sasana.



Cuir i gcás nach féidir le siopadóir a shiopa líonadh le
earraidhe na hÉireann go hiomlán fá láthair, agus go gcaithfidh
sé earraidhe iasachta bheith dá ndíol aige go fóill - agus is
dóichidhe choidhche - acht dá mbeadh na leabhra seo dá gcuir amach
aige d'fhéadfaidhe admhachtamháil ionnta cad iad na hearraidhe
iasachta, agus cad iad na hearraidhe a déantar i nÉirinn.
Measann tú cé mhéid duine ar fud na tíre nach bhfuil fhios aige
go bhfuil dubhchán agus gleasán bróga agus fiche rud eile
a ndéantar úsáid de gach uile lá dá dhéanamh i nÉirinn?
Thiubhraidh na leabhra seo a bhfuil mé a trácht ortha eolas dóibh ar
na neithibh sin níos feárr ná d'fhéadfadh aon teasbántas dá
fheabhas. Téigheann daoine ag breathnughadh ar theasbántas go
minic, díreach mar ghábhfadh siad a breathnughadh ar sheó ar bith
eile; tar éis beagán laetheanta níl cuimhne aca a bhfacadar
riamh é, ná níl cuimhne aca ar aon nídh dá bhfacadar dhá theasbáint
ann. Ní mar sin leis an leabhar: níl aon uair dá n-osclóchaidís
é nach bhfeicfeadh siad ainmneacha - agus b'fhéidir cosamhlacht -


L. 157


na n-earraidhe atá dá ndéanamh sa mbaile i nÉirinn a breath-
nughadh suas 'sna súilibh ortha, ar chaoi nach bhféadfadh siad
dearmad a dhéanamh ortha. Déarfaidh fear nó bean an leabhair
sin leis fhéin: "Tradháilfidh mé an earradh Gaedhlach an babhta
seo go bhfeicidh mé cé'n sórt é, nó an bhfuil aon mhaith ann,"
agus annsin nuair gheobhas sé amach go bhfuil an earradh Gaedhlach
gach uile phioc chomh saor agus chomh maith leis an earradh Gallda
- agus b'fhéidir níos feárr 'ná í - ní gádh a bhrosdughadh níos mó
chun cabhrughadh le déantúisí na hÉireann.



Acht b'fhéidir go bhfuil mise ag dul amugha, agus nach bhfuil
mé acht ag bodhradh léightheóirí an IRISLEABHAIR le mo chuid
cainnte; b'fhéidir go bhfuil na leabhra seo a bhfuil an oiread sin
cainnte déanta agam fútha dá gcuir amach cheana aca, acht nach
bhfaca mise aon cheann aca. Má's mar sin atá an scéal,
gabhaim mo leith-scéal le mo léightheóiribh agus iarraim ar an
dream eile leabhar a chuir a triall orm. Measaim, ar chaoi ar
bith, go bhfuil cuid aca nach bhfuil na leabhra aca, mar scríobh mé
chuig cumann áithride i mBaile Átha Cliath laetheanta roimh
Nodlaig ag iarraidh ortha ceann a sheóladh chugam. Theastuigh
uaim nidhthe beaga a cheannacht le cur chuig Gaedhil óga fá
Nodlaig: bhí fhios agam go raibh na nidhthe bhí uaim dá ndéanamh
agus dá ndíol ag an gcumann seo, mar chonnaic mé iad
ag Teasbántas an Oireachtais athrughadh anuraidh, acht ní raibh fhios
agam barainneach céard a thoghfainn ná céard é a luach. Mar
sin, scríobh mé chuca ag iarraidh ortha leabhar nó liosta nó
rud éicínt a chuir chugam a thiubhradh eolas dam ar na neithibh a bhí
dá ndéanamh is dá ndíol aca, acht scéal ná scuan ní bhfuair mé
uatha ó shoin. Ba mhór an mhaith ná raibh fhios ag na Gaedhil bheaga
a raibh fúm na brontanais a chuir chuca go rabhadar le fághail
aca; dá mbeadh fhios, bheadh a "súile amuigh" ag súil leo. Nuair
nár fhéad mé na nidhthe a bhí uaim fhágháil, fuair mé beagán
leabhra ó Mhuinntir Guill agus chuir mé ag triall ar chuid
aca iad; b'éigin den chuid eile fanacht gan tada fhagháil -
uaimse ar chaoi ar bith.



Ó's a trácht ar leabhraibh é, tá na leabhra seo a bhfuil mé
a tagairt dóibh dá gcur amach ag lucht siopaí móra na leabhar i
gcomhnuidhe, agus cad chuige nach bhféadfadh lucht na siopaí móra
éadaigh is bróga an cleas céadna a dhéanamh. Is dóichighe


L. 158


go mbeidís beagán costasach ortha, acht ar ndóigh muna ndéan-
tar costas le rud a chuir chun cinn, ní féidir a bheith súil le
mórán tairbhe. Ní ceart dóibh ar chaoi ar bith an pháirc seo
fhágáil fá na Gallaibh níos fuide; teighidís féin a treabhadh innti
feasta. Cuiridís na leabhra ag triall ar mhnáibh na n-oidí
scoile, ar mhnáibh na síth-mhaor, agus ar a léitheidí. Ní fuláir nó
tá sé chomh furusta dhóibh-sean a n-ainmneacha fhághail is tá sé ag
muinntir Sheffield nó Leeds nó Manchester. Teasbánfaidh
siad-san dho thuilleadh iad agus mar sin beidh an t-eolas dá
scaipeadh. Abradh lucht curtha amach na leabhar leo mar deir-
eann an Gall: "muna bhfeileann an leabhar seo dhuit-se tabhair
dho chomharsa bhéal a dorais é."



ÚNA NIC FHUALÁIN.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services