Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Anonn agus Anall

Title
Anonn agus Anall
Author(s)
Ua Conceannainn, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Anonn agus Anall
(ó Thomás Ua Conceannainn)



Ní raibh sé mórán achair thar éis mo chuid greagaireacht
leis na mná go dtárla mé i mbaile Thuama, príomh-
chathair na hEaglaise i gCúige Connacht.



A' dul amach ó dhoras an stáisiúin dom bhí seisear
carréirí taobh amuigh agus gach duine aca agus a lámh
sínte amach, a laisg go dlúth daingean 'na ngloic, agus
iad ag uallfairt amach go tréan i "mBéarla, chodail
amuigh," mar deir an tAthair Peadar. "Wunt ye have
a k'yar sur." "Is fiúntaighe dhíbh Gaedhilge láidir
bríoghmhar a labhairt," arsa mise le duine aca, "ná
bheith 'caraidheacht leis an mBéarla gránna sin."



"M'anam nach bhfuil tú a' rádh aon cheó acht an
fhírinne ghlan, a dhuine chóir, acht is truagh, mar deir tú
é, leis an uaibhreas agus an phostamhlaidheacht. Ní
bheimuid i bhfad mar sin anois le congnamh Dé. Cloisim
go bhfuil muinntir Bhlá' Cliath le fear chur amach go
gairid ar fuid Chonnachta brosdughadh na ndaoine, agus
ag iarraidh orra an teanga chur faoi mheas arís agus
tá 's ag Dia go dtastuigheann sin. Léigh mé san
Weekly Freeman gur geárr go dtiubhradh sé cuairt ar
Thuaim agus diabhal bhfuil 'fhios agam nach thú fhéin é."



"Bladaire maith atá ionnat," arsa mise. "Díon
deifir anois, má 'sé do thoil é, agus tiomáin suas go
dtí an teach ósda mé."



Chuaidh sé ar an taobh deas de'n chárr agus mise ar
an taobh clí. Bhuail sé buille de'n laisg ar an sean-
ghiorrán bán, agus d'imthigh léi ins na foiridhe glinnte.



"Tá eolas agad ar gach uile dhuine san mbaile,"
adeirim-se.



"Maiseadh go deimhin tá. Ní féidir fear ar bith
eile fhagháil ann, 'bhfuil aithne aige ar mhuinntir na háite
seo chomh maith liom-sa. Ní'l bean, leanabh ná páisde
an nach bhfuil 'fhios agam-sa, chómh maith agus tá fhios
agam, "aon, dí, trí.""



"Tá aithne agad ar Sheaghán MagFhlionn mar sin."



"Maiseadh go deimhin tá, le bliadhanta móra fada."



"Goidé an sórt fir é féin?"



"Anois creidim gur chuala tú trácht ar Gholdsmith
go minic."



"Chualas, acht ní fhaca mé riamh an fear."



"Goldsmith eile is eadh é Seaghan. Feairín gan
gleó gan torann, agus an Gaedhilgeóir is fearr i gCon-
nachta - ní chuirfidh mé níos faide é. Ní'l aon fhocal
dá bhfiafróchthá dhe go maidin, ná ar feadh sé lá na
seachtmhaine, nach gcuirfeadh sé Gaedhilge dhuit air. Is
iongantach bhain sé an ghaoth as seólta buicín mhóir an
lá faoi dheireadh a shíl é chur i gcúinne, acht mo léan
géar chuaidh sé chruaidh air. "Now, Misther Glynn, wud
you put Irish on the two inds of a shtick for me."
"Dhá chrích an mhaide," arsa Seaghán, agus creid mise ann
gur chuir sin "na thost an spreallaire."



Thosuigh an tiománaidhe ag caint leis an gcapall.



"Fo, fo" now Jim. Fy dunt ye stop, I say, till I let
the gintleman -"



"Seo é arís é. Caithfidh tú ionntughadh ar an
mBéarla salach a chaint leis an gcapall bocht féin!"



"Cleachdadh ghníos é sin, a mhic ó, acht is gearr go
mbrisfeamuid sinn féin as agus caithfeamuid go dtí
an bailséiridhe é, agus beimuid 'nar nÉireannaigh níos
feárr as so amach."



"Grádh mo chroidhe annsin thú! Tá tú 'do bhuachaill
mhaith cheana, ní déarfad é sin acht fear maith, beannacht
leat!" agus isteach liom, gur ghlan mé mé féin agus
fuair rud le n'ithe.



Ní raibh sé i bhfad go raibh mé os comhair an Árd-
easbuig Seaghán Mac a' Mhíleadh. Fuair mé é go rí-
shásta agus fabharach do chúis na teanga. Tá a chroidhe
agus a inntinn leis, adeir sé, agus tá a sparán
osgailte le cabhair do thabhairt dúinn leis an gcúis
bheannuighthe thíor-ghrádhach so chur ar a haghaidh, agus
gheobhamuid a bheannacht mar an gcéadna. Is deas an
chosamhlacht na hEasbuig agus an chliar bheith 'thabhairt
congnadh an phóca dhúinn, mar go deimhin ní féidir an
chúis seo ná cúis ar bith eile chur 'un tosaigh muna
bhfuil an t-airgead le fagháil, agus nuair bheas sé
againn, ní'l baoghal ar bith nach dtiucfá an obair 'un
cinn.



Bhí comhradh beag deas agam i nGaedhilge leis an
Árd-Easbog. Chuaidh mé faoi Láimh Easbuig aige chúig
bliadhna déag ó shoin, agus is an-mhór de'n tsaoghal
chuaidh sé i n-aosdacht ó shoin.



"Is mór mór an náire," adeir sé, "do Éireannaigh
an teanga bhreágh mhín mhilis a thug Dia dhóibh ligean ar
lár," agus ní'l 'fhios aige ar thalamh an domhain goidé
an fáth do rinneadar é, agus goidé an chaoi i bhféadfadh
siad Éireannaigh thabhairt orra féin ó n-a gcroidhe
amach, nuair nach bhfuil aca acht teanga ghágach na
Sasanach. "Is cladhaire an sgéal é go deimhin,
acht tá súil agam go mbrosdóchthar anois iad, go
músglóchthar ó'n gcodladh agus ó'n trom-shuan sinn bhí
orainn le bliadhanta móra fada, agus nach mbeidh sé
le rádh go deó gur leig sinn 'un báis le faillighe le
tarcaisne agus le mí-mheas an teanga is uaisle is
binne agus is milse a tháinig amach as béal aon fhir
riamh."



Dá mbeith an Ghaedhilge chomh binn agus comh blasda
ag gach uile dhuine i nÉirinn agus tá sí ag an Tighearna


L. 374


Árd-Easbuig, creid mise ann go mbeadh athrughadh
sgéil againn le n'innsint do'n tsaoghal mór. 'Sé mo
mheas nach bhfuil aon Ghaedhilgeoir i nÉirinn níos fearr
ná níos cliste ná é, agus is riméadach atá sé aisti,
nídh nach iongantas dó. Sheasfá san sioc agus san
sneachta ar feadh seachtmhaine ag éisteacht leis, tá
suaim na teangan chomh binn chomh milis sin aige.



Tar éis imtheacht ó theach an Árd-Easbuig, chuadhas
go dtí an tAthair Mac Diarmada, stiúrthóir na deoi-
ghise agus mar bhí súil agam, bhí seisean i bhfabhar na
cúise, acht shíl sé go mbudh fhearr é chur ar gcúl go
ceann a trí nó a ceathair do sheachtmhaine mar bhí togha
na Comhairle Conndae le bheith ann go dlúth tar éis an
lae sin - an 5adh lá d'Aibreán sílim - agus bhí gach uile
nidh measgtha corruighthe 'na chíor-thuaithbhil aca sin, agus
nach mbeadh na daoine socruighthe ceart 'na n-aigneadh
go mbeadh an togha thart, agus rud eile dhe, bhí an
tseachtmhain chráibhtheacht le tosughadh an Domhnach bhí
chugainn. Idir sin agus súd bhí inntinne na ndaoine
tógtha suas, acht 'na dhiaidh sin féin má cheapadh muinn-
tir an bhaile mhóir go bhféadfaidhe craobh a chur ar bun
ar feadh an ghleadhraigh mhóir, go ndéanfadh sé féin gach
nidh dá raibh 'na chúmhachta.



(Leanfar de sgéal Tuama)



postamhail = self-important. The Irish for "the
two ends of a stick" is a favourite catch, though a
very stupid one, with people who wish to ridicule
Irish. Ceann being the usual Irish for "end", they
say, "Is it not a funny language that talks about the
two heads of a stick?"

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services