Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí Gaedhlacha. V. - Rothair.

Title
Déantúisí Gaedhlacha. V. - Rothair.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Déantúisí Gaedhlacha.



V. - ROTHAIR.



(A). - CAD IS ROTHAR ANN?



an slabhradh
an fhiacail
an tromán
an gealapán
an troightheán
an fonnsa
an bolg
an bonn
an chomhla
na speic
an mul
cnó
an fhearsaid
grán
an chabhail
an slinneán
díon an tslabhraidh
an chomhla
an caipín
an diallaid
cos na diallaide
luascán
an slinneán deiridh
an roth deiridh
an roth tosaigh
díon lathaighe
an tslat
an chluas
cluas an chosgáin
slat an chosgáin
an gabhal
an cosgán
an muineál



Ní dócha gur gábhadh dham bheith om bodhradh féin a d'iarraidh
míniughadh a thabhairt ar rothar. Ní bheadh ann dam acht caill-
eamhaint aimsire - mar an té ná fuil rothar aige is gearr go
mbeidh, agus an té ná beidh aige go bhfóire Dia air. Táid rothair
ag éirighe coitcheanta insna ceanntair is iargcúldha fé láthair.
Bhíos féin anuiridh i n-áit iargcúldha go leór, agus dubhrathas
liom gur beag sclábhuidhe nó mac sclábhuidhe ann ná raibh rothar
de shaghas éigin aige, bíodh is gur seana-chruic leathchaithte a
b'eadh a lán aca. Cuireann soin i n-umhail dúinn go bhfuil i
nÉirinn fé láthair "margadh" maith i gcóir rothar. Anois ar
theacht an tsamhraidh bíonn gach éinne ag cuimhneamh ar rothar a
cheannach, nó ar a sheanrothar a chur i n-órdughadh, i gcóir an
tsaésúir. Ní dócha go bhfuil ar thalamh an domhain saghas marc-
aigheachta is deise agus is sláinteamhla 'ná tamall ar rothar acht
an uain a bheith oireamhnach agus na bóithre go maith réidh. Ní


L. 229


gearánta ar bhóithre na hÉireann le linn an tsamhraidh. Maidir
leis an aimsir, is dual di bheith go taithneamhach d'éis "rabharta
geal na Cásca." Geal go maith a bhí súd i mbliadhna go háirithe.



(B.) - ROTHAIR GHAEDHLACHA.



Ní ró-fhuirist a rádh cad air gur chóir rothar Gaedhlach a thabh-
airt. Bíd rothair ann is ní deintear i nÉirinn ortha acht a gcur
le chéile ann. Bíonn a thuilleadh aca ann agus deintear an
fráma nó an chabhail annso, acht earraidhe iasachta a cuirtear
ionnta 'n-a dhiaidh soin. Bíonn a thuilleadh aca fós agus dein-
tear i nÉirinn gach uile chuid díobh gur féidir a dhéanamh gan
paitinn a choilleadh nó neach a bheith caillte dá mbárr. Is iad-
san na hearraidhe fíorghaedhlacha, agus is ortha a dhéanfam trácht
san aiste bhig seo.



Chun a thespeáint cadé an ceannach atá ar rothair sa tír seo,
ní gábhadh dham acht an táille n-a dtaobh a bhaint a cunntuisí an
Dipartmint. I mbliadhain a 1904 do tháinig i dtír i nÉirinn
tuairim is luach £250,000 de rothair. I mbliadhain a 1905 luach
£255,000. Níor fríth fós cunntus nísa dhéadhnaighe 'ná soin. Níl
áirimhthe annsúd na rothair do deineadh i nÉirinn is do díoladh
annso. Dá gcuirimís an dá thaobh le chéile agus an t-iomlán
d'áireamh ar luach £300,000, b'fhéidir ná beimís puinn amugha.
Abair is go mb'fhiú £12 gach rothar. Sin 25,000 rothar dá ndíol
i nÉirinn gach bliadhain.



Ó bhíonn an oiread-san ceannuightheóirí ar an "margadh"
againn gach bliadhain, nár bh'fhiú dhúinn thabhairt fé earraidhe
Gaedhlacha a sholáthar dóibh agus a chur n-a luighe ortha claoidhe
leis an earraidh dhúthchuis agus a gcuid airgid a chur idir
Éireanchaibh? Is iomdhó cearduidhe agus fear oibre do chothóghadh
£300,000 gach bliadhain. Nuair a bhíd rothair Ghaedhlacha coit-
cheannta cois baile, féadfar annsoin iad a chur ar mhargaidhibh
thar lear. I mbliadhain a 1904 is i mbliadhain a 1905, oiread
agus rothar Gaedhlach amháin níor cuireadh a hÉirinn. Sé sin an
scéal d'innsean cunntuisí an Dipartmint.



Ní ghearánfainn n-a thaobh-san, dá mbeadh an lámh uachtair ag
an rothar Gaedhlach sa bhaile. Ní fuláir soin a bhuadhachtaint ar
dtúis. Ar an adhbhar-san, tá d'fhiachaibh ar an uile dhuine againn,


L. 230


de réir a acmhuinn is na caé bhíonn aige, an earradh Ghaedhlach a
ghlacadh de rogha agus daoine eile a chomhairliughadh n-a taobh.



Is fuirist, foríor! na daoine a dhéineann rothair fíorghaedh-
lacha d'áireamh. Muinntir Piaruis i Loch gCarman: tá fir ionad
aca-san i ngach baile i nÉirinn geall leis. Séamus Céitinn a
bhfear gnótha i mBaile Átha Cliath, agus badh dheacair fear a
b'fhearr 'ná é d'fhagháil. Ní hamháin go dtuigeann sé cúrsaí an
mhargaidh, acht, n-a theannta-san, tá taithighe aige le sna bliadh-
antaibh ar rothair a dhíol is ní theipeann air duine a shásamh.



Muinntir an "tSeamróg." Rothar maith é sin, acht, de réir
mar airighim, ní déintear puinn díobh. Má táid go maith, táid
ró-dhaor. Ná bac an té ná gabhann leis an saoghal. Fágfar ar
deireadh é.



Seán Ó Néill, fear an "Lucania". Sin fear atá ag druidim
leis an saoghal, agus tá a rian air. Timcheall bliadhain ó shoin,
do chuir sé roimhe rothair Ghaedhlacha a dhéanamh. Do cheannuigh
innil chun gach páirt de rothar a dhéanamh, agus do chuir ar bun
iad i n-a mhonarchain. I gcaitheamh an gheimhridh bhí sluagh fear ag
obair ann ag déanamh Lucania ar a ndicheall. Tá an uile cheann
aca-san díolta aige anois. Ní mór dóibh obair de ló is istoidhche
chun freagairt don ghlaodhach atá ortha. Tespeánann soin, ní
hamháin an bhreis éilimh atá ar earraidhe Gaedhlacha, acht feabhus
an Lucania féin agus clisteacht an Niallaigh i gcúrsaíbh gnótha.



(C) NA hINNIL.



Is eól dúinn go léir cadé an saghas rud é rothar. Bainimíd f
eidhm a rothar coitcheannta. Acht is beag duine againn go
bhfuil tuairim aige den chuma i ndéantar rothar. Cuirfead síos
annso cunntus ar na hinnil a chonnac ag obair i monarchain
tSeáin Uí Néill. Do thug sé féin agus Mac Uí Dhonnchadha mín-
iughadh iomlán dam ortha.



1. Inneall mótuir a chuireann ar siubhal na hinnil eile go
léir.



2. Greanadóir Ciorcaldha. É sin a dheineann cruinn nó
ciorcalda an taobh amuigh de sna "cúinníbh" a bhíonn ar chabhail
rothair, na muil, na fearsada, agus rl.



3. Deile. Is iomdhó saghas deile a bhíonn dá n-usáid i gcóir
rothar, acht an deil ar a dtugtar "Capstan" an ceann is mo


L. 231


go mbaintear feidhm aisti. Uirthi siúd do tollthar muil, sliog-
áin muil, cruaichíní, agus rl. Naoi n-oibreacha fé leith is féidir a
dhéanamh léi. Deintear scriúna a ghearradh uirthi.



4. Dealbhadóir. Ar dhealbhadóir a deintear na "codcha"
beaga de gach saghas. Bíonn sórt scine ar an innil seo a ghearr-
ann amach úirlis den toirt is den deilbh a bhíonn riachtanach.
Cuirtear an scian so ag obair a "fuirm" fé leith i gcóir gach
"coda" nó giota, agus bíonn cnaipe ann a sheólann i gceart i
gcomhnuidhe í.



5. Cló-inneal "Lincoln". Ar an inneal so do gearrtar
gealpáin, fiacail na roth slabhraidh, agus rl. De chruaidh an-righin a
deintear gealpáin. Ní fuláir aire mhaith a thabhairt dóibh, mar is
ortha san a luigheann neart na tiomána nuair bhíonn duine ag
rothuidheacht. Is éigin uirlisí fé leith a bheith ann i gcóir gach
saghas gealpáin. An fhaid a bhíd na húirlisí seo san inneal
déintear mórchuid den tsaghas soin. Aistrighthear na húirlisí
annsoin agus deintear saghas eile. Aon earradh go bhfuil úir-
lisí dhó ann is féidir é ghearradh ar an ngléas so.



6. Inneal tollacháin. Ar an inneal so do tolltar dhá thaobh
ar mhuil, mar dtéighid na "spócanna" isteach. Is éigin an
obair seo a dhéanamh go hana-chruinn. Ar an ngléas so cuirtear
puillíní ar an dá thaobh dhen mhol i n-éinfheacht, agus tá de
chruinneas ann nach féidir leis dul amugha.



7. Inneal chun íle a scagadh. Ar urmhór na n-inneal tuas, an
fhaid a bhíonn an chruaidh righin dá gearradh, ní fuláir sruth íle a
choimeád leis is í ag tuitim ar an áit i n-a mbíonn an gearradh
á dhéanamh. Dá dtéigheadh an íle seo i bhfásach, do méadóghfaidhe
ar an gcostus. Tuiteann sí féin is fuighlach an ghearrtha anuas
i n-umar ag bun an innil. Cuirtear an meascán úd isteach i
ngléas scagtha mar a ndealuightear ó chéile iad, agus is féidir
an íle d'úsáid arís.



8. Fuirnéis. Fuirnéisí geasa atá ag Mac Uí Néill. Na
"codcha" beaga den rothar ar a mbíonn caitheamh, mar atá
muil, fearsada, cruaichíní, agus rl., is éigin iad a chruadhadh an
oiread is is féidir. Sáithtear isteach i bhfuirnéis iad. I gcionn
dá nóimeat bíonn dath bán ortha le méid an teasa. Coimeád-
tar annsoin iag do ceann a trí no a ceathair d'uairibh an chluig.



9. Dathughadh agus tiormughadh. Cuirtear dath ar gach páirt


L. 232


de rothar, agus bíonn cófraí ann mar a dtíortar iad. Air-
geaduighthear a lán de sna codchaibh.



10. Teallaigh goraidh. Ortha-san a deintear cúinní na cabhlach
a cheangal dá chéile. Prás leaghta an ghoradh a cuirtear ortha.



11. Tomhus rotha. Air seo a cuirtear roth le linn a thógbhála
féachaint an mbíonn sé díreach. Dá mbeadh aon pháirt de roth
an fichmhadh cuid d'órlach as alt, d'inneósadh an tomhus soin é.



12. Inneal geárrtha spócanna. Gearrann an t-inneall so
na spócanna pé faid a bhíonn riachtanach agus cuireann scriú
n-a mbárr.



Bíonn suaicheantuis de mhion-innealaibh i monarchain den
tsórd so, agus gan bhíseanna, inneónacha, scuaba, agus rl., d'áireamh
ar aonchor.



(D.) - MAR DEINTEAR "CODCHA."



Dá gcuirinn chun cur síos ar an gcuma n-a ndéintear gach
ceann desna codchaibh, níor mhór dham leabhar ar leith chuige. Pé
scéal é, níl slighe annso dó. Tá céad éigin cuid díobh ann,
agus obair fé leith ar gach ceann aca.



Seo mar deintear na cruaichíní. Faghtar bara cruinn den
chruaidh is righne. Gearrtar giota dhe ar an "gcapstan." Toll-
tar é ar an inneal gcéadna. Cuirtear annsoin ar an ndeil é,
bhfuirnéis é, agus fágtar ann é ar feadh cheithre n-uair a chluig
go dtí go gcruaidhtar go maith é. Nuair fhuarann sé n-a dhiaidh
sin, baintear de go mbíonn ar an dtoirt atá riachtanach. Ann-
soin deintear líomhnadh air is cuirtear scriú air. Mar sin do
gach "cuid" eile dhíobh.



(E.) - TÓGBHÁIL ROTHAIR.



An chabhail a deintear ar dtúis. Píopaí fada cruaidhe a
bhíonn ann chúichi. Gearrtear iad de réir aoirde na cabhlach. Ar
gach cúinne den chabhail bíonn giota chruaidh i n-a sáithtear cinn
na ngiotaí do geárrthar den "phíopa". Ceangaltar go dain-
gean iad le goradh práis. Cuirtear isteach an ghabhal tosaigh.



Cuirtear an chabhail anois go dtí seomra eile mara nglan-
tar is mar a líomhnathar í. Annsoin dathuightar is thíorthar í fé


L. 233


cheathair nó fé chúig. N-a dhiaidh sin, cuirtear air rothanna is
slabhradh, troighthíní is diallaid, coscáin is cluasa, agus rl, agus
gan dearmad an cluigín.



Do b'fhéidir a lán a rádh i dtaobh rothanna, builg is buinn,
acht badh liosta le cách mo leamhthagradh-sa dhóibh. Iad so go
bhfuil rothair aca, tuigid a gcúrsaí sin go maith; iad súd ná
fuil aca, bíodh is go gcuirfidís dicheall suime im chainnt-se,
badh ró-bheag an tairbhe dhóibh dá bhárr. Ceannuigheadh gach duine
aca "Lucania" nó "Piarsach" is geallaim-se dhóibh gur gearr
a bheidh aca nuair a thuigfid feidhm gach aon úirlise dá mbain-
eann le rothar.



(F.) - DEISIÚCHÁN.



Is tairbheach an gnó an deisiúchán so. Deinid an Niallach is
an Céitinneach é, agus tá ionad áirithe aca araon dó. An
seana-chroc "is measa bail 's is léithe lí" dá bhruil ar fagháil,
féadaid é dheisiughadh, é dhathughadh, is é chur i bhfuirm chun marc-
aigheachta air i gcionn seachtmhaine. Mara mbeadh uait acht
tairnge a chur i ndíon lathaighe, beidh fáilte romhat, is ní bheifar
ag éileamh an iomad ort dá bhárr. Má taoi ar aigne mótar a
cheannach gheobhair ceann ón gCéitinneach chomh maith is tá le fagh-
áil i n-aon bhall eile ar domhan .i. go dtí go mbeifar á ndéan-
amh i nÉirinn.



Ar m'eólus féin, tá beirt Ghaedheal ag díol "Lucania". Is
iad súd Pádraig Ó hAodha i gCorcaigh agus Domhnall Ó Buach-
alla i Muigh Nuadhad. Léightheóirí an IRISLEABHAIR go bhfuil
rothair ag teastáil uatha scríbhidís i nGaedhilg ag iarraidh
"Lucania" ar dhuine éigin aca súd; nó, má's "Piarsach" atá
uatha, scríbhidís sa bhfriotal gcéadna chun an Chéitinnigh i mBaile
Átha Cliath.



Sin agaibh scéal na rothar is má tá bréag ann ní horm-sa
an locht, mar ní mise a cheap.



TÓRNA.



TAGRA.



(a.) Is iargcúldha, most backward. Seana-chruic, old "crocks." Ní gearánta
ar, one must not complain of. Rabharta, a spring-tide, a heavy storm.


L. 234


(b.) Earraidhe iasachta, foreign stuffs or goods. Gan paitinn a choilleadh,
which does not transgress a patent. Áirimhthe, reckoned. Ceannuightheóirí, buyers;
ceannuidhe, a merchant, a dealer. Tabhairt fé, to attempt. Claoidhe le, to stick
to. Airgead a chur, to risk money. Breis éilimh, increased demand.



(c.) Feidhm, use. Greanadóir ciorcaldha, a circular milling machine.
"Cúinní," "lugs." Muil, hubs. Fearsada, axles. Deil, a lathe. Sliogáin muil,
hub-shells. Cruaichín, a cone. Dealbhadóir, a profiling machine. Na codcha beaga,
the small "parts." Toirt, size, substance. Deilbh, shape. "Fuirm" a "forma"
Cló-inneal "Lincoln", a Lincoln type-milling machine. Inneal tollacháin, a
drilling machine; used for drilling the flanges of the hubs where the spokes are
inserted. Inneal chun íle a scagadh, nó scagóid i gcóir íle, an oil-separator.
Dul i bhfásach, go to waste. Fuighlach an ghearrtha, the cuttings. Dealuightear,
is separated. Fuirnéis geasa, a gas furnace. Cruadhadh, to harden, to "bake."
Dathughadh, enamelling. Mar dtíorthar iad, where they are dried. Airgeaduigh-
thear iad, they are plated, "nickelled." Teallach goraidh, a "brazing" hearth.
Tomhus rotha, a wheel "measure." Bís, a vice.



(d.) Bara cruinn, a round bar. Tolltar é, it is bored. Líomhnadh, polishing.



(e.) tógbháil, building. An chabhail, the frame. Píopaí cruaidhe, steel tubing.
An ghabhal tosaigh, the front fork. Liosta, tedious. Leamhthagradh, weak descrip-
tion



(f.) Deisiúchán, "repairs." Is measa bail 's is léithe lí, the most ineffective
and colourless. Cur i bhfuirm, to put in trim. Tairnge, a nail, a "pin." Ag
éileamh, demanding, asking. Má taoi ar aigne, if you have a mind. Friotal,
language.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services