Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Truacaill an Ghabha.

Title
Truacaill an Ghabha.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Truacaill an Ghabha



Ar fonn "An Cailín Deas Donn."



Ó 'riú bog liom é, druid liom é, corruigh é,
Ó 'riú bog liom é, is tiocfaidh sé leam;
Ó 'riú bog liom é, druid liom é, corruigh é,
Ó 'riú bog liom an trucaillín donn!


L. 206


Lá aonaigh an earraigh 's me taisteal go triopallach
Treasna ar an ndroichead i Muileann na hAbhann,
Seadh chonnac an bobby gurab ainm dó Thingamy
Ó, is é druidim im choinnibh go teann.
Ó 'riú bog liom é, agus rl.



Ba ghairid go bhfeacamair asal is trucaill bheag
Chughainn ar leathshodar fé Mhicil an ghabha;
"Begob", ar san bobby, "this cart has no signature,
Only a lingo I cannot make out!"
Ó 'riú bog liom é, agus rl.



"Yer name?" ar san bobby, agus stadadh ar Mhicil Bhocht;
"Féach ar an dtrucaill, nó bhfuileann tú dall -
Tá m'ainm ann breacaithe i dteangain a thuigim-se,
'S fógraim thusa go hi - n thall!"
Ó 'riú bog liom é, agus rl.



Tiomáineadh dhon bharrack an t-asal 's an trucaill bheag
Stracadh is stolladh tré phludaidh an gabha;
Nuair d'éirigh leathmharbh ar maidin do tugadh é
Os comhair an bhreithimh bhí oilte ar an gcam!
Ó 'riú bog liom é, agus rl.



"Ten shillings and costs or a fortnight's imprisonment;
Next on the list," ar san breitheamh go toghmhail.
"Cuiridh fá ghlas me má's maith libh, mar deirim-se
Seóid dem thuilleamh ná feicfidh sibh ann!"
Ó 'riú bog liom é, agus rl.



Ní'l trucaill gan ainm bhreágh lachanta "legible"
Ghaedhilge le feicsint i Muileann na hAbhann;
Is céarduidhthe an bhaile sé thugaid ar Thingamy
Fós ná "trucaillín Mhicil an Ghabha".
Ó 'riú bog liom é, agus rl.



TÓRNA.



[Tá súil agam go maithfar dam i dtaobh an ráiméis amhráin sin a chur
annso. Bíonn an oiread san daoine ag scríobhadh chugham dá lorg orm gur
duadh liom bheith dá aithscríobhadh. Bídís socair feasta. Sa "Léadar" do
chéadchuireadh i gcló é, is tá cead ón bhfear eagair agam chun é chur annso. - T.]



Is deacair don té atá neamh-chúramach ann féin bheith tuigsionnach d'aonne
eile.



Bíonn duine ciúin dainnséarach.



Ní dhíolann cathughadh fiacha.



Ná cáin an bhliadhain go mbeidh sí caithte.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services