Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí Gaedhlacha. IV. - Galamhnach.

Title
Déantúisí Gaedhlacha. IV. - Galamhnach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Déantúisí Gaedhlacha.



IV. - GALAMHNACH.



(A). BEAGÁN DÁ STAIR.



Fírbheagán de stair na galamhnaighe atá ar fagháil. Deir
Plín, an seanchadh Rómhánach, gur bh'iad muinntir na Gáille a
chéadthosnaigh ar a déanamh, agus gur de shaill gabhar is de
luaithreach na faidhbhile do dheinidís í. Ó sna Gáilligh a fuair na
Rómhánaigh eólus uirthi, agus ndiaidh ar ndiaidh do leath an
chéird ar fuid na hEórpa. Ar feadh ré fada dh'aimsir is thuas i
ndeisceart na Fraingce do dheintí an ghalamhnach do b'fheárr le
fagháil. Gheibhtear annsúd saghas feamann ar a dtugtar
"barilla". Do dóightí í sin agus an luaithreach a bhíodh n-a
diaidh, do measctaí ar shaill is ar íle é i gcóir ghalamhnaighe. Bhí
ainm mhór ar Mharsoil, tráth dá raibh sí, i dtaobh na hearradh so.
Bhí sí comhgarach dhon bhfairrge mar a bhfásann an "bharilla" úd,
agus bhí íle an chrainn ola le fagháil go flúirseach sa dúthaigh
timcheall uirthi.



Sa tseanaimsir, amh, ba le duadh mór do b'fhéidir an
ghalamhnach a dhéanamh. Do caithtí coigthigheas nó trí seachtmhaine
ghá beirbhadh agus ghá cruadhadh. Deintear an obair go léir anois
i gcionn a ceathair nó a cúig de laetheantaibh. Sa tseanaimsir
do b'éigin beilthigheach teine a choimeád fé gach coire. Anois,
bíonn an fhuirnéis is an t-inneal gaile abhfad ón ait n-a mbíd na
dabhcha. Fadó, nuair a bhítí ag míniughadh soille, .i. ag baint na
geire dhi, d'éirigheadh balaithe bréana as. Anois, coimeádthar na
coirí fé chlúdach is seóltar an bhréan-ghail thar n-ais go dtí an
bhfuirnéis mar a slogtar go hamplach í.



Ní tháinig ar an gcéird seo feabhus go mb'fhiú feabhus a
thabhairt air go dtí timcheall is cheithre fichid bliadhain ó choin.
Roimhe sin ní raibh dul ar mhonarchain mhóir a chur suas. Ní
rabhadar na bunearraidhe le fagháil flúirseach a ndóthain. Ní
hamhlaidh nach rabhadar ann, acht ní raibh fagháil ortha sa chruth n-a
bhféadfaidhe a n-usáid i ndéanamh na galamhnaighe. I mbliadhain
a 1823 chuir duine dar bh'ainm Chevreul, i gcló, leabhar ag cur
síos ar thréithibh na "méath" nádúire. Ón uair sin ale tá


L. 183


feabhus i n-aghaidh na bliadhna ag teacht ar an gcéird, agus ní
dócha go mbeidh deireadh leis go fóill.



(B). CAD IS "GALAMHNACH" ANN?



Na méatha nádúire, mar atá stéirín is margairín, pailmidín
is ílín, agus rl, isé rud atá i ngach ceann aca ná glóithín agus
searbhlach áirithe, mar atá searbhlach stéiríneach, nó searbhlach
margairíneach, agus rl, ar na meascadh i n-a chéile. Má deintear
"alcailí" loiscneach a mheascadh ar aon cheann de sna méathaibh
úd agus an meascán soin a théigheamh tagann malairt crotha
ortha. Gabhann an ghlóithín ar leithligh, agus táithtar le chéile an
searbhlach is an alcailí. An earradh do-gheibhtar de bhárr an táithte
úd seadh an rud ar a dtugtar "galamhnach," nó "salann
miotaltha" an mhéith mar a tugtar air sa Chéimheacht. An
obair atá riachtanach chun an "tsalainn" a dhéanamh, tugtar
"galamhnughadh" air sin.



Ar shon go mb'fhéidir galamhnach a thabhairt ar an "salann"
do bainfidhe a méath de bhárr a mheascaithe ar aon tsaghas alcailí
is gnáthach gan an ainm a thabhairt acht amháin ar dhá mheascán
aca, .i. méath + sóda, agus méath + cala. De bhárr an tsóda
gheibhtar galamhnach chruaidh, agus de bhárr an chala galamhnach bhog.



(C). BUN-EARRAIDHE.



Saill an earradh is mó usáidtear i ndéanamh galamhnaighe.
Geir agus blunaig an dá shaghas saille is coitcheanta.



Den bhuin is den chaoirigh a baintear an gheir. Leaghtar an
tsaill amh i gcorcánaibh, le neart gaile teó, agus d'éis a
mínighthe go maith cuirtar i dtaisce é i ndabhchaibh móra. Gheibh-
tear mórchuid geire i nÉirinn, acht tagann suaicheantuis di ó
Ameirice Theas, ón Austráil, is ón Rúise.



Saill muice iseadh an bhlunaig, is ní gábhadh cur síos uirthi
annso.



Usáidtear saghsanna íle leis. Is furaiste galamhnach a
dhéanamh d'íle 'ná de shaill, mar nach gábhadh an íle a leaghadh i
dtosach bárra. Sidiad na saghsanna íle go ndeintar usáid díobh:
Íle síol cadáis. Gheibhtear an íle seo acht síol an chadáis a
bhrughadh. D'éis na híle a bhaint den tsíol ceannuighthear an


L. 184


fuighlach .i. císte síol cadáis, i gcóir bó, agus rl. Tagann an íle
seo ó Shasana Nua is ón Éigipht.



Íle cnó cócó. A meas an chrainn cócó seadh baintear an íle
seo. Fásann an crann cócó coitcheanta sa Chéalóin, agus ón
oileán soin a thagann furmhór na gcnó. Bíonn de thréith sa
ghalamhnaigh a deintear den íle seo, go gcuireann sí cubhar
breagh bog go mear ar uisce. Níl fuláir mórchuid alcailí a chur
léi, amh. Ní maith soin.



Íle pailme. San Aifric Theas d'fhásann an crann go bhfaghtar
an íle seo as a thoradh. Gheibhtar dhá shaghas íle a cnó na pailme
seo, agus foghnaid araon do lucht déanta galamhnaighe.



Sóda loiscneach agus cala an dá alcailí a cuirtear leis an
méath. Seo mar deintear an sóda. Dóightear i bhfuirnéis
sulpháid sóda, agus cloch aoil agus gual. Ar an luaithreach
dubh a fágtar n-a ndiaidh, bíonn ciarán sóda. Cuirtear an
luaithreach dubh soin i n-uisce mara i leaghann sé ar nós siúicre.
Scaoiltear isteach i gcoiríbh an biotáille sin. Meascthar aol
beó air agus cuirtear ag fiuchaidh é. Deineann soin "lois-
chneach" é.



Earradh eile go ndeintear usáid de i gcóir ghalamhnaighe
buidhe is eadh roisín. Sé rud é an roisín seo ná an fuighlach a
fágtar i ndiaidh tuirpintín. Tagann sé chugainn ó dheisceart
Shasana Nua, is ón bhFraingc, is ón Spáinn.



(D). MAR DEINTEAR AN GHALAMHNACH.



I gcoiríbh móra iarainn a deintear an ghalamhnach. Bíonn
gléas ag dul le gach coire chun an ghalamhnach a thógaint as nuair
bhíonn sí déanta. Cuirtar isteach i gcoire aca-san geir leaghta
nó íle agus beagán den bhiotáille sóda úd (.i. an alcailí).
Scaoiltear gail te tríd an meascán soin go dtí go gcuirtar
ag fiuchaidh é. Bítar ag cur geire agus sóda leis go mbíonn
dóthain an choire ann. D'éis tamaill dó ag fiuchaidh cuirtear
roinnt salainn tríd. Deineann soin "scaoileadh" ar an
ngalamhnaigh, .i. tagann an ghalamhnach i n-uachtar agus téigheann
an "biotáille" is an salann go híochtar. Stadthar den
bhfiuchaidh annsoin. Cuirtear clúdach ar an gcoire agus fágtar
mar sin é a trí nó a ceathair de laetheanta. Nuair thigtar air
arís bíonn sé n-a thrí chuid. Bíonn sraith thanaidhe n-a bharra mar


L. 185


bheadh uachtar ar bhainne. Fúithi-se bíonn sraith dhoimhinn; is é
sin an ghalamhnach féin, agus i mbun an choire bíonn dríodar dubh
"biotáille." Bailightear an t-uachtar, agus féadtar é chur
isteach sa chéad choire eile. Leigtar an ghalamhnach isteach i
n-oghnaibh go mbíonn ag casadh timcheall ionnta buailteáin ar
nós inneal cháthaidh. Má bhíonn gábhadh le hearraidhibh i gcóir
datha, bolaidh, agus rl., cuirtar léi annso iad. Castar timcheall na
buailteáin, agus meascthar go maith an ghalamhnach. Scaoiltear
í anois isteach i gcófraíbh nó i "bhfrámaíbh," n-a raghadh timcheall
is dá chéad ghalamhnaigh i ngach cófra aca. Fágtar ionnta-san í
go gcruadhann sí, agus annsoin gearrthar í i mbaraíbh mar do-
chítear go minic sa siopa í.



Maidir leis an dríodar i mbun an choire, bíonn glóthín ann,
agus salann, agus uisce, agus rl. Tairngthear é tré pholl i mbun
an choire, agus déintear an ghlóithín is an salann a bhaint as.
Díoltar an ghlóithín agus féadfar feidhm a bhaint as an salann
arís. Chítear dhúinn gur beag de sna bun-earraidhe a théigheann
amugha. Fiú an dríodair féin baintear usáid as.



(E). GALAMHNACH LÁIMHE.



Seo nós atá ag teacht i bhfeidhm ndiaidh ar ndiaidh, .i.
galamhnach fé leith a chaitheamh i gcóir na lámh is na haighthe a nighe.
Don ngalamhnaigh sin is éigin na bunearraidhe d'fhagháil ar a
bhfeabhus. Cuirtar bolaidh cumhra éigin léi, agus dath fé leith
uirthi. Seo mar deintear í:



Gheibhtear an ghalamhnach bhán is fearr. Gearrthar n-a baraíbh
í. Thuas i n-uachtar na monarchan, bíonn gléas ann chun na
mbaraí a scúmhadh, mar a scúmhtar turnaip i gcóir eallaigh.
Scaoiltear an ghalamhnach scúimhte sin tré umar síos go dtí
seomra eile fe'n gceann thuas. Cuirtear i bhfrámaíbh é agus
tíorthar le teas gaile é. Beirtear na frámaí sin go dtí gléas
ar a dtugtar an "muileann." Sa mhuileann so bíonn cheithre
cinn de chlochaibh iompála, nó de raidhléirí, a bhíonn ag síorchasadh
timcheall. Deintear an dath agus an bolaidh cumhra a mheascadh
ar an scúmhlach annso, agus leigtear tríd an muileann é, idir
na raidhléirí, a trí nó a ceathair, no b'fhéidir a chúig d'uaireanta.
Tagann sé as fé dheóidh n-a "ribíní" breágh daithte cumhra.



Beirtear na "ribíní" anois go dtí gléas ar a mbíonn umar.


L. 186


Leathstíos de sin bíonn poll ar síneadh amach, agus scriú ann.
Téigheann an scriú isteach furmhór an phuill. As soin amach amh,
caoluigheann an poll, go dtí, i mbéal a ghuib, ná bíonn tar
órdlach ar aoirde agus órdlach go leith an leithead ann.
Tiomáineann an scriú na ribíní amach an gob soin i slighe is go
ndaingnighthear ar a chéile iad, is go dtagann an ghalamhnach
amach n-a bhara deas gleóite. Gearrthar na baraí n-a ngiotaíbh
beaga. Cuirtear gach giota i ngléas eile agus bualtear
stampa nó clódh air. Mar sin do ceannuighthear sa siopa é.



(F). MONARCHA BHARRAINGTIN.



Ó bhainisteóir mhonarchan Bharraingtin i mBaile Átha Cliath do
fuaireas an t-eólus chun na haiste seo a scríobhadh. Badh mhaith
leis me dhul ag triall air. Do thespeáin sé an áit go léir dam,
agus do thug dam míniughadh soléir ar na hiongntuisí atá le
feicsint ann. Mara bhfuil mo chunntus-sa soléir ní hair siúd
is cóir a mhilleán.



Éireannach sochroidheach is eadh Seón Barraingtin féin, an
fear gur leis an áit, agus cuirenn sé ana-spéis i n-aith-
bheódhchant déantús na tíre seo. Tá monarcha ana-mhór aca
agus bíonn ruaicheantuis daoine ag obair ann. I mbliadhain a
1775 do cuireadh an obair ar bun. Ba mhinic a bhítheas "síos
seal is suas seal" ó shoin, acht monarcha Bharraingtin, bhíodh sí
suas i gcomhnuidhe. Gura fada a bheidh amhlaidh.



Déintear suas le céad saghas galamhnaighe i monarchain
Bharraingtin. Scríbh chúcha, a léightheóir, agus cuirfid fios agus
somplaí ag triall ort. Tá ainm mhór ortha i leith galamhnaighe
láimhe, agus ní hiongnadh é. Tugaid togha na haire don taobh
soin dá ngnó. An ghalamhnach ar a dtugtar "An Ghráinne,"
ba dheacair í shárughadh agus ó thárla ainm Ghaedhilge buailte
uirthi níor mhiste dho mhuinntir na Gaedhiige a taithighe a dhéanamh.
An ghalamhnach do dheinid i gcóir beárrtha raghad féin i n-urradhus
ar a fheabhus agus atá sí. Earraidhe Gaedhlacha a chaithid, an
oiread is is féidir leó. Bíonn geir Ghaedhlach aca is blunaig
Ghaedhlach; páipéar Gaedhlach is boscaí Gaedhlacha; agus táid
daoine breaghtha Gaedhlacha ag obair aca.



(G). BEAGÁN COMHAIRLE.



De réir na gcunntuisí is déadhnaighe do fríoth ón nDipairt-
mint i mbliadhain a 1905 do tháinig isteach i nÉirinn 132,951


L. 187


céad mheadhchaint de ghalamhnaigh, agus do measadh luach £136,599
a bheith sa méid sin. Tháinig trí cheathramhna dhe sin isteach i
mBéal Feirste is i mBaile Átha Cliath. Tespeánann soin gur
fhág céad go leith míle púnt an tír seo an bhliadhain úd ar
ghalamhnaigh amháin. Is ionann soin agus a rádh go raibh sé de
dhígh céille ag munntir na hÉireann gur chuireadar uatha an
méid sin airgid gan súil le na chasadh go bráth, agus soin ar
earraidh do b'fhéidir d'fhagháil annso. Má mhachtnaímíd ar an
méid oibre do bhéarfadh feidhm an chéad go leith míle punt soin
do Éirnchaibh seadh is fearr a thuigfimíd ár ndígh céille. Do
chothóghadh an t-airgead soin ar a laighead trí mhonarchain eile de
shaghas monarchan Bharraingtin, agus thabharfadh obair do chúig
céad duine. Abair is go mbeadh sé féin is triúr eile ag brait
ar gach nduine aca súd, nach shin cothughadh dá mhíle pearsa á
chaitheamh uainn againn i n-aghaidh na bliadhna, de bhárr ár ndíth
céille, agus ár ndaoine féin ag imtheacht na fairrgí amach
d'easbhaidh oibre. Nár mhithid dúinn ár machtnamh a dhéanamh,
agus stad a chur ar an dteibirsin úd? Tosnuighdís ar mná
tighe leis an ngalamhnaigh. Ó's earradh chun glanta í, glanadh sí
ar dtúis na fachaillí dár súilibh.



TÓRNA.



TAGRA.



(a). Galamhnach, no galaoireach, soap. Plín, Pliny, the Roman historian.
An Gháill, Gáilleach, Gaul, a native of Gaul. Saill, fat. Marsoil, Marseilles
(emphasis on last syl.). Íle an chrainn ola, olive oil. Béilthigheach, a large fire.
Fuirnéis, furnace. Geir, tallow. Monarcha, a factory. Na bunearraidhe, the
raw materials. "Meath" nádúire, a natural "fat".



(b). Stéirín, stearine. Margairín, margarine. Pailmidin, palmitine. Ílín,
oleine. Glóithín, glycerine. Searbhlach, an acid. Searbhlach stéiríneach, stearic
acid. S. Margairíneach, margarine acid Alcailí loiscneach, caustic alkali.
Táithtear le chéile, are united. "Salann miotaltha," metallic salts; is dóigh
liom go mb'fhearr "gránlach" a thabhairt ar "salts" amhthach, Céimheacht,
chemistry. Galamhnughadh, saponification. Sóda, soda. Cala, potash.



(c). Saill amh, raw fat. D'éis a mínighthe, when refined. Blunaig, lard. Íle
síol cadáis, cotton seed oil. An Chéalóin, Ceylon. Cubhar, lather. Íle pailme,
palm oil. Sóda loiscneach, caustic soda. Sulpháid sóda, Sulphate of soda.
An Luaithreach, the "ash." Ciaran sóda, carbonate of sode. Biotáille, liqour,
liquid. Aol beo, quicklime. Roisín, rosin. Fuighlach, residue. Tuirpintín,
turpentine (distilled or manufactured); sugh giúise, raw turpentine.



(d). Coire, a large pot. The technical term in English is a "pan". Geir
leaghta, melted tallow. "Scaoileadh," "opening." i n-oghnaibh, into pans,
"pots"; tugtar "crutching pots" ortha i mBéarla. Buailteáin, "revolving
arms." Inneal cháthaidh, winnowing machine. Bolaidh, perfume. I mbaraíbh, into
bars. Díordar, dregs, "lyes."


L. 188


(e.) Galamhnach láimhe, toilet soap. Scumhadh, act of chipping, chopping.
Cloch iompála, raidhléir, a roller. Scumhlach, chippings, shavings. "Ribíní,"
"ribbons." Umar, a trough. Scriú, a screw. Daingniughadh, compressing.



(F). Bainisteóir, manager. A mhilleán, the blame for it. Aithbheodhchant,
revival. Síos seal, a while (going) down. Somplaí, samples. Sárughadh, to
excel.



(g). Cunntuisí, statistics. An Dipáirtmint, the Department of Agriculture.
Feidhm, use. Na fairrgí amach, over the sea. Teibirsin, wearing, wasting away.
Fachaillí, corrupt matter on the eyes.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services