Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuaird i n-Aisdear. II. (ar leanamhaint)

Title
Cuaird i n-Aisdear. II. (ar leanamhaint)
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Cuaird i n-Aisdear.



II.



(Ar leanamhaint).



'Seadh, do hinnseadh dúinn go raibh Marstrander ar ceath-
ramha ag Pádraig Ó Catháin, agus dubhairt Seaghán óg gur bh'é
Rí an Oileán Tiar an fear sain. Do dhírigheamair ar shiubhal
arís, agus, ar an bhfeadh sain, bhíos féin ag déanamh iongantais
de'n chasán chamógach so, mar a théidheadh sé ar fiar agus ar fán
trasna agus ar tuathal, trís na tighthibh, acht é ag dul suas, suas
i gcomhnaidhe go dtí an tigh ab' aoirde thuas dhíobh. Agus na tighthe
féin, ní taise dhóibh. Is treillis bhreillis nó ar fud chos a chéile
do cuireadh suas iad; pé ait go raibh preabán de thalamh shocair,
is ann do cuireadh iad, i log atá ar thaoibh an tsléibhe. Agus is
ceart dam a rádh annso nách fuil san Oilean Tiar acht mullach
sléibhe báidhte - cnoc an-árd go bhfuil a bharr os cionn na
fairrge, agus dá dheasgaibh sin, is dócha nach fuil aon bhall ann
gur féidir áit chomhthrom a ghlaochadh air.



Ní mó 'ná fada bhíomair ag dreapaireacht suas leis an
gcnoc so go dtángamair comh fada le tigh Phádraig Uí Chatháin.
Do bheannuigheamar isteach. Bhí an rí féin agus a inghean sa
bhaile.



"A' bhfuil an Lochlannach sa bhaile?" arsa sinne.



"Ní'l," arsa iad-san. "Chuaidh sé suas a' cnoc, tá tamall
ó shoin ann. Dubhairt sé linn go siubhalfadh sé indiu é, mar go
bhfuil sé coicthigheas agus an lá indiu ó bhí sé ann. Tá súil
againn go mbeidh sé thar n-ais annso aon nóimiot feasta."



Do chuamair isteach, acht níor fhanamair i bhfad sa tigh.
D'fhéachamair suas an cnoc, acht ní fheacamair aon teimheal de
Mharstrander.



Do thuit mo chroidhe orm gan amhras, acht má thuit, ba dhá mhó
ná soin an ceann faoi a tháinig ar mo charaid óg ó'n nGear-
máin, mar níor bhréag dam a rádh go mbíodh sé ag brionglóidigh
agus ag taidhbhreamh ar an gcuaird - ar Marstrander fheicsint
ar a charraig fhiadhain Ghaedhealaigh amuigh sa bhfairrge, an áit úd
de'n Eoraip is goire do Thalamh an Éisg.


L. 151


"Cuirimís an cnoc dínn, ag cuardach de," arsa mise, ag
cuimhneamh ar an diombáidh chroidhe a bhí ar mo chompánach.



Do chuamair ár dtriúr suas an cnoc agus dob' é sin an
dreapaireacht dairíribh. Tá casán anshocair aimhréidh ag dul ó
cheann ceann an oileáin agus do leanamair de go ceann
tamaill. Dob' uathbhásach an radharc í an fhairrge i bhfad 's i
bhfad thíos uainn. Long ghaile bhí ag gabháil thar brághaid 'na
mionagadán an-bheag ar fad. Taobh an oileáin 'na splinnc
annsúd. Dá dtéidheadh duine le haill, bhí deireadh leis i
gcúpla nóimiot. Dá dheasgaibh sin, bhí an-eagla orm go rachadh
Carl Reuning ró-chomhgarach do'n splinnc agus go mbeadh a
aintín bhocht ag gol 'na dhiaidh, agus is minic d'fhógras dó gan
dul 'na ghoire, acht dob' fhánach an gnó dham é agus a chinn-
tréine bhí an t-ógánach soin riamh. Ní bréag dam a rádh gur
chuireas mé féin ar cholbha an chasáin uaireanta ar eagla eisean
a bheith i n-aice na splinnce, agus má chuireas féin, ní mó 'ná
buidheach a bhí sé dhíom dá chionn, acht é dá rádh go raibh sé féin i
gcumas an bhaill contabharthaigh a sheachnadh.



Fá dheireadh, dubhairt Seaghán óg, nuair nach feaca sé an
Lochlannach ag teacht, go mb'fhéidir go mbeadh sé comh maith
againn dul i n-áirde ar mhullach an oileáin, mar a bhfuil an túr.
Chuamair suas. Ní'l ins an túr so acht fothrach fuar folamh agus
an uile ghaoth as na ceathar-áird ag dul thríd. Is docha gur bh'é
an fear oirdheirc clúmhail úd Napóleon fá ndear do Shasan-
aighibh an sgannartha é chur suas. Nach éachtach an líonruith agus
an phráidhinn a chuir sé ortha? Is iomdha oileán uaigneach eile i
n-iarthar na hÉireann 'n-ar thógadar na forgaintí seo, ag
caitheamh a gcuid airgid gan tairbhe, agus ar a shon soin agus
eile, tháinig Humbéir i dtír i gCill Alaidh!



Ó thárla go raibh an tráthnóinín beag déidheanach ag teacht,
ní ró-fhada d'fhanamair thuas. Thángamair thar n-ais an comhgar,
agus Seaghán óg ag gearradh aithghearra trasna féaraigh éigin
mar a raibh caoirigh ag innbhear. Sin comhartha mhaith ar a aoirde
bhíomair ar an oileán. Na caoirigh, is mó bhíd siad i n-aice
mhullaigh shléibhe ná i n-aon pháirt eile de. Chuir sé i gcuimhne
dham an dreapaireacht do chuireas díom ag dul suas ar Chárnán
Mhairghréid' Náir i nUíbh Méith Mara. Tháinig mór-thuirse orm,
nuair a shroicheas an áit i raibh na caoirigh agus b'éigean dam


L. 152


mo sgíth a leigean díom, acht i gceann tamaillín 'na dhiaidh soin
bhíos ar bharr an chnuic agus mé buidheach dem' chuid dreapair-
eachta.



Acht 'na thaobh súd de, níor bh'fhada gur aimsigheamair an casán
arís. Bhí ceobhrán agus néalta agus sgamaill mór-thimcheall an
oileáin um an dtaca so, agus 'morán ceó os cionn fairrge leis.
Bhíomar féin ag siubhal trí néaltaibh nó go dtángamar i n-aice
an bhaile bhig arís, an t-aon bhaile amháin ata ar an oileán.
D'aimsigheamair teach an ríogh arís, agus chuireamair tuairisg
an Lochlannaigh an ath-uair. Fóiríor dóighte! ní raibh sé istigh
romhainn an taca so acht comh beag! Ba mhór é ár mbrón.



Dubhairt an rí linn teacht isteach agus bheith ag feitheamh le
Marstrander, le linn dá inghin féin d'ullmhughadh cupáin téi
dhúinn. Do rinneamair amhlaidh. An seomra 'n-ar cuireadh an
téi ar clár agus ar bórd dúinn, b'é seomra foghlama an Loch-
lannaigh é. Bhí a chuid leabhar go léir buailte linn. Do leigeas
mo lámh ar cheann aca, agus ba roinn de'n tSeanchas Mór é.
Do leig Carl Reuning a lámh ar cheann eile, agus cad do bhí
ann acht leabhar nótaireachta, agus sinn araon ag léigheadh
rúinte an Lochlannaigh. An áit 'n-ar osgail Carl é, cad do
bheadh ann acht rud éigin sgríobhtha i n-a theangain féin, .i. cóib
de chuireadh dínnéara fuair ar gcara bhí d'uireasbhaidh orainn
ó'n Ollamh Cúno Meidher, agus é curtha le chéile go deas i
nGearmáinis, nídh nach iongnadh. Ní hé nach raibh rudaí fóghanta
eile ann - bhí go deimhin agus a n-urmhór ag cur síos ar an
nGaedhilg. Is dócha nár cheart dúinn rudaí príobháideacha do
léigheadh, acht gabhadh ár gcara párdún againn - ó nach raibh sé
féin do láthair, do theastuigh roinnt eolais eile uainn air.



D'éis na téi d'ól, d'fhanamair tamaillín agus súil againn le
Marstrander do theacht aon uair feasta. Acht níor thánig sé.
D'fhéachamair suas an cnoc. Ní fheacamair aon teimheal de.



Thángamar isteach arís agus shuidheamair síos tamaillín
eile. Bhí sé a seacht a chlog agus doircheacht na hoidhche cheana
orainn! Dubhairt Seaghán óg gur bh'fhearr dúinn imtheacht agus
thoiligheas chuige. Ó thárla gur chuireamair súil de Marstrander,
ní raibh le déanamh againn acht ruidín éigin "i bpeann is i
bpáipéar" d'fhágáil sgríobhtha 'n-ar ndiaidh. Is mar sin do
rinneamair. Do sgríobhas-sa cúpla focal i nGaedhilg agus do


L. 153


rinne Carl Reuning an cleas céadna i nGearmáinis. Chuir-
eamair seoladh gach éinne againn ins an pháipéar soin go
cruinn, acht má chuireamair féin, ní fhuaramair sgolb ná sgéal
ná fós duan ó'n Lochlannach ó shoin, agus árd-chathughadh ar Charl
'na dhiaidh i dtaobh gan súil do chaitheamh riamh air agus an-eagla
orm-sa go ndeachaidh sé le haill, agus a dhoircheacht a bhí an
oidhche agus é ag siubhal na faille!



D'fhágamair slán agus beannacht ag an rígh agus ag a inghin,
agus is aici-se bhí an chaint bhlasta Gaedhilge ag soirbhiughadh
dhúinn agus roimhe sin féin - níor labhair sí oiread is focal as
Béarla an fhaid a bhíomair faoi dhíon tighe aca.



Do thriallamair síos ar an bport agus na bádóirí agus na
daoine eile i n-éinfheacht linn. Má ba dheacair dam teacht
aníos an fánán agus a shleimhne bhí sé, ba dhá dheacra ná soin
anois é, ag dul síos chum na naomhóige dhúinn, toisg nár léir
dam na puill go gcuirfinn mo chosa ionnta, agus rud eile,
b'fhéidir go raibh an ceó ag luighe ar an bhfánán ó shoin, ar chuma
go raibh sé níos fliche ná mar a bhi roimhe sin. B'éigean dam
greim do bhreith ar lámh an mháighistir sgoile, ar eagla go
dtuitfinn.



Chuamair isteach ins an naomhóig agus d'fhágamair slán ag
muintir an Oileáin Tiar agus lán ár gcroidhe de dhiombáidh
orainn, mar gheall ar nach feacamair an Lochlannach. Maidir le
muintir an oileáin féin, do chuala ó shoin gur daoine ar leith
iad. Do réir do sgéalta a fuaras, ní'l cíos ná íoc ná sráith ná
fiach ar bith ortha, nó má bhíonn féin, ní íocaid siad iad! Nach
aoibhinn dóibh? Cloisim gur bh'éigean do thighearna Chorcaighe
scaoileadh leó. I gcás nach fuilid anois comh bocht agus do
bhídís. Tá an treo soin ar mhórán de na hoileánaibh iargcúlta i
n-iarthar na hÉireann, is minic nar baineadh an cíos díobh,
má cuireadh bád cogaidh féin ar a thóir, agus is ró-chostasach an
gnó é sin. Acht ní leanfad de'n sgéal so ar eagla dul thar
teorainn. Acht nach féidir a rádh go bhfuilid muinntir na
n-oileán so neamhspleadhach ar mhódh, nuair nach díolaid siad
íocanna an riaghaltais agus rí toghtha uatha féin aca le bheith os a
gcionn?



Acht chum filleadh ar mo sgéal, do chuamair amach ar
fairrge, agus ba ghearr go bhfeaca Beiginis ar ár láimh gclé.


L. 154


Bhí sadhas imnidhe orm mar gheall ar an ndoircheacht agus an
ceó ar an bhfairrge 'na theannta. Acht ba mhaith an bhail orainn
nach díreach ar uachtar na fairrge bhí an ceo, acht thimcheall is a
trí nó ceathair de shlataibh os a chionn, agus rud eile, ba léir
dúinn an talamh, cé go raibh an oidhche an-dhorcha. Níor bh'aon
iongnadh imnidhe a bheith orm, mar do thugas aon oidhche amháin ar
an bhfairrge i gConnamara i n-uraidh, toisg nár fhéad na bád-
óirí a gcuan féin d'aimsiughadh i ndoircheacht na hoidhche, agus is
ag cuimhneamh air sin a bhíos. Acht bhí fuireann ár naomhóige ní
ba chliste ná na bádóirí úd. Bhí áthas orm nach i dtreó Chinn
Dhúin Mhóir do chuamair an taca so, acht i n-aice Bheiginse.
Nuair a bhíomair thar an oileán so, is iongantach an radharc do
chonncamair. B'é radharc é sin ná an mhéirneáil a bhíodh ar na
maidíbh rámha gach uair do thógtaoi as an uisge iad. Sórt
fosfóir nó deallradh fosfóir is eadh méirneáil. Dubhairt an
Gearmánach, sgathaimhín 'na dhiaidh, nár bh'fheárr leis oidhche bheadh
aige ná an oidhche mharaidheachta soin, agus a áille bhí an
mhéirneáil sin ar gach taobh dínn.



I gceann tamaillín 'na dhiaidh sin bhíomair i mbéal an chuain
bhig, agus ba ró-gheárr an mhoill orainn talamh do ghabháil ar an
tráigh chéadna do fhágamair, mar bhí sí leis fós. Do dhreapamair
suas leis an gcasán gcam gcamógach úd ar ar thráchtas cheana.
Nuair a shroicheamair bárr na faille, ní fheacamair aon rud ar
dtúis le na dhoircheacht a bhí an oidhche.



"Ní fheadar a' bhfuil éinne annso anois i n-éan-chor," arsa
mise.



"Táim-se annso," arsa guth éigin - fear na cairteach a bhí
ann.



Do thriallamair i dtreó an ghotha agus d'aimsigheamair
na daoine eile. Is ann do bhí aintín Charl Reuning agus
buidhean de mhuinntir na háite 'na timcheall. Bhí eagla agus
sgannradh uirthi, mar shaoil sí go rabhamair báidhte, agus bhí cách
ag déanamh comhthruaighe agus a d'iarraidh sóláis éigin a thabhairt
di.



Nuair a thángamair 'na haice, tháinig an-lúthgháir uirthi agus
do shín sí a lámh trasna na cairteach.



"Tabhair dham do lámh, a Charl," ars' ise as Gearmáinis.



Do rinne Carl rud uirthi, agus is í bhí sásta nuair a fuair sí


L. 155


greim ar a láimh, mar bhí fhios aici annsoin nach samhail a bhí ann,
acht a nia díleas féin 'na steill-bheathaidh, agus é a d'iarraidh na
himnidhe a bhaint di.



I gceann tamaillín eile do ghluaiseamair uainn agus do
bhuaileamair an bóthar thar n-ais go Ceann Trágha. Is dóigh
liom gur bhaineamair mórán suilt agus sásaimh as cuaird an
lae sin, acht má bhaineamair, cuaird i n-aistear ab' eadh í,
fóiríor, nuair nach feacamair cuspóir na cuarda, .i., Mar-
strander, sanasaidhe na hEorpa ó Chuan na Beirbhe Lochlannaighe.
Go ndeonuighidh Dia dhúinn súil do leigean air agus lán ár dhá
súil do bhaint de uair éigin eile.



SEOSAMH LAOIDE.



TAGRA.



Ceann Trágha, Ventry; Fionn Trágha, as pronounced, is in the centre of Ventry
Strand.



An t-Oileán Tiar, the Great Blasket Island. The group of Blasket Islands =
na Blosgaodaí.



Each Spáinneach, ginnet.



Cliste cabanta, clever and talkative, in Corca Dhuibhne pronounced gliste
cabanta. This very remark was made to me about a little girl named Cáit Ni
Chinnéide, of Cam a' Liag near Ventry: "Tá sí glisde cabanta inti féin."



Giofóg, a Gipsy, only known to me as a book-wrod. I wish some readers of
this journal would let us know by what term or terms this strange folk is known
to Irish-speaking people. It would be interesting to ascertain if the common
European name Zingaro has made any impression on the Irish language.



Ó Chuan na Beirbhe Lochlannaighe, from the Haven of Scandinavian Bergen,
here used, as loosely as in our romantic tales, for Scandinavia itself or perhaps
"the cosast of Scandinavia."



Ar a chaothamhlacht, suitable for it, as an opportunity.



Naomhóg, 'canoe,' a respectable literary word also.



Ionstsnámha intseolta, fit to float and sail = seaworthy.



An-ghuagach, very liable to capsize.



An-Chorrthónach, lit. very odd-bottomed = very liable to overturn.



An Tiaracht, gen. na Tiarachta, f., Tearaght Island, the furthest out of the
Blaskets.



Go headarbhuasach, flying in the air.



Sraic, a raft.



Duibhéan, cormorant; faocha mhór, "diver."



Treillis bhreillis, higgledy piggledy.



Mionagadán, tiny thing, very small object.



Teimheal, "sign."



Ag soirbhiughadh dhúinn, speeding our journey.



Nia, sister's son.



Seosamh Laoide.



Samhain, 1907.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services