Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cló - Niamh.

Title
Cló - Niamh.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 410


CLÓ.



NIAMH: ón'Athair Peadair Ua Laoghaire, Canónach, S.P.
Ar na chur amach do Mhuintir na Leabhar Gaedh-
ilge, 6 Sráid Dh'olier, Baile-Átha-Cliath, 1907.



Leabhar nuadh é seo do tháinig amach go
déidheanach ó láimh an Athar Peadar ó
Laoghaire. Is éachtach, iongantach an fear
an t-Athair Peadar; leabhar agus leabhar i
ndiaidh a chéile — seo chugainn iad. Is ar
éigean do scuireamar de chaint ar "Séadhna"
agus ar "an Craos-deamhan" nuair thigeas
amach saothar eile i gceann míosa nó dhá
mhíos. Do shaoil an saoghal go raibh an
t-ughdar ag léigean a scíthe, acht do bhí sé
ag obair gan fhios don tsaoghal.



Righthe agus bainríoghna, sagairt agus
easpuig, manaigh agus abanna, fir uaisle
agus mná uaisle, lucht cogaidh agus lucht
síothchána, Éireannaigh agus Lochlannaigh —
gluaisid san leabhar so ós ar gcomhair i
ndiaidh a chéile, go taidhbhseach, taithneamhach.
"Finnscéal" nó seanscéal é seo san chéill
go dtráchtann sé ar sean-neithibh, ar sean-
laochra, ar na sean-aimsearaibh agus ar na
daoinibh móra do mhair ionnta — acht i gcéill
eile is cóir "úirscéal" do thabhairt air
mar gheall go ndéantar trácht orra le
scríbhneoir atá ar marthain againn le n-ár
linn féin, agus chleachtas gnáth-Ghaedhlig an
lae 'ndiu ag aithris a scéil dúinn. Nach
aoibhinn a leithéid de scéal do bheith againn
in ár dteangaidh dhuthchais!



Gairm aithgheárr atá ar an leabhar so.
Bhí "Séadhna" cheana againn — seo chugainn
"Niamh". Ainm fir bhí san "Séadhna" sin,
ainm mná atá san "Niamh" so. Ní forus
mórán do bhaint as a leithéidibh seo de
thiodal, acht is dóigh go dtaithnigheann siad
leis an ughdar, agus gur d'aon toisc do
thogh sé iad. Acht cia h-í an "Niamh" so ar
aon chor? An í seo an Niamh oirdhearc sin
"do b'áilne snódh," "Niamh Chinn óir" do
rug Oisín léi go Tír na n-Óg? Ní h-í — ní
tháinig sise an ath-uair go h-Éirinn — tá sí
fós in a dúthaigh álainn féin — maireann sí
fós san tír aoibhinn sin tar éis dhá mhíle
bliadhan — óir ní fhághann na daoine maithe
agus na daoine móra bás go deo, "meath
ná éag ní fheicfidh siad!"



Cia'n Niamh í seo ar aon chor? Inghean
Thaidhg Mhóir Uí Cheallaigh rígh na Máine i
dtosach an aonmhadh céad bliadhan déag
b'eadh í. Ní'l fhios agam an duine fírinn-
each staramhail an bhean sin, nó duine thig
as intinn an ughdair ar fad — acht is cuma
cia aca. Ba ghnáthach le mnáibh uaisle na
nGaedheal an t-ainm deas sin in allód, acht
'na dhiaidh sin deir an t-Athair Peadar linn
nach raibh ann acht ainm ceana nó ainm báidhe
d'inghin Thaidhg Mhóir Uí Cheallaigh, óir ba
Mhórling a h-ainm féin ar dtús, agus ba
h-iad a cáirde 'sa comharsana go léir do
thug "Niamh" uirre agus "Niamh Chinn Óir"
leis ag tagairt ar an ainnir álainn eile
luaidhtear san seanlaoi. Bean táscamhail
an scéil í — a "bhanlaoch" go deimhin — acht
ní buaidh an laochais ná an ghaiscidh, ní buaidh
catha ná comhraic do rug sí, acht buaidh na
h-áilneachta agus na geanamhlachta, buaidh
soilbhris agus subháilce, buaidh grádha ar a
h-athair agus fós ar a h-athardha.



Acht cheana má's sí Niamh as banlaoch don
scéal, sé Brian Mac Cinnéidigh taoiseach
Dáil Chais as laoch an ughdair agus laoch an
leabhair. 'Siad a ghníomhradh agus gníomhradh
a mhuintire, a thréithe agus a thuairisce, a
theachta agus a imtheachta as mó dhéanas
ádhbhar an scéil seo — 'sé Cath Chluana Tarbh,
na neithe do bhain leis, na cúiseanna agus
na siocracha do thug an ghléic ionchuimhne


L. 411


sin — 'siad so uile tosach, ceartlár, agus
deireadh an leabhair ar fad, d'á n-aithris
dúinn ag scéalaidh binn, blasda. Is breagh
an t-adhbhar scéil bhí ag an ughdar 'san chath
cródha, clúmhail sin — an cath do shaor Éire
agus Alba agus iarthar Eorpa fa dheireadh
ó smacht na Lochlannach — comhrac do bhí ar
mór-chathaibh an domhain, cidh nach meastar
mar sin é ag ughdaraibh Sasanacha bhíos 'na
d-tost ar fad uim an gcúis, mar as gnáth
leo. Tá comhairle nó "plot" ag rith tré
san scéal — comhairle dhoimhin freisin — agus
is maith coimhéadtar na rúin go dtí an
deireadh. Cleas in aghaidh an chluithche, "cor
in aghaidh an chaim," "breall ar an bhfeall"
— do gheobhaidh tú iad uile.



Is dóigh go raibh Brian chomh deagh-labhar-
thach agus do bhí móir-ghníomhach — ba dhual an
tréith sin riamh d'uaislibh na Mumhan, agus
go deimhin d'uaislibh Gaedheal go léir. Seo
beagán don rosc-catha do labhair sé lá
oirdhearc Chluana Tarbh:



"A Chlann Chais, a shliocht ríoga! a mhuin-
tir na n-arm ngéar, agus na gcruadh-lámh,
nár staon agus nár stríoc do namhaid fós
riamh, i gcath d'á thruime, in éigin d'á ghéire,
i spéirlinn d'a dhéine, mo sheasamh indiu
oraibh!



-



"Féuch ansúd iad!" ar seisean, ag síneadh
a chlaidhimh i dtreo na Lochlanach, "cruinn-
ghthe cnuasta os bhur gcomhair. Tá rian
bhur lámh go daingean cheana ortha. Ní
thugan san ciall dóibh. Is minic le fiche
bliain a chuireabhair-se anaithe agus teitheadh
agus ár agus dearg-ruathar ortha, ar fuid
réidhthe agus gleannta agus machairí Éirean.
Is mór d'á gcuid fola agus feola atá ag
cur geamhair agus féir ghlais ag fás in
Éirinn indiu.



-



"Gabhaidh chúcha, a chlann ó, in ainim Dé agus
Mhuire. Tugaidh an faobhar dóibh! gabhaid
de chosaibh ionta! Ní hé an chéad uair
agaibh é. Ná téidheadh aon mhac máthar
acu beo uaibh. Ná cuiridh suim 'na gcótaibh
iarainn. Cótaí troma iseadh iad. Tá aon
mhaith amháin ionta; coimeádfaid siad na
fir daoibh-se chun na gceann a bhaint díobh.
Do thanadar chun fanamhaint. Fanaidís in
ainim Dé. Tá slígh fé'n bhfód anso dhóibh.
Tugtar dóibh é go fial!"



Do mheasfá gur b'i lár cath agus comh-
rac do thug an sagart aosda so leath a
shaoghail, cuireann sé síos orra chomh beodha,
bríoghmhar sin — acht tá fuil na Laoghaireach
leoghanta ag rith agus ag léimnigh 'na shean-
chuisleannaibh fós. Éist leis agus é ag
trácht ar an gcath mór:



"Do lean an comhrac, gan stad gan
staonadh, ó cheann ceann de pháirc an chatha.
Na h-Éireannaigh lán cheapaithe, fé mar a bhí
socair go daingean acu a bhfad roimh ré,
ar bhás a dh'fhághail sa' chath san, pé taobh ar
a mbéadh buadh an chatha. Iongnadh agus
alltacht ar na Lochlanaigh go léir, idir righthe
agus daoine, a rádh go raibh a leithéid de
sheasamh ag na Gaedhil 'á dhéanamh. "Má
seasuightear in ár gcoinnibh puinn eile
aimsire ar an gcuma so buadhfar orainn!"
a deiridís le n-a chéile, agus iongnadh a
gcroidhe ortha. Ghéaruighdar sa chomhrac,
mar 'dheadh go sguabfaidís na Gaedhil
rómpa. Do chaitheadar iad féin i gcoinnibh
na nGaedhal díreach mar a chaithean an fhar-
aige í féin i gcoinnibh na caraige lá gaoithe.
Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Do seasaimh
clanna Gaedhal 'na gcoinnibh díreach mar a
sheasuighean an charaig i gcoinnibh uisge na
faraige."


L. 412


Déarfaidh daoine éigin nach bhfuil lom na
fírinne le fághail san leabhar seo — go bhfuil
neithe bréagacha ar n-a gcumasc le neithibh
fírinneacha. Cadé an dochar? Níl ann
acht scéal, ní raibh faoi'n ughdar acht scéal
do chumadh agus do scríobhadh, ní leabhar
seanchuis é, ní stair é, ní leabhar annáladh
é, nír mhian leis an ughdar a leithéid do
scríobhadh. Agus an miste an leabhar é?
an miste an scéal é? Scéal seanchuis é
go deimhin, scéal ag a bhfuil an tsean-
chuis, bun na fírinne, agus is leor sin le
mórán nach iarann acht aoibhneas agus caith-
eamh aimsire, agus le nach maith cnámha loma,
tiorma an tseanchuis a bheith d'á sír-fhéachain
agus d'á síor-scrúdadh. Nár mhaith an
leabhar é, nár mhaith mar scéal é dá mbadh
toradh na h-intinne ar fad do bheadh ann?
Badh mhaith go deimhin. Acht tá ní as mó ná
an t-aoibhneas amháin le fághail san leabhar
— tá mórán eoluis agus oideachais ann
leis. Tá cosamhlacht na fírinne ar fhurmhór
an scéil agus réir mo mheasa níl sé abhfad
as an tslighe mar sheanchus féin. In a leith-
éid seo de shaothar abhfus nó thall, Gaedh-
ealach nó Gallda, atá an sochar so a
gcomhnuighe — go dtugann sé beagán eoluis
ar an seanchus do dhaoinibh éigin nach léigh-
feadh an seanchus féin go bráth, agus go
dtugann ar dhaoinibh eile grádh do thabhairt
don tseanchus agus 'na dhiaidh sin a thoibh-
rheacha d'iarraidh agus do chuartughadh dhóibh
féin.



Ní thugaim fá'm' aire graiméar ná litriu-
ghadh ná feabhas Gaedhilge an ughdair.
Bíonn Gaedhlig mhaith ag an tuata féin go
minic, acht cia h-é chuireas suim in a Ghaedh-
lig? — muna bhfuil amhrán nó laoi nó scéal
aige, agus annsin is annamh as leis féin an
Ghaedhlig atá ionnta. Is féidir Gaedhlig
mhaith do scríobhadh ar sheanchus na Síneach
san domhan thoir nó ar nósaibh na bhfear
ndubh san Afraic, acht cia chuirfeadh a spéis
ann, cia léighfeadh é? Teastuigheann rud
eile uainn seach an nGaedhlig amháin — tá
súil againn le brigh, le tádhbhacht, le h-adhbhar
maith scéil, le feabhas na smuaineadh, le
h-uaisle gníomh — bímíd ag súil le rud a
bhaineas le n-ár sinsearaibh nó le n-ár dtír.
San scéal so ar "Niamh" do gheibhimíd na
tréithe seo ar fad.



Acht d'fhéadfadh na cáilidheachta so bheith i
scéal nó i leabhar gan mórán de réim a
bheith ann, 'sé sin an tslighe labhartha nó
scríbhneorachta as dual do thír nó do mhuin-
tir — an cháil ar a dtugthar style ag ughdar-
aibh Shasana agus na Fraince, ag taithighe
téarma ó'n Laidin. Tá a réim féin ag na
Gaedhealaibh, nó is córa dhom a rádh, tá
mórán de réimeannaibh aca — réim ag
labhairt, réim ag scríobhadh, réim ag filidh-
eacht, féim ag scéalaidheacht; in gach uile
shórt d'aiste atá ár ngnás díleas, dúth-
chasach, féin againn. Bhí cinéal don réim
seo chean i "Séadhna", tá cinéal eile san
scéal so "Niamh". Acht ní cosamhail
"Séadhna" ar aon chor le "Niamh" agus
ní nach iongnadh, tá a mhalairt de réim san
leabhar nuadh. Ní abraim go bhfuil an réim
Ghaedhealach go glan agus go h-iomlán san
úirscéal so, acht tá mórán di ann; agus
'nuair a bhéas eolus as fairsinge agus as
cruinne ar ár n-ughdaraibh féin, ar ár sean-
scéalaidhtibh duthchasacha ag an gCanónach
Peadar Ó Laoghaire, tá súil againn go
bhfuighmíd an fhír-réim Ghaedhealach go beacht
agus go h-iomlán aige.



Is mór an moladh ag daoinibh áiridhe don
"tsimplidheacht" so. Nuair as ionann í
agus leanbaidheacht, nó macántacht, nó
neimhchionntacht, is deas an nidh í, is geal,
geanamhail an nidh í, ar leanbh, ar fhear, nó


L. 413


ar mhnaoi; acht ar scéal nó ar dhán — leath-
amuigh d'á gcumthar do na leanbhaibh nó do
lucht gan léigheann — is ró mhinic nach bhfuil
san "tsimplidheacht" úd acht leithscéal —
cuma a rádha nach bhfuil in aiste chinnte acht
rud gan réim gan riaghail, gan brigh gan
buaidh, gan deise gan deaghbhlas — rud nach
bhfuil ann acht olcas na Gaedilge agus a
lán Galldachas.



Cuireadh an cheist go minic — ca h-uair a
thiucfas in Éirinn scéalaidh mar Ualtar
Scott do dhéanfadh ar son ar dtíre agus
ar a seanchus an mhéid do rinne seisean ar
son Alban? Ba trom an cheist sin le
daoinibh éigin, agus do rinneadh beagán
d'iarrachtaibh le n-a dó nó a trí d'ughdaraibh
chum an cheist d'fhreagairt agus scéalta
seanchuis do scríobhadh i mBéarla ar nós an
Scottaigh. Ní abraim gur do-dhéanta é,
acht deirim gur deacair é, agus deirim fós
nach bhfuil samhail an Scottaigh le fághail go
dtí seo. Acht muna dtáinig ár Scott fós,
measaim féin go bhfuilmíd ag druidim leis
— mealladh mise go mór muna bhfuighmíd é
fa dheireadh in san Athair Peadar ó
Laoghaire.



Déarfar — agus go deimhin tá sé ráidhte
cheana — nach bhfuil in a leithéid seo d'obair
acht aithris ar an Scottach. Cuir i gcás gur
b'amhlaidh atá. Nár mhaith an sompla nó
samhlachas bhí ag ár n-ughdar? Ní mór an
mhaise d'ughdar nó d'fhear-léighinn ar bith
'sna laethibh seo a rádh nár léigh sé úirscéal-
ta an Scottaigh, nó nach bhfuil eolus aige
orra. Is air éigean atá cineadh san Eoraip
nár fhoghlaim rud éigin, a bheag nó a mhór,
ó'n Scottach agus ó n-a scéaltaibh. Is beag
pobull san Eóraip nách ndeárna aithris ar
an Scottach in a leithéid seo de scríbhneor-
acht — ní h-eadh amháin 'sna rightheachtaibh nuadha
saora mar tá an Ungair, an Ghréig agus
an Noruaigh, acht imeasc na sean-righeacht
mór féin mar tá Sasana, an Fhrainc agus
an Ghearmáin. Ar mhór an milleán d'Éirinn
bhoicht an lorg so do leanamhain?



Acht 'sé deirim annso, má tá cosamhlacht
idir "Niamh" agus aon scéal staramhail
an Scottaigh, nach dtig an chosamhlacht so as
aithris ar an ughdar sin chomh mór agus
thigeas ó'n nidh seo — go bhfuil mórán don
aigne agus don dúthchas céadna ag an dá
ughdar. Bhí ainm Gaedhealach ar an Scottach
— bhí an aigne agus an dúthchas Gaedhealach
aige leis. Bhí an grádh Gaedhealach aige do
na séan-scéaltaibh agus do na sean-laoch-
raidh, grádh ar radharcaibh breagha nádúrdha
a thíre, ar a sléibhtibh 's ar a gleanntaibh, ar
a lochaibh 's ar a h-aibhneachaibh, bhí grádh fós
agus eolus ar an réim scéalaidheachta ba
ghnath leis na Gaedhealaibh. Deir ár sean-
rádh "Briseann an duthchas tré shúilibh an
chait;" is amhlaidh fós bhriseas an duthchas
Gaedhealach tré Ghall-Bhéarla an Scottaig.
Ní raibh an duthchas Gaedhealach go lán ná
go h-iomlán aige — ní féidir sin a thasbáin-
eadh go ceart ná go lán-chumhachtach acht tré
san nGaedhlig amháin. 'Na dhiaidh sin as
uile b'í an réim Ghaedhealach — an mhéid do
bhí aige dhí — agus an blas Gaedhealach do bhí
air do rinne a scéalta chomh taithneamhach
sin, agus do chuir an rath iongantach orra.
Dubhradh gur b'ó na Ceilteachaibh d'fhoghlaim
nuaidh-chinéil na h-Eorpa style, .i. réim agus
deise scríbhneorachta; sé Maitiú Árnold
dubhairt sin — é féin 'na Shasanach agus 'na
scríbhneoir oirdhearc. Agus má tá mórán
don cháilidheacht so le fághail ag ughdaraibh
áiridhe Sasanacha leis an dá chéad bliadhan
chuaidh tharainn, is ó Ghaedhealaibh Éireann
agus Alban d'fhoghlaim siad í, cidh bé aca tré
Ghaedhlig nó tré Bhéarla do scríobhadar.
Mar bhárr air seo uile — má tá cosamhlacht
idir an t-Athair Peadar agus an Scottach
ní mar gheall ar aithris do ghnídh ár n-ughdar
ar an scéalaidh Albanach é, acht mar gheall


L. 414


go ndeárna an Scottach aithris ar seanréim
scéal Alban agus Éireann, agus go raibh
an duthchas Gaedhealach aige.



Is maith agus is maiseachan scéal do thug
an Canónach Ó Laoghaire dhúinn; réir mo
bharamhla-sa is cóir a bheith ar prímh-scéalt-
aibh ár dtíre ó seo amach, "an fhaid a bheidh
uisge ag ruith agus féar ag fás in Éirinn".



TOMÁS Ó FLANNGHAILE.



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services