Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - XVII.

Title
Seán Ó Gadhra, File - XVII.
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seán Ó Gadhra, File. — XVII.



22.



Ní gan fáth adubhairt Seán: "Bí Bérla
is Laidean dá gcascairt sa ló mar mbím."
Tá againn annso giota Béarla gur chuir sé
Laidean is Gaedhilg air. Sé rud atá ann
ná "De Natura" giota a scríbh Abraham
Cowley, duine de sna filidhibh ba ghreann-
mhaire dar mhair riamh i Sasana. Do scríbh
sé siúd i mBéarla ana-chuid giotaí ag aithris
ar Anacreon, File ón nGreig. Ceann dá
chuid Anacreontach is eadh "De Natura".



I ndeireadh an Bhéarla chuir Ruaidhrí Mac
Diarmada n-a leabhar: "Translated by
Mr. O Gara into Latin and Irish"; agus
fá bhun na Laidne gheibhmíd "Dominus O
Gara, Philomusus", a chuireann i dtuigsint
dúinn cadé an meas a bhí ag Seán ar a
ealadha bheathadh. Fa bhun na Gaedhilge do
chuir Ruaidhrí "Mr. Gadhra" fé mar ba
ghnáthach leis.



-


L. 360


I nGaedhilg.



Bí an talamh ón bhfearthainn ag ól go
sámh,
Bí scapthach is tart air ón bpóit de
ghnáth;
Dá tharraing bí an feamuine feóir
gach lá
Go gcraithtear é falamh gan deór go
cnáimh.



Cia mheasfadh nár caigil an bhóchna a
sáith,
Fá easbhaidh a tarta do chlódh go bráth;
'Sí fhlacas gach abhainn 's gach mór-
shruthán,
Dá gcaitheamh go ndeachaid thar bórd
a brághad.
An ghrian mhaiseach bheir amharc sa ló
do chách



Cuireas teasbach a mala an bhóchna i
dtráigh;
Ní fada bhíos aici na seólta lán —
An ghealach 's a baicle go n-ólaidh a
sáith
Caithid a dtacar i spórt 's a spáirnn,
Is craithid gach canna 's gach mór-
chupán;
Ní feasach mé ar talamh ná fós ar
tráigh
Aicme nach nglacaidh an t-ól go sámh.



Cuir spraic ar an gcanna agus ól a
lán,
'S ná faictear glan falamh dod chóir
ar clár;
Cad fá gcaithfeadh gach aicme acht mo
shórt-sa a sáith;
Cuir freagra na ceasta so, a fhir
eóluis áird!



Tagra.



This is a translation made by Seán into Latin and
Irish of one of Cowley's Anacreontiques. Both are
excellent.



Líne.



2. Scapthach, extravagant.



3. An feamaine feóir, the roots of grass.



4. Go gcraithtear é falamh, "until it has dried up"
Craithtear, .i. croithtear; falamh .i. folamh.



5. Nár chaigil, .i. nár choigil, "that it did not spare,
reserve."



6. "Ever under the necessity of quenching its
thirst."



8. Go ndeachaid thar bórd, "till they overflow."



10. Cuireas, .i. cuireann. Teasbhach a mala, "the
heat of its brow."



12. A baicle, "its arms, support."



13. A dtacar, "substance, provision." Spáirnn,
"contending, rivalry." Also spairinn; cf.
feárr and fearra.



15. Ar talamh ná ar tráigh, "by land or sea."



16. Nach nglacaidh, .i. nach nglacann.



17. Cuir spraic ar an gcanna, "make the can
(vessel) go lively.



18. Dod chóir, "on your behalf."



20. Na ceasta, .i. na ceiste.



An mhí seo ghaibh tharainn dheineamair dearmhad i
dtaobh IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD. Dubhramar
go raibh Gaedhilg is Béarla ann. Ní'l "ar an
margadh," ámh, acht roinn na Gaedhilge, is ní chosnann
soin acht réal. Is féidir an ceann eile fhagháil ar
scilling ó Rúnuidhe Chonnradh Chuilm Naomhtha i Muigh
Nuadhad.



-



D'imthigh dearmhad eile orainn i dtaobh an Bhíobla.
Ní i n-aimsir an Easpuig Bedell d'aistrigheadh an
Tiomna Nuadh, acht tamall maith 'na dhiaidh-sin, ar
fhuireálamh an Easpuig Mac Domhnaill.



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services