Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuan na Mara agus a Mhuinntir. II.

Title
Cuan na Mara agus a Mhuinntir. II.
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

"Cuan na Mara agus a
Mhuinntir."



II.



Aiste a bhuaidh duais ar Oireachtas, 1903.





MÍCHEÁL BREATHNACH do sgríobh.





Is mór an réimse talmhan tá tógtha suas
ag Cuan na Mara ó Chois-Fhairrge go
dteidhir siar thar an gClochán, aniar ó thuaidh
le Dúithche Sheodhach, thart leis an Mádhm go
dtéidhir go Gaillimh — is beag nach hé




Cuan na Mara go léir é; acht ní'l Cuan
na Mara le feiceál agat go ceart go
dtéidh tú chomh fada siar le Cuan-Chasla,
agus má théidhir thar Cuan an Fhir Mhóir
siar táir 'na cheart-lár. Tá na céadta
cuanta beaga is oileáin agat le feicsint
thart timcheall ort ann. Tá oileán
Ghorumna ar an oileán is mó aca. Ní'l
acht fíor-dhroch-thalamh siar ann. Go
deimhin is deacair a thuigsint cé'n chaoi
gcothuigheann sé rud ar bith dhóibh. Ní'l ann
agat le fagháil acht ailltreacha árda,
leacracha móra, lindéir agus clocha in gach
ceárd beag nach, an áit nach bhfuil an talamh
clochach garbh, tá sé na sgrath-ghlugair gan
ag tabhairt mar bhárr acht seileasdrom nó
siosgalach. Dhá mbéidís i gcleitheamhnas na
talmhan amháin ní mhairfidís chor ar bith –
dhá olcas an talamh tá a ghiodáinín féin ag
gach duine dhe, acht ní aon chur mór
bliadhantamhail a ghníonn siad. Cuireann
gach duine b'fhéidir dó nó trí phaistí beaga
faoi fhataíbh. Maidir le féar tirim nó
coirce ní mórán a bhíos aca dhíobh; is as an
mbádóireacht agus as an iasgach atá
muinghin aca iad a chothughadh i rith na
bliadhna go léir, beag nach. Annso 's ann-
súd amach 'san iargcúltacht bíonn corr-
dhuine ag gabháil don "phoitín." Tá deagh-
bhraon i gcomhnuidhe le fagháil dhe i gCuan
na Mara go cinnte.



Is breágh an rud a bheith ar bhainfhis
Ghaedhealach i gCuan na Mara mar bíonn
greann agus sult agus siamsa a bhfaca
tú riamh ann. Sin é an áit a gcloisfeá na
h-amhráin bhinne a chuirfeadh áilleacht is
aoibhneas ar do chroidhe ghá ngabháil san
tsean-tslighe Ghaedhealach. Go deimhin is
fada an aisde a d'fhéadfaidhe sgríobhadh i
dtaoibh bhainfhiseacha na háite úd.



Is brónach an áit a bheith ar thóramh dhuine
óig i gCuan na Mara. Chidhtear dom anois
go gcloisim na siollaidhe árda dubhrónacha
úd a chualas ag máthair tá tamall ó shoin
ann agus í ag caoineadh a maicín múirneach
buacach a bhí ós cionn cláir. Tá an caoin-
eachán cosmhail ar bhealaighibh leis an tsean-
tslighe ag gabháil fhuinn. Is beag nach cos-
mhail le chéile an fhuaim a chuirtear go minic
le na siollaidhe.



Ní'l muinntir na háite i gcoitcheann chomh
fad-bhreathnuightheach i gcúrsaí an tsaoghail
agus táid i n-áiteachaibh eile ar fud na
tíre. Ní sgrúduigheann siad ceisteanna
na tíre le aon ghrinneas. Ní thugann siad


L. 313


amháin machtnughadh d'aon tslighe feabhsuighthe
nó leasuighthe 'na saoghal féin. Go deimhin
ní'l mórán suimhne chor ar bith ag go leór
aca i gcúis na tíre cheal eólais mar tá a
mbunáite gan léigheann, agus ní fhághann
siad tuairisg nó nuaidheacht ós leabhar nó
páipéar ó thús go deire na bliadhna. Acht
mar sin féin tá siad sásta. Cúrsaí an
tsaoghail mhóir ní'l ag cur imnidhe ortha.
Ní oibrigheann siad go dícheallach ag iarraidh
iad féin fheabhsughadh sa saoghal. Ní'l ag a
bhfurmhór acht ó'n láimh go dtí an béal agus
tá siad sásta leis. Ní mhachtnuigheann siad
chor ar bith ar céard a d'fhéadfadh, bh'féidir,
a bheith, acht ar an méid atá, aca. Tá siad
sásta le bheith ag oibriughadh leó ó lá go lá,
agus ó bhliadhain go bliadhain mar chonnaic-
eadar 'riamh. Is iomdha chaoi a mb'fhéidir
leasughadh is feabhsughadh a chur ar a saoghal
dhá dtugtaí iarracht faoi. Dhá mbeadh aon
chineál oibreacha seasta ar bun timcheall
na háite ba mhor an lear maitheasa a
dhéanfaidís. Dhá n-aithbheódhfaidhe déanamh
na ceilpe ba mhaith an sgéal é; agus dhá
mbeadh deis iasgaigh níos feárr ag na bád-
óiríbh d'fheileadh sé dhóibh. Tá go leór don
tsliabh 'na thalamh toghtha acht ní chuirtear
lámh ann. Dhá mbeadh sé saothruighthe aca
agus roinnte eatorra ba mhór an gar é,
agus is mór an lán a d'fhanadh ag baile ag
oibriughadh air. Tá faitchíos orm go bhfuil
an áit úd ag dul i ndonacht gach lá atá ag
dul thairis. Tá na daoine óga go léir ag
imtheacht as agus ag tabhairt na Gaedhilge
míne aoibhne leó i gcéin gan filleadh go
deó. Sábháltar na daoine óga atá ag
éirighe suas ann anois d'Éirinn. Tá an
Ghaedhilge aca go léir. Teasduigheann sí
go cruaidh ar fud na tíre. Dhá mbeadh
sgoil le haghaidh na Gaedhilge amháin, ar
bun annso 's annsúd ar fud Chuan na
Mara fé stiúir Chonnartha na Gaedhilge le
eólas cruinn a thabhairt ar léightheóireacht
is ar sgríbhneóireacht na teangadh, agus ar
chúis an Chonnartha don aos óg annsúd,
grádh a chur ionnta do léigheadh is do
sgríobhadh na Gaedhilge, agus iad a thabhairt
suas oilte ullmhuighthe leis an teangaidh a
mhúnadh i gceanntairibh eile ar fud na
hÉireann, nár bh'áluinn go léir an rud é!



Ní móide go bhfuil cuid de mhuinntir na
háite chomh tíoghmhasach acht an oiread agus
d'fheileadh, agus is minic go n-imthigheann
go fánach an rud a saothruigheadh go cruaidh.



Bhí dhá fhile chumasacha i gCuan na Mara
leath-chéad bliadhain nó mar sin ó shoin. Bhí
Mícheál Mac Suibhne ar dhuine aca. Bhí sé
i gcoláiste le bheith na shagart ar feadh
sgathaimh fhada. Tá go leór dá chuid amhrán
le cloisint fós ó bhéal na ndaoine thart
thimcheall na háite. Taisbeánann a chuid
amhrán gur duine doimhin eólasach lán-
smaointeach úghdarásach a bhí ann, agus go
cinnte ba' cheolmhar binn líomhtha an file é.
Bhí "Seaghán Figheadóir" ar an dara file.
Chum sé a lán amhráin, agus gidh nach bhfuil
doimhneacht smaointe nó eólas cruinn
an tSuibhnigh ionnta, tá siad gan aon
amhras fíor-fhileadhta, suairc, fuinneamhail,
ceólmhar.



Le críoch a chur ar mo sgéal ní'l agam le
rádh acht gurab áit Cuan na Mara ar chóir
do mhuinntir Chonnartha na Gaedhilge agus
do gach Éireannach tírghrádhthach a bheith
bródamhail as mar táim cinnte agus
deimhneach nach gcaillfidh fuireann Ghaedh-
ealach na háite an teangaidh Ghaedhilge, nó
na béasa Gaedhealacha a tháinig anuas ó
ghlúin go glúin is ó gheinealach go geinealach
chomh fada 's bhéas uisge ag rith agus féar
ag fás. Gurab amhlaidh a bhéas a ghuidhim ó
dhoimhneacht mo chroidhe aníos!



"CARRAIG ÁINE".




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services