Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aistigheacht.

Title
Aistigheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AISTIGHEACHT.



"LIÚDAIDHE ÓG" do scríobh.



[Sid é an aiste a bhuaidh duais an mhí seo].



Ard-ghaisce liom breith ar chaol chleite
d'fhonn is ceist na h-aistigheachta do phlé.
Is fuirist díbh a mheas go mb'fheárr liom
'ná rud ná déarfainn go raibh sé ionnam
earradh gan sárughadh do sholáthar dom'
lucht léighte. Mar mhaithe liom fhéin is mar
mhaithe libh-se, ba mhaith liom briathra briocht-
shnuighte gaoise is tábhachta do thabhairt
uaim; acht ó's follus do chách ná fuil líomh-
thacht ná clisteacht ná deagh-labharthacht
agam, ní mór dom léim chaorach i nduibh-
eagán a dhéanamh. Níl de chóir agam chun
na hoibre atá curtha romham agam acht an
óige is an cheanndánacht is croidhe nach tim.
Níor mhiste dhom soin, mar is baoghlach
go mbeidh orm cuaille comhraic a bhualadh
agus fiadh tabhairt ná deaghas riamh i
ndiaidh mo chúil.



Seo mise ag tabhairt aighthe ar iath nár
chleacht na Gaedhil go dtí le déanaighe. Na
taistealaidhthe eile de Ghaedhilgeóirí do
ghaibh an treó céadna, ní móide gur thaithn
a dheallramh leó. Níor dheineadar acht fó-
chosán d'aimsiughadh, agus ní fada lean-
adar de. Níor beag leó a gcinn do sháthadh
isteach i scairt drisleach ar leath-taoibh an
bhóthair, agus siúd thar n-ais iad agus ana-
imtheacht fútha. Ba dhóich le duine ortha go
raibh iath na "n-úr-chluichí" siubhalta ar fad
aca.



Im' thaobh-sa dhe, caithfead dul níos
sia 'ná na gaiscidhigh eile. Dá bhféadfainn
sceimhle rás nó scríob seabhaic a thabhairt
tríd, is amhlaidh ab' fheárr. Fóiríor! réim
barra-thuisleach atá i ndán dom, de réir
dheallraimh, acht déanfad mo dhícheall go
háirithe. Mara dtiocfaidh aon tairbhe eile
as mo thurus, b'fhéidir go n-éireóchaidh níos
feárr leis an té leanfaidh mo lorg.



Ní haon dóichín é cúrsaí ilteardhachta
do chur tré chéile as Gaedhilg. Tá ana-
chuid fadhb le réidhteach agus ceap tuisle
le cur díobh ag lucht tugtha fé. Fágann
soin go n-oirfeadh dian-mhisneach don té
chasfadh le ceist na "n-úr-chluichí" do thag-
airt.



Den chéad fhásc, níl focal de sna foclaibh
a bhaineann le cluichíbh na n-amharclann ar
fagháil againn go nuige seo. Na "téarmaí"
do cuireadh i bhfeidhm go dtí so, is léir
dom nár fríth ar foghnamh iad. Tugtí
"dráma" ar chluiche do fearadh i n-amharc-
lainn, agus a fhios ag an saoghal ná fuil
crot Gaedhealach ar an bhfocal soin. Nuair
a bhíonn guth ar gach taobh den "m" ní
mór an chéad ghuth dhíobh do ghiorrughadh. Dá


L. 290


mbeadh an focal mí-ádhbharac soin i mbéal-
aibh na ndaoine ar feadh i bhfad, níl pioc
dá mhearaí orm ná go ndéanfaí "drama" nó
"drámha" dhe.



Bíodh deire leis an ngein nódhachta úd
feasta. Tá focal againn le sna ciantaibh,
agus an bhrígh do theastuigh uainn ann, i
gan fhios dúinn. "Cluiche" atá ag Gaedh-
ilibh Alban ar thaisbeántaibh na n-amhar-
clann, agus "cluicheóir" ar "actor". Tá
ciall agus éifeacht leis sin. Ní túisce
chromann gárlach ar spórt, ná siúd ag
déanamh aithrise ar ghnásaibh daoine fásta
é. Aithris bun agus bárr a chod' áiltheór-
achta. Ar theacht i gceann a chéile do ghas-
raidh leanbhaí le fonn caitheamh-aimsire
caidé an sadhas "cluiche" is annsa leó?
Leigeann gach páiste aca air féin gur
fear nó bean é, deineann aithris ar ghnáth-
iomchar a athar, nó a mháthar, nó a mháighistir
scoile. Sin "cluiche" i ndáiríribh agaibh!
As an staraidheacht soin iseadh d'fhás agus
d'aibidh "cluichí" na n-amharclann.



Ní beag dá chomartha soin a rádh nach eól
dom teanga de theangthaibh Eórpa ná bain-
eann cluichidheacht agus aistidheacht na
n-amharclann le na chéile i dtuairim lucht
a labhartha. Rud eile dhe, bhíodh na "cluichí
caointe" ann fad é. Ó thárla go bhfuil
breis bhrígh ag an bhfocal cheana, ní feárr
rud a dhéanfaimís 'ná focal eile do chur
leis. "Úr-chluiche" is áisighe, ó's feas go
bhfuil "úr-scéal" againn cheana.



Scaoilimís thorainn ainmneacha is téar-
maí is a ngabhann leó go ceann tamaill.
Cad is "úr-chluiche" ann? Ní miste
dhúinn an cheist sin do réidhteach ar dtúis.
Il-aithris ar ghníomharthaibh is ar imtheachtaibh
daoine saoghalta is bun le cluichidheacht.
Ní mór scéal éigin do léiriughadh tré aith-
ris úrlabhra is geáitsí is gníomhartha. Tá
níos mó 'ná aon tsadhas amháin aistígheachta
ann, acht is iad gnáth-chluichí na dtíortha so
ár gcúram fé láthair.



Tá riaghlacha ceapadóireachta na n-úr-
chluichí i bhfeidhm ó ré Aristotel aniar, acht
is minic do gabhadh de chosaibh n-a reachtaibh
siúd. Sás a leagtha ab' eadh Shakespeare
Shasana, acht ní bhraithim gurb' fheárrde é
an mhí-riaghaltacht. Ní maith "ceangal na
gcúig chaol" do chur ar ealadhntóir, acht
níor mhiste don ghnáth-scríbhneóir (ó is beag
againn do cuirfar suas is anuas le) Shake-
speare a cheann a bhualadh fé an ughaim do
ghlac formhór na n-ollamhan chucha go toil-
eanach. Dá dhéine claoidhfam le comhairlí
na sean-ughdar is le toradh a dtaithighe is
amhlaidh is feárr a chuirfam ár n-acfuinn i
gcrích. Táimíd ag casadh le hiol-aistígheacht
fhíor-Ghaedhealach mhór-éifeachtach do phréamh-
ughadh is do thabhairt chun cinn i nÉirinn.
Cár mheasaide sinn cur chuige go cruinn is
go tuigsionach? Má's mian linn an ealadha
úd do shaothrughadh, ní haon chabhair dhúinn
bualadh fé i n-éaghmuis eólais na céirde
is taithíghe a cleas. Ní bhéidh againn de
bhárr ár n-útamála acht gein bhotún is
tuathal. Sin a bhfuil fachta againn mar
adhbhar aistígheachta go dtí so, nach mór.



Den chéad dul síos, ní mór scéal fé
leith do gach iarracht. Ní mór do scríbh-
neóir scéal áirithe do tharrac chuige —
scéal oireamhnach go mbeidh bun agus
bárr leis, eachtra do thuit amach — agus
leanmhaint de go dian agus go seasmhach
go dtí go gcuirfidh críoch air. Críoch an
eachtra, críoch an úr-chluiche. Níor cheart
go mbeadh fo-scéaltha san úr-chluiche ná
baineann le na bhun-chúis. Sin riaghail ná
tuigeann a lán de lucht scríbhte cluichí
Gaedhilge, agus bíonn a rian ortha.



Cuireadh an t-ealadhntóir de chúram air


L. 291


féin eachtra áirithe do chur i n-oireamhaint
dá léiriughadh i n-amharclainn: bíodh pobal
na hamharclann os comhair a shúl, dar leis,
agus é dhá cheapadh: ná bogadh dá ghreim
ar a scéal ó thúis deireadh; má bhogann,
bogfaidh de ghreim an eachtra ar spéis a
lucht éisteachta. Is é tá ón scríbhneóir agus
ó sna haisteóiríbh leis cúrsaí an eachtra
do nochtadh, ar thuit amach do chur i dtuis-
cint. Tá ortha fios fáth an scéil is a
ngabhann leis d'adhbhar truagh nó de chúis
gáire do chur ar a súilibh dá lucht éist-
eachta agus é bhualadh isteach ina n-aigne.
Ba cheart go mbeadh gach rádh — agus, dá
ndéarfainn, gach focal — ag cur is ag
cuidiúghadh le brígh an scéil. Níl blúire
maitheasa i mbriathraibh dá líomhthacht ná i
gcleasaidheacht dá chlisteacht mara mbainid
le bun-chúis nó le bun-eachtra an chluiche.



D'oirfeadh tosach, imtheacht, eibear, laigh-
eadughadh críoch agus ceangal do gach úr-
chluiche. "Téarmaí" iad soin a thuigfar
gan duadh. Baineann sé tamall de lucht
éisteachta úr-chluiche teacht isteach ar an
scéal. Ar an adhbhar soin, ní maith do
scríbhneóir éin-nídh ró-thábhachtacht do chur
i dtosach. Níor mhór do bheith ana-chliste
chun cúrsaí a bhun-scéil do chur i dtuiscint
do'n phobal go símplidhe soiléir sar a
mbeifar ag gabháil don chluichidheacht ró-
fhada. Is mó cleas agus ciúta do cleacht-
ar chuige sin. Raghadh sé dhíom a dtrian
d'áireamh.



San chéad mhír de raghaidh an scéal chun
cinn go mall righin, acht de réir mar a
ghabhann an t-eachtra ba cheart go mbeadh
ag méadughadh ar an bhfuinneamh is ar an
bhfuadar go dtí go sroistar eibear na
haistígheachta nó aoirde a fheartha. Chuige
sin a bhí imtheacht an chluiche. Téidheann a
fhuadar i luighead 'na dhiaidh soin go dtí go
gcuirtear críoch ar fhearadh an eachtradh.



Ní mór úr-chluiche fada do roinnt, mar
go raghadh sé ró-dhian ar phobul bheith ag
éisteacht leis ar feadh dhá uair an chluig
gan sos gan suaimhneas. Ní hé sin amháin
é, acht baintear tairbhe as a roinnt. Trí
mír is feárr a dhéanamh de. Tá éin-nídh
amháin deimhnightheach, ní fhéadfadh dícheall
an Fhir Mhór, agus Shakespeare do chur
leis, úr-chluiche foghanta do cheapadh ná
bheadh ann acht dá mhír. Chím go bhfuil
Coiste an Oireachtais ag tairiscint duaise
don té is feárr a cheapfadh úr-chluiche dhá
mhír. Is follas nár tomadh an Coiste i
dtobar an fheasa trá 's nách eól dóibh nach
féidir d'aon ealadhntóir sin a dhéanamh.
Fantar go bhfeictar.



Is féidir cluiche gan beárnadh gan
scoilteadh do scríobhadh; is féidir aiste
trí mír nó breis is trí mír do dhealbhadh;
acht beidh an donas thiar thall ar chluiche dhá
mhír. Má dheintear trí scar de (agus is
amhlaidh is fearr), ba cheart go mbeadh
eibear na haistígheachta i ndeireadh an
tarna míre.



Is ceap tuisle do chluiche breis ais-
triúghadh ionaid a bheith ann. Ba cheart go
dtuitfadh an scéal go léir amach san bhall
céadna, má's féidir é. Sin buadh an
"Tobar Draoidheachta" cuir i gcás. Mar
an féidir soin a dhéanamh, ba cheart
"amharc" fé leith a roinnt ar gach mír,
agus gan a thuilleadh chur leó. Dá luighead
"amharc" a bheidh i gcluiche is amhlaidh is
feárr a fhearfar é.



Níor éirigh le h-aon chluiche na chluiche (.i.
ar na léiriughadh os comhair an phobail) nár
lean dhe sna riaghlachaibh sin, acht amháin de
bhárr maise eile ná baineann le cúrsaí
amharclann. I nÉirinn fé láthair ní hion-
gnadh go dtaithnfeadh cluiche linn go
mbeadh deagh-Ghaedhilg agus deagh-smaointe


L. 292


ann, ar son ná beadh a dhealbh ná a dhéan-
amh ró-ealadhnta.



An té chuirfeadh roimis cluiche Gaedhilge
scríobhadh, ba cheart go mbeadh an teanga
ar a thoil féin aige. B'fheárrde é eólas ar
sholuídíbh úr-chluichí teangtha eile. Is leanb-
aidhe an bheart dúinn cleasaidhte ná cluich-
eóirí do chur i mbun a léirighthe ná fuil an
Ghaedhilg go blasta & go maith aca. Bíonn
seasamh úr-chluiche ar chomhrádh na ndaoine
agus ní ar ghothaí ná ar fhuirseadh na n-ais-
teóirí. Ba cheart go mbeadh an chomhrádh
go líomhtha is go cliste.



Ní foláir don ughdar líon an chluiche (nó
a "fhuireann") do thabhairt isteach i gcaith-
eamh an chéad mhíre. Is leamh an gnó dho
bheith ag cur pearsan nódh os comhair an
phobail nuair a bhéidh leath an chluiche caithte.
Ní beag nod don eólaidhe.



Ós na Gréagaigh & ós na Franncaigh a
gheobham na soluídí is feárr ar deise
deilbhe cluichidheachta. Is baoghlach gur beag
a raghaidh eólas ar úr-chluichí an Bhéarla i
dtairbhe dhúinn, ó's beag díobh súd ar a
bhfuil crot oireamhnach.



Luighmís isteach ar an obair go ceannsa
is go dúthrachtach, & raghad fé go dtabhar-
fam chun baile ana-ghein liteardhachta
Gaedhilge. Tá sé ionainn é dhéanamh, mar
is follus gur aisteóir ó dhúthchas an gnáth-
Ghaedheal. Na cluichí is feárr 's is deise
san Bhéarla (gan Shakespeare do chur san
áireamh) isiad Éireannaigh do scríobh iad.
Comhartha soin go bhfuil an mianach ionainn.
Aireóchfar ó Ghaedhealaibh Éireann ar fhaithche
imeartha na n-árd-chluichi, agus is fada
fada go bhfearfar a gcluichí gcaointe.



Cluiche, Úr-chluiche = play
Aistigheacht = dramatic composition.
Aisteoir, cluicheóir, cleasaidhe = actor.
Ealadhantóir, artist, dramatic or otherwise.
Fearadh = performance.
Léiriughadh = representation. Mír = an act.
Ionad, ball, amharc = scene.
Pobal, lucht éisteachta = public or audience.
Bun-chúis = motif.
Bun-scéal = plot.
Líon an chluiche = the personages.
Eibear = height of the action, denouement.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services