Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish Exiles and the Irish Language.

Title
Irish Exiles and the Irish Language.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 241


I. CAOINEADH.



A laogh mo chroidhe, an díth leat mise bheith dubhach
Ag brise mo chroidhe go síorruidhe ag sile na súl?
Dá bhfaghainn-se ó'n Rí a ríoghacht, a bhaile, 's a rún.
Do thiubhruinn dom' bhuidhean gan maoidheamh á dtagadh
sé liom.



Do bhí fionnacht is breághthacht ag fás amach os do
chionn,
Do rugais an bárr le háilleacht ó fhearaibh na
Mumhan;
Do phearsa 's do cháil go bráth ní chuirfidh sin liom,
A Dhiarmaid Mhic Carrthaigh, mo sháir-fhear ghairm ó
'nún.



Do bhí agat croidhe, fé mar mheasaim, ná raibh ag an
fiadh,
'S agat-sa bhí an croidhe do bhí fíochmhar fearamhail
fial,
'S agat-sa bhí an croidhe nár stríoc d'fhear mhaith seal
riamh —
'S é mo losgadh doighe nimhe tú bheith sínte i gCathrach
thiar.



'S, a mharcaigh fhíor-stuama stuacaigh, 'fhearaire an
ghrinn,
Is ionnat-sa bhí an suaimhneas muar is an taithneamh
it chroidhe,
Ba bhreágh é do ghluaiseacht thuas ar chapall it' shuidhe,
'Sé mo losgadh doighe cruaidh tú bheith sínte i gCathrach
thíos.



Mo chreach is mo léan gan mé agus tusa arú a ghrádh
Thiar i gCarraig Éana i n-éinfheacht 'san fhairrge ag
tál;
Do bheidheadh mo shúil le Mac Dé go mbéarfhainn
tusa gan báth;
Níl mo shúil leis an gcré 'nar léigeadh tusa go
bráth.


L. 242


2. Nach mór an donas don donas bheith im' dhiaidh de
ghnáth
Agus gur follus don donas an donas bheith 'om
chlaoidhe gach lá;
Ó sheól an donas chun donais mé i dtír, mo chás!
Cá bhfuighidh an donas an donas 'nuair gheobhad-sa
bás.



3. Innis do Dhonnchadh an Dúna
Ó 's é is ughdair ar gach ndán
Go ndubhairt an Dall do bhí insan chúinne
Gur thuit crú ón láir bháin.



4. “Maireann an cuaille críon,
Agus ní mhaireann an lámh do rín.”



5. “Ní hé an bhochtaineacht is measa liom ná bheith
síos go deó,
Acht an tarcuisne do leanas ná leighisfeadh leoghan;
Má tá an tAthair-Mhac mar an Eagluis, ní'l bhrígh
i n-ar ngnó,
Is ní fearra dhúinn an tAifreann 'ná suidhe ar an
móin.”



6. The advice of an old farmer to his son going
to a fair:



Trí neithe do bhaineas le hól —
'É ól, é iomchar, agus díol as.



7. Three things that will never go to heaven:
Aingeal an uabhair, leanbh gan baiste, agus céile
shagairt.


L. 243


Tá alt an-fhóghanta ó láimh Eóin Mhic Néill i NEW
IRELAND REVIEW na Samhna. Tráchtann ann ar
shean-gheingeallaigh na nGaedheal agus ar an mbaint
atá aca le stair na tíre san tseana-shaoghal. Dar
linn go bhfuil sé seo ar na haistíbh is léigheanta 's is
tábhachtaighe dá bhfuaireamair fós ón Niallach, is tá
súil againn go ndéanfaidh gach léightheóir den IRIS-
LEABHAR scrúdughadh air.



Beannacht Dé le hanam ár seana-charad, Micheál
Cíosóg, d'éag i mBaile Átha Claith 28 Samhain, 1906.
Fear fíor-Ghaedhealach do b'eadh, agus croidhe gan
dochma. Go ndéine Dia trócaire ar a anam.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services