Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Leabhar an adhsáideach is eadh “AIDS TO IRISH
COMPOSITION” a chuir Muinntir Ghill amach le
déidheannaighe ar son na mBráthar gCríostamhail.
Isé an Modh Díreach cloch bhuinn an leabhair seo, agus
anuas air seo do tógadh árus taidhbhseach teann idir
Ghraiméar agus Aistriughadh. Isé an taithighe cainnte
sa teangain a choiméadfaidh 'n-a beathaidh í. San
leabhar so tespeántar don mhuinteóir ón gcéad
cheacht amach cionnus usáid a dhéanamh de sna focail
atá ar eólus ag an lucht foghluma chun cainnt a
bhaint asta. 'N-a theannta-san tá giotaí deasa
Ghaedhilge i gcló ann chun Béarla a chur ortha, agus
ní dhearnadh dearmhad ar ghiotaíbh Béarla i gcóir
Ghaedhilge a chur ortha. An té a ghabhann go dicheallach
tríd an leabhar so, gá stuidéar le dúthracht, ní'l
pioc dhá mhearaidhe orainn ná go mbeidh togha an
eóluis aige ar an dteangain agus, má bhíonn máighis-
tir oireamhnach aige, go bpiocfaidh suas a lán cainnte.
Scilling, fiacha an leabhair.



Is iad muinntir Maunsel an cumann is déidheann-
aige go bhfuil tosnuighthe aca ar leabhraibh Gaedhilge
a chur amach, agus do réir an fhuadair atá fútha ní
bheid abhfad chun deiridh ag ceann an ráis. Sidé
FRÉAMHACHA NA hÉIREANN, an chéad iarracht uatha.
Is dóigh linn gurab é seo an leabhar is deise cló-
dóireacht dar bhuail umainn riamh sa Ghaedhilg. Tá
sé buailte tré dhubh is tré dhearg; agus maidir leis
na pictiúríbh níor bh'éidir iad a shárughadh. Isé earra
atá ann ná ocht gcinn de shean-scéaltaibh do cuireadh
síos ó bhealaibh daoine i nInis Meadhoin. Aodhmain Mac
Gríogóir, an Cruinneadóir; agus Seaghán Mac
Cathmhaoil an dathadóir. Muinntir an Irish News, i
mBéal Feirste do chlóbhuail. Leath-choróin glan, is
eadh fiacha an leabhair.



Is fada nár bhuail umainn aon leabhar Béarla is
taithneamhaighe 'ná MEMOIRS OF MYLES BYRNE
atá gá thabhairt amach 'n-a sé rannaibh ag Muinntir
Maunsel. Is beag ré i stair na hÉireann gur mó
go gcuirtar suim innti ná mar do chuirtar i gcúr-
saíbh an chogaidh ler creachadh is ler dóigheadh Co. Loch
gCarmain i mbliadhain a '98. Tá tuairisc iomlán
sa leabhar so ar an gcogadh úd; agus ní cunntus
claon ná tuairisc bréige ná “dubhairt bean liom
go ndubhairt bean léi” é, acht comh beag. Bhí Maol-
mhuire Ó Broin 'n-a thaoiseach ar roinnt d'fhearaibh na
hÉireann ann. Do throid sé féin go calma i ngach
aon chath dar thugadh le linn an chogaidh, agus badh chóir
go mbeadh cruinn-fhios aige ar gach nídh féibh mar do
thárlaidh. Leabhar ana-thaithneamhach le léigheamh iseadh
é seo agus tá súil againn go léigfidh a lán é.



Tá Roimh-rádh n-a bhrollach ó láimh Stiopháin Mig Fhinn.
Leath-choróinn fiacha gach coda dhe.



Sreath eile leabhar ag baint le bliadhain a '98 iseadh
“The Northern Leaders of '98,” agus Muinntir
Maunsel atá gá gcur amach leis. Beidh ar an sreath
so sé cinn de leabhraibh, ag cur síos ar thaoisigh an
Tuaiscirt le linn na ré úd, agus ag tabhairt cunn-
tuis ar a ndearnadar ar son Éireann. Beidh na
leabhair seo fé chúram Phróinsias Bighear, agus do
réir mar d'oibrigh sé WILLIAM ORR an chéad
cheann aca, ní'l amhrus orainn ná go mb'fearrde
duine iad d'fhagháil is do léigheamh. Do deineadh
éagcóir mhór ar Orr bhocht, agus is féidir dúinn-na
ceacht foghanta d'fhoghluim as an dtuairisc seo ar a
bheathaidh. Scilling glan, fiacha gach leabhair san
tsreath so.



Is taithneamhach linn i gcomhnuidhe scéala d'fhagháil
ó n-ar mbráithribh i nAlbain. Bíonn ana-chuid eoluis
ar chúrsaíbh na “Gaidhlig” san DEO-GHRÉINE. Tá an
páipéar so ar siubhal anois le bliadhain, agus ní
beag dhe sheódh acht a ndearnaidh sé chun muinntir na
hAlbann a mhúiscilt is do chorruidhe i leith a
dteangan duthchuis. Tá atharrughadh mór ag teacht
ar aigne mhuinntir na Gaidhealtacht i nAlbann i
dtaobh na Gaedhilge. Ar an séamhadh lá fichead den
mhí seo ghaibh thorainn, is an dá lá n-a dhiaidh, bhí an
Mód aca i nObann Lathurnach. Bhí ana-thabhairt amach
aca ann.



Cuireadh ag triall orainn páipéar darab ainm
Irish Gardening. Tá a lán ann i dtaobh Gardening acht
ní mór atá ann i dtaobh Irish.



SEABHAC NA CEATHRAMHAN CAOILE.



“Dráma Cheithre Ghníomh a thugtar ar an iarracht
so agus is dócha nách foláir dúinn sgaoileadh leis
mar ainm. Oireann “dráma” go maith mar theidiol
do. Is eól do gach éinne gur léirigheadh an “dráma”
so age an Oireachtas agus gur raideadh moladh na
thuile do'n té cheap é. Thuill seisean a bhfuair sé dhe
agus breis 'n-a theannta. Sé mo thuairim gúr rug an
“Seabhac” an bárr leis ó chluichíbh na Gaedhilge le
greannmharacht. Ní bacaighe d'focal “dráma” ná
an Ghaedhilg atá ann. Éinne ná fuil bhreis chúraim
ghnótha ag cur air níor mhisde dho luighe isteach ar an
ndroch-Ghaedhilg do chur i ndeagh-Bhéarla. Tuigfar
gach abairt chomh luath agus a chífar i mBéarla í.



Is fuirist a mheas ná fuil aon tuisgint i gcúr-
saíbh cluicheóireachta age Tomás. Níl crot ná slacht


L. 224


ar a sgéal agus dá chomhartha san féin níorbh fhéidir
do lucht a léirighthe é thabhairt chun críche gan a lán
dá dhuagh d'fhagháil. B'éighean dóibh é d'athrughadh go
mór. Gach éinne do thug fé chion de'n chluiche d'fhág
sé rian a láimhe air i dtreó 's gur mór an iongnadh
ná deaghaidh sé de Thomás a cheapadóireacht féin
d'aithint.



Má's fíor do Thomás go labhradh Mícheál Cuimín an
sadhas Gaedhilge atá san leabhar so aige 'n-a dhiaidh, is
greannmhar an sgéal é! Ní beag de mhíorbhuilt a
dheise do chuir An Cuimíneach “Laoi Oisín” i n-eagar,
agus a ghnáth-chainnt féin chomh haindeis sin. Is dócha
gur b'amhlaidh a fuair sé greim ar sheamróig na
gceithre gcluas go ceann sgathaimh nó ortha eile dhá
sórt.



Tá éin-nídh amháin san leabhar gur féidir é mholadh
— an t-amhrán breágh úd “Seabhac na Ceathramhan
Caoile”; acht cad is ciall do'n chéad líne“Rachad
le fonn gurab togha na bhfear fionn.” “Gruig” an
focal ceart dar liom.



Mo dhearmhad! Tá “A Ghasra Bhreágh” go hana-
dheas leis, acht má tá féin ní ar Thomás a bheidh mo
bhuidheachas acht ar an “bhfile agus duine uasal.”



Ní beag dúinn aon tsoluíd amháin ar an sadhas
cainnte atá san chluiche:—



“Féach, a mháthair, is bean an-uaibhreach agus an-
chruaidh-chroidheach agus an-chruadhálach tusa.”



Féach air sin duit! Cé déarfaidh ná fuil ré nódh
ag druideamhaint leis an nGaedhilg feasda?



Isé an ceann is measa dhen scéal go gcuirfar
an leabhar so, &c., i lámhaibh aos foghluma na
teangan, agus ní raghaidh sé i dtairbhe dhá gcuid
eolais ar an nGaedhilg. Dá bhféadfaí gabháil de
sguaib ar an ngioblachas cainnte atá ann b'fhéidir
go mb'fhearrde an saoghal Gaedhealach é.



AN RÁBAIRE.



AN TALAMH.



Gein de'n tsliocht nodh so an Bhéarla do shaoth-
rughadh i nÉirinn iseadh “An Talamh.” Pádraic Colm
do chéad-sgríbh i mBéarla é & “Tórna” do chuir i
nGaedhilg é. Is dócha ná raibh ó “Thórna” acht
taithighe agus gurb' é fé ndeara do “The Land” a
tharrac chuige mar ádhbhar saothair ná a dheacracht é
dh'aistriughadh & crot Gaedhealach do chur air. Ní
mór é mholadh i dtaobh a fheabhais do sholáthruigh sé
culaith ar a bhfuil balath Gaedhealch do smaointe ná
ritheadh le Gaedhil na tuaithe ó cheann ceann na
bliadhna. Acht chuirfinn sé geall leis an té is mó
eólas ar Ghaedhilg i mín-chlár Tuathail go dteipfadh
air “dráma” nó “cluiche” a dhéanamh de “The Land.”
Ní hé amháin go bhfuil cainnt ann gur deocair a mheas
gur chuir éinne riamh as í, ní hí amháin go bhfuil rian na
hóige ar an gcur síos do dheineann Pádraic ar
gnáth-shaoghal na ndaoine, acht isé is ceap tuisle
dhon iarracht so ná gan éin-nídh do thuitim amach
san “cluiche” ó thúis deire. Ní cluiche go scéal
gníomartha, a ndéarfadh Aristotal & níor sáruigheadh
fós a chomhairle sin. Is maith is eól dom gur éirigh
le buidhin Amharclainn na Mainistreach go seóigh
nuair do léirigheadar “The Land” anuiridh, acht ca
bhfios ná gurbh' iad na cleasaidhthe fé ndeara san.
Pé sgéal é, ní ró-mhaith do thaithn “An Talamh” le na
raibh láithreach age an Oireachtas i mbliadhna. Ar a
son san féin is maith is fiú é leigheamh mar tá
Gaedhilg ann go háirithe.



AN RÁBAIRE.



Táimíd ag súil gach aon lá leis an leabhar nua so
Eibhlín Nic Choill, A TEXT-BOOK OF IRISH
LITERATURE. Beidh an chéad chuid de ar fagháil
gan moill, agus táthar ag feitheamh leis ins na
scoileannaibh.



Do sháruigh Sceilg é féin le n-a fheabhus do dhealbhuigh
an aiste ar sheann-reacht na hÉireann. Bíodh súil
i n-áirde ag gach éinne i gcóir an mhí seo chughainn.



Fear le smaointibh éifeachta is le cruinneas
cainnte is eadh Piarus Béaslaoi. Tespeanánn
“Dualgas an Amhráin” soin go maith.







19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services