Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teanga na Lochlannaigh agus an Ghaedhilg.

Title
Teanga na Lochlannaigh agus an Ghaedhilg.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEANGA NA LOCHLANNAIGH AGUS AN
GHAEDHILG.



GORT AGUS PÁIRC.



Chuir leitir an Laoidigh, i nIRISLEABHAR
na Lughnasa i dtaobh an dá fhocal so i
gcuimhne dham rud beag seanchais do chur
chugat ortha agus ar neithibh a bhaineas leobhtha.



Agus ar dtús is éigin dam a rádh gur ón
Lochlannais do shíolruigh páirc, cé aca uatha-
san na ó na Sasanaighe do thóigeamar é.



Is cinnte go ndearnadh mórán malairt
eadair an dá theangaidh ar feadh na gcéadta
bliadhan a rabh an dá threabh i n-aighneas le
chéile i námhadas agus — ar uairibh — i gcar-
thannas. 'Na cheann san nuair a briseadh
cumhacht na nDanar i gCluain Tairbh cídh gur
theith cuid aca go hOileán Mhanainn
agus insibh eile a rabh ceannas ag a muinn-
tir ortha, d'fhan an chuid ba mhó i nÉirinn go


L. 218


socair i measg na ndaoine, agus tá a
sliocht-san anois chomh Gaedhlach leis na
Gaedhil iad fhéin. Acht níl amhras nár thug-
adar corr-fhocal ó a dteanga féin isteach
i dteanga na tíre.



Abhfad roimh aimsir Bhriain, timcheall
bliadhain a 900 bhí corrughadh mór ar Dhanair
na dtíortha seo mar go dtáinic a rígh féin
ón Íoruaidh le cabhlach mór loingis le n-a
smachtughadh, i ngeall ar gur dhiúltaigheadar
a réim 's a chána. Ruaig sé iad as Oileán
Mhanainn is cuanta na hÉireann, is b'éigin
do chuid aca gluasacht síos go hInis Tuile,
áit nach rabh duine le bacadh leóbhtha, mar go
rabh an t-oileán falamh an tráth san, agus
sin é an t-aon bhall amháin ar an domhan
indiu a bhfuil sean-teanga na Lochlannaigh
dá labhairt ann.



Chuaidh cuid eile dhíobhtha anonn go
Cumbrid i Sasana — áit a dtugthar Cumber-
land agus Westmoreland air anois, agus a
bhí i seilbh na mBreathanaigh an t-am san.
Is dócha nach raibh mórán daoine ann, mar
feicthar nár dheacair do na Danair a sáith
talmhan do ghabháil i measg na sléibhte le
cur fútha ann. Ar aon chuma tá a sliocht
ins na gleannta sin go fóill agus lorg
sean-teanga a sinsear ar a gcuid Béarla
is ar a gnásaibh, agus go háithrighe ar ainm-
neacha na ndaoine 's na n-áiteacha.



Haver-bread thugann siad ar arán coirce;
parrack ar paddock — na roinn talmhan ar
bith a mbeadh claidh air. Anois deir lucht
teang-eólais nach bhfuil ann park 'sa
mBéarla acht an sean-fhocail parac. Má's
mar sin é ní ádhbhar náire ar bith dhúinne
“páirc” do ghlacan mar Ghaedhilg.



Ar an chaoi chéadna is aisteach le
Gaedhlaibh comharthaí na Gaedhilge do bhreath-
nughadh anois is arís 'n-a measg.



“Gart” thugann siad ar pháirc bhig, nó
gárraidhe. Apple garth ar ubhall ghort;
agus is ar éigin d'aithneóghthá aon deifear
eadair “gort” is “gart” i n-a mbéalaibh.



Tá caisleán i n-aice le Caerleóil a
nglaoidhear Corby Castle air, acht 'sé
“Coirceby Castle” a thugthar air ins na
sean-leabharaibh. Is ionann by agus “teach”,
nó “árus,” .i. mar déarthá “baile an
choirce.” Táim i n-amhras go rabh Gaedhilg
ag an duine do thug an t-ainm sin air.



Ba ghnáthach leóbhtha teacht le chéile ar
amannta áirighe le dlighthibh do chumadh dhóibh
féin, is a gcur i bhfeidhm. Amuigh faoi an
aer do chonghbhuigheadar na feiseanna seo;
ar ardán cearnógach déanta de fhódaibh
glasa a dtugadar “mót” nó “mút” ortha.
Tá go leór de na “mótaí” seo le feic-
sint go fóill i measg na sléibhte; agus
níl mé cinnte nach ón bhfocal so do thig
“múta” 'sa nGaedhilg, is nach ó moat ins an
Sacs-bhéarla. Nach bhfuil “An Mód” ag
Gaedhlaibh Alban anois? Sgríobhadh an
sean-leabhar sin an Domesday-book ins an
t-aonughadh aois déag; agus tá ainmneacha
na ndaoine ann a rabh talamh i n-a seilbh
ins an dá chonntae sin, agus is follasach
gur ainmneacha Gaedhlacha cuid aca —
mar atá: Gillimichel (Giolla Mhichíl), Dufan
(Dubhthan); Gilmory (Giolla Muire);
Melmory (Maol Muire); Malcatal (Maol
Chathail); Matchell, anois Mulhall 'sa
mBéarla againne; agus sé baramhal daoine
eólgach ins an teanga go mba Lochlannaigh
as Éirinn na daoine seo, agus gur ghlaca-
dar na hainmneacha nuair do thiumpuigh-
eadar don chreideamh chríostamhail.



Tagra.



Lochlannais = teanga na nDanar (Norse).



Malairt eadair &rl., exchange of words.



An dá threibh, the two races.



Námhadas agus carthannas, enmity and friendship.


L. 219


Danair, the Danes or Norsemen.



O. Mhanainn, I. of Man.



Theith siad, they retreated.



Corr-fhocal, an odd wor.



An Íoruaidh, Norway.



Cabhlach, a fleet.



Réim, cáin, rule, tribute.



Breathnaigh, Welshmen.



Talmhana do ghabháil, to take up land.



Claidhe, a fence.



Táim i n-amhras, I suspect.



Lucht teang-eólais, philologists.



Eólgach, learned (adj.)



Caerleóil, Carlisle.



Corby Castle is the seat of the Howards of Cumberland.



Leóbhtha (Leath Chuinn) = leó (i leath Mogha).



Ceannas, possession, rule.



Seán Ua Ruaidhrí.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services