Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocail. XV.

Title
Sean-fhocail. XV.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Caol an Iarainn
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 197


SEANFHOCAIL — XV.



“Caol an Iarainn” dó sholáthruigh.



126. Is mairg a thugann rabhadh dhá
chomharsain.



127. Ní scoilteann ar chearc na n-éan.



128. Sgoilteann an bhreab an chloch.



129. Srón dubh ar gach maidin earraigh,
agus earball searraigh as soin siar.



130. Fliuchann fear aon chaorach a bhrat,
agus ní fhliuchann fear an sé agus an seacht.



131. Is cruinne súil gabha ná miosúr
táilliúra.



132. Buail do cheann i dteannta an
iarta, agus gheobhair pé fortún do gheall-
faidh Dia duit.



133. Iascaireacht an chait ar an dtráigh
tirim.



134. Is measa lucht na fonómhaide 'ná
lucht an mhurdail.



135. Is beag an mhaith an mhaith ná hinns-
tear;
Agus is measa an mhaith an mhaith do
mhaoidhtear.



Is fearr greim de choinín 'ná dhá
ghreim de chat.



137. Is fearr annsacht 'ná buirbeacht
mhór,
Is fearr cóir 'ná dá gcuirimís
dlighe,
Is fear tigh beag agus teann lóin,
'Ná tigh mór agus beagán bídh.



138. Saidhbhreas bodaigh nó bochtaineacht
duine uasail.



139. Iomcharuigheann luch an stáca.


L. 198


140. Ní fearr bhiadh 'ná ciall; agus níor
bh'fhearr riamh iad 'ná an deoch.



141. Ní thagann rith agus amhastrach leis.



142. Ní measa cách 'ná Conchabhair,
Do dhein a bhotún go déidheannach,
'S ar eagla dul 'sa phríosún,
Gur thug an portús i n-éitheach.



143. An cearrbhach ag cailleamhaint agus
ná gearrfadh sé doimhin.



144. Is fearr saor síor-bhualach 'ná saor
sár-bhualach.



145. Beireann an chluas bhodhar a lán
féin léi.



146. Ní fearra dhuit Dia bheith buidheach
dhíot 'ná an dá aspol déag.



147. Is dá mhó a phósann 'ná choinghibheann
tighthe fóghanta.



148. Fala feidín, fala ar feadh dín.



149. Dia bheatha an tsaibhris, tigeann an
bhochtaineacht uaithi féin.



150. An té ná bíonn aige acht cearc, ní
bhíonn aige acht meabhair circe.



151. Giolla píobaire nó cléireach sagairt,
an dá dhailtín is mó le fagháil.



152. Ní dírighe bradán feárna ar lár a'
chaise 'ná lá Fheile Pádruig ar lár an earraigh.



153. Comhairle droch-chomhairligh, dul ar
aonach gan gnó.



154. Is fuar gach fliuch, acht deineann
gach moch a gnó.



155. Éirigh síos go maiseamhail agus tar
aníos go flaitheamhail.



156. Bíonn rath ag an sruimileáil agus
clann ag an amadán.



157. Uireasbha ghníonn cumha.



158. Ní fearra dhó an tslighe go dtreabh-
faidh sé 'ná a shoc ar a ghualainn.



159. Ní chóiride do Mhór 'ná do bhreallsún.



160. Déanann seilbh gnó.



161. I ndeireadh a gcoda seadh throideann
na coileáin.



162. Gorta gan uireasbha & cogadh gan
eagla.



163. Ní thig cogadh gan gorta agus
fóirneart claidhimh;
Ní thig cogar gan focal nó dhó i
n-a chrích;
Ní thig osna gan doilbheas mór don
chroidhe;
Is ní thig sonas gan an donas i
n-órlaighibh tríd.



164. Ceathrar dá dtug Fionn fuath
Cú thruagh agus each mall
Triath tíre gan bheith glic
Agus bean fir na béaradh clann.



165. Galar an ghrádh ná leighiseann
luibheanna.



166. Níor dhein béal i n-a chomhnuidhe
aimhleas riamh.



167. Is leitheide an bualach satailt air.



168. B'fhusa liom bás den fhuacht d'fhagháil
'na me féin a théidheadh lem ghnó.



169. Is geall le han-cheart lom-cheart.



170. Is fusa breitheamhain 'ná ceannuigh-
theoir d'fhagháil.



171. Ní bfhearr (?) cúl-chearbhach riamh a
dhothain de stáca ar a mbórd.



172. Níor bh'fhiú an cás ná go mb'fhearr
bheith díreach réidh,
'S níor bhfhiú an cárt ná go mb'fhearr
a dhíol 'ná a phléidhe.



173. Rogha gach intleacht an mhacántacht.



174. Frigheadóir fir & raégheadóir mná.



175. Allus a mhaoile féin a loisceann
gach n-aon.



176. Leamhnacht na hathghamhnaighe, agus
gráin each na hath-ghráinighe agus raitheacha
mairt.



177. Is é an duine an t-éadach.



178. Ól á bhfeicfidh do shúil d'anbhruith úr
mairt.



179. Fear na bó féin fé n-a hearball,
Mar is é ólann an bainne beirbhthe.


L. 199


180. Duine i mbaile nó baile i bparóiste.



181. Do thuit Murchadh le Tadhg, agus ní
dheaghaidh Tadhg saor ón gcath.



182. Tigeann an cáirde, agus ní maith-
tear na fiacha.



Tá fáilte againn roimh an litir seo ár gcarad,
Seaghán Ó Cadhlaigh : -



3. Tosach Aoine, nó Deireadh Sathairn. The weather
is usually uncertain (not wet) and therefore,
not to be depended on.



7. Binn = quoin.



8. Leathlóin, half rations or forage for stock.



10. An duine = man of standing or importance, one
of our so-called aristocracy, or gentlemen who
found it convenient to forget their obligations.



35. Fionna-mhóin = the beautiful yellow moss of small
growth found sometimes in bogs.



56. Is deacair rogha
a bhaint as dhá dhíg.



67. Sirriam = officer, sheriff (Dinneen).



84. ná
haidhneoghadh eatortha = that would not kindle
between them: that they would not succeed in
kindling.



101. - Gach rogha le fánaidh acht árdán Achadh dá Eo,



106. Droch-inneach = mí-shástacht = droch-aimsir.



Seaghán Ua Cadhlaigh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services