Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Ní baoghal ná go mbeidh fáilte ag máighistrí sgoile
na tíre roimh CHEACHTA MION-EOLUIS, an leabhar is
déidheannaighe atá againn ó láimh Éamunn Uí
Dhonnchadha. Sé saghas ceachta atá ann ná an rud
ar a dtugtar i mBéarla “Object Lessons.” Tá
d'fhiachaibh ar gach máighistir scoile fiche ceann díobh
a mhúineadh do gach rang n-a scoil — agus go háirithe
do sna leanbhaíbh ins na rangaibh íochtaracha. Tá fiche
ceacht san leabhar so — deich gcinn aca i nGaedhilg
agus deich gcinn i mBéarla. Is maith linn go bhfuil
dhá cheacht fé leith ar gach earraidh, sé sin ceann
i mBéarla agus ceann i nGaedhilg. Do chuirfinn-se
geall air, aon leanbh a gheibheann na ceachta so i leabhar
Éamuinn Uí Dhonnchadha ó mhuinteóir go bhfuil a chroidhe
san obair ná déanfaidh an leanbh soin dearmad go
deó ar an eolus atá ionnta.



Is amhlaidh gur dheacair dó é dearmhad, mar, ná
faghann sé an t-eolus céadna fé dhó? Acht, ní hé an
t-eolus atá ionnta an chuid is luachmhaire de
sna ceachtaibh seo dar liom-sa. Bíonn an leanbh ag
cur eolais ar dhá theangain i gcaitheamh na haimsire
go léir. Bíonn ag déanamh có-mheas eatortha
i gcomhnuidhe, agus mara dtéidheann soin chun a
intleacht d'aibughadh, tá mearbhall orm-sa. Bhí leabhar
éigin den tsórt so i n-easnamh ar mhúinteóiríbh
fé'n gclár dá theangan. Go dtí so níor bh'fhios
dóibh cad badh cheart dóibh a dhéanamh, acht anois is
féidir leó tuairim a thabhairt ar an earraidh atá
riachtanach agus cionnus a theacht timcheall ar a
mhúineadh dhá sgoláiríbh. Ba cheart an leabhar so a
bheith ag gach máighistir scoile is ag gach múinteóir
Gaedhilge i nÉirinn. Badh mhaith an áise aca é.



BRAN DUBH.





Do chuir Connradh na Gaedhilge amach le déidheann-
aighe dhá cheann de leabhríníbh pingne i mBéarla.
POSSIBILITIES OF IRISH INDUSTRY an ainm
atá ar an gcéad cheann aca. B'é Peadar Mag
Fhionnlaoich a scríobh é seo, agus do thug uaidh é mar
aitheasc comhairle do mhuinntir Chraobh Ruaidhrí Uí
Mhórdha i gCúl an tSúdaire i mí dheiridh an Fhoghmhair
anuraidh. Tá brígh i gcainnt Pheadair, agus fuinneamh
fóghanta léi. Fear críochnamhail is eadh é, agus
Gaedheal seasmhach. Níor mhisde do Ghaedhlaibh na
hÉireann a chomhairle do mheabhrughadh agus rud a
dhéanamh air.



IRELAND'S IDEAL an ainm atá ar an darna
leabhrín, agus Louisa E. Farquharson, bean-uasal
ó Albain a scríobh é, agus do léigh os comhair buidhne
de Ghaedhlaibh ó Albain i Lunndain. Is fada nár
léigheamair ó láimh dhuine iasachta cur síos ní ba
thaithneamhaighe ná ní ba fhírinnighe 'ná é seo ar chúrsaibh
na hÉireann, is ar obair Chonnradh na Gaedhilge.
Tugann sí catsúil siar ar stair na hÉireann agus
mínigheann go soiléir cad fé ndeara dho mhuinntir na
tíre seo bheith sa riocht 'n-a bhfachtar fé láthair iad.
Deir go bhfuil misneach ag teacht ortha, go bhfuil a
filleadh dhon tsean-spréidh, agus gurab é obair
Chonnradh na Gaedhilge fé ndeara é. Sé bun is bárr
na bpaidreach aici gur mhaith léi, go ndeanfadh
Gaedhil na hAlban aithris orainn-na, agus connradh
nó cumann a chur ar bun dóibh féin, cumann go
mbeadh a phréamhacha ar leathadh aige ó cheann ceann
na hAlban. Go n-éirighidh leó go geal.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services