Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Di Siúd Tusa?

Title
An Di Siúd Tusa?
Author(s)
Ó Laoghaire, Pádruig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN DI SIÚD TUSA?



1. Bhí bé ann: níor dhuibhe an gual 'ná a
folt agus níor dheirge an chaor 'ná a
gruadh. Bhí a súile comh gorm le bugh agus
a déad comh geal leis an sneachta. Níos
binne 'ná ceol na n-éan uile a glór. Brat
glas uaine uimpi, & dealg de dhearg-ór
n-a bhrollach; éadtrom éascuidh uasal a
siubhal, acht ní raibh uabhar, maos, ná mustar
innti. Bhí fearann torthamhail aici, gleann-
ta fada féarmhara, mághtha mín-áilne, cnoic
agus sléibhte agus locha agus aibhne. Agus
bhí an mhuir 'n-a timchioll ag déanamh sír-
cheoil di, agus aer bog bríoghmhar ós a
cionn ná leigfeadh dhi dul i gcríonacht ná i
gcríonchaolacht go bráth.



2. D'imthigh a clú agus clú a cloinne tar
lear; ní amháin gur líon na dúthaighe bhí i
ngar di dá cáil, acht do shroich na tíortha bhí
i bhfad uaithi. Tháinig ríghthe agus flatha as
foigseacht agus as imchéine ag éisteacht le
binneas a gutha agus ag foghluim ó n-a
saoithibh. Sháruigh cráibhtheacht a naomh agus
geanmnaidheacht a maighdean an uile chráibh-
theacht agus an uile gheanmhnaidheacht ar
bhreághthacht; ní fhéadfaidhe an buaidh do
bhreith ó n-a cailíníbh, agus i leith a laoch-
raidhe thugadar an réim leo le calmacht.



3. Bhí na talmhanta 'na-timchioll lán de
dhorchadas agus de dhubh-cheó agus tír na
béithe seo fá lán-tsoillse gléineachta na
gréine. Acht ní bhíonn ar an tsaoghal acht
seal. Is gearr bhíonn an t-atharrughadh ag
teacht. Agus do tháinig sé uirthi-se leis;
acht cionnus? An éigion an fhírinne d'inn-
sint agus d'admháil gur anuas as an
gcéim ab aoirde dá cáilidheacht do tháinig
an mí-ádh so uirthi? — gur as cailleamhaint
a clú d'inghin di féin thosnuigh lá leoin na
béithe. Um an am-so bhí rí áirithe 'n-a
comhursanacht, agus ba mhaith leis a talamh
do bheith aige féin. Do chuir sé teachtaire
go huasal ag a raibh comhachta éigin os a
cionn, agus d'innis dó go fallsa fealltha
ná raibh creideamh ná dlíghe 'n-a tír, ná
raibh sí ag oileamhain a cloinne i gceart ná
i gcóir, ná raibh croidhe ná coinsias aca,
go rabhadar ag imtheacht fiadhanta, agus ná
raibh fiú an éaduigh féin ar chuid aca.
D'aithin an t-uasal dó go raibh cead aige
uaidh féin gach aon nídh bhí as a alt do chur
'n-a ionad arís, agus an tír ar fad do chur
fá n-a smacht, dá mbadh mheón leis.



4. Do líon na hallmhuraigh isteach annsan,
ar dtús go lag, acht, do réir mar do bhí
ag éirighe leo, bhíodar ag dul i dtreiseacht,
ag cur a gcleathach i dtalamh, agus ag fagh-
áil ghreama níos dochte agus níos daingne
ó lá go lá. Do chuaidh cuid de chloinn na
béithe agus do throideadar leo agus do
mharbhadar iad, acht níor chuireadar go léir
le chéile, 'nuair tháinig cuallacht eile thar
lear arís chum na tíre ar fad do bhaint di.
Throid an méid do throid aca go cródha,
acht bhí ceannairc 'n-a measc féin, i n-áit i
chaitheamh uatha, táthadh le chéile, agus aon
lom-bhuille amháin do bhualadh i n-éinfheacht
ar an namhaid, is amhlaidh a leigeadar dó
sleamhnughadh isteach eatortha, ar mhódh gur
gearr go bhfuair é féin comh seascanta i
seilbh gur fhógair ortha gach béas agus gach
nós do bhíodh aca do thréigean, agus béas-
anna agus nósanna a namhad do ghabháil
chucha agus do ghlacadh go ceanamhail. Ar


L. 104


dtús d'órduigh go láidir dóibh gan focal
de chaint a máthar do labhairt leo go deo
arís.



5. Do réir, ámh, agus rinneadh an fógra-
san d'fhaisnéis, 'seadh is mó do cheangladar
agus do leanadar dá dteangaidh dhúthchais.
Fuaradar bás ag troid ar a son. D'éirigh
líne eile comh calma leo suas, agus líne
eile, agus mar sin de. Ar an bhfeadh so
níor stad an namhaid riamh ná choidhche acht
ag síor-rádh leo ná raibh 'n-a gcaint acht
drabhlais agus drabhghaoil; fá dheoidh do
chreid cuid aca dhó, agus cuid 'n-a ndiaidh
sin, ar chuma uile nach mór. Tháinig an
oiread san náire uirthi i ndeireadh thiar
thall, gur bheag nár bhásuigh sí; acht, leis an
anam bhí innti, do theich sí léi féin go
háitibh iargcúlacha cois na fairrge i measc
na bpoll agus na bpluaiseann, áit 'n-a
bhfuil sí anois ag gol agus ag golán agus
ag á caoineadh féin i n-easbhaidh cuimhnte a
cloinne.



6. Go doimhin i nduibheacht na hoidhche
le n-a bhfuil sí timchiollta, is clos do fo-
dhuine í ag glaodhach go hairthinneach ortha-
so dá dtug tál a cíche, teacht agus í
shaoradh as an nguais i n-a bhfuil sí, agus
ón anbhás aithiseach atá i ndán di muna
mbrostuighid chuichi. Agus deirid a clann
go n-árdóchaid a máthair arís gus an ionad
'n-a raibh sí sul ar shatail neach de lucht a
léir-scris ar fhód dá seilbh riamh, agus gan
fios aca nach féidir san do theacht chun
críche go bráth, muna ndéanfaid dícheall
anois — anois féin — anois díreach, ar a
húrlabhra do ghabháil chucha agus do chleacht-
adh. Ní léir dóibh go bhfuil droch-smaointe
agus olcas a namhad ag dul go smior
ionnta cheana féin, agus gur geárr eile nó
go ndéarfaid nach clann di féin i n-aon
chor iad.



7. A léightheóir, an di siúd tusa? Má's
di, athchuingeann ort go dúlaighthe gan
leigiont di imtheacht as an tsaoghal agus
é ar do láimh í choimeád ón mbás. Do
shaorfá aon bhé i gcontabhairt, acht an
bhé seo — do mháthair féin, ná saorfair í?
Brostuigh, má's eadh — brostuigh. Is ró-fhada
dhi ag feitheamh. Ná fan, acht brostuigh,
brostuigh, brostuigh.



PÁDRUIG Ó LAOGHAIRE.



Gluais.



1. Bugh, flax-blossom. Glas uaine, light green.
Éascuidh, nimble, active. Maos, silliness. Críon-
chaolacht, decrepitude.



2. Duthaighe, lands. As foigseacht, from near and
from afar. Sháruigh, reached beyond. Geanmnaidh-
eacht, chastity. An réim, sway, palm.



3. Lán-tsoillse, full-flood of the brightness of the
sun. An éigion, is it necessary. Cáilidheacht, good
qualities. Go fallsa fealltha, falsely and treacher-
ously. Ag oileamhain, rearing. Fiadhanta, wild
savage. Fiú an éaduigh, even the clothing. D'aithin
dó, commanded him.



4. Allmhuraigh, foreigners. Ag cur a gcleathach i
dtalamh, putting poles in the ground, making them-
selves firm. Docht, strong. Cur le chéile, to unite.
Cuallacht, company. Ceannairc, quarrel. Táthadh
le chéile, join together. Lom-bhuille, a strong blow.
Sleamhnughadh isteach, to creep in. Seascanta, settled,
at ease.



5. Do reir, ámh, but the more this command was
proclaimed, the more, etc. Ar an bhfeadh so, mean-
while. Drabhlais agus d., refuse and dregs. Ar
chuma uile nach mór, almost wholly. Iargcúlach, back-
ward. Pluaiseanna, caves. Ag gol 's ag golán,
crying and weeping.



6. Duibheacht na hoidhche, the blackness of night.
Timchiollta, surrounded. Fo-dhuine, one here and
there. Go hairthinneach, loudly and piteously. An-
bhás a., shameful and sudden death. Shatail, trod.
Teacht chun críche, come to pass, succeed. Urlabhra,
speech.



7. An di siúd tusa? — Are you of hers, one of her
children? Athchuingeann, she beseeches you earnestly.
I gcontabhairt, in danger. Is ró-fhada dhi, she has
been too long waiting.



A bhuachaill beir buartha go bpósair,
'S n-a dhiaidh-san ní'l suaimhneas go deó dhuit.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services