Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cleasa Grinn agus Magaidh. II.

Title
Cleasa Grinn agus Magaidh. II.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLEASA GRINN AGUS MAGAIDH.



II.
"Cois na teineadh" Do scríbh.

Seo cleas eile as a mbainid an t-aos óg
sult mór, sé sin ag cur ceisteann ar a
chéile Is gnáthach dhóibh na ceisteanna a
bheith i n-a rannaibh aca.



(a). Is long ar loch í,
Is baraile ar phort í
Is dá chéad óir í,
Is ceist mhór ort i.



(b). Nead fuiseóige ar sliabh,
I mballín dian daingean docht,
I mbun an chúirnín chas chraobhaigh, -
Is ní chuirfeadh Éire amach mo cheist.



(c) Bean fhada uasal ag scuabadh an
chaisleáin
Gan chraobh, gan chuaille, gan scuab,
gan scothán.

(d). Ceathrar ag rith,
Ceathrar ar crith,
eirt Bag déanam eólais
Agus Mac Uí Ghioblacháin ag rith 'n-a
ndiaidh.



(e). Cheithre muca, firionna bána,
Ag féachaint siar ar Charraig a
Dála:
Ithid siad a dtiocfaidh sa dtáinig,
Is ní chaillid siad oiread an ghráine.



(f). Bean fhada ghléigeal
Ag sileadh na mbraonaibh
'Sí ag faire a chuirp féinig.



(g). Fear fada dubh
Na sheasamh sa chnoc,
'S gan potóg n-a chorp,
Acht potóg le holc.

(i). Ceist a bhí ar easpog seachtmhain is
trí lá :
Seisear fear i gceart ag aon
mhnaoi amháin.

(l). Copáinín cúinneach, cáinneach,
A bhéal faoi sa thón i n-áirde.

(m). Úbhailín buidhe ar bharr na tuinne
báine.



(n) Téidheann sé anonn gan bhád gan
long,
Is tigeann sé anall gan bhád gan
long.



(ng). Cheithre ba breaca ag léimt thar
leacain :
Ní ghnúsaid siad, ní ghnásaid siad,


L. 842


Agus ní fachtar a lorg i ndoras na
buaile, -
Cheithre ba cuanda comh-bhreaca.



(o). Scológ liath an tighe-seo thiar
Ag dul ar biadh sa tigh seo thoir.

(p). An rud a dhéineann si sa ló bíonn
sé n-a chlúdadh astoidhche uirthi



(r). Tá tigh bán thiar annso,
Agus tigh buidhe istigh ann,
Agus ní féidir dul ar an dtigh
mbuidhe,
Gan an tigh bán a bhriseadh.



(s). Bairthlín (braitlín) óir ar bhóthar
lathaighe.

(t). Tá tig mór gallda thiar annso, is
gan fé acht aon chos.

(u). Cheithre slata míne, réidhe, ag
siubhal an tsléibhe 's a mbéil fútha.



(aa). Do fuaras léine ó Mhac an Ríogh,
Is fíor go bhfuil aici buadh
Bhí scáil na gréine trí n-a taoibh,
Agus í gan nighe, gan fighe, gan
filleadh gan fuadh.



(bb). Cupán óir agus cos air,
Agus d'ólfadh mac ríogh deoch as.



(cc). Bean fhada ghléigeal,
Agus crios dá taobh féin uirthi.



(dd). Bíonn sí thoir, bíonn sí thiar,
Bíonn sí i ngáirdín Bhleáth Cliath;
Is mó a greim ná greim capaill,
Is ní bhlaiseann sí an biadh.



(ee). Moigín gan tón lán d'fheóil duine.



(ff). Tá tigín beag thiar annso, is faghaim
na céadta slighe ann: acht ní
bhfaghainn-se ná mo chuid éadaigh
slighe ann.



(gg). Oileáinín, oileáinín, lán de chosaibh
mineáinín.



(ii). Lán páirce de gamhnaibh bána, is
gamhainín dearg eatortha istigh.



(ll). Girrfiadh beag lomnochta
Ag gabháil trí choill Bhaile an Lomra;
Níl crann sa choill ná buaileann
buille
Ar an ngirrfhiadh beag lomnachta.



(mm). Chím chugham an chráin is mó ál ar
bith :
Níor clídheadh riamh í, is ní mó rug,
Is tá naoi naonbhar innti istigh.



(nn). Molt iarrain is errball olna as.

(oo). Siúd sa chúinne é is dá chéad súil
ann.



(pp). Dá gé roimh ghé
Dá gé i ndiaidh ghé
Gé idir gach aon dá ghé aca.
An iomdhó gé bhí ann ?



9. Sé cuma go n-imirthear an cleas so:
geall a chur síor cé déarfadh i gceart iad
so gan a anál a tharrac.



a. Cat breac, broc donn, cor cam cam-
errballach : dhá cheann déag de chataibh
breaca, broca donna, cora cama cam-
errballacha.



b. Do dhoirt cearc uisce pic uisce, pic
eórnan, pic choirce ar lár locha le cor
coise cois chois an chófhra.



c. Tá dhá láir ruadh ar dhá ghruaidh an
mhóinteáin, - láir aca níos ruaidhe ná an
ruadh-láir. Sé dubhairt an láir ruadh ba
ruaidhe ná an ruadh-láir : "Priu!" ars an
láir ruadh; "Priu!" ars an ruadh-láir.

d. I mbáireach an Domhnach, cad a bheidh
againn? Crúibín capaill, mil ar mhéisín,
céisín mhuice, an dubh 's an donn, 's an
bullán breac. Cá bhfuairis an cnámh
soin? I ndoras do thighe-se. Cad í an
fheóil? Feóil an ghearrfhiaidh? Cad é an
gearrfhiadh ? Gearrfhiadh ar ghort. Cad é


L. 843


an gort? Gort an Tighearna? Cadh é an
Tighearna? Tigearna Ach Seagháin ? Cad
é an Seaghán ? Seagháinín síorach, Seagh-
áinín suarach, Seagháinín ruadh na gcailíní.



10. AMHRÁN NA nIONGNAIDHE.



Is greanamhar an nídh úd do chonnach is me
im ghárlach:
Eilit ag buaint, eilit ag tárnamh,
An carfiadh mór ag déanamh stáca
Is dréoilín teasmhaigh á chaitheamh i n-áirde.



Nách greannamhar an nídh úd do chonnac ar
na bóithribh?



Seilide is muc aige ag dul go dtí an póna;
Gealbhan is claidheamh aige ag coimeascar
le smólaigh
Eascú sa linn is nár chíordhubh a bróga
Is cia chífeadh na caoirigh sa gheimhreadh ag
baint mhóna ?



Chonnac-sa cóitín glas ar bhanbh cránach
duibhe;
Smólach breac ag teacht ar chlár n-a suidhe;
Dhá speir ghreanta ar lachain bhreágh fé n-a
chlaidheamh;
Is cóiste ar chat ag teacht ón Spáinn le
fíon.
Chonnac-sa an mhuir ag dul ar Mangartain
suas;
Bhríste ar mhuic ag dul go Gaillimh ar
cuaird;
Píce ag luich ag rith ar chataibh go cruaidh :
Is claidheamh ag circ ag ruagairt mhadraidh
ruaidh.



Chonnac-sa Corcaigh ag rith ar phota bhláthaigh,
B'le Áth' Cliath ag triall siar ar Mhuinntir
Mháire,
Clanna Caoilte ar muin dá chaoirigh ag
dul go hUíbh Ráthach
Is Tigh Molaige ar muin capaill ag dul
go Portláirge.



GLUAIS.



8. Ar phort, on the bank, on dry land.
Dá chéad óir, two hundred-weight of gold.
I mballín, in a little spot. Pron. Bau-Leen.
I mbun an chúirnín (? cúilín), a little lock of hair
Gan cuaille, a stick, the handle of the brush.
Gan scothán, heath, agus c., in form of a scoth or
tuft.
Oiread an ghráinne, as much as a grain.
Ag sileadh na mbraonaibh, metric for ag sileadh
na mbraon. Perhaps some Western or
Northern readers would inform us if the -adh in
the end of this verbal noun is pronounced, =
oo. The Munster usage is not reliable in this
point, but we find the spelling sile very
common in MSS.



Potóg le holc, i.e., which tends to evil.



Cúinneach, having corners of angles; cáinneach
formed from cúinneach; cf. dubhairt sé,
dábhairt sé, futa fata. &c.



Ag léimt, ag léimridh, leaping.



Leaca, in topography is applied to the side of a
hill, a rising ground beside a stream.



Ní ghnúsaidh, they do not low; this word is ap-
plied to the quiet lowing of cattle; it also
means a moan of pain, grief, &c. Ní ghnásaid,
see cáinneach, above.



Ní fachtar, the pres. auton, of faghaim.



Cuanda, fine, noble.



Ag dul ar biadh, ag dul a chaitheamh bídh, going to
eat food.



Bairthlín is pronunciation given in South
Munster to braitlín, a sheet.



Gan nighe, agus rl., neither washed, woven, folded,
nor sewn.



Moigín, a little mug.



Mineáinín, dim. of mineán, a kid, a young goat.



Gamhainín, dim. of gamhan, a calf.



Lomnochta, bare, naked.



Naoi naonbhar, nine times nine persons.



Molt, a wether, a sheep.



Roim ghé, in form of a goose. In S. Munster at
least the m is unaspirated.



9. Cam-errballach, gaving a crooked tail.
Cearc uisce, a water-hen.
Mil ar mhéisín, honey on a platter.
An dubh 's an donn, i.e., the black cow and the
brown.
Ach Seagháin, the Mac in surnames is often con-
tracted to Ach. The word following is not
aspirated.
Seagháinín síorach, good for nothing, useless.



10. Ag tárnamh, ag bailiughadh an arbhair, gathering
the corn.
An carrfhaidh mór, the reindeer.


L. 844


Dreóilín teasmhaigh, a grasshopper.
Gealbhan, a sparrow.
Ag rith ar chataibh, chasing cats.
Muinntir Mháire, the Durris Peninsula, opposite
Bear Island.



FREAGRAÍ NA gCEISTEANN.



(a.) Deirthear liom gurab í seo scáil na gealaighe,
acht ní dheabhraigheann sí gurab í, (but it does
not seem to be).
(b.) Nead do dhein fuiseóg i n-ionad súl dhuine a
fuair bás ar chnoc, agus a fágadh ag loghadh
ann.
(c.) An ghaoth.
(d.) Cosa, siní, cluasa agus errball bó is í ag
siubhal. Siní, paps.
(e.) Ceithre chúinne an teampaill (sid é freagra
do fuaras-sa go háirithe uirthi).
(f.) Coinneal ar lasadh, a lighted candle.
(g.) Gunna.
(i.) Cæsar (?) nó fear darab ainm Seisear a bhí
pósta aici.
(l.) Báirneach, a limpet, kind of shell-fish.
(m.) Im ar chuiginn bhainne, butter on a churn of milk
(n.) An ceó.
(ng.) Díslí, dice.
(o.) Criathar, a sieve.
(p.) Teine.
(r.) Ubh.
(s.) Scáil na gealaighe, the shadow of the moon.
(t.) Gas raithnighe, a fern stalk.
(u.) Siní bó
(aa.) Brat siorraigh, the web or covering on a foal
when it is born.
(bb.) Cíoch mná.
(cc.) Punnan tuighe, a sheaf of straw, "pulled" for
thatching.
(dd.) Speal.
(ee.) Méaracán táiliúra.
(ff). Cruiceóg bheach, a beehive, "skep."
(gg.) Cárdaí olna, the implements used for had-
carding wool.
(ii.) An teanga agus na fiacla na timcheall.
(ll.) Práta lomtha ag dul i mbéal féasógach;
lomtha, peeled.
(mm.) Long.
(nn.) Snáthad reamhar, a "darning" needle.
(oo.) Anbhruith.
(pp.) Trí géadhna.



Tá buidhean ag foghluim Breathnaise, an iarracht so
fé réir Mr. Timothy Lewis, B.A.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services