Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - VI.

Title
Seán Ó Gadhra, File - VI.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN Ó GADHRA, FILE. V.



VI.



Seo dán marbhna do cheap Seán Ó Gadhra
ar dhlightheóir chlumhail, dar bh'ainm Brian
Ó hUiginn, do fuair bás i mBaile Átha
Cliath san mbliadhain 1715. Cléireach
Corónach do b'eadh é, agus is follus as an
dán féin gur i Mainistir Máighne do
rugadh é. Do cheap Ó Cearbhalláin dán
marbhna eile ar an bhfear so, agus dá bhrígh
sin ní fuláir nó bhí cáil mhór air le n-a
linn féin.



Is é an dán so an chéad rud eile de
chuid Sheáin Uí Ghadhra i leabhar Ruaidhrí Mhic
Dhiarmada .i. Stowe I. v. 1. Níor bhuail sé
umainn i mball ar bith eile. Tamall eile
amach san leabhar, gheibhmíd aistriughadh i
Laidin, ó láimh Sheáin féin, ar an ndán so.
Geobhthar soin thíos annso leis. Tá "Mr.
Gadhra" fé bhun an dáin i nGaedhilg, agus
"Dnus. Joannes O Gara" fá bhun na
Laidne. Tá dáta scríbhinne Ruaidhrí Mhic
Dhiarmada annso leis, i. 10 Meadhón
Fóghmhair, 1758.

Ogláchus ar Dheibhidhe, méidreacht an dáin
seo.


L. 832


TRUAGH CEAS NA gCARAD.



Truagh ceas na gcarad anocht,
adhbhal brón críche Chonnacht,
is créachtach crádh gach croidhe
fá chlár éachtach Úgoine.



5 Doirbh na dúla ó d'éag an fear,
aincis a n-airm dá n-aifear,
neartmhar gach neach den druing
fo seach i gceartaibh comhluinn.



Cuirtar ceatha na dteinte,
10 d'oscladh froighthe firmeinte;
bheir mungar mara go buan
drungar na gcaladh gclach-fhuar.



Do dhíbir duille na gcraobh
bulga séidthe na sian-ghaoth;
15 ó chascar na gceó seaca
bascar an t-eó oighreata.



Dursan a oigheadh i nÁth Cliath
Brian Ó hUiginn bhar n-ór-sciath;
chuir béd ar Fhéinidh Fhódla
20 ég chléirigh na coróna.



Sciath chumhdaigh charad n-a gceart,
sás anacail ó aineart,
an dlightheóir gan car ceilge,
fileóir glan na Gaoidheilge.



25. Teangthach líomhtha súgach seal
de chrú Néill na naoi ngeimheal,
leanas le chéile go cruinn
ceannus, féile, agus foghluim.



Áirmhím th'uaisle 'on taobh oile
30 leantar san Réim Ríoghroidhe
tréin-fhir nár chinn faoi cháin
síol Éimhir Fhinn ón Easpáin.



Láimh le Monaistir Mháighne
dá madh bás dár mBrian-áin-ne
35 badh brónach ó mhuing Muaighe
go Róba an fhuinn fhéar-uaine.



Dá mbeith th'uaimh 's do b'oircheas sin
i gCill Chluaine do chinidh,
mór chlúin ag caoineadh an fhir
ó Bhúill go saoithibh Shligigh.



Tír Amhalghaidh na dtreas dte
mar bhfuil duthchas bhar ndúithche,
is Cúil Ó bhFinn fá bhrón ban
go tim gach lá dá leagadh.



45 Dá mbadh i gcneas an Chnuic Mhóir
cuirfidh do chorp i gcéadóir
ag uaimh th'athar is do ghaoil
dob athlamh uaill is égcaoin



Do chéile an chlann 's gach dalta
50 táid i nduibh-linn dúbalta;
gídh truagh gach treóghruidhe fann,
is muar eólchuire a n-anam.



Is tearc triath nó brughadh bocht
faoi leathtrom i gClár Chonnocht,
55 nach déin a ndídean do Bhrian
n-a scéith dhíona dá ndeigh-riar.



Brian ó hUiginn oradh scol,
teagarthach trén gan omhon,
nar ghlac ó ghaol ná ó bhocht
60 de ghar acht braon dá mbeannocht.



Iarraim ar Mhac na hÓighe
glóir i dteigh na Tríonóide,
sa ghlanadh mar ghréin i ngal
ó lannadh phéin na bpeacach.



65 Do dháil dó-san Rí Nimhe
ria n-ég uair na haithrighe,
ris i ngruaidh ní gan déra
mar fuair am na haithmhéla.


L. 833


Toirdhealbhach mac Dhonnchadh dhil,
70 dlaoi-dhíona ar gceirt 's ar
gcreidimh,
do b'é a aithghin Brian amháin
nár fhailligh triath ná truaghán.



Cúpla díona d'fhearaibh Fáil,
sciath Chonnacht i gcéadáir;
75 trén mo throm-chrádh as a los
ég na gcompán ro chleachtos.



Minic fághadh fád ionchaibh
cúis is iocht ó Éirionnchaibh;
a gceart gan cham do gach fear,
80 gan neart ag Gall tar Gaedheal.



Do bhérmís gan báidh breith gill
do bhésaibh Bhrian Uí Uiginn;
amhghar an biadhtach bronntach
fáilteach ciallmhar cosontach.



85 Bérla teibidhe is tána
fuaris d'oilcheas edhladhna
'sa comhtaradh cruaidh go ngus,
comhardadh uaim is amhus.



Dligheadh bheos do chaomh an cheirt,
90 do scrúdadh go cruaidh a gcaismeirt,
go cruinn i meabhair gach mír,
suim gach leabhair 's gach librín.



Ó's leigheas crábhadh croidhe
fa chiontaibh an cholnaidhe,
95 guidhmíd sásadh Meic Muire,
grása i dteigh na trócaire.



Do mharbhna badh dleacht i ndán
ó bheith gan chlaon gan chleithrámh;
bheir crádh 'gus dile do neach
100 dán mar fhile agus éisteacht.



I meadhón an gheimhridh ghluair,
bás Bhriain Uí Uiginn arm-ruaidh,
míle seacht gcéd sa cúig dég,
dleacht dúinn an chéim do choimhéd.



105 Iomdha mná fa mhaoith is fir
ó Áth Cliath go cuan Inbhir,
ó theasda sciath thrén na sluagh
Bia feasta ar lén go lán-truagh.



T-r-u-a-gh.



Car do ghaoil ná seas go slim,
110 a Chormaic óig Uí Uiginn,
mar mhac i n-ionad th'athar,
glac bhar ndiorad d'anacal.



Ní tualaing sin d'éag is foirbhthe
Iomus ná ríomh ró-dhoilbhthe,
115 ó's fann lucht díona na ndruadh
Líomhadh mo rann is ró-thruagh.



T-r-u-a-gh.



Atá cumha agus ciadh ar thriathaibh Uladh na
mbuadh,
Is fir Chonnacht gan sciath san rian ón Life
go Cruaich;
Mar thuile le sliabh tá ciamhair gula ar
gach tuaith
Ó cuireadh i nÁth Cliath Brian Ó hUiginn
120 san uaimh.



GLUAIS.



Líne.



1. Ceas, trouble.
2. Adhbhal, tremendous, terrible.
4. Clár Úgoine, the Plain of Ugoine, Ireland. Úgoine
Mós became monarch of Ireland A.M. 3586, and
reigned 30 years. In the Réim Rioghraidhe we
find "Úgoine Mór de shliocht Éireamhóin; do
bhíodar cúigear ar fhichid de chloinn ag an
Úgoine sin, mar atá dís ar fhichid de chloinn
mhac agus triúr inghean." According to Tigh-
nach, our annals become trustworthy from the
reign of this monarch onwards.
5. Doirbh na dúla, sad are the elements.
6. Aincis; aingcis, malice, a curse, fretting, O'R.;
anguish, Pass. & Hom. Dá n-aifear, reproach-
ing, blaming them. Da aifear, MS.
8. I gceartaibh, for rights.
10. Froighthe firmeinte, the walls (gates) of the at-
mosphere. O. I., fraig, a wall.
11. Mungar mara, the roar of the ocean.


L. 834


12. Drungar na gcaladh, breaches, assaults on the
coasts. Clach-fhuar = cloch-fhuar.
14. Bulga séidthe, strong blasts. This is nom. to do
dhíbir in preceding line. Na sian-ghaoth, of the
screaming winds.
15. Cascar, havoc.
16. Bascar .i bascthar. An t-eó oighreata, the frozen
salmon.
17. Dursan, grief, sorrow. Oigheadh, fate, tragic death.
19. Béd, béad, pity, sorrow.
20. Cléireach, Crown Councillor. Ég, éag, is nom. to
chuir in preceding line.
21. Sciath chumhdaigh, a protecting shield.
22. Sás anacail, a means of defence, defender. Ain-
eart, oppression.
23. Car ceilge .i. cor ceilge, a deceitful turn.
24. Fileóir,a spruce fellow, a crafty man, O'R. May
it not be cognate with Gr. philos?
27. Leanas, rel pres. indic.
29. Airmhím, MS., for airímhim, I reckon. San taobh,
MS.
31. Nár chinn faoi cháin, who have not sprung from a
tributary clan. Syl. too few in this line; per-
haps nachar chinn.
33. Monaistir Mháighne, now Moyny (?) in the parish
of Kilbride and barony of Tyrawley, Co. Mayo.
34. Dár mBrianainne, MS., if our noble Brian had
died.
35. Muing Muaidhe, the plain (brink) of the Moy.
37. Do b'oircheas sin, that were fitting, proper.
38. Cill Chluaine, (?) Cloneigh, par. Ardagh, Co.
Mayo.
39. Mór chlúin, (?) a great weeping.
40. ó Bhúill, from Boyle.
41. Tír Amhalghaidh, Tirawley barony, Co. Mayo.
43. Cúil Ó bhFinn, Coolavin barony, Co. Sligo.
45. An Conoc Mór, in parish of Kilmactranny, Co.
Sligo (?)
47. T'athair, MS.
48. Athlamh, quick, punctual.
50. I nduibh-linn, in grief, melancholy.
51. Treóghruidhe, treóruidhe, a guide, director. It
makes amus with eólchuire in next line.
52. Eólchuire, sorrow.
53. Brughadh, a farmer, husbandman; also brughaidhe.
55. Nach dén, MS. Perhaps for nach déanta a ndíd-
ean.
56. N-a scéith dhíona, as a protecting shield.
57. Oradh, a gilding, O'R.; endower.
58. Teagarthach, an advocate, pleader.
60. De ghar, for profit, gain, payment.
63. Mar ghréin, as the sun clears away vapour.
64. Lannadh, peeling, O'R
65. Do dháil, gave, bestowed; Rí Nimhe, its nom.
66. Ria n-ég, before death.
67. Ní gan daéra, MS., déra, tears.
71. A aithghin, his resemblance; a re-birth.
72. Nár fhailligh, who failed not, did not neglect.
73. Cúpla díona, a "couple" in a roofing.
74. I gcéadáir .i. i gcéadóir, don chéad dul síos.
75 Trén mo throm-chra as a lois, ms. alos, after.
As a los = (?) after them.
77. Fád ionchaibh, under your care, protection. From
oineach. Also ar t'ionchaibh, Dinneen.
78. Iocht, mercy; confidence.
81. Do bheirmís, MS., we would give. Bídh, báigh, a
threat, O'R. Breith gill, a judgment in favour
of or in support of; to win a bet.
83. Amhgar, for is amhgar (?), 'tis an affliction. This
word makes but poor amus with fáilteach. It
is not in Latin.
86. Oilcheas, secret, a mystery.
87. Comhtaradh, (?) comh-thoradh, its meaning; go ngus
with power, effect.
87. Dligheadh (do), it was owing to; bheos = fós;
caomh an chirt, the just upright one.
90. Syllable too many in this line.
91. Mír, a small portion.
92. Librín, a pamphlet, little book.
93. "Since true devotion is a cure for the faults of
the wicked." Lines 93-96 are not translated in
Latin.
97. Badh dleacht i ndán, would be fitting in a dán.
98. Cleithrámh, (?) cliath-rámh, a short stout stick.
100. Dán is nom. to bheir in preceding line.
101. Gluar, bright, neat.
104. An céim, the step, measure, count.
105. Maoith, maoithe, (?) softness, moistness, tears.
107. Theasda, is wanting, i.e., has died.
108. Bia, (?) biaid, beid, they will be.
109. Car, 2nd sing. imperat, pres. of caraim, I love.
112. Dioradh, right, heritage (?).
113. Ní tualaing sin, cannot bear that.
114. Iomus, imbus, a poetic composition.
115. Lucht díona na ndruadh, the protectors of the
poets.
116. Líomhadh, polishing.
117. Ciadh, a mist.
118. San rian, in the line, path. Cruach .i. Cruach
Phádraig.
119. Ciamhair ghula, the sadness of weeping.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services