Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ár náire ár n-onóir

Title
Ár náire ár n-onóir
Author(s)
Ó Conmhacháin, Uáiteir, An tAthair,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ár náire nó ár n-onóir



An t-Athair Uáiteir Ó Conmhacháin
do labhair os comhair an Oireachtais, 1899



"Is an-mhór an náire má leigtear chum báis le
n-ár linn-ne an teanga in ar Chraobhsgaoileadh agus in
ar mínigheadh an creideamh d'ár sinnsir agus tré a
d-táinig an creideamh sin anuas chugainne gan smál
gan chám, d'aindeoin géirleanamhna éagsamhla. Is i
lámhaibh na Sagart tá a cinneamhain, agus agraimid iad
an chiste a chosaint agus an t-aos óg a bhrosdughadh le
duaiseannaibh chum a fóghlaim."



A Fhlaith na h-Eaglaise, a Chairde agus a Choimh-
Éireannaigh. Tá sé ionnann 's dhá scór bliadhain ó
sgríobadh agus cuireadh i gclódh na bhriathra so le 'r
thosuigh mé mo chómhradh. Do sgríobhadh agus do cuireadh
i gclódh iad i d-Tuam ar a raibh Easboig Cúige Con-
nachta cruinn i g-Cómhairle faoi Uachdaranacht Aird
Easboig Mhic h-Éil. Ní mór nach bh-fuil na fir
foghluimthe, naomhtha a sgríobh iad anocht ar shluagh na
marbh, acht níl amhras dá m-beadh siad fós ameasg
na m-beó, nach g-cuirfeadh siad a m-beannacht ag an
g-cruinniughadh so agus nach n-deurfadh siad ó fhíor-
íochdar a g-croidhe tír-ghrádhamhail. "Go g-cuiridh Dia
Uilechumhachtach bail ar bhur n-obair!"



Tá aon duine amháin aca fós beo, brioghmhar, acht
duine 'r bith ag a bh-fuil eólus ar Árd-Easbog Thuama
ní bhéidh amhras air go rachaidh seisean siar ar a fhocal
acht an oiread.



Bhí na h-Easboig a tráchd ar neithibh spioradhalta agus
chuaidh siad air leith, má chuaidh le focal a chur isteach
ar son na Gaedhilge. Acht dá m-beadh siad a' tráchd
ar an teanga, as a riocht, ní'l amhras nach n-deurfadh
siad níos mó agus nach labhairfeadh siad níos áirde.
Nach n-deurfadh siad gur an-mhór an náire an teanga
leigean chum báis a labhair ár sinnsir glórmhara
ciannta sul má bhuail Naomh Pádraig cos ar thalamh na
h-Éireann. An teanga inar sgríobh ár n-eachdairí
buaidh agus treise na ngaisgidheach agus na laochradh a
sheas-amach ariamh, atá n-a seasamh amach andiú agus a
sheasfas amach go bráth mar lóchrann agus mar shompla
agus ádhbhar gaisge ag Clann na n-Gaedheal. An teanga
le 'r bhrosduigh an laochradh agus na gaisgidhigh sin a
g-cuid saighdiúir agus lucht leanamhuinte chum uile
námhad a seas rómpa ar pháirc na b-pían nó ar mháigh
na g-cogaidh a sgrios, agus chum uile chreachadóir a
bhanóchadh a d-tír nó a chuirfeadh faoi chuing í a scapadh
nó a bháthadh sa tuile mar rinne Brían Bóroimhe leis na
Lochlannaibh ar chladach Cluaintairbh.



Deurfadh siad gur úghdar náire agus tarcuisne thar
chíonn leigean chum báis an teanga binn, milis inar
sheinn na báird moladh a b-pátrún agus inar sheinn na
mílte maighdeána agus manaigh glóir agus moladh
Airdrigh na Fhlaitheamhnais. Gur úghdar náire os cómhair
an domhain má leigtear chum báis le faillighe nó le
neamhshuim teanga de na teangthaibh is sine agus is
oirbhidnighe sa domhan, teanga de na teangthaibh is binne
agus is milse á labhair aon náisiún ariamh; nó ma
leigimíd as ár seilbh gan iarraidh le n-a sábhail ceann
de na cisdeachaibh is mó luach agus de na h-oighreachdaibh
is inmheasta a tháinig anuas ariamh chum clainne ó shinnsir
threunmar ghlórmhar naomhtha.



Agus a cháirde, d'indeóin na náire agus an tarcuisne;
d'indeóin cómhairle agus impidhe na n-Easbog, d'indeóin
go raibh fíor-sgolairidhe an domhain ag sgreadadh amach
chugainn agus ag fogairt orrainn ar ár m-bás an chisde
so a chumhdach agus a chosaint, thuit suan nó tromchodladh
éigin ar an náisiún agus ar na daoinibh i d-taobh na
Gaedhilge, ní raibh dream ná duine le labhairt ar a son,
nó, má d'árduigh shagart nó tuatha tírghrádhamhail a
ghuth, ní raibh ann acht "guth sa bh-fásach." Bhí an teanga
mar sheinn bárd, brónach.



"A meathadh 'gus a meathadh mar an duilleabhar ar
an g-crann."



Níos measa ná sin, d'éirigh Éireannaigh suas -
chomh mio-náduireach le clann ag éirghe in aghaidh
a máthar - ag rádh nach raibh aon mhaith leis an teanga -
go mba comhartha sglaibh nó traill, nó duine ainbhfiosaigh
a labhairt. Daoine gan chiall, gan bhreitheamhnas! Ní
raibh aon eoluis aca ar an teanga ná aon tuigsin faoi
na shaidhbhris. Bhí siad mar an sionnach a chaill a ruball
agus a bhí ag iarraidh na sionnaigh eile a gcuid ruball-
san a chaitheamh uatha - go mba socamhlaighe a bheadh siad
dhá n-uireasbhadh.



Bhí dream eile a raibh leath-eólus aca ar an teanga
agus a dubhairt go raibh sí sa mbealach ortha in dul
chum chinn agus nach g-cuirfeadh sí sgilling go bráth in
a b-póca ná béile in a m-bolg. Cuireann an dream
so i meamhair dhúinn an coileach a bhí solathar bídh dhó fhéin,
nuair a choinnigh leis seód inmheasta. Deir an sean-
sgeul linn gur ionntuigh sé an t-seod bun os cionn le
n-a ghob, gur dhearc sé air, mar is gnás do choileach a
dhearcadh, agus go ndubhairt sé: "Is áluinn an-áluinn
an rud thú le breathnughadh ort, acht measaim nach rud thú
a shásóch' mo ghoile nó a líonfadh mo bholg. B'fheárr
liom gráinne eórna 'ná thú."



An t-Amadán! níor thuig sé go gceannóchadh an
t-seód níos mó 'ná céud tonna eórna dhó. Acht ní raibh
sé 'na Amadán níos mó ná na h-Éireannaigh a deir go
mb'fhearr leó sgilling in a b-póca agus droich-mheas an
domhain ná an t-oighreachd mhóir-mheasamhail a fágadh
aca a fhóirthint agus onóir agus móirmheas na náisiún
a thuilleadh as a h-ucht sin.



Agus anois, a cháirde, tá ceist agam ar na h-Éirean-
nchaibh a deir go bh-fuil grádh aca d'á d-tír in san am
céadna go g-cuireann siad neamhshuim in a d-teanga.



Gan an teanga sin, cé sinn féin?



Is mór agus is measamhail agus is saidhbhir an tír í
Sacsana. Ní théidheann an ghrian faoi ar a seilbh agus
ní'l teóra le n-a saidhhreas. Agus, ar an taobh eile,
is bocht agus is cráidhte an tír í Éire, cídh gur bhronn
Dia uirre níos mó 'ná roinn náisiúin d'á saidhbhreas
agus d'á mhaitheasa. Agus 'na dhiaidh sin, bh-fuil fíor-
Éireannach sa g-cruinniughadh so - agus measaim gur
fíor-Éireannaigh uile sinn - bh-fuil fíor-Éireannach sa
domhan a deurfas go mb'fhearr leis a bheith 'na
Shasanach ná ina Éireannach?


L. 227


Agus gan an teanga cá bh-fuil an teóra?"



Ní h-iad na trí scór míle fairrge a tá eidir an dá
oileán, óir is goire Sasana 'ná Chonnamara d'Áth'
Cliath.



Ní h-iad gnáis na n-daoine mar tá gach uile gnás
Sasanach agus go mór-mhór gach uile dhroch ghás ag
snaigheadh isteach in ár mullach. Ní h-é malairt
creidim óir tá togha Éireannaigh de gach uile chrei-
deamh. Ní h-é meud ná gleus ná gnúis na n-daoine,
mar ní'l a leithéid de theóra ná eidirdhealughadh ann.
Ní ceachtar aca so, ná iad ar fad, a sgaras sinn ó
Shacsana agus ní'l dún ná daingean cloidhe, fál ná
teóra ar bith eile chomh láidir chomh cothrom ná chomh
buainsheasta leis an teanga, agus chomh luath 's bheidheas
an teóra sin sguabtha - céileamuid nó admhuigheamuid
é - ní Éireannaigh níos faide soin acht Shiar-Shacsanaigh.



(Leanfar de.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services