Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna
Nua.



MUINNTEAR CHIARRAIDHE ROIMH an DROCH-SHAOGHAL
Leis an Athair Pádraig Ó Duinnín. Iar n-a chur
amach do M. H. Gill agus a Mac, i Sráid Uí
Chonaill Uachtraigh i mBaile Átha Cliath. 1905.
Trí réalacha.



Is fíor an chainnt í, pé duine adubhairt nó a chur
amach ar siubhal ar dtúis í, ná beidh an rath ar an
nGaedhilg go dtí go dtosnóghthar ar dhálaibh na tíre
a pléidhe is a leasughadh tré theangain na tíre. Má
scrúduighthear an cheist seo, tuigfar gan mhoill go
bhfuil an fhírinne san rádh soin. Féach ar ghnóthaíbh
chreidimh, ar ghnóthaíbh pholaitidheachta, ar ghnóthaíbh.
chuireadóireachta, ar gnóthaíbh dochtúireachta is go
fiú leasuighthe na mbóithre, tosnuighmís ar maidin ar
na gnóthaíbh seo a dhéanamh tríd an nGaedhilg is tá an
báire linn gan mearathall.



B'in é an smaoineamh ba mhó a bhí ag rith tré n-ár
n-aigne agus sinn ag léigheamh an leabhair seo is
déidheannaighe a chuir an tAthair Pádraig Ó Duinnín
amach. Badh dhóigh le duine gurab é an smaoineamh
céadna a ghríosuigh an t-ughdar léigheannta so ar
dtúis chun an leabhair a scríobhadh. Chuaidh sé de léim
siar thar an aimsir uathbhásaigh úd an droch-shaoghail.
Do chrom ar ghnáth-dháltaibh na tíre — ní de Chiarraidhe
amháin — a fhoilsiughadh dhúinn. Do dhein sé cur síos ar
an gcuma n-a maireadh daoine, ar a ngnáth-shaoghal,
ar a gcúiseannaibh buaidheartha is áthais, is ar na
tréithibh a bhí ionnta. Ba mhór an gníomh é. Badh riach-
tanach é dhéanamh. Agus i gcead díbh, a uaisle, is
maith do déineadh.



Seadh, tá an bhun-chloch thíos ar éan-chuma agus í
feistighthe go daingean i dtreó gur cuma cadé an
t-ualach a chuirfar anuas uirthi. Féadfam na ceist-
eanna atá léirighthe annso a ghabháil ar láimh agus iad
a shaothrughadh ar mhaitheas don dtír. Acht cad iad na
ceisteanna go bhfuil trácht ortha? Tá, gach nídh geall
leis a bhaineann leis an saoghal san dtuaith, mar atá
biadh na ndaoine, a mbéasa, a gcaitheamh aimsire, a
bhféile, a muinnteardhas, a ndeigh-thréithe, agus a
ndroch-thréithe, agusrl.



Ag tagairt do bhiadh na ndaoine, deir an tAthair
Pádraig: "Is beag an meas atá anois ar phrátaidhibh
mar ghnáith-bhiadh, acht ní bhíodh a mhalairt de chothughadh
ag na daoinibh breághtha calma úd ó cheann ceann na
bliadhna. Ní bhíodh arán is té ag aoinne acht, b'éidir,
uair san lá ag feirmeóir shaidhbhir éigin nó mar


L. 780


nuadhacht ag mnaoi leice. Bíonn té anois ag bocht is
saidhbhir go minic san ló, agus, tá a rian air, ní'l
sláinte aca ná neart ionnta fá mar bhíodh. Ní dóigh
liom féin go dtiocfaidh puinn feabhsa ar mhuinntir
na hÉireann go luighfid ar bhiadh fulláin do chaitheamh
agus an dramhfuigheall té sin agus na saghsanna
daora sain a thagann chugainn tar lear do shéanadh.
Ní ghábhadh dhóibh bheith ag tabhairt taobh le prátaidhibh;
acht b'fhearr seacht n-uaire na prátaidhe féin ná
loscadh doighe ón té mhí-fhortúnach sain. An talamh
do chothóchadh-na daoine tá sé ag tabhairt na luachra
is an fhraoigh, agus a gcuid airgid ag imtheacht uatha
tar lear ar earraidhibh nimhe."



Go deimhin, tá an ceart ag an Athair Pádraig. Tá
ag dul de chalmacht is de shláinte is de fhad-fhulang
na nGaedheal. Má tá, sé an beag-a-mhaith té agus
shóghmhluistí gan bhrígh fe ndeárr é. Acht "gá dtáim
ris?" mar adeir an Céitinneach. Is beag leathanach
san leabhar so, agus tá os cionn céad díobh ann, ná
feadfaidhe aistí fé leith a scriobhadh air, agus aistí a
raghadh i dtairbhthe dhon dtír.



Is dóigh linn féin gurab í seo an iarracht is fearr
a thug an tAthair Pádraig go dtí so. Tá gontacht is
éifeacht n-a chainnt, agus deagh-chomhairle n-a bhfochair.
Ní'limíd-na tugaithe do mholadh acht do réir mar is
dóigh linn go mbí tuillte. Ní mholaimíd an tAthair
Pádraig féin i dtaobh mar mholann seisean lucht na
déarca. Stracairí díomhaoine b'eadh a bhfurmhór na
glacfadh "prátaí i scéith" gan "uibhe na circe
léithe." agus ní'l deireadh le n-a réim fós.



Beidh ard-ghlaodhach ar an leabhar so san dtuaith go
háirithe, mar is ann is fearr a thuigfar as. Tá sé
pas beag daor, ámh, agus b'éidir nach locht ar mhuinn-
tir na tuaithe a bheith coimeádthach ar na réalachaibh.
Acht is fiú leabhar maith éan-airgead.



MÁIRE NÍ EIDHIN: Drama greannmhar i nGaedhilg
agus i mBéarla. Tomás Mac Amhalghaidh do
sgríobh. Gill agus a Mhac: Ath Cliath. 1905.



Tuistiún.



Drama suilt is eadh "Máire Ní Eidhin," agus do
réir mar is féidir a dhéanamh amach as léigheamh an
leabhairín ní'l baoghal ná go ndéanfar é léiriughadh
go minic. Is minic sinn á rádh go bhfuil easnamh
suilt ag goilleamhaint orainn san obair seo na
Gaedhilge. Fiche éigin dráma de shaghas "Mháire Ní
Eidhin" a theastóghadh uainn. Tá súil againn ná stad-
faidh Tomás Mac Amhalghaidh annso. "Is maith an
comhartha an cheannrach," mar adeir an sean-fhocal.
Tá scéalta grinn ar fagháil go tiugh. Tá rudaí
greannamhra ag tuitim amach gach lá. Ní theastuigh-
eann uainn act breith ar na daoine a chuirfidh i
bhfuirm drama iad. Ní bheidh Tomás Mac Amhalghaidh
ar deireadh.



D'éis an tsaoghail is é léiriughadh drama a chuir-
eann i n-umhail cad is fiú é. Do léirigheadh "Máire
Ní Eidhin" i gColláiste Phádraig i Muigh Nuadhat
tamall ó shoin, agus do réir na gcunntaisí a shrois
sinn n-a thaobh, do thaithn sé go héachtach le n-a raibh
láithreach. Ní féidir moladh ba mhó a tabhairt air.



Ní'l de locht air, do réir mar is féidir a dhéanamh
amach as an leabhairín féin, acht a liacht "h"-eanna a
sholáthruigheann G. Swiggins, Esq., chuige féin. Is
baoghlach linn go raghadh sé de Ghaedheal bhocht ná bheadh
d'éis turus seachtmhaine, an chuid is lugha dhe, a thabh-
airt ar an mBáibleoin aithris a dhéanamh ar an
ndíolamhnach greannamhair sin.



--



CUMANN BUAN-CHOIMEÁDTHA NA GAEDHILGE:



Report for 1904.

Tá a lán eóluis i dtaobh imtheachta na Gaedhilge ar
fagháil san leabhar so. Do dhíol an Cumann so 8,253
leabhair Ghaedhilge i gcaitheamh na bliadhna. Is maith
an comhartha é sin ar an gcuma n-a bhfuil taithighe na
Gaedhilge ag leathnughadh ar fuid na tíre. Tá i gcló
ann ainmneacha na ndaoine a fuair pas san mbliadh-
ain 1904 i gcoir na Gaedhilge a mhúineadh ins na
scoileannaibh "Náisiúnta." Tá roinnt litreacha ann
ó mháighistríbh scoile is ó dhaoinibh eile i n-a bhfuil a
lán eóluis i dtaobh staid na Gaedhilge ar fuid na
tuaithe.



Solus
na nGaedheal
Déanta
i mBaile Áta Cliath.



Cártaí Posta Gaedhealacha!



Seoltar Litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services