Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéala Anall.

Title
Scéala Anall.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCÉALA ANALL.



A Dhuine Uasail,



Bhí Feis Ghaedhealach againn sa chathair
seo ar an 30 agus 31 lá de mhí Dheiridh an
Fhóghmhair. Do moladh IRISLEABHAR NA
GAEDHILGE go ceann bliadhna dhon tríomh-
adh duine do b'fhearr eólus ar Ghaedhilg,
Máire Níc Ghearailt, 32 North Street,
Springfield, Mass., do bhuaidh an duais,
agus dá mb'é do thoil é an tIRISLEABHAR
do chur chuichi, táim-se ag cur a fhiacha
chughat.



Tá amhrán agam dá chur chughat leis, gur
moladh duais do Mháire Ní Éigearta ar
son a ghabháil i gComórtas na nAos Óg ag
an bhFeis chéadna. Ghaibh sí na cúig ranna
atá thíos i dtosach; d'fhág sí an rann
deiridh n-a diaidh. Tá so le ceart i lár an
amhráin. Micheál Ó Síothcháin ar a dtug-
aidís Micí Sheáin Dáth i bparóiste na
Dromad i nUíbh Ráthaigh i gCo. Chiaruidhe,
agus do chomhnuigheann fé láthair i gCathair
Willimantic, Conn., U.S.A., do chúm an
t-amhrán. Badh dhóigh leat air ná raibh sé
ana-buidheach dhá thuras go hAimeirice agus
sin é nudháltha ag na míltibh eile dá mbadh
mhaith leo é admháil. Má's fiú leat air é
cuir san IRISLEABHAR é.



PÁDRAIG UA hÉIGEARTA.



--



Dá n-éireoghadh an scamall den talamh is
fearr sa Ríoghacht,
Do raghainn-se a-bhaile is bheadh agam
prátaí arís,
Im agus bainne agus caitheamh is fagháil
mar bhíodh,
Agus marcaigheacht sa Chathair, do thógfadh
an brón dem chroidhe.

Dia Céadaoin sa Chathair im sheasamh ar
chrois Sheáin Chinn Aoird,
Lem thrucaill bheag dhearg is saightheach dhen
im bhreagh bhuidhe;
Ar thógaint braon leanna ná féadar cé'n
taobh n-a mbínn,
Acht mo bhean is mo leinbh ag tnúth liom i
gcóir an tighe.

Nuair bhíos-sa sa bhaile bhíodh na ba beaga
romham 's im dhiaidh,
Ag feitheamh n-a seasamh sa macha go
gcrúidhtí iad,
'Gá seoladh chun garathain gach maidin sar
a n-éireoghadh grian;
Is go mb'fearr soin liom-sa 'ná muilte
'gus Overseers.



Nár mhór é mo mhearathal, an lá cheapas
teacht riamh thar tuinn
Go dúithchí a hanacra mar a dtómhaistar
an blúire bídh,


L. 726


Búistérí damanta is rascalach d'fheóil gan
bhríg,
Is an bille n-a sheasamh chun freagairt dó i
gcionn an mhí.

Tá mo shúil leis an Athair-mhac go rachad-sa
arís thar tuinn
Go Cathair na Bruinnile mar a bhfuilid mo
cháirde gaoil.
Tá mo ghaoltha go fairsing cois Dairbhre is
Pórt Mag Aoidh,
Ó'n Ráth go Taithile is gan dearmad Bórd
Eoghainín.

An rann a d'fhág sí amuigh:-



Mo mhallacht do thugaim do'n té chuir sinn
le fán an tsaoghail;
Go gcrapaidh a theanga is nár fhanaidh aon
chainnt n-a bhéal;
Ní hé sin a dhallann mé, agus ghearrann
mé i lár mo chléibh,
Acht 'nuair chloisim-se tallaraí ag gearradh
ar a ndúthaigh féin.



--



A Phádraig na gCarad,



Is maith linn na cunntaisí a thugair ar
chúrsaí na Gaedhilge i Springfield. "Ar
mhaithe leis féin is eadh dheineann an cat
crónán," tá fhios agat. Ní baoghal ná go
mbeidh Máire Níc Ghearailt sásta le n-a
duais. Níor bh'olc le fear an IRIS-
LEABHAIR dá gcuimhneoghadh lucht stiúr-
uighthe feiseann i nÉirinn ar a bhábán féibh
mar do chuimhnigh sibh-se thall air. Nuair a
thiocfaidh an lá tiocfaidh a chuid, is dóin;
agus is minic a chaith duine sprot amach
chun beortha ar cholmóir.



Dáltha Máire Ní Éigearta molaimíd-ne
Editio Princeps den Táilliúirín Magaidh
dhi i bhfochair na duaise a fuair. Mara
mbeadh í is ar éigin a chloisfaidhe scéal
choidhche ó Mhicheál Ó Síothcháin, go dtí go
mbeadh sé ag tabhairt an fhéir b'éidir.
Gura fada go dtí soin, ár nguidhe-na, mar
badh ró-mhaith línn iarrachtaí eile dh'fhagháil
uaidh. B'éidir go meallfadh guth béil
Mháirín aiste bheag eile uaidh. Ní chuir-
fimís tháirsti é. Is blasta gan amhrus do
fhéadfadh Micheál cur síos ar chúrsaí na
"muilthe is na nOverseers" thall ar mhaithe
le sna brealláin abhfus ná bíonn cúram sa
tsaoghal ortha ná nídh ag baint codladh na
hoidhche dhíob acht a fhaid a bhíd ag cuimh-
neamh ar sheift chun imtheacht thar sáile;
gur annsoin a bheidís n-a n-uaisle, agus
iad gléasta i gculaithe breaghtha, ag
piocadh an óir 's an airgid de sna leacach-
aibh thall, agus mórán eile dhen tsórd soin.
Ná bí ag trácht leo so ar an bhfeall-bheart
dheinid ar a máthair Éire, tre n-a fágaint
n-a ndiaidh. Is beag ortha Éire. Is beag
leó déanamh feall-bhirt. Agus maidir le
grádh dhá dtír féin! Airiú leog dam féin,
a dhuine; níl oiread is do raghadh tré chró
shnáthaide dhen earradh soin i gcroidhe ná i
gcreatalach éin-bhrealláin bhaoith dhíobh. Dá
gcurtaí i dtuisgint dóibh fios dála "na
muilthe is na nOverseers," b'éidir go dtioc-
fadh atharrach aigne dhóibh tré bheith ag
smaoineamh ortha. Níor misde an scéal a
innsint dóibh ar éan-chuma, is annsoin, má
dhéanfaid a n-aimhleas bíodh ortha féin.



Ní fhacaís riamh ar éinne an oiread áthais
is bhí ar Thórna an Ghleanna nuair a thais-
peánadh aiste Mhichíl do. Chomh luath is do
léigh sé í cad deirir leis ná deaghaidh
láithreach buill ar muin a Phegasus féin,
agus siúd ar stáir ar cos i n-áirde go
Parnasus é. Ar dteacht dó go bruach
Helicon, do thuirling go mear agus d'ól
smiothan a Tobar na Naoi mBéithe. Ba
ghearr n-a dhiaidh-san go ndeaghaidh i dtoir-
ichim suain agus sámh-chodlata, agus sidí


L. 727


brígh na faisnéise fírinne do tháinig dó tré
oibriughadh is tré mhór-chomhachta doilbhthe
draoidheachta an Naonbhair scoth-áluinn:-

Mhuise tair chughainn a-bhaile go Banba Nódh
a Mhichíl,
Beidh fáilthe is dafhichid gan dearmad
romhat-sa, a chroidhe,
Beidh teinte ar lasadh aca ó Chathair na
hÓige 'dtí an tSnaidhm,
Ar mhullaigh na Scealg, is ar Dhairbhre
ghleóidhte an ghrinn.



Tá aér breágh fairsing ar bharra gach mór-
chnuic ghroidhe,
Túrtóga calma is aiteann fé ór go síor;
A liacht de sceacha geal' eatortha i bhflós
seadh chím,
Is go gcuirfadh a mbalaith ort aiteas is
tógaint chroidhe.



Gheobhair féar dot chapall i machaire glé
cois abhann,
Is míle fearra 'ná garathan sléibhe dhá
fheabhas;
Do laoigh ag tarraint chun baile go céim-
leasc ramhar,
Is do thréad bó bhainne 's a lacht ortha ag
scéidhe go sreabhach.



Bíonn gunna age Cathal ag leagadh 's ag
lámhach cearc fraoigh,
Is gadhair ag Paidí chun treascartha
páinseach buidhe,
Cead fiadhaigh is reatha age clanna na
ndeágh-aithreach ngroidhe.
Agus fuireann na heascaine 'á ngreadadh
thar sáile arís.



Tá a' filleadh dhon tseana-sprid chalma ar
Árd-shliocht Ghaoidheal,
'S tá séan dhá dheascaibh ag leathadh gach lá
thár ár dtír;
B'é an braénín leanna fé ndeara dhi tráth
bheith thíos,
'S is tuigthe go seachantar ragairne is
trághadh na dighe.



Is tair chughainn a-bhaile, gheobhair flaitheas
is fáilthe ó chroidhe,
Cead ráis ar chapall go Cathair Uíbh Ráthaigh
síos;
An tsláinte agat is caitheamh is fagháil mar
bhíodh,
'S go bhfeiceam 'n fhaid mhairfir thu it
phearsain den dáim le laoi.



F. AN I.



Gluais



An fhiacha, its price; a luach, its value.
Comórtas na nAos Óg, the competition for Juniors.
An rann deiridh, the last stanza.
Shin é nudháltha ag na míltibh eile, that is the case
with thousands of others. "B'in é an úrdhálta
ag Cormac," Séadna, leathanach 166, líne 3.
Caitheamh is fagháil, spending and getting.
Sa Chathair, .i. Cathair Saidhbhín.
Saightheach, a vessel, a firkin.
Ag tnúth liom, expecting me.
Garathan (? garbhfhonn), rough mountain land.
Muilthe, mills, factories. Throughout W.Cork and
Kerry t after l is aspirated; thus dáltha, fáilthe,
muilthe, agusc.
Mar a dtómhaistar, where they measure (auton).
Rascalach d'fheóil, coarse, tough meat.
Athair-mac, for Arraid-mhac, Árd-mhac (?)
Cathair na Bruinnile, .i. Cathair Saidhbhín.
Go gcrapaidh, may it shrivel up.
Ag gearradh ar, running down, talking ill of.
Lucht stiúruighthe feiseann, the managers of feiseanna.
Sprot, a sprat; colmóir, the hake.
An Táilliúirín Magaidh, name of an Irish air; the air
of the songs above. Versions have appeared in
the last two numbers of an tIrisleabhar.
Ag tabhairt an fhéir, .i. san uaigh, "growing the
grass."
Guth béil, a voice for singing. "Trí rudaí nach
féidir d'fhoghluim: guth béil, féile agus filidheacht,"
says the proverb.
Leacacha, flagstones.
Feall-bheart, a treasonable act.
Is beag ortha Éire, they care not about E.
Is beag leó déanamh, they think little of doing
Maidir le, as for.


L. 728


Cró snáthaide, the eye of the needle.
Creatalach, -aigh, the body, the trunk.
Breallán, -áin, a lout.
Cad deirir leis ná, "what do you say to him but,"
"what do you think but"
An Phegasus, .i. a each.
Smiothán, .i. deoch.
Na Naoi mBéithe, .i. the Nine Muses.
Toirichim suain, a deep slumber.
Faisnéise fírinne, truthful testimony.
Doilbhthe, magic.
Cathair na hÓige, .i. Bruinnile.
An tSnaidhm, Sneem.
Mullaigh na Scealg, .i. Sceilg Mhichíl.
Sceacha geala, whitethorn bushes.
Is míle fearra, a thousand times better.
Go céim-leasc, with slow steps.
Go sreabhach, in streams.
Ag lámhach cearc fraoigh, shooting grouse.
Páinseach buidhe, .i. girrfhéidhthe móra.
Cead fiadhaigh, licence to hunt.
Clanna na ndeágh-athaireach, .i. Clanna Gaedheal.
Dá ngreadadh, being hunted, scourged.
Tá a'filleadh, there is a returning of.
Is tuigthe, it must be understood.
It phearsain, one of the poetic confraternity.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services