Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna
Nua.



SÉADNA. An tAthair Peadar Ó Laoghaire do shaoth-
ruigh. Baile Átha Cliath: The Irish Book Com-
pany, 6 D'Olier Street, 1904.



Fé dheireadh is fé dheóidh tá Séadna againn i n-éin-
leabhar amháin. Agus leabhar breagh tréan toirtea-
mhail is eadh é leis. Tá trí chéad leathannach ann, agus
is ana-shaor an margadh é an méid sin d'fhaghail ar a
trí agus réal. Deirimídne gan mearathal nár
bh'fheidir leabhar Béarla dá shaghas d'fhagháil gan sé
scillinge a dhíol as. Go deimhin tá an Ghaedhealtacht
ar fad fé chomaoine mhóir ag an Irish Book Company
i dtaobh a shaoire a dhíolaid a leabhair. Is fearr leó
beagán tairbhe agus mórán gnótha 'ná a mhalairt. Is
aca atá an chiall.



Is fada anois ó chuireamair aithne ar dtúis ar
Shéadna ins an IRISLEABHAR. Sé an Séadna
gruamdha dúr-aigeantach céadna é. Dá mbeadh an
"Chailleach Ruainneach" ar siubhal aige ó mhaidin go
hoidhche ní bhainfadh sí an ghruaim ná an dúr-aigean-
tacht de. Do chonnaic gach éinne againn a leithéid,
cuid aca a dó 's a dó dhúinn féin nó b'éidir nísa
chomhgaraighe. Is breágh an rud a bheith éadtrom
aerach. Fóghnann don tsláinte. Acht is minic do
chaill fé ar charaid. Badh bheag an cabhair dhuit a
bheith ag braith ar an éadtrom aerach le linn
gábhadh. Cuir do mhuinighin san bhfear gciúin
gruamdha. Sin é an saghas duine a dhéanfaidh gníomh
is ná tráchtfaidh thairis. Sin é saghas Shéadna. Dá 
bhrigh sin tá cion againn air, an cion a bheadh againn
ar dhuine a bheadh tar éis sinn a chosaint le linn bhuartha
éigin.



Badh mhaith linn atharrach scéil ag Máire Ghearra
bhocht, acht cionnus eile d'fhéadfadh an scéal a bheith agus
Séadna mar a bhí. Nach seana-chríonna a bhí Peig, agus
gan na trí bliadhna déag istigh aici. Badh dheacair a
leithéid d'fhagháil san nGaedhealtacht indiu.



Badh lag an bheart dúinn bheith ag iarraidh an
leabhar so a mholadh. Deirtí gur bh'é an "Trí Bior-
ghaoithe" an leabhar do b'fhearr a cuireadh amach riamh
san nGaedhilg. Níor cuireadh amach fós leabhar a
b'fearr ná "Séadna," agus is fada go sáróghthar é.



Ní fuláir nó chosain an leabhar so carn mhór
airgid chun é chur i gcló. Tá gach nídh ar fheabhas ann
idir chló agus pháipéar agus chlúdach. Tá cosmhalacht an
ughdair i mbrollach an leabhair. Féachaidís Gaedhil


L. 639


chuige ná caillfidh an tIrish Book Company an
iomad dá bharr. Ceannuighdís é agus ní bheidh cathughadh
n-a thaobh ortha. Is beag orainn Éireannach gan
Gaedhilg; is beag orainn Gaedhilgeóir gan
Séadna aige. Go mairidh an t-ughdar a saothar, is
nára "Séadna" an ceann deiridh dá shaghas a gheo-
bham uaidh.



--



SELECTIONS FROM THE OLD IRISH
GLOSSES. With Notes and Vocabulary, by
John Strachan, Dublin; School of Irish Learning,
28 Clare Street. 1904. Price Three Shillings
and sixpence net.

Is gairid anois go mbeidh leabhair ár ndóthain
againn chun stuidéir a dhéanamh ar an Sean-ghaedhilg
Sid é an leabhar is déidheannaighe tháinig amach. Sé
an ceann is fearr agus is áiseamhla agus is saoire leis é.



Mar adeir an Strachánach i mbrollach an leabhair
is é an "Briathar" an chuid is cruaidhe de Ghraiméar
na Sean-Ghaedhilge. Cionnus a chuireann an Strach-
ánach chun an bhriathair a mhúineadh dhúinn san leabhar
so. Tógann sé ar láimh é, aimsir i ndiaidh aimsire.
Deineann é chomh-tháthadh. I dtosach an leabhair gheibhmíd
soluídí ar gach aimsir is ar gach modh, ar n-a dtarrach
as na seana-leabhair i Milan is i Würzburg, agus i
n-áiteanna eile. Gheibhmíd ins na nótaíbh cunntas
cruinn ar gach modh is ar gach aimsir dhíobh. Tá
foclóir oireamhnach i ndeireadh an leabhair.



Is maith an rud ná fuiltar ag dearmhad na Sean-
Ghaedhilge. Ná bac treibh a dhéanfaidh dearmhad ar,
nó ná cuirfidh suim ins na sean-rudaí a baineann
leó féin. Tá gnáth-chúram an Strachánaigh le feicsint
ar gach leathanach den leabhar so. Ní beag soin do
léightheóiríbh an IRISLEABHAIR.



--



EACHTRA NA nARGONÁTACH, do réir Niebuhr,
Aithriste i nGaedhilg ag Donnchadh Pléimeann;
agus cur síos ar a bheathaidh ag "Seandún" i
n-éinfheacht leis. Ar n-a gcur amach do Chonnradh
na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath. 1904. Raol,
glan.



Sid é an seachtmhadh ceann de sna "Scéalta Nua-
dhéanta" atá ghá dtabhairt amach ag Connrad na
Gaedhilge. Badh mhinic adeireadh Donnchadh Pléimeann,
beannacht Dé len' anam, gur mhór an truagh gan
againn san nGaedhilg cuid de scéaltaibh is de
leabhraibh fóghanta teangtha eile, ar chuma go
gcuirfidhe i n-umhail dár scríbhneóirí féin, cad a
bhaineann le litridheacht is cionnus a chuirfio rompa
litridheacht fhóghanta a scríobhadh. Dheín sé féin
tosnughadh leis an ngiota so "Eachtra na nArgonátach"
aistriughadh ó Ghearmáinis Niebuhr. Óirfidh an
leabhairín seo go seóidh do scoileannaibh, is do
chraobhchaibh den Chonnradh. Tá foclóir maith i ndeireadh
an leabhair agus roinnt pictiúirí annso is annsúd tríd.



Acht is í an tseóid is fearr ann dar linn an
cunntas a thugann "Seandún" ar bheathaidh an
ughdair. Badh dheacair an giota so a shárughadh ar
áilneacht is ar ghontacht. Níor b'éin-díoghbháil áireamh
ar thréithibh a charad d'fhágaint fé Sheandún. Dar
ndóigh ní bhfuair acht do réir mar bhí tuillte ag
seana-thuillte aige.



--



EOCHAIDH MACH RÍ 'N-ÉIRINN. Micheál Ó Máille
(Diarmaid Donn) do sgríobh. Ar n-a chur amach
do Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath,
1904. Sé pingne, glan.



Sid é an séamhadh ceann de Scéaltaibh Nua-dhéanta
an Chonnradh. Ba mhaith an chuimhne í ag Diarmaid
Donn iarracht a dhéanamh ar úir-scéal d'innsint ar
nós seana-scéalta na nGaedheal. Is truagh gan a
thuilleadh dhá shórd againn. Tá éirighthe go hiong-
antach le Diarmaid annso go háirithe.



Is mór d'oirfadh dhúinn scéal nó dráma fada ag
cur síos ar ghnáth-shaoghal mhuinntire na hÉireann i
n-allód. Chuige seo níor mhór do dhuine stuidéar a
dhéanamh ar shean-dlighthe is ar shean-nósanna is go
mór-mhór ar shean-startha litridheacht na hÉireann.
B'éidir go dtabharfadh Diarmaid Donn fé rud éigin
den tsórd so fós. Taispeánann "Eochaidh Mac Rí
'nÉirinn" go mbeadh sé ar a chumas é dhéanamh.



Is maith linn gur lean Diarmaid go dlúth do
chainnt na ndaoine. Is í cainnt na ndaoine préam-
acha na litridheacht. Cuirimís na préamhacha go maith
i dtalamh saothruighmis cainnt na ndaoine ar dtúis,
is ní baoghal do chrann na litridheacht. Fásfaidh an
crann go breagh láidir faid-ghéagach. Tá préamh
fhoghanta n-a leith i dtalamh annso ag Diarmaid
Donn.



--



TRANSACTIONS OF THE GAELIC SOCIETY
OF INVERNESS. Vol. XXIV, 1899-1901. Inver-
ness: The Galic Society of Inverness, 1904.



Sid é an leabhar is fearr i nGaedhilg na hAlbann
a bhuail umainn le tamall maith dh'aimsir. Ar shon
nach Gaedhilg ar fad atá ann ní cóir gearán mar na
haistí is na giotaí Gaedhilge atá ar fagháil ann táid
siad ar áilneacht. Tá aistí ann ag baint le litridh-
eacht, le filidheacht is le stair na hAlbann.



Níor bh'éidir a áireamh a leath de sna rudaí
foghanta a gheobhthar san leabhar so. A leathannach 259
gheibhmíd cunntas ar na filidhibh ba mhó cáil a scríbh a
gcuid i nGaedhilg na hAlbann. Ag tagairt do
Mhuircheartach Albannach Ó Dálaigh adeirtar:




L. 640


Filidhe agus seanchuidhthe b'eadh sliocht Mhuircheartaigh
Albannaigh. Ní baoghal ná go bhfuil féith Mhuirchear-
taigh i nduine éigin dá shliocht i nAlbainn indiu.



Ar leathannach 394 gheibhmíd alt ar "Gaelic Poetry
from the MSS. of the late Mr. James Macpherson,
Edinburgh." Seo roinnt giotaí as:



Ors' am meannan ris an uan,
Ors' an t-uan ris a' mheannan,
"Cha teid mi 'na chreig ud shuas."
Ors an t-uan ris a mheannan.



"Air eagal a' mhadaidh-ruadh,"
Ors' an t-uan ris a' mheannan;
Thuirt am meannan ris an uan
"'S ann tha bhuainn dol a' mhireadh."



Is fuirist d'éinne a thuigeann Gaedhilg na hÉireann
an chainnt thuas a thuigsint go maith. Tá ana-chuid
giotaí dá shaghas i n-ár nGaedhilg-na agus nach mór an
truagh ná cuirtar síos iad.



Féach air seo mar amhrán bhrónach ghrádh:

Tha mulad, tha airsneul, tha brón
Tha mulad ro-mhór orm féin
Mu dhéighinn an fhiúrainn a dh' fhalbh
Dha 'n d'thug mise gu dearbh mo ghaol
Gu'n siúbhlainn ri uisg 's ri gaoith,
Cur is cathadh is caochladh neóil
'S gu'n rachain greis astair mo thuath
Dh'fhios an fhleasgaich chaidh suas seach an t-Shróin.'



Níl, fóríor! Slighe againn chun a thuilleadh dhe a chur
síos annso. Ba mhaith an mhaise ar leabharlainn
duine an leabhar so bheith ann.



--



FOCLÓIR DO BHEATHA agus DO DHÁNTAIBH DHONNCHADHA
RUAIDH MHIC CONMARA: le Tomás Ó Flannghaile,
Dublin : Sealy, Bryers and Walker, Middle Abbey
Street. 1904. One and Sixpence.



Seo leabhar a theastuigh go géar ó mhacaibh léighinn.
Is fada atá "Beatha Dhonnchadh Ruaidh" agus "Eachtra
Ghiolla an Amaráin" ar chlárachaibh na Scol, agus níor
bh'fhuirist do mhacaibh léighinn stuidéar a dhéanamh
ortha i n-éaghmuis an fhoclóra so. Céile oireamhnach
dhon leabhair eile is eadh é, dálta gach nídh a thagann
ó láimh Thomáis Uí Fhlannghaile. Scoláire críoch-
nuighthe is ead é. Is mír an áise ag an aos óg an
leabhar so a bheith ar fagháil aca. Chomhairleógaimís
do gach duine go bhfuil an sean-leabhar aige cóip den
bhfoclóir seo a sholáthar chuige leis.



--



AOIBHNEAS CILLÁIRNE. An Dara Roinn. Oisín do
scríobh. Sold by Miss E. O'Connor, Lower New
Street, Killarney. Price One Penny.



Sid é an ceathramhadh ceann de Leabhráin Locha
léin. Agus deirtar linn a bheith a súil leis an
gcúigmhadh leabhrán gan moill. Tá an ceann so go
maith pé i nÉirinn é. Tá Oisín agus a dhraoitheadóir ar
dtabhairt ar cuaird i measc na Loch thiar. Tá turus
an chéad lae críochnuighthe againn agus ár síntús
tugaithe againn don mbádóir.



--



CLÓDHANNA AR LÁIMH.



--



Tá cóip d' "Ériu," leabhar Scoil Árd-Léighinn na
Gaedhilge againn. Cuirimíd fáilte is céad roimpi. Ní
baoghal do'n tSean-Ghaedhilg má chífar a leithéid seo
de leabhar uatha dhá uair san mbliadhain. Ba mhithid
tosnughadh a dhéanamh. Beidh rud éigin le rádh againn
i dtaobh an leabhair seo san gcéad uimhir eile.



***



Ár mbeannacht le hOsborn O hAimhirgin, atá ag
dul san Eóraip ag foghluim na Sean-Ghaedhilge ó sna
hoidíbh is mó cáil dá bhfuil ann. Tá an gradam so
tuillte go maith aige. Guidhmíd saoghal is sláinte
chuige, is go n-áirghidh a thurus leis.



***



Níl spéis i ngaoltaibh is d'imthigh an grádh,
'S níl gaol ag éinne le duine gan áird;
Do tréigeadh an daondacht 's an creideamh is fearr,
'S ní baoghal duit dul d'éagadh go dtigidh an bás.



***



Imtheógháidh an fhuiseog is áilne ar sliabh;
Imtheóghaidh an seanóir bocht bearrtha liath;
Imtheóghaidh an duine óg 's a cháil n-a dhiaidh;
Imtheóghaidh a bhfuil beó is a dtáinig riamh.



Cártaí Posta Gaedhealacha!
ASK FOR
THE GAELIC POST CARDS
The Gaelic Post Card Co.,
DUBLIN and LONDON.



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Banistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 640a


ADVERTISEMENTS



An Tae is Fearr



Uisge Beathadh, Togha sean-uisge beathadh Éireannaigh.
16/-, 18/- agus 20/- an galún.
32/-, 36/- agus 40/- an duiséin.




Leabhráin an Irisleabhair - III.
Scoil Ghaedhealach



Aistí ó
"Conán Maol," "Beirt Fhear,"
An tAthair Pádraig Ó Duinnín,
Agus "Gruagach an Tobair."


L. 640b


ADVERTISEMENTS



Smuainte Ar Árainn,



I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh agus taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá éadach, 1/-; tríd an bpost, 1/2.
Fá leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó Néill. Dráma Úr-nua. Do sgríobh "Conán Maol".



An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Claidhimh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne.
Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services