Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Cleasairí.

Title
Na Cleasairí.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

"NA CLEASAIRÍ."



Do bhí i gCill Áirne tá fiche éigin bliadhain
ó shoin beirt fhear (dá chomhartha san féin
tá "Beirt Fhear" ó'n ait chéadna ag
gabhailt timcheall fós, acht ní mar a chéile
iad) go dtugtí "Na Cleasairí" ortha.
Tadhg agus Micheál dob ainm dóibh agus clann na
beirte a b'ead iad. Ní raibh éin-teóra leó
chun cleas greannmhaire do imirt, agus ní
raibh sean-sgéal fiannaidheachta ó Chum an
Chiste go dtí an Daingean ná raibh ar bharra
na méire aca le haithris, agus ar mh'anam-sa
mórán sgéalta úr-dhéanta leis, gur
baoghalach liom ná bíodh crut na fírinne
ionnta go minic.


L. 554


'Sé an obair a bhíodh ar siubhal aca ná
bádóireacht 'sna lochaibh, agus do thárla gur
casadh ortha beirt Phúncán lá do bhíodar ag
tabhart cuairt timcheall na tíre. Beirt an-
grádhmhar a b'eadh na Púncáin seo, agus do
thaithn an díospóireacht bhí san chéad turus
ag na buachaillí comh maith san leó na beadh
siad sásta i rith na haimsire bhí aca le
fanamhaint ann le héan bhádóirí eile acht iad.
Do chaitheadar mí ann i dteannta chéile go
haerach, agus annsoin bhí fhiachaibh ar an mbeirt
filleadh a-bhaile as.



"Seadh," arsa ceann aca seachtmhain
roimh imtheacht dóibh, "beidh sé le rádh againn
nuair raghaimíd thar n-ais, 'ná fuil éin-nídh
timcheall Chill Áirne ná feacamair, ná éin-
tréith sna daoine nár thugamar fé
ndeara.'" "Cuirim geall anois," arsa
Micheál, "go bhfuil éan-rud amháin ná
feacabhair." "Cad é sin, arú," ar siad-
san. "A rabhabhair ar thórramh Gheadhealach
fós?" "Aidhe, mhaise, ní rabhamair - cad
na thaobh?" "Ó! imbasa, nuair raghaidh sibh,
thar n-ais, má chastar éin-Éireannach oraibh,
ní chreidfidh sé go rabhabhair i nÉirinn chor ar
bith, muna beidh sibh i n-ann a rádh leis go rabha-
bhair ar thórramh." "Dar so súd," ar siad-
san, "más mar soin atá an sgéal caithfimíd
ceann aca do fheicsint, agus ar do chluais
anois ná déin dearmhad má fhaghann éinne
bás gan an sgéal do thabhairt dúinn, agus
tabharfaimíd deich bpuint uainn i gcomhair
an tórraimh." "Tá go maith," arsa Micheál
"acht nár leogaidh Dia go mbeidh an droch-
sgéal ag éinne de sna comhursain." Gach
éan-mhaidin n-a dhiadh-san sé an chéad cheist
a bheadh ag na huaisle nuair do bhuailfeadh
na bhuachaillidhe leó ná "bhfuil éan-duine
marbh fós?" agus b'é an freagra ná raibh.



Seadh bhí an aimsir'n-a rabhadar chun fille
a-bhaile ag teacht an-athchumair, agus ní raibh na
buachaillí ró-shásta ar eagla do n-imtheoghadh
an t-airgead uatha. Ar mhaidin áirithe
bhuaileadar le chéile sharar stroic na
huaisle iad chun comhairle do thógaint.



"Mhaise," arsa Tadhg, "nach aindeas an
sgéal é ná fuigheadh seanduine éigin bás -
dé bheatha grásta Dé, a leithéid de shaoghal
shláinteamhail níor bheir riamh orainn!"
"Féach, a Thaidhg, sé seo an rud do bhriseann
mo chroidhe; uaireantacha eile bheidís ag
imtheacht tiugh go leór, mb'fhéidir gan
mórán aimsir againn le caitheamh ortha leis,
agus anois nuair tá caoi ar thórramh ghalánta
le bheith ann, tá gach éin-tseanduine sa
pharóisde ag damhsa mar a bhéadh piscín."
"Tá lom lár na fírinne sa méid sin agat,
a Michíl, agus féach anall orm, más rud é do
(go) n-imtheóghaidh an t-airgead so as an
mbaile, beidh sé mar asmhachán agam ar na
sean-fhir timcheall na h-áite go dtí lá mo
bháis, ná raibh duine aca galánta a dhóthian
chun bás d'fhagháilt le comaoine a chur ar
cheann des na comhursain."



An fhaid do bhí Tadhg ag cainnt bhí Micheál
ag smaoineamh go dian, agus taréis leath-
nóimit do bhuail sé láimh i ngualainn Thaidhg,
agus do scread sé amach ar gáiridhe. "Dar
fiadh! Tá sé agam, beidh an tórramh ann
i ndeireadh na dála." "Cad é sin, arú?
Cionnus?" "Éist linn anois nóimeat agus
beidh spórt againn; tá aithne mhaith agat
ar seana-Thadhg 'Ach Dómhnall thuas annso —
cad dearfá dá bhfuigheadh sé bás indiu?"



"A rascail, ní hamhlaidh —." "Féach,
anois, nach mór an óinseach thú. Neósamíd
an sgéal do Thadhg, agus ní bheidh a bhac orainn
beagánín cailce a cheannach is dath an bháis
do chur air, agus annsan é chur fé chlár mar
éin-chríostaidhe."



Seadh níor thóg sé ró-fhada ó Thadhg
tuigsint a bhaint as an méid bhí ráidhte ag


L. 555


Micheál agus aontuigheadar gur bh'é an rud do
b'fhearr fós do thuit amach é má rithfadh leó.
Scathamh beag n-a dhiaidh san tháinig na
huaisle, agus mar ba gnáth, bé "bhfuil éan-
duine marbh fós" an chéad cheist aca.
"Tá," arsa Micheál, go brónach, "fuair
Tadhg 'Ach Dómhnall bás aréir, go ndeinidh
Dia trócaire air - fear comh galánta,
léigheanta is do ghéobhthá as so go Baile
Átha Cliath, agus cé go raibh sé go han-aosta,
geallam dhuit ná beidh súil tirim ar fuaid
an baile nuair leathfaidh an sgéal. I
dtaobh mé fhéin agus Tadhg annso, ní bheidh éan-
fhonn oibre orainn indiu, táimíd curtha trí
n-a chéilé comh mór soin." Im basa do
shíneadh an t-airgead chucha gan éan-mhoill agus
do imthigh an dá chleasaidhe a-bhaile dhóibh
féin, taréis socrughadh a dhéanamh leis na
huaisle chun teacht fé na ndein an oidhche
sin ar an naoi.



Seadh, beagánín i ndiaidh a naoi do bhuail
an ceathrar isteach chun an tórraimh, agus suas
an staidhre leó chun seómra na marbh. Bhí
mór-chuid de sna comhursain istigh, cuid aca
ag ól tobac, agus cuid eile ag cainnt. Do
dheineadh slighe do sna huaisle láithreach, is
do shuidheadar síos i gcúinne an tseómra.
Bhí beirt bhan ag gol os cionn an chuirp, agus
nuair do bhí greas golta aca, do shuidheadar
síos i measc na coda eile. Annsoin chuir
mac mí-áidh éigin isteach i gceann Seagháin
Mhichíl na Rósta, sean-chara dhon fhear fé
chlár, gur cheart do féin greas goil a
dhéanamh, agus le n-a linn sin, do imthigh sé fé
dhéin ar chlár. Bhí beagánín óltha aige, agus
siúd anonn 's anall é os ceann an chuirp
ag cur síos anois is arís ar thréithibh an
duine mhairbh.



Bhí na fiacla imthighthe ó'n bhfear bocht, agus
is baoghlach ná raibh greim ró-dhaingean aige
ar an bpíopa, bhí 'n-a bhéal; pé sgéal é, do
thuit smól dearg aiste ar shróin an duine
mhairbh, agus mar ar fear bhí fé chlár ar
m'anam-sa go dtáinig an guth chuige sin go
hobann, agus do liúigh sé chomh géar soin gur
chuir sé scannradh an bháis ar gach éinne
sa tseómra, agus siúd chun an staidhre i n-éan-
tsluagh amháin iad, an bheirt Phuncáin comh
saotharach leis an gcuid eile. Chun an
sgéil a dhéanamh níos measa, bhí an seana-
staidhre leath-lobhtha, ar shlighe gur bhris sé
fútha nuair do thángadar go léir air, agus
ar feadh deich nóimite, ní raibh éin-nídh le
fheicsint acht bróg duine a sáthadh amach
annso, hata, nú earball seana-ghúna
annsiúd fé an mbrúscair.



Seadh do réidhtigh Michéal agus Tadhg as an
seana-staidhre sa deireadh iad, mar ar
shlighe éigin b'iad an bheirt na daoine
deireanacha ag teacht as seomra na marbh
agus ní rabhadar sa staidhre i n-éan-chor. Bhí
níos mó scannradh ná éin-nídh eile ar lucht
an mhí-áidh, agus do tháinig leó go léir teacht as
gan breis díoghbhála déanta, acht amháin
ceann de sna Púncáin gur briseadh a ghlúin.
Chuir soin fhiachaibh ortha fanamhaint i gCill
Áirne feadh sé seachtmhaine n-a dhiadh san.
Is minic ó shoin do thug an bheirt cuairt ar
Chill Áirne, acht ní raibh éan-fhonn ortha
tórramh Gaedhealach do fheicsint, agus ní
bhfuarthas amach riamh gur b'iad "Na
Cleasairí" fé ndeara "trom-luighe Thadhg
Ach Dómhnall."



PÁDRAIG NA LÉIME.



Duine gan stór, a glór ní meastar a chéill;
Duine gan stór, ar chóisir ní bacthar é;
Duine gan stór, ní'l gnó aige ag caiteamh ná
glaodhach;
Is duine gan stór, bíonn sé 'na spórt ag aindeis' an
tsaoghail.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services