Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar do chéad-ghlac Cúchulainn arm faobhair agus mar d'éirigh dho amuigh. Cuid a II.

Title
Mar do chéad-ghlac Cúchulainn arm faobhair agus mar d'éirigh dho amuigh. Cuid a II.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAR DO CHÉAD-GHLAC CÚCHULAINN ARM
FAOBHAIR AGUS MAR D'ÉIRIGH DHO
AMUIGH.



CUID A II.



"Do thaispeáin do dún triúir mac Neachta Scéne;
Foill, Fannall agus Tuaicheall a n-ainmneacha-san.
'An iad súd adeir,' arsa Cúchulainn, 'nach mó atá
d'Ultaibh n-a mbeathaidh ná a bhfuil marbh aca féin
díobh?' 'Is iad, mhuise,' ar san t-ara. 'Téanam
go sroisfam iad,' arsa Cúchulainn. 'Is guais
dúinn soin amh,' ar san t-ara. 'Ní chun í shéanadh
do raighmís (théidhmíd) ann,' arsa Cúchulainn.



"Do thiomáineadar (tiomáinid) leó annsoin agus
scuireadar (scuirid) a gcapaill aige cumar na
móna is na habhann leathsteas 'dtaob thuas de dhún
na muinntire eile. Do chaith sé an gad a bhí ar an
gcolumhan faid a urchair san abhainn, is do leig le
sruth é, mar ba col geasa do mhacaibh Neachta Scéne
soin. Do thugadar-san fé ndeara é agus thángadar
chughtha. Tháinig a chodladh ar Chúchulainn ag an
gcolumhan tar éis do an gad a scaoileadh leis an
sruth is dubhairt sé leis an ara: 'Ná dúisightar mé i
gcóir bheagán (uathadh), acht dúisightar i gcóir mhórán
(sluaigh).' Bhí an-eagla ar fad ar an ara agus
d'innill sé an carbad is do tharraing a sheithí is a
chlúdaigh a bhí anuas ar Chúchulainn; níor lámhaidh sé é
dhúscadh mar dubhairt Cúchulainn leis ar dtúis gan
é dhúscadh i gcóir bheagán.



"Annsoin tángadar (tagaid) mic Neachta Scéne
'Cia atá annso' arsa duine aca. 'Mac (ogánach)
beag a tháinig indiu ar cuaird (?) san gcarbad,' ar
san t-ara. 'Nára de shonas,' ar san laoch, 'ná de
shéan dó a chéad-ghabháil airm. Ná bíodh i n-ár dtír is
ná deineadh an eachra inbhíor ann a thuilleadh. 'Tá a
sreanga im láimh-se,' ar san t-ara. 'Ní leat-sa
tuilleamh eascáirdis,' arsa íbhár leis an laoch, 'is
tá an t-ógánach n-a chodladh leis.' 'Ní hógánach
mise amh,' arsa Cúchulainn, 'acht ag iarraidh comhraic
le fear is eadh tháinig an t-ógánach atá ann.' 'Maith
liom soin mhuise,' ar san laoch. 'Maith dhuit-se anois
san áth úd thall,' arsa Cúchulainn.



"'Tagann duit' ar san t-ara; seachain tú féin ar
an bhfear so atá ag teacht ar do cheann - Foill is
ainm do,' ar seisean, 'mar muna mbéaraidh tú air
san gcéad-sháthadh ní bhéarfaidh tú air go tráthnóna.'
'Bheirim-se dar Dhia mo mhuinntire féin ná himireódh-
san ar Ultaibh an cleas soin arís dá sroisfadh sleagh
mo dhaidí Conchubhar ó'm láimh-se é. Badh lámh dheóraidhe
dho é.' Do chaith sé an tsleagh leis annsoin is do
bhris a dhrom tríd. Do rug leis 'n-a dhiaidh-san a
threallamh is a cheann.



"'H'aire dhuit roimh an bhfear eile seo,' ar san
t-ara. 'Fannall is ainm do. Ní truime do ghabhann
san uisce 'ná eala no fáinleóg.' 'Móidighim-se ná
himireóidh an cleas soin ar Ultaibh arís,' arsa Cúchu-
lainn. 'Do chonnaicís se mar do ghabhaim tríd an
linn ag Eamhain.' Do theangbhaidheadar ar a chéile
'n-a dhiaidh-san san áth. Do ghoin (mhairbh) sé an fear
soin do thóg leis a cheann is a threallamh.



"'H'aire dhuit, seo fear eile chugat, ar san t-ara.
'Tuachell a ainm. Ní leas-ainm dó soin mar ní
thuiteam d'arm ar bith.' 'Seo deil chlis do, a chuir-
fidh meascán mearaidhe air go dtí go ndéanfaidh
criathar poll de, arsa Cúchulainn. Do chaith
(caitheann sé an tsleagh leis annsoin -. Do chuaidh
go dtí é annsoin is do ghearr an ceann de. Thug
Cúchulainn a cheann is a threallamh dá ara féin.



"Do chualaidh ulagón a máthar n-a ndiaidh, .i.
Neachta Scéne. Do thug (tugann) a dtreallamh as
soin is do thug na trí chinn leis i n-a charabad, agus
dubhairt: 'Ní stadfad dem' choscur, ar seisean,
'go dtí go sroisfad Eamhain Macha.'



Do thiomáineadar rompa as-san, agus an chreach
(coscur) aca. Dubhairt Cúchulainn leis an ara:
'Do thairgís deagh-chúrsa dúinn, arsa Cúchulainn,
'agus táimid in' easnamh anois chionn an treasa is
an iarraidh (tóir) atá n-ár ndiaidh." Do thiomáin-
eadar ar a n-aghaidh go Sliabh Fuaid. Bé luas na
réime (an chúrsa) thugadar thar Bréaghaibh ar ngríos-
ughadh an ara, go mbeireadh an eachra bhí fé'n gcarbad
ar an ngaoith is ar éanlaith ar luamainn (ag eitilt),
is go mbeiread Cúchulainn ar an urchar do chaitheadh
as a thailm sara shroiseadh talamh.



"Ar theacht go Sliabh Fuaid dóibh do fuaireadar
ann rompa tread os (fiadh allta). 'Caidé an
scuaine lúthmhar é siúd thall?' arsa Cúchulainn, 'Uis
allta,' ar san t-ara. 'Ciaca,' arsa Cúchulainn, 'a
b'fhearr le hUltaibh a marbh a breith chughtha nó a
mbeó?' 'Is iongantaighe a mbeó,' ar san t-ara
'chughtha. Ní gach éinne bhéaradh amhlaidh ortha. A marbh,


L. 526


amhthach, níl duine aca ná féadfadh a dhéanamh. Ní
féadfair-se a mbeó a bhreith leat,' ar san t-ara.
'Féadfad, go deimhin,' arsa Cúchulainn. "Tabhair
an tslat ar an eachraidh isteach san móin." Do
dhein an t-ara soin. Chuaidh an eachra i bhfastódh san
bportach annsoin. Do (leanadar den) mbogach. Do
thuirling Cúchulainn is do ghaibh an t-os ba ghiorra dho
is ba caoimhe dhíobh. Do lasc na capaill trasna an
bhogaigh is do sháruigh (an t-os) é láithreach. Do
cheangail é idir dá mhol (chuaille) an charbaid.



"Do chonncadar nidh eile arís rompa, ealta eala.
'Ciaca b'fhearr le hUltaibh a mbeó nó a marbh a
bhreith chughtha?' 'A mbeó seadh do tugann an chuid is
beodha agus is gasta (?) dhíobh? Do chaith Cúchulainn cloch
bheag leis na héanaibh is do bhuail ocht gcinnn díobh.
Do chaith arís cloch mhór is do bhuail dá chéan déag
díobh. Le haith-bhéim (do dhein) soin uile.

"'Bailigh na héin dúinn' arsa Cúchulainn le n-a
ara. 'Más mise a raghaidh (théidheann) dá dtabhairt'
ar seisean, 'léimfidh an damh (os) allta so ort-sa.
'Ní réidh dhem dul chughtha amh' ar san t-ara. Do
dásuigheadh ar an eachraidh is ní fhéadaim dul tharsta.
Ní fhéadaim dul thar éin-cheann de'n dá roth iarnaidhe
seo an charbaid mar gheall ar a bhfaobhar, is ní
fhéadaim dul thar an damh mar do líon (líonann) a
adharca (an áit) go leir idir dhá leath-chlaidhe an char-
baid.' 'Léim-se dá adharca' arsa Cúchulainn.
'Bheirim-se dar dhia Uladh, ar an gclaonadh do dhéan-
fad lem cheann is an tsúil (amharc) do dhéanfad air
ná hiompoghaidh a cheann is ná leomhfaidh corruidhe.
Do dheineadh amhlaidh annsoin. Do cheangail Cúchulainn
na sreanga is do bhailigh an t-ara na héin. Do
cheangail Cúchulainn na héin do théadaibh is d'iallaibh
an charbaid. Do chuaidh ar an gcuma soin go hEamhain
Macha - fiadh allta leathstiar dá charbad is ealta
eala leath-stuas de, is trí chinn istigh san gcarbad.



"Thángadar annsoin go hEamhain. 'Cairb theach
chughaibh ar san fear faire i nEamhain. 'Doirtfid
fuil gach duine dá bhfuil san lios muna mbeifar
aireach is muna raghaidh mná nochta chuige.' D'iom-
puigh seisean clár (taobh) clé a charbaid le hEamhain
is ba gheis (aithis) di soin. Agus dubhairt Cúchulainn.
"Bheirim-se dar dhia Uladh muna bhfáchtar fear chun
comhraic liom-sa go ndoirtfad fuil gach duine dá
bhfuil san ndún.' 'Mná nochta n-a chóir' arsa
Conchubhar. Tháinig bantracht Eamhna n-a chóir um
Mhughain, bean Chonchubhair Mhic Neasa is do nochtadar
a mbráighde dho. 'Sid iad na hóglaoich do thiocfaidh
romhat indiu 'arsa Mughain. D'fholuigh seisean
a ghnúis. Leis sin do rug laochra Eamhna
air is caitheadar i ndabhaigh fuar-uisce é. Do bhris
an dabhach soin timcheall air. An dara
dabhach i n-ar chaithe tháinig builgíní uirthi (.i.
fiuchadh) dá dheascaibh. An tríomhadh dabhach go
ndeaghaidh innti annsoin do théigh í go dtí gur mar a
cheile bhí a teas is a fuacht. Do tháinig aisti annsoin.
Do chuir an ríoghan .i. Mughain brat gorm uime is
dealg airgid ann is Léine húda. Agus do shuidh le
hais Chonchubhair, is b'é sin a ghnáth-suidheachán as
soin amach. An fear do dhein soin i n-a sheachtmhadh
bhliadhain, níor bh'iongnadh go mbrisfadh ar éag-
cómhlann is go gclaoidhfadh (dtráighfadh?) i gcomhlann
agus a seacht mbliadhna déag slánuighthe aige indiu,'
arsa Fhiacha Mac Firfhébhe."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services