Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Udhacht an Stiocaire.

Title
Udhacht an Stiocaire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 432


ÚDHACHT AN STIOCAIRE.



"TÍR-FHIACHRACH" DO SGRÍOBH.



Tá tamall gearr ó shin ann, bhí sgológ
shaidhbhir, darbh ainm Tadhg Ó Súilleabháin,
i n-a chomhnaidhe i bparáisde an Scrín i gCo.
Shligigh. Bhí a bhean caillte agus bhí sé taobh
le aon mhac amháin. Séamus a b'ainm
do'n mhac agus ní bréag nár bhuachaill árd-
aigeantach, lán-smaointeach, sgafánta,
sgolbánta a bhí ann. Bhí sé 'n-a bhall de
Chonnradh na Gaedhilge i n-a áit fhéin agus
chuireadh sé spéir mhór 'san nGaedhilg, i
stáir na hÉireann agus in gach nidh a bhain
le n-a thír dhúthchais. Bhí cuid mhaith Gaedhilge
aige cheana fhéin agus bhí fonn a bhfaca tú
ariamh air tuilleadh fhoghluim agus í labhairt
i gcomhnaidhe le 'chuile dhuine.



Ní raibh aon dul uaidh le neart agus le
cleasuigheacht mar an gcéadna. Bhí sé ar
na buachaillibh a b'fhearr 'un báire a
bhualadh agus i dteach an tsiamsa bheireadh
sé bárr feabhais ar na daoinibh óga eile
ins na damhsaibh Gaedhealacha. Ó thárla gur
Ghaedheal tír-ghrádhach a bhí ann ní raibh áird
ar bith aige ar na damhsaibh Gallda acht bhí
sé an-chlisde ar an bport, ar an gcor agus
ar an gcorn-phíopa. Bhí sé 'n-a cheoltóir
mhaith freisin agus bhí sé i n-ann fuinn
Ghaedhealacha a ghabhail go binn. Bhíodh sé ag
obair i n-am is i n-antráth ar chroidhe a dhíchill
le cúis na Gaedhilge a chur 'un tosaigh agus
le cuidiughadh leis na daoinibh eile a bhí ag
caitheamh a ndúthrachta le Éire Ghaedhealach
a chur i n-éifeacht. Bhí sé Gaedhealach gach
uile ordlach dhe ó'n gcnámh go dtí an smior
agus ó'n smior go dtí an smuasach,



Níor chosamhail chor ar bith e fhéin agus a
athair. Stiocaire suarach, sanntach, seang-
chroidheach a bhí 'san sean-fhear gan suim i
rud ar bith a bhain le n-a thír acht dúil an
diabhail mhóir aige 'san airgead a bhailiughadh
agus dúil nimhe 'san nGalldacht agus 'san tseoinín-
teacht. Ní raibh duine d'á chomharsanna a
thóigfeadh an t-aithinne d'á chois. Rachadh sé
go cruinniughadh anois agus aríst, bhuailfheadh sé
a bhosa agus bhéarfadh sé beagán airgid dá
mbéadh trácht ann ar na cíosanna a
laghdughadh acht níor lugha air an mac
mallachtain 'ná aon trácht ar náisiúntacht
nó tír-ghrádh nó rámais d'á leithéid sin.



"Ní féis ná riaghaltas faoi leith a
theastuigheas uainn," adeireadh sé go minic,
"acht bille maith talmhan agus lasgaine
'sa gcíos. Dá mbéadh sé sin againn níor
bheag liom-sa é."



Bhí sgaith Gaedhilge aige ó'n gcliabhán.
Fáisgeadh agus fuinneadh as an teangaidh
é acht ní raibh meas uisge na bhfataí aige


L. 433


uirthi agus dheamhan thumanta focal dí a
labhróchadh sé ar bhás an domhain. 'Sé an
Béarla a bhí ag seoiníní agus glincíní an
chonndae agus d'á bhíthin sin b'fhearr le
Tadhg go mór fada an Béarla briste a bhí
aige, agus a chuirfeadh déisdean ar do
chluais, 'ná an Ghaedhilg a raibh snas agus
slacht uirthi. Ba chuma leis Éire agus a
muinntir a bheith ar thóin na fairrge acht é
fhéin a theacht slán as agus a chuid airgid
aige.



Bhí dearbhráthair do Thadhg, ar bh'ainm dó
Cormac, 'n-a chomhnaidhe i n-aice le Inis
Eiscir Abhainn. Fuair Cormac agus a
bhean bás leis an bhfiabhras agus fágadh a
n-inghean Úna 'n-a dílleacht. Bhí a lán air-
gid ag lucht na mbancanna ar Chormac
agus díoladh a chuid talmhan leis na fiacha íoc.



Ní raibh dadaidh annsin ag an ngearr-
chailín bocht agus níor mhór do Thadhg í
thabhairt le comhnaidhe i dteach saige-sean.
Níor mhaith leis chor ar bith é seo a dhéanamh
ná (= óir) ba mhór leis an leanbh a chothughadh,
acht ní raibh aon árach aige air. Bhí náire
air roimh na comharsanna faoi n-a leigean
isteach 'un tighe na mbocht.



Ar dtús ba mhór leis an stiocaire greim
a béil do'n leanbh, acht léir (= do réir)
mar bhí sí ag dul ún aoise d'fhás sí 'n-a
cailín chomh ceanamhail cineálta caoin sin
agus nár bh'fhéidir le Tadhg gan báidh mhór
a bheith aige léithe. Ba mhaith an aghaidh uirthi
é ná thug sí togha na haire do'n tsean-
fhear crosda agus l'éis sgathaimh bhig ba
mheasa leis í 'ná duine ar bith eile ar
dhruim na talmhan.



Nuair a bhí sí i mborradh agus i mbláth a
hóige ní raibh cailín ní ba deise le feiceál
sa gconndae, agus ní mór an t-iongnadh
gur thug Séamus grádh ní ba mhó dhí 'ná mar
bhéarfadh sé mar gheall ar í bheith 'n-a col-
ceathair dhó.



Ar bheith i gcruf (= cruth) a pósta do'n
chailín chuir Séamus i n-umhail dí gur mhian
leis í bheith mar chéile aige acht thug sí
eiteach go séimh dhó, 'ghá ráidht (= rádh) leis
nár mhaith léithe pósadh mar gheall ar a
hóige.



Tamall beag l'éis sin d'éirigh achrann
agus imreas eadar Séamus agus a athair.
Ní raibh an sean-fhear sásta faoi rádh is go
mbíodh a chuid airgid, dar leis, d'á chaitheamh
amudha ag a mhac ar leabhraibh Gaedhealacha
agus ar Chonnradh na Gaedhilge i n-áit
bheith d'á chárnadh suas aige mar bhíodh sé
aige fhéin. B'fhearr leis go mór fada,
adeireadh sé, an t-airgead a theilgean
síos 'sa gComhra Donn 'ná a chaitheamh ar
rudaí seafóideacha mar iad siúd.



Faoi dheireadh thiar thall d'éirigh troid
mhór eatorra. Lá d'á raibh an t-athair ar
aonach Charraic an Chait is cosamhail gur ól
sé braoinín uisge beathadh agus bhí sé rud
beag ar an asal ag teacht a bhaile dhó.
Nuair do bhuail sé isteach i na theach fhéin
is amhlaidh bhí Séamus agus é ag léigheadh
"An Chlaidhimh Soluis" cois na teineadh. Ar
fheiceál an pháipéir Ghaedhealaigh do'n athair
thainic buile agus tadhad air. Sgiob sé an
páipéar as láimh a mhic agus stróic sé 'n-a
stiallacha é. Thug sé droch-aoidiughadh ar
an mbuachaill bocht agus dubhairt go
raibh sé d'a sgrios agus d'a chreachadh ó
theach agus ó theinidh aige leis an rámáis agus
leis an tseafóid a bhíodh ar siubhal aige.
Bhí uingne a lámh i riocht ordóga a chos a
stialladh ó chéile le teann cúthaigh agus
feirge.



(Ní críoch).



TÍR-FHIACHRACH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services