RÍ NA gCAT AGUS AN CAT CRÓDHA.
(Ar Leanmhaint).
Tá na daoine go léir an-dheaslámhach ann.
Bhíos ag gabháilt tré pháircín agus chonnac
fear ag déanamh stáca uisce agus i n-áit eile
chonnac triúr ag déanamh súgáin de'n
ghaoith! Chonnac scata eile aca ag iomáint
agus an dtomhaisfeadh sibh cé an saghas
liathróide agus camán a bhí aca? Mhuise ní
thomhaisfeadh sibh dhá mbeadh sibh ag gabháilt
do go Lá an Luain. Bhí dubháin mar chamáin
aca agus fraochán mar liathróid!
Tá saghas éigin beithidheach ann ar a
nglaodhtar "Seóiníní" agus is aisteach ar fad
na rudaí iad. Dá gcuirfinn síos ortha dhíbh
do bhreacfainn míle páipéar ar fad, acht
caithfidh sibh bheith sásta le beagáinín. Tá's
agaibh ná fuilim go gasta chum grafaidheachta
dhá shaghas soin agus tá's agam féin leis é.
An bhfeacabhair riamh Seóinín? Ar ndóigh
ní fhaca sibh mar bhfuil fhios agaibh 'dé'n
chúis. Tá's agam-sa é. Ruidín fíor-bheag
an-fhoirbhthe is eadh é agus ní bhfuightheá é fheiscint
mura mbeadh gloiní-méaduighthe agat. Ar
ndóigh b'ait liom-sa ar dtúis caidé an
sórt ainmhidhe é agus sé an chéad rud do
scairteas amach ar a fheiscint dom ná,
"O! a leithéid de shíothbhra!"
Ná tuigidh uaim go bhfuil daoine an
oileáin ar fad chomh beag soin. Ambasa
ní'lid. Is dóigh nach gádh dhom a rádh go
mbíonn na préacháin ag imirt ar na feirm-
eoirí nuair bhíonn an t-arbhar gearrtha aca
san bhfóghmhar. Chonnac fear aca-so lá ag
baint choirce. Bhí sluagh préachán ar an
sraith na 'dhiaidh chomh mór le sluagh Mhurchaidh.
Bhí sé cráidhte ciapaithe aca agus chum
barra chur ar gach mí-ádh, ní raibh oiread is
aon chloch amháin sa' pháirc dhá dtabhrfaidhe
an méid óir a bhí ag Seaghán Déamair air.
Tomhais cad do dhein sé. Mhuise ní dhéanfá
dhá mbeitheá ag gabháilt dó nó go gcaithfeá
t'fhiacla. Rug sé de ghreim choise ar cheann
de na haindiseóirí mí-adhbharacha so, agus chaith
sé leis na préacháin é! Ní bheidh uireasbha
chloch ar an bhfear soin nó go mbeidh uireasbha
Seóiníní air.
Nuair a bhíonn asail ag dul thar claidhe
chum foghail a
dhéanamh ar ghar-
radha beireann
na fir mhóra
ceilméartha ar
na síothbhraí seo
agus caithid leó iad.
Gaedhil a ghlaodh-
tar ar na fir
mhóra so.
Tá na Seóiníní
seo cráidhte ag
na Gaedhil.
Chualas go rabha-
dar i gceannas
an oileáin tá
scathamh ó shoin
acht d'éirigh na
Gaedhil agus seo ag
gabháilt ortha iad
gan truagh gan
taise. Is le
cainnt a dhéanadh
na Seóiníní comh-
rac acht is le
bataí a dhéanadh na Gaedhil é. Is fuiris
dul chum cainnte leó anois, agus is ag dul i
laigeacht atáid ó lá go lá.
Bhuaileas amach lá breagh gréine agus tomhais
cad a chonnac ceann aca so á dhéanamh.
Ag foghluim Gaedhilge as na "Ceachta
Beaga!" Bhí an oiread allais ag tuitim
dá ghruadhanna is chasfadh muileann.
Dubhairt sé liom go raibh eagla a anma air
roimh na Gaedhil seo agus mura mbeadh a
cheacht aige i gcóir na hoidhche go ndéan-
faidhe é thachtadh.
Raghad fé dhuit gur fuiris dul chum
cainte leó. Bíonn grog ortha so ag im-
theacht ar nós capaill lá fuair geimhridh ná
fuigheadh greim le n-ithe ar feadh seacht-
mhaine agus ní beadh órlach de na cosa fútha a
choimeádfadh 'n-a seasamh iad. Bíonn gach
éinne ag gabháilt dóibh. Is iomdha asal do
thug speach dóibh le meas ortha. Is iomdha
sean-chailleach, gadhar-sceamhníneach agus cath-
chruaidh-scríbeach do chuir fáilte rompa 'n-a
tigh le smután giumhaise. Is iomdha coileán
madra bóthair bhain greim as a luirgní le
gean ortha. Taid go léir ag foghluim na
Gaedhilge le déidheannaighe - go deimhin is
maith an obair dóibh é mar stracfaidhe idir
chorp is anam iad. Ní misde a rádh ná go
bhfuil na Seóiníní curtha dá réim agus más
maith é is mithid é. Nuair bhíonn ceann aca
ag gabháilt thar na Gaedhil sgairtid amach
"is diail an beithidheach é." Nuair airgheann
an fear eile é sin ritheann sé ar éigin, á
mbadh is go mbeadh paca gadhar 'na dhiaid.
Sin í a theist agaibh anois. Is mithid dom
críoch a chur ar mo scéal, mar ceapaim go
bhfuil sibh ag éirghe cortha dhíom, agus, as ndóigh,
ní hiongnadh é sin ag éisteacht lem' chuid
sceamhuigheala.
AN MADRA MAOL.
An "Cún" ar a thoil féin.
Ag freagairt do chúrsaí na haimsire.
AN MADRA MAOL.
"Ní bhíonn a fhios ag éinne cad é luach an uisge nó
go dtéidheann an tobar i ndísc" ars an sean-fhocal.
Sin é díreach ár ndála-na indiu.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11