Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mangaire na Té.

Title
Mangaire na Té.
Author(s)
Ó Deasmhumhna, Conchubhar,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MANGAIRE NA TÉ.



Bail ó Dhia annso isteach. An bhfuileann
tú go láidir, a bhean an tighe?



Is díreach san na'fuileann tú acht cuímh-
easach! Agus dar ndóigh ní locht san ort,
mar tá muíntir na paróiste seo, go
bhféachaidh Dia orainn! curtha go dtí mig
an bháis ó bheith ag ól drabhuigheal té ó
cheann ceann na bliadhna. Mar is nimh do'n
chionadh daondha droch-thé. Pollann sí a
n-aodhanna, snuigheann sí a n-innighe, lobh-
ann sí a n-ionathar, suathann sí a n-inichinn agus
deineann sí a gcuid fola chomh tanaidhe le
huisge sneachtaidh - agus is é easnamh a gcuid
fola nádúrtha fé ndeár na bhfáibirí a
chíonn tú ar éadannaibh óige na paróiste
seo.



An dtugann tú fé ndeara, a bhean an
tighe, an lán atá fé dhochtúirí agus fé
phoitigéaraidhthe na sráide seo thíos? Féach
nách fios cioca aca is mó do cheithearnach.
Sin iad a mná agus a gclann líonta suas do
chalaíbh, agus siogairlíní óir ar sileadh leó agus
iad ag gluaiseacht thort gach lá ag ramh-
arac ar chóistíbh órnáideacha - agus ná
féachfidís do thaobh a súl ar na créatúirí
faidhb-anósacha mothaolacha a bhíonn ag
obair ar bhior a gcínn dóibh ó Luan go
Satharan. Á! ní'l dabhat ná gur maith na
rúnaidhthe, mná agus clann na ndochtúirí agus na
bpoitigéaraidhthe. Féach gur fada go
sgeinnfeadh sé ó dhuine aca innsint do
chréatúir bhocht ná beadh snamh na beatha air
ó uireasbaidh sláinte gur dróch-thé a bhí tar
éis é chuir sa chás san. Mar, mo chráidh-
teacht! is maith atá fhios aca dá leogfaidís
an rún san idir na daoine go raibh deir-
eadh curtha aca le n-a suairceas féin, agus
go bhfeicfidhe féar glas agus cúnlach ag fás
ag á ndóirsibh sar a ngabhadh duine chúcha
isteach 'n-a dtighthibh ar lorg leighis dá
ghearán ná do ghearán éinne ba leis ag
baile.



Fan leat go fóil, ámhthach, go bhfeicfidh tú
mise ag tabhairt gaoth dhá dtrácht, mar tá
té shóghmhail chúmhrtha annso im' bhosca agam
a riaróghad 'n-a púntaibh i measg gach lín-
tighe sa pharóiste seo. Tá biadh agus deoch
innti. Tá leigheas na mílte gearáin agus
galair innti. Is é Tadhg uasal Ó Réaghal-
aigh go bhfuil a thigh suas lem' thigh-se thíos i
nDún na Sméar a thug leis sa chathair sin,
ó Gháirdín na Deagh-Sláinte i Hong-Cong,
lán luinge dhi.



Do bhíos féin an tráth san sínte go tréith
i leabaidh an bháis, agus pairithis agus ruití fuachta
ag rith síos agus suas tríom' bhallaibh beatha.
Óú! nuair chuímhnighim air critheann mo
chuid fola le fionaightheacht, mar do bhí
fachailí an bháis im' shúilibh agus mé tar éis
caogad púnt a chaitheamh le cómhairliacha agus
le leighiseanna dhochtúirí agus phoitigéaraidhthe
agus an lá shrois long Thaidhg cuan Dhún na
Sméar do bhíos tabhartha suas chun éaga ag
liaga na cathrach.



Do ghluais ráfla mo dhroch-sgéil ó bhéal
go béal, agus bhailigh mo cháirde go léir fém'
ghéin chun go bhfágfainn mo bheannacht im'
dhiaidh aca. "Sgaoilidh mise chuige," arsa
Tadhg uasal, ag preabadh isteach sa
tseomra chugham agus cupa té 'n-a láimh aige.
Thug sé an té dham le hól'agus ní túisge a
bhí an cupa san diúgtha agam ná bhraitheas
go raibh sgiatháin ag teacht ar mo chroidhe,
d'imthigh na fachailí dhom' shúilibh, agus fé'n
oidhche do bhíos ag siubhal na sráide - agus féach,
a bhean an tighe, gur ceilméartha an fear i
ndiu mé, mar ní'l lá ó shoin ná go n-ólaim
chúig chupa dhi.



Seadh, a bhean a tighe, ní ceall dam bheith
ag meilth lae gairid geimhridh ort, agus orm


L. 393


féin chómh maith leat, ag trácht thar mhaith-
easaí na té seo, mar is mó an rún a
gheóbhthá ar a tréithe ó aon chupa amháin di
ólfá 'ná dá mbeinn-se ag sgrúdúchán duit
ar a mór-mhaitheasaí as so go Meitheamh an
tsamhraidh. Seo dhuit púnt di, agus, cé gur
fiú sabhran buidhe óir é, ní éileóghad 'n-a
dhiaidh ort acht aon leath-choróinn amháin.



Táim ró-dhaor uirthe? Faghann tú sa
tsráid seo thíos í i bhfad níosa shaoire? Á!
sin í an té atá ag déanamh torcalaigh do
dhochtúirí agus do phoitigéaraidhthe na gceann-
tar so. Is beag an iongnadh liom-sa go
bhfuil cleaspaí buidhe ar a ndóirsibh, agus
péarlaí óir agus clocha buadha ag sinni-chrith agus
ag gliogarnaigh i gcluasaibh a mban, mar
atá té dhreóidhte fhásann i ndúthaí mío-
fholláine na gciardhubhán agaibh-se, fóríor!
'ghá úsáid - agus an té sin, nídh nách iongnadh,
ag tarrac na ndaoine isteach chun gach uile
shaghas droch-shláinte. Bheadh Clanna Mílidh
le chéile sladaithe gan moill aici, agus féach
gur fada go gcuirfeadh dochtúirí ná poiti-
géaraidhthe do bháth ortha bheith dhá húsáid.
Tá Tadhg uasal Ó Réaghalaigh dhá mbaint
féin anois dá bprapaireacht, ámh - agus beidh
long eile do'n té seo tabhartha aige leis go
Dún na Sméar fé sheachtmhain ó'n lá so.
Tóg uaim an púnt so. Úsáid leat í - agus
annsain is eadh chídhfidh tú féin nách ag léis-
piorthuigheal ná ag moladh na duibheachta
leat 'n-a taobh atáim, mar nuair bheir
dhá hól is eadh aithneóghair nách féidir a
fearta a chuir i gcéill i gceart le caint.



Ní bhacfair léi i ndiu? Ní'l aon tsóin-
seáil oireamhnach agat? Het, a bhean. Ná
cuireadh gan airgead a bheith agat aon
chora-bhuais ort i dtaobh deileáil liom-sa,
mar dá mbeadh a raibh d'airgead taiscithe
i dtrúncaibh Sheagháin Déamair i gCnoc na
Srón agat id' sheilbh, ní ghlacfainn uait
oiread is feóirlinn de, chum go ngabhad an
treó so arís.



Tá an donas orm chun tathaint? Tóg-
fair í chun go mbainfidh tú triail aisti?
Sin é tá uaim, tú dhá triail - mar annsain
is é is fada leat go bhfeicfir mise ag
teacht chughat arís le fala-dhúda eile dhi.



'Seadh, tabhair dam t'ainm anois, led'
thoil, agus sgaoil chun bóthair mé. Tá go
maith: Peig - Ní - Cháinte.



TAGRA.



Do bháth, as a prohibition or injunction. Calaíbh,
fine costly things in the way of dress. Cómhairliacha,
advices. Ceilméartha, robust. Ceall, necessity.
Ceithearnach, a big person, a half-sir. Ciardhubhán,
a negro. Cleaspaí, clasps, brass plates. Cora-bhuais,
concern, uneasiness. Dreóidhte, half-rotten, stale,
Fáibirí, wrinkles. Faidhbh-anósacha, of sickly appear-
ance, delicate looking in features. Fionaidhtheacht,
horror, scannradh. Fachailí, scales. Fala-dhúda, a
bundle, a parcel. Fearta, virtues. (Ag) gliogar-
naig, tinkling. Innighe, putóga. Lán, grandeur; im-
theacht i gcóistí, agus ar eachraí, agus ag caitheamh
airgid. Lín-tighe, household. Liaga, doctors. (Ag)
léispiorthuigheal = ag bladar, deceiving, trying to
put a good face on a thing. Tá sé i mig an
bháis, at the point of death. (Meidh?) Moth-
aolacha, simple, innocent. (Ag) moladh na duibh-
eachta leat = ag bualadh an dubh 'n-a gheal ort.
Pairithis, tremors, tremblings, shiverings. Da mbaint.
… bprapaireacht, taking the wind out of their
sails, cooling them, bringing them down. (Ag)
samharac, sitting back, rolling in carriages. Is mó an
rún a gheobhthá = is mó an cruinn-eólas. Rúnaidhthe,
confidants, keepers of secrets. Ruití fuachta, cold
shivers. Siogairlíní, pendants. Gan snamh na beatha,
gan feóil a bheith ar chnámha dhuine agus féachaint droch-
sláinteach air. Sgrúdúchán, explaining, expatiating
on. (Ag) sinni-chrith, shaky and rickety. Trácht,
custom, professional practice. Torcalaigh, daoine
saidhbhre; tá sé ana-thorcalach, he is very rich.



CONCHUBHAR Ó DEASMHUMHNA.



Ní hé lá na gaoithe la na scolb.



Tabhair-se sin damh-sa, agus bí féin it' óinseach.



Is fearr cóir 'ná dul chum dlighe.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services