AN DLÍGHEADÓIR CLISTE.
Bhí fear n-a chomhnuidhe i n-aice Chnoc an
Earbaill cois Laoi sa tsean-aimsir, agus lá
áirithe do chuaidh sé go dtí aonach ag díol
muc. Ní raibh sé abhfad ag feitheamh nuair
thánaig ceannuightheóir chuige, agus do dhein-
eadar margadh láithreach le n-a chéile, agus
cheannuigh sé na muca, agus thug sé dhó
sgilling chum an margadh do ghreamughadh.
Dubhairt sé leis fanamhaint mar a raibh sé
go ceann tamaill chum go dtiocfadh sé
féin thar n-ais chuige, agus go dtabharfadh sé
féin thar n-ais chuige, agus go dtabharfadh sé
dhó fiacha na muc. Annsoin d'imthigh sé
leis, agus ní raibh acht a dhrom iompuighthe aige
uaidh ar éigin, nuair tháinic ceannuightheóir
eile an tslighe. Chuir sé a shúil ar na muca,
agus thairg sé níos mó airgead do ortha
láithreach; agus, má thairg, do fuair, agus do
thóg sé leis iad. I gcionn suim nóimite
'n-a dhiaidh soin, tháinig an chéad cheannuigh-
theóir chum an áit gur fhág sé an fear;
acht, má thánaig, ní raibh sé ann. D'fhéach sé
mórdtimcheall air 'féachaint cá raibh sé, agus
is amhlaidh do fuair sé amharc air ag
éalughadh leis féin amach as an bpáirc. Do
sháruigh sé é gan mhoill, agus d'fhiafruigh sé dhe
cá raibh na muca. Dubhairt an fear leis
gur dhíol sé iad ar níos mó airgid; "agus,
a bhitheamhnaigh," ars' eisean, "is mór an
iongnadh nár chreachaís mé."
"Níor cheart duit soin do dhéanamh," ar
san ceannuightheóir. Ba liom-sa na muca.
Tá droich-bheart déanta agat agus íocfair
as, mar cuirfead-sa an dlighe ort, agus béidh
siad daor go leór ar ball ort."
Chomh maith choingibh sé a fhocal agus do
sheirbheáil sé an fear go dtí an chuirt. Ní
raibh an fear leisceamhail chum dul 'n-a
choinnibh dá chosnamh féin; agus siúd go dtí
fear dlighe é go raibh cáil mhór air, agus d'iarr
sé air a chúis do phléidhe dhó. Do mhínigh sé
a chás do go cruinn fé mar thuit sé amach.
Dubhairt an dligheadóir leis go raibh droich-
chúis aindheis aige, agus ná raibh acht éin-tslighe
amháin aige chum teacht as.
"Cad é an tslighe é sin, led' thoil mhac-
ánta?" ars an fear.
"'Neósad-sa dhuit é," ar san dlighead-
óir. "Glac mo chomhairle-se agus béarfair
buadh leat. Nuair a ghlaodhfar t'ainm sa
chúirt, tabharfaidh an cléireach an leabhar
duit, agus déarfaidh sé leat an fhírinne
d'innsint; leag fead asat, f-i-ú, le
gach aon cheist do chuirfidh sé chugat, agus le
gach éinne eile do bheidh id' cheistiúchán chomh
maith, agus beidh siad go léir - idir bhreitheamh
agus choiste - lán-deimhnitheach go bhfuilir glan
as do mheabhair."
"Glacfad do chomhairle," ar san fear,
"agus fágfad an chuid eile de'n scéal
fút-sa."
Do tháinig lá na tseisióna agus do
glaodhadh an chúis. Do dhein an ceannuigh-
theóir a ghearán go truaigh-mhéileach leis an
mbreitheamh agus an coiste. Do glaodhadh ar
mo rábaire fir chomh maith, féach cad do bhí
le rádh aige.
"Cad is ainm duit?" ars' an cléireach
leis.
"F-i-ú-ú!" ar seisean, ag leogaint
fead as.
D'iarr sé air é an tarna huair, acht b'é
an scéal céadna é.
Annsoin do labhair an breitheamh leis, agus
d'fhiafruigh sé dhe cad 'n-a thaobh ná raibh sé
ag tabhairt freagra ar an gcléireach.
"F-i-ú-ú!" ar seisean, ag leogaint
fead eile as.
D'iompuigh an breitheamh annsoin ar an
ndligheadóir, agus é lán d'éad agus d'fheirg, agus
d'fhiafruigh sé dhe cad é an saghas duine é
seo go raibh sé ag pléidhe dhó.
"Ó!" ar san dilgheadóir, "fear gan
chiall gan éifeacht is eadh é, agus ní ceart
bheith milleánach air i dtaobh an bheart atá
imirthe aige."
Ní raibh a thuilleadh ins an scéal, agus do
caitheadh amach an chúis. Do bhí áthas mór
ar an bhfear tar éis teacht saor ó'n
ndlighe, nídh nár bh'iongnadh, agus ar an ndligh-
eadóir chomh maith.
Annsoin do bhagair an dligheaóir air i
leath-taoibh chum a pháidh d'fhagháil uaidh do
bhí tuillte go maith aige, agus dubhairt sé
leis:
"Do dheineamair ár ngnó go bunudhasach
tuigsionnach, agus ní bhead dian ort. Tabhair
dham dhá phúnt, má's é do thoil é."
"Dhá phúnt, an eadh?" ar san fear, ag
tabhairt droich-fhéachaint fá n-a mhalaíbh air,
agus ar an am gcéadna ag leogaint
"F-i-ú-ú-ú-ú" as.
Siúd chum bóthair gan a thuilleadh cuir ná
cúiteamh an dligheadóir go neamh-shásta agus
go bréan de féin tar éis an fear do
ghabháil air le n-a bhaitín féin, mar bhí a fhios
aige go maith ná féadfadh sé éan-tsásamh
d'fhagháil uaidh 'n-a thaobh. Acht d'iompuigh
sé ar a shálaibh air, agus dubhairt go feargach:
"B'fhéidir go dtiocfadh anuraidh arís."
SEAGHÁN Ó MHUIMHNEACHÁIN.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11