Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuanta Trí Cúigeadh.

Title
Cuanta Trí Cúigeadh.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CUANTA TRÍ gCÚIGEADH.



Seo dhíbh, a cháirde, cuanta na h-Éireann
ó Bhinn Éadair i n-íochtar sean-Laighean go
Druim Cliabh i bhfíor-íochtar Chonnacht, ag
gluaiseacht ar deiseal, acht amháin na trí
hinbheara úd i dTonn Tóime atá thíos ar
tuathal agus, b'fhéidir, trí cuanta eile i dTír
Fhiachrach Aidhne d'fhéadfadh bheith 'sa treó
chéadna. Is mór an áireamh í, go deimhin,
agus go bhfuil beagnach ceithre fichid ainm
innti. Tá dhá ainm nach mór ar gach aon
áit, mar atá, an tsean-ainm, .i. an chéad
ainm, agus an nua-ainm, .i. an ath-ainm. Ní
hi n-aghaidh sean-ainme atá gach aon ath-
ainm, ámh, mar, an té chuardóchadh go
mion do gheobhadh sé amach uaireanta gur
ar áit eile i n-aice na céad áite atá sé agus
gurab uime do sáitheadh isteach é chum dá
ainm a chur os comhair súl an léightheóra.
Ní gábhadh acht Inbhear Breagh agus Bearna
Gaoithe d'ainmniughadh mar shompla air sin.



Badh cheart go gcuirfeadh an áireamh so
iongnadh ar dhuine, dá eólgasaighe é. An
cuan (nó an t-iolchuan) is mó agus is fearr,
is deise agus is áidhbhseamhla d'á bhfuil i n-Éirinn,
ní fheadar dhe'n domhan bhraonach cad fá
ndear do'n sgríbhneóir gan é chur uirthi,
mar badh cheart agus badh chóir.



Is mó 'ná sain is iongnadh liom ó'n sgríbh-
neóir an oiread sain modha agus onóra thabhairt
d'Áth Cliath na mallacht agus na nDanar ar
ar bhaist fear éigin aonair, agus ní le grádh é,
"Baile i bhfad síos," cé nach síos a luigheas
sé i n-aon chor, do réir mo thuairime-se
acht é i lár boill os comhair na háirde
anoir, mar a mbíonn éirghe na gréine gile.
Acht ní hé sin a dheireadh dhúinn, fóiríor.
Ní hé amháin go bhfuil Áth cliath 'sa sgéal,
acht bailte atá na mílte níos sia síos 'ná
Baile Átha Cliath, mar atá, Binn Éadair agus
Sligeach, tá siad ar an áireamh leis!



Is mór an seód í cuid Chúige Laighean agus
a rádh go bhfuil a sé déag d'ainmneachaibh
áite ar fághail as agus iad go léir ag baint
le Laighnibh. Na Laighnigh bhochta! Ba mhór
le rádh iad, lá d'á raibh. Is calma sheasadar
i mbearnain an bhaoghail le linn Sibéile
bheith i gceannas Shasana agus fós i n-aimsir
an Éirghe Amach a bhí ar siubhal i Nochaid a
hOcht. Do theip ortha agus mar bharr ar
gach donas, ó's iad ba ghiorra do phríomh-
shuidhe na nGall, do chailleadar a dteanga
dúthchais. Acht ní hionghabhála a leithsgéal
mar, dá leanaidís de'n chaint aigeanta bhí
aca - agus cá bhfuil an té adéarfadh nach raibh
sé ar gcumas dóibh leanamhaint di, dá mb'
áil leo é? - ní bheithidhe anois ag magadh
fútha ná ag trácht ar a "dtseannggaidh"
.i. sadhas éigin úrlabhra allta chuireas fearg
ar chluais sgoláire "nach bhfuilim do luadh,"
nídh nach iongnadh. "Is buidhe le bocht a
bhfaghann," arsa an seanfhocal, sin é go
fáithchiallach, pé rud a shoillsigheas dinn-
seanchas Laighean, gur ceart dúinn céad
fáilte chur roimhe indiu, an mhéid nach féidir
é fhághail ó bhéalaibh binne Gaedhilgeoirí.



Támaoid réidh le cuid Chúige Laighean
anois, buidheachas le Dia. Tá breis agus a dhá
oiread léi i gCúige Mumhan .i. ceithre cinn
déag ar fhichid d'ainmneachaibh áite. Níor
dheacair dam a bhfurmhór d'aimsiughadh, acht
is beag é mo shásamh ar cuid Chontae
Chorcaighe, mar, tar éis mo dhíchill, is
éideimhin do fágadh roinn díobh fós, fóiríor.



An chuid déidheanach anois, .i. cuid Chúige
Chonnacht. Maidir leó so, tá sé ainm
fichead áirimhthe 'sa sgríbhinn, agus samhluighthear
dam go raibh eólas cruinn, agus, dá ndéar-


L. 363


fainn, min-eólas, ag an sgríbhneoir ar
Tír Fhiachrach Aidhne agus a rádh, na hainmneacha
atá thíos aige gur ar ghóilíníbh nó chrom-
páiníníbh an-chaola ar fad atáid siad,
má's ceart a ráinig liom iad d'aimsiughadh.
Ní fhágann soin, ámh, nach i gCúige Mumhan
a sgríobhadh an leabhar láimhe úd dara'
comhainm, nó leasainm ó cheart, Egerton
149.



Tá eagla orm, le linn na cainte seo,
gur thugas faillighe 'san rud gur cheart
dam trácht air i bhfad ó shoin. Sin é gur
sliocht Cath Finntrága do chuir Cúnó
Meidher i n-eagar an méid seo 'nar ndiaidh,
agus beachtaigheacht agam-sa d'á baint as, an
mhéid ab' fhéidir liom é. Pé duine gur
maith leis é léigheadh gan mo phiobar-sa
beith ann i n-aon chor, faghadh sé cóib de
"Anecdota Oxoniensia, Texts, Documents
and Extracts, chiefly from the Bodleian
and other Oxford Libraries, Mediaeval and
Modern Series, Vol. I., Part IV., Cath
Finntrága, edited by Kuno Meyer: Oxford,
at the Clarendon Press, 1885," agus buaileadh
sé a lámh go haicillidhe agus go hathchomair ar
"Variants from Egerton 149," fá mar a
gheobhaidh sé ar leathanaigh 59 agus 60 é. Sin
é a lán-dearbhadh uaim-se nach mise cheap, ná
fuil agam-sa acht mar a fuaras, ná fuaras
acht mar a clóbhuaileadh, agus rl, agus rl. Pé
athrughadh do chuireas ann, mar sh., "Tobair"
i n-ionad "Tobuir," níor bhfiú biorán agus é.
Mar sin féin, tá sórd eagair air, .i.
ceartughadh púncanna, agus "[agus]" i n-aon áit
amháin.



Ar shon gur leamh an gnó dham é, ní
bhfaghainn óm' chúthaltas gan rud éigin do
chur síos annso i ndán. Is dócha gur



"Mór báis, mór buile,
Mór coll céille, mór mire"



damh-sa bheith ag gabháil d'á leithéid, acht seo
dhíbh é ar aon-chuma : -



Ag muintir Laighean ní mhair -
Is fíor dam, ar fear aonair -
An ní labhraim - ní nár libh -:
Canmhain ar lár ag Laighnibh.



'San taoibh aniar, mar tá aniú,
I gConnachtaibh trá, adchiú:
Ionann é is eólaidhe siúil,
An té dob' eólaighe aird-iúil.



Cuan darab tús coll go n-oir,
Airm i dtáim, ar fear aonair -:
An bheart bhaoth! - nach fiú a luadh?
Nach ceart an t-iúl an t-iolchuan?



Fer óenair asbert beos: -



Baile ittáu fommchain lóid luin
Fommchain bélre binn nád cél,
Fommchain céol, fommchain trírech,
Fommchain sírecht - binn cech bél!



Is binne liom beól ceólmhar is múinte meall,
Gach siolla go beó seólta i n-ughaim 's i n-am,
'Ná briotacht an bheóil leónta, cé dubhairt liom
dream
Gur codladh 's gur ceó treórach ba thrúig di treall.



Glúass nó tagra.



Ní mhair .i. ní mhaireann. An ní labhraim .i. a
ndeirim, a labhraim. Canmhain .i. canamhaint, na
focail do thabhairt i gceart. Aniú .i. indiú. Trá .i.
'seadh, maiseadh. Adchiú .i. chím. Eólaidhe siúil .i.
mairnéalach. Aird-iúl .i. réim dhíreach, cúrsa cruinn
(nó eólas áite?). Coll go n-oir .i. coll agus oir (Co).
Airm i dtáim .i. áit i bhfuilim. Iúl .i. réim, cúrsa.



Bale ittáu .i. áit i bhfuilim, mar a bhfuilim.
Fommchain .i. bíonn ag ceileabhar (déanamh ceóil)
dam. Lóid .i. laoidh. Bélre .i. caint, teanga. Nád
cél .i. ná ceilfead. Trírech .i. ceileabhar, ceól.
Sírecht .i. ceól binn; is dóigh liom gur "sírechtae"
an ceart, acht cmh. it chin = it chinaid, agus rl. Cech
.i. gach. Meall .i. aoibhinn, álainn. I n-ughaim .i.
gléasta i gceart. Trúig .i. tucait .i. cúis, fáth.
Treall .i. seal.



Dálta Fhinn Mhic Cumhaill, ag snámh i Loch
na Caillighe Béarra dhó, thugas iarracht faoi
"fó chúig." Tá caint fir aonair an-chruaidh,
nídh nach locht air, ámh, agus é ina árd-sgoláire.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services