Gléas dó = C. Oisín do sholáthruigh.
Tá réiltean leanabhach cois sléibhe leastuaidh Bhfuil
rós agus gile go hárd 'n-a gruaidh. Tá a píp mar an eala 'gus í'g
trácht chum chuain. 'S is binne guth a béil ná an chláirseach (bhuan)
'Sé mo léan gan mé agus í. I ngleanntaibh sléibhe nó ar
taobh chnuic fraoigh. Mar ar bhfonn liom cluiche nó stródh beag d'imirt le
báb na finne dhá dtéidheadh siúd linn.
II.
Sí an mhaighdean leanbaidhe ghrádhas ar dtúis;
Go deimhin is leat-sa mé a ghráidh agus a rúin.
Nuair a bhím-se ag creathartaíl agus an bás os mo chionn
O ariú ná tréig mé acht éaluigh liom.
Ná léig chum fáin mé ar nós chách eil' ar siubhal
Agus nách aoibhinn an lá go mbeinn agus tú
A rúin tá ar mearaidhe léig liom t'aistí
Go n-éalóghaidh an cailín mánla liom.
III.
Leig-se feasta d'bhur ráidhte baoth'
Go bhfuighead fios t'ainme a stáid-bhean tséimh
An tú Juno nó Pallas dob' aoirde léigheann
An t-ubhall 'nar caitheadh na ráidhdte ón spéir
An tú Helen mhaiseamhail dob' áilne snódh
A shéideadh scamaill draoidheachta is ceóidh
Nó Déirdre gur cailleadh na céadta dá deascaibh.
D'fhúig tréith-lag marbh Tailc tréan Mac Treóin.
Nóta: Baineann ceól an amhráin thuas leis an chéad dréimire Gaedhealach, sé sin, "dó". O Dhomhnall
Ó hÉilidheis eadh fuaras é.
Oisín.
Is é Séamus O Muirgheasa do sholáthruigh na focail dúinn. - F. an I.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11