Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuilteanna Gaedhealacha.

Title
Cuilteanna Gaedhealacha.
Author(s)
Ní Áilgheasa, Maighréad,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CUILTEANNA GAEDHEALACHA.



Do thug Domhnall Ó hUallacháin cunntas
cruinn díbh, tá cúpla mí ó shoin ann,
ar an tslighe n-a ndéintear bréid agus
plainín ó olainn na gcaorach. Tabharfad-
sa iarracht anois ar chunntas a thabhairt díbh
ar cionnus a dhéineann na mná cuilteanna
de'n phlainín i gcóir ár leabthacha.



Déineann cuid aca an plainín bán a
dhathughadh sa bhaile - pé dath gur mhaith leó
bheith ar an gcuilt - agus cuireann cuid
eile aca é 'á dhathughadh go dtí tigh dathugh-
cháin. Ní fhaca-sa riamh im' paróiste
dúthchais féin Uíbh Laoghaire acht trí sóirt
datha ar na cuilteanna Gaedhealacha so;
dearg, buidhe agus dubh-ghorm; acht bhí mná ó
Chúige Chonnacht dá innsint dam go
ndéinidís féin cuiltenna go mbíodh gach
re stríoc dearg agus dubh ortha, agus cuid
eile aca go mbíodh gach re stríoc dearg is
uaithne ortha; gach stríoc timcheall a seacht
nó a hocht d'órdlaighe ar leithead.



Nuair do bhíonn an plainín dathuighthe,
gearrtar trí leitheid de pé fhaid d'fhágtar
an chuilt, agus fuaidhtear na trí leithid seo le
chéile chum an chuilt do dhéanamh leathan a
dhóthain do'n leabaidh. Bíonn ciumhais
deas ar gach taobh de'n phlainín, agus fuaidh-
tear na trí ciumhaiseanna so chomh deas,
chomh cruinn sin le chéile le snáith olann
de'n dath chéadna gur ar éigin do-chífá an
fuadháil i n-éan-chor. Is é seo anois an
taobh ceart nó an taobh amuigh de'n chuilt.



Gearrtar annsoin trí leithid eile de'n
fhaid chéadna de'n phlainín bhán gan
dathughadh. Fuaidhtear iad so le chéile mar
dhéineadh leis an taobh cheart, agus déineann
sé seo líonáil do'n chuilt. Cuirtear sraith
olann idir an dá éadach - an taobh ceart
agus an líonáil - chum an chuilt do dhéanamh
cluthmhar compórdach. Cuirtear greim
snáthaide annso 's annsúd ann chum an dá
éadach agus an olainn do choimeád le chéile.
Tá sé ullamh anois chum é chur san
ngléas cuilteála - nó an fráma cuilteála
mar ghlaoidhtar air.



'Sé an sórt an fráma cuilteála so ná
cheithre maidí cuimheasach reamhar go bhfuil
puill bheaga tríotha ó thaobh taobh, na puill
seo timcheall leath-throigh ó chéile.


L. 294


Fuaidhtear maide aca so do gach taobh
de'n chuilt fan an (feadh an) fhaid, agus féad-
faidh sibh fheicsint anois cad é an gnó tá
de sna puill bheaga, mar féadann siad an
snáthaid a chur tríotha go héasáideach, nuair
a bhíonn siad ag fuadháil na cuilte do'n
bhfráma. Tugann siad anois a ceathair
nó a cúig de chasaídhcha do gach maide aca
so a bhíonn fuaidhte ar fhaid an éadaigh.
Déintear é seo chum roinnt de gach taobh
do'n chuilt a chasadh mór-thimcheall ortha,
mar bheadh sé ró-leathan chum lámha na mban
a shroisint isteach go dtí a lár. Nuair
bhionn an dá thaobh fillte isteach chómh fada
agus theastuigheann uatha, fuaidhtear lár buill
an dá mhaide eile do'n méid éadaigh a bhíonn
ar an dá cheann de'n chuilt bhíonn gan filleadh
suas. Coimeádann sé seo an chuilt sínte
amach.



Bíonn roinnt de gach ceann de'n dá
mhaide deireannach so díomhaoin go
fóill, acht fuaidhtear iad 'n-a dhiaidh soin
do'n méid a bhíonn fillte suas, nuair a
scaoileann na mná chucha é. Cuirtear rud
éigin annsoin fé na cheithre cúinní chum é
árdughadh timcheall dhá throigh go leith ó'n
dtalamh.



Annsoin faghann bean éigin aca a bhíonn
go maith chum tarraictheóireachta, blúire
chailce, agus tairngeann sí amach leis, ar an
taobh cheart do'n chilt, mórán tarraic-
theóireachta ornóidigh - rothaí, cearnóga,
réaltanna, fáinní ag dul mór-thimcheall a
chéile, agus mar sin. Nuair a theastuidheann
uaithi líne fhada dhíreach a tharrac, faghann
sí snáth reamhar cotúin; tairngeann sí an
chailc tríd síos chum a rian fhágaint air;
síneann sí é fan an áit (feadh na háite)
go dteastuigheann uaithi an líne a tharrac;
coimeádann sí a dá cheann na n-áit go
daingean le n-a dá láimh; beireann bean
eile ar phins dá lár; árduigheann
sí é chómh fada i n-áirde ó'n gcuilt is
raghaidh sé; tógann sí de annsoin
go tapaidh, agus nuair théidheann sé
thar n-ais de léim i gcoinnibh na cuilte;
fágann sé líne dhíreach chailce fé.
Suidheann gasra ban anois ar fhuarmaí
mór-thimcheall na cuilte, agus fuaidheann siad
le snáthaid chuilteála agus le snáth de dhath an
taobh cheart de'n chuilt, anuas ar gach líne
bhíonn tairngthe amach.



Nuair bhíonn an méid atá sínte amach
gan filleadh suas cuilteála aca, scaoileann
siad chucha ó gach taobh blúire eile de'n
méid a bhíonn fillte suas; tairngeann an
bhean tarraictheóireachta órnóidí eile ar na
blúirí seo; cuilteálann na mná é; agus
mar sin dóibh go mbeidh sé go léir
cuilteáltha aca. Cuireann siad gream-
anna beaga deasa ann ar slighe go
bhféachann sé go gleóite nuair a bhíonn sé
críochnuighthe. Glantar amach annsoin rian
na cailce; scaoiltear an chuilt de'n
bhfráma, agus cuirtear fáthaim ar na cheithre
taobha chum é chríochnughadh ar fad.
Caitheann na cuilteanna seo timcheall le
da fhichid bliadhain nó mar sin.



Geallaim-se dhíbh go mbíonn áthas croidhe
ar na mná nuair chuireann an bhean gur léi
an chuilt fios ortha chum cuilteála, mar
bíonn lán-chead agus caoi aca ar bheith ag
cainnt, 's ag cur tré chéile, 's "ag plubar-
naigh gan mheamhair" mar adeir na fir leó.
Deirim, ámhthach, gan amhras, nuair raghthá
isteach i dtio go mbeadh mná ag cuilteáil
go ndeallróghthá iad le scata géanna bhéadh
tar éis teacht as loch lá gréine, bíonn an
oiread soin gleó aca. Tá eagla orm go
mbeidh na mná ar buile chugham nuair
aireóghaidh siad cad tá ráidhte agam mar a
gheall ortha, acht tá súil agam go dtógfaidh
na fir go léir mo pháirt, agus go mór-mór
tusa - a Fhir eagair an Irisleabhair.



MAIGHRÉAD NÍ ÁILGHEASA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services