Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Pósadh.

Title
An Pósadh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN PÓSADH.
Dráma Éin-Ghnímh.
An Craoibhín Aoibhinn do scríobh.



NA DAOINE:
Mártain, Bheidhleadóir Dall.
Máire, a bhean. Seághan Stiocaire.
Comharsanna, Buachaillí Beaga, agus c.



RADHARC.
[Cistean tighe bhig. Bórd cam, droch-ghléasta; cúpla
copán, crúiscín bainne, cáca aráin. Mártain
agus Máire 'n-a suidhe ag an mbórd].



Mártain - Is olc an féasta bainnse é
seo dhuit, a Mháire, agus is bocht an
teachín d'á dtug mé thu.



Máire - Ní bheidh' ins an tsaoghal mór
lánamhain do bheidh' comh haoibhinn linn-
ne, a Mhártain, acht an t-aon rud
amháin, go gcaithfimíd scaramhaint le
chéile arís chomh luath sin. Acht ní'l
éan-mhaith bheith i gclamhsán; ní'l éan-
neart againn air.



Mártain - Dá mbeidh' cúpla púnt agam-
sa, cheannóchainn asailín beag, agus
shaothróchainn scuibín beag airgid ag
tarraing móna isteach chum an bhaile
mhóir. Acht, mo léan géar! ní'l an
dá phúnt sin le fághail agam, ná deich
scilling féin.



Máire - Agus dá mbeith scata beag cearc
agam-sa, agus beagán le tabhairt dóibh,
d'fhéadfainn na huibheacha dhíol agus ál
sicíní thógbháil. Acht ní'l siad le fághail
agam ná cosamhlacht ortha, gan míor-
bhúil éigin anuas ó Dhia. Cá bhfuighinn
iad?



[Tiormuigheann sí a dá súil le n-a
práiscín.]



Mártain - Ná bí ag gol, a Mháire a stóir;
nach liom-sa thu anois? Chomh fhad agus
bhéas tusa agam, is fear saidhbhir mé.
Béidh fhios agam-sa i gcómhnuidhe gur
orm-sa bhéas tusa ag cuimhniughadh
feasta, agus nach breágh an saidhbhreas
dam é sin?



Máire - Fíor dhuit, a Mhártain. Ní fhéad-
aim bheith bocht agus fhios agam-sa go bhfuil
tú féin ag cuimhniughadh orm-sa cibé
áit a bhéas tú. Ní chuirfinn éan-
tsaidhbhreas eile dá bhfuil 'san domhan
i gcomórtas leis sin. Bhíodh rann ag
m'athair - go ndéanaidh Dia trócaire
air! - agus bhíodh sé 'ghá rádh go minic:



"Maoin agus stór,
Airgead a's ór,
Ní'l ionnta acht ceó
Imeasc daoine."



Ba é Raifterí, an bheidhleadóir dall
do rinne sin. Ní fhacaidh mise ariamh
é; acht bhíodh m'athair ag cuir síos air
go minic.



Mártain - Is cuma liom créad dubhairt
sé. Dubhairt sé a chontrálta sin ar
fad am eile:



"Is maith an rud bólacht,
Féar maith agus gabhaltus,
Cruithneacht a's eórna
Le gearradh;
Min ins an gcófra,
'Gus teine, tráthnóna,
Agus dídean d'fhear bóthair
A's bealaigh."



Acht támaoid as sin!



Máire - Ó maiseadh! Raifterí an créatúir!
Do bhéarfadh sé sin dúinn agus tuilleadh,
dá mbeith sé aige; bhí sé go maith do
na daoinibh bochta i gcómhnuidhe. Acht
chualaidh mé na daoine ag rádh go raibh
sé sínte agus é tinn breóidhte ag Cillínín
nó áit éigin thíos annsin. Dubhairt
siad nach raibh sé i bhfad ó'n mbás - go
ndéanaidh Dia trócaire air!


L. 283


Tomas F. Mac Eochagáin
do ghrian-ghraiph.


L. 284


Mártain. - Maiseadh, amén! 'Nois, a
Mháire, ith an chéad ghreim in do theach
féin. Tá na huibheacha bruithte agus
tógfaidh mise de'n teinidh iad.



[Téidheann sé chum na teineadh. Buailtear
an doras agus cuireann Sean-Bheidhleadóir
giobalach a cheann isteach thar an leath
dhoras].



Bheidhleadóir. - Go mbeannuighidh Dia
annso!



Máire (ag seasamh suas). - Óra, an duine
bocht! Tabhair isteach é.



Mártain. - Bíodh ciall agat, a Mháire; ní'l
dada againn le tabhairt dó. Déan-
faidh mé an t-eólas dó go teach na
mBraonánach, agus geobhaidh sé neart
annsin.



Máire - Maiseadh, go deimhin agus go
dearbhtha ní léigfidh mé thar an doras
so é. Is í seo an chéad uair ariamh a
bhí teach agam féin, agus ní chuirfidh mé
duine ar bith óm' dhorus féin indiu.



Mártain - Déan mar is maith leat féin, a
Mháire.



[Téidheann Máire go dtí an dorus agus
fosclann sí é.]



Máire. - Gabh isteach, a dhuine chóir, agus suidh
síos, agus céad fáilte rómhad.



[Tig an Sean-duine isteach ag láimhsiughadh 'n-a
thimcheall mar dhall].



Máire - Ó! a Mhártain, tá sé 'n-a dhall -
go bhfóiridh Dia air! Óra, a Mhártain,
tá lorg an bháis air. Tá sé chomh bán
le duine marbh.



An Seanduine. - 'Seadh, a chuisle, tá mé
mo dhall, agus is tuirseach cráidhte an
dall bocht mé. Tá mé ag imtheacht
agus ag síor-imtheacht ó mhaidin, agus ní
bhfuaireas greim le n'ithe ó d'éirigh mé.



Máire - Ní bhfuair tú greim le n'ithe ó
mhaidin! Bhfuil tú do throscadh?



[Beireann sí ar láimh air. Do leath-taobh:]



Óra! a Mhártain, nach saoilfeá gur as
an uaigh do tháinig sé, tá a lámha chomh
fuar sin.



S. D. - Ó! go deimhin bhí neart le fághail
agam, dá nglacfainn é; acht an greim
nach dtugthaoi dham ó chroidhe maith go
fialmhar fairrsing, ní bhlasfainn é.
Agus sin rud nach fuair mé ó mhaidin,
acht na daoine ag sáthadh píosa aráin
amach an dorus chugam, mar bhéar-
faidís do mhadadh é, le súil nach bhfan-
fainn, acht go n-imtheóchainn tharsta.



Máire - Ó! suidh síos linn-ne anois, agus ith
linn. Tabhair chum an bhuird é, a Mhár-
tain.



[Bheir Mártain ar láimh an tSeanduine, agus
tógann sé a chathaoir, go gcuireann sé
é 'n-a shuidhe ag an mbord leó féin.
Ghnídh sé dhá leith de'n cháca, agus chuireann
sé a leath os cómhair an dhaill, agus a ubh
féin. Itheann an Sean-duine iad go
cíocrach.]



An S. D. - Fágaim mo sheacht gcéad míle
beannacht ar mhuinntir an tighe seo.
Beannacht Dé agus Mhuire orra!



Máire - Go raibh maith agad. A Mhártain,
sin é an chéad bheannacht do fuair mé
in mo thigh féin. B'fhearr liom an
bheannacht sin 'ná ór.



S. D. - Óró! nach aoibhinn do na daoinibh a
bhfuil teach aca féin, agus súile aca le
féachaint timcheall air.



Máire - Go bhfóiridh Dia ort, a dhuine chóir!
Is dóigh gur bocht an rud bheith gan
radharc.



S. D. - Ní thuigeann tusa, ná aon duine
eile a bhfuil a shúile aige, cad é an
rud é bheith dall dorcha mar bhí mise.
Ní bhíonn rómhad agus ar do chúl agus in do
thimcheall acht an oidhche. Tá huile
shórt dubh - Ó! dubh, dorcha! Ní'l
cuma ná cruth ar aon rud. Ní fheic-


L. 285


eann tú an t-éan a chluinfeas tú ag
seinm os do cheann, nár an bláth a
bhfaghann tú a bholadh ar an dtom, ná
an ghrian agus í ag cur teas ar d'éadan,
ná an leanbh agus é ag gáire i n-ucht
a mháthar. An mhaidin agus an tráthnóna,
an lá agus an oidhce, is aon rud amháin
duit iad. Ó! is bocht an rud bheith
dall!



[Cuireann Mártain an leath eile de'n
cháca anonn go Máire, agus an dara ubh, agus
ghnídh sé comhartha ag cur i gcéill di
bheith 'gá n-ithe. Gnídh sí féin comhartha
leis go gcaithfidh seisean iad do roinnt
léi féin. Síneann an Fear Dall a lámh
amach ar an mbord ag iarraidh tuil-
leadh aráin, óir tá a chuid féin slugtha
aige, agus fághann sé greim ar an leath-
cháca eile. Tógann sé é.]



Máire - Ith sin, a dhuine bhoicht; ar ndóigh
tá ocrus ort; agus seo ubh eile dhuit.



[Tugann sí an dara ubh dó i n-a láimh.]



S. D. - Beannacht an Aon Mhic agus a mháthar
ar an láimh do thug.



[Tógann Mártain a dhá láimh suas go
mí-shásta, agus tá sé dul rud éigin do
rádh, nuair baineann Máire an focal
as a bhéal; leigeann sí gáire fá éadan
ghruamach Mhártain.]



S. D. - Maiseadh, mo bheannacht ar an
mbéal a dtáinig an gáire sin as, agus mo
bheannacht ar an gcroidhe éadtrom do
leig suas chum an bhéil é!



Mártain - Croidhe éadtrom, an eadh? Ní'l
croidhe éadtrom ag Máire anocht,
faraoir!



S. D. - 'Sí Máire do bhean.



Mártain - 'Sí. Trí uaire ó shoin do rinn-
eadh bean di.



S. D. - Trí uaire ó shoin!



Mártain (go searbh). - 'Seadh. Pósadh sinn
indiu, agus tá tú 'do shuidhe ag féasta ár
bpósta.



S. D. - Ag féasta do phósta! Ná bí ag
magadh fúm - ní'l aon chuideachta ann-
so.



Máire - Ó! ní'l sé ag magadh fút; ní
dhéanfadh sé rud mar sin. Ní'l aon
chuideachta againn, óir ní'l aon rud
ins an tigh againn le tabhairt dóibh.



S. D. - Acht thug tú dhamh-sa é! An í an
fhírinne atá tú 'rádh? An mise an
t-aon duine amháin do fuair cuireadh
chum do bhainnse uaibh?



Máire - Is tú. Acht thugamar i n-onóir do
Dhia é, agus ní innseochainn sin duit
choidhche, acht gur leig Mártain do'n
fhocal sgiorradh as a bhéal.



Mártain. - Ó! go deimhin is maith liom go
dtáinig tú isteach. Theastuigh an biadh
sin níos mó uait-se 'ná uainn-ne. Má
tá teach lom againn anois, b'éidir, lé
congnamh Dé, go mbéadh teach lán
againn fós, agus dinéar maith ar an
mbórd le roinnt leó sin bhéas i n-a
chaill. Do bhéinn níos fearr anois, acht
an chuid bheag airgid do bhí agam do
chaith mé é ar an teach agus ar an bpaiste
talmhana. Shaoil mé an uair sin go
raibh mé críona; acht anois féach mé!
Tá an teach agam, acht ní'l pioc agam
le n-ár gcongbháil beó ann. Tá an
garrdha agus an pháirc faoi fhataí agam, agus
gan fata ar bith againn féin le n'ithe.
Támaoid fágtha lom, agus is mise atá
cionntach.



Máire - Ní headh, go deimhin; acht, má tá
duine ar bith cionntach leis, is mé féin
ata cionntach. Tá mé im' ualach ar
Mhártain anois, agus mé gan aon spré
agam féin. An méid airgid do shaoth-
ruigh mé féin nuair bhí mé ar m'aimsir,
do chaith mé arís é ar m'athair bocht
nuair bhí sé tinn. Nuair cailleadh


L. 286


m'athar - go ndéanadh Dia trócaire air!
chuaidh mé ar m'aimsir arís, agus an mháigh-
istreas do bhí orm ba bhean chrosta í.
Agus nuair chonnairc Mártain an
droc-láimhsiughadh bhí sí 'thabhairt dam, ní
leigfeadh sé dham fanamhaint léi níos
fuide, agus phós sé mé. Acht anois béidh
misneach breágh agam nuair rachas mé
ar m'aimsir arís.



S. D. - An gcaithfidh sibh scaramhaint ó
chéile arís?



Mártain - Amárach! Caithfidh mise dul
'mo spailpín fánach ag iarraidh oibre
thar sáile, agus rachaidh sise ar a haimsir
arís le máighistreas eile. Cuirfidh mé
an glas ar an ndorus ar maidin
amárach, fágfaidh mé an talamh ag
duine muinntearach go fóill, acht
bliadhain ó'n lá indiu, má támaoid
beó, tiocfaidh Máire agus mise ar ais
chum an tighe seo, cibé áit a mbéidh-
míd, le congnamh Dé. Béidh an eochair
in mo phóca; bainfidh mé an glas dé,
siubhalfamaoid isteach ann, agus, le
congnamh Dé, ní fhágfamaoid arís
a-choidhche é. Bíodh misneach agad, a
Mháirín; béidh do bhó agus do ghamhan agus do
shoitheach breagh ime agad féin go
fóill. Á! ar bhain sé sin frighid gáire
asat?



Máire - Cluinim cartacha ar an mbóthar, a
Mhártain.



Mártain - Sin iad na daoine ag teacht a-
bhaile ó'n aonach. Níor mhaith liom go
bhfeicfidís chomh lom agus tá an teach.
Cuirfidh mé smeadaráil luaithre ar an
bhfuinneóig nach bhfeicfidh siad dadaidh,
agus druid, thusa, an dorus, a Mháire, agus
cuir an bolta air.



S. D. - (Ag tógbhbáil a chinn go hobann). -
Ná déan sin, acht foscail an doras, agus
fág lán-fhoscailte é agus déan bealach do
bheannacht Dé do theacht isteach ins an
teach so.



[Tógann sé a bheidhlín agus tosuigheann sé ag
seinnm air. Cuireann gasún beag a
cheann isteach an dorus, agus annsin tagann
ceann eile, agus ceann eile leis).



Cia hé sin san dorus?



Máire - Buachaillí beaga do tháinig ag
éisteacht leat.



S. D. - A ghasúna, tigidh isteach.



[Tagann triúr nó ceathrar aca isteach].



A bhuachaillí, tá mé ag éisteacht leis
na cartachaibh ag teacht a-bhaile ó'n
aonach. Gabhaidh amach agus stopaidh na
daoine. Abair leó go bhfuil bainis agus
damhsa le bheith annso anocht agus go
gcaithfidh siad teacht isteach.



Gasún - Tá na daoine ag dul a-bhaile. Ní
stopfaidh siad dúinn.



S. D. - Abair leo teacht isteach agus go mbeidh
damhsa chomh breagh aca agus chonnaic siad
ariamh. Acht caithfidh huile dhuine aca
bronntanas 'thabhairt do'n fhear agus
do'n mhnaoi nua-phósta.



Gasún Eile - Ní thiocfaidh siad isteach.
Féadann siad damhsa bheith aca am ar
bith. Tá píobaire ins an mbaile mór.



S. D. - Abair leó gur dhubhairt mise leó
teacht agus bronntanas ag gach duine aca
do'n fhear nua-phósta.



Gasún - Agus cia thu féin?



S. D. - Abair leó go bhfuil Raifterí an file
annso, agus go bhfuil seisean ag glaodhach
ortha, agus annsin tiocfaidh siad.



[Ritheann na Gasúin amach ag bualadh a
mbos le chéile].



Martain - Raifterí an file! An tusa
Raifterí an file mór a gcualaidh mé
caint air ó rugadh mé! Bhíomar ag
trácht ort go díreach sul tháinig tú
isteach. Bhí siad 'á rádh go raibh tú


L. 287


tinn. O! seacht gcéad míle fáilte
romhat, agus is mór an onóir dúinn tusa
bheith annso.



Máire - Raifterí an file! Ó, anois tá an
t-ádh orainn. An chéad duine do
bheannuigh isteach chugam, agus d'ith biadh in
mo theach-sa, gurab é Raifterí an file
é! Agus chualaidh mé an lá cheana go
raibh tú breóidhte agus nach raibh tú i
bhfad ó'n mbás. Acht ní'l éan-chosamh-
lacht tinnis ort anois!



Raf. - Tá mé go maith. Seadh! tá mé go
maith anois, - míle buidheachas le Dia.



Mártain - Chualaidh mé caint ort chomh
minic agus tá méara ar mo lámhaibh 's ar
mo chosaibh. Acht go deimhin níor shaoil
mé go mbeith an t-ádh orm thú fheicsint.



Máire - Agus is tusa do rine "Condae
Mhuigh Eó," agus "An Aithrighe", agus "An
Faoisidn", agus "An Pósaé Gléigeal!"
Is minic shaoil mé nach raibh bean ar an
domhan ar chóir di bheith chomh bródamhail
le Máire Ní hEidhin, agus an chaoi ar mhol
tú í.



Raf. - Och, mo Mháire Ní hEidhin bhocht! An
Mháire mhí-ádhamhail!



[Cluintear rotha cairt amuigh ar an
mbóthar, agus tig sean-fheilméar isteach,
agus cóta bréidín air.]



Feilm. - Go mbeannuighidh Dia dhuit, a
Mhártain. An í seo do bhean? Go
mbeannuighidh Dia dhuit, a bhean an tighe.
Agus a Raifterí, seacht gcéad míle
fáilte rómhat-sa go dtí an tír seo.
B'fhearr liom tú fheiceál ná Rí
Seóirse. Nuair dubhradh liom go
raibh tú annso, dubhairt mé liom féin
nach rachainn thart gan thú fheiceál dá
mbeinn gan dul a-bhaile go maidin.



Raf. - Acht ní bhfuair tú mo theachtaireacht.



Feilm. - Cia 'n teachtaireacht é sin?



Raf. - Nár hinnseadh dhuit bronntanas do
thabhairt leat do'n chúpla nua-phósta?
Cad tá agat le tabhairt dóibh?



Feilm. - Fan go bhfeicfidh mé; tá rudaí
ar an gcart agam.



[Imthigheann sé amach agus tig sé ar ais arís agus
mála mine ar a ghualainn aige.
Caitheann sé ar an urlár é.]



Dhá mhála mine bhí mé 'tabhairt liom
ó'n muileann, agus seo ceann aca mar
thabhartas do mhnaoi an tighe seo.



Máire. - Míle buidheachas le Dia agus leat-sa.



Raf. - Anois ná dearmad an bheidhleadóir;
A Mháire bhfuil pláta 'gad?
[Cuireann Máire pláta in a láimh. Tógann
sé agus síneann sé amach é].



Feilm. - Ní bhrisfidh mé d'focal, a Raifterí,
an chéad uair tháinig tú chugainn ins
an tír seo. Seo dhá scilling duit ar
an bpláta.



Caitheann sé píosa dhá scilling ar an
bpláta].



Raf. -
Is duine thú tá flaitheamhail fial,
A bhfuil agat grádh-do-Dhia,
Is fearr teach beag ar teann-lón,
'Ná teach mór ar bheagán biadh.



Feilm. - Maiseadh, saoghal fada agad a
Raifterí!



[Cluintear rotha eile taobh amuigh].



Raf. - A ghasúin a chuisle, bhfuil tú annsin?



Gasún - Tá mé.



Raf. - Tá tuilleadh cartacha ag teacht.
Gabh amach agus abair leó nach leigfidh
Raifterí duine ar bith isteach, muna
bhfuil bronntanas aige do mhnaoi an
tighe.



Gasún - Rachad.



[Imthigheann sé amach.]



Feil. - Deir siad nach dtáinig do leitheid
d'fhile i gConnachtaibh le céad
bliadhan, a Raifterí.



[Tagann bean mheadhan-aosta isteach agus púnt
taé agus páipéar siúcra in a láimh.
Fágann sí ar an mbord iad].


L. 288


Bean. - Go mbeannuighidh Dia annso.
Chualaidh mé go raibh Raifterí an file
annso, agus thug mé bronntanas beag
liom do bhean an tighe. B'fhearr liom
Raifterí fheiceál ná a bhfuil agam
amuigh ar an gcart.



Raf. - Ná dearmad an bheidhleadóir a bhean
chóir.



Bean. - An tusa Raifterí?



Raf. -
Mise Raifterí an file,
Lán dóchais agus grádh,
Le súilibh gan solus,
Le ciúnas gan crádh.



Bean. - Maith an fear!



Raf. -
Agus maith an bhean, thusa,
Glic Gaedhealach galánta;
Go bhfeicidh mé do scilling,
Ag léimnigh ar mo phláta.



Bean. - Maiseadh, ó iarrann tusa orm é!



[Caitheann sí scillling ar an bpláta].



Go deimhin ní mhaoidhfinn ort é dá
mbadh píosa óir do bhí ann. Tá "An
Aithrighe", do rinne tú de mheabhar
agam. Seo fear eile dhuit anois.



[Tagann fear óg isteach agus taobh bagúin
in a láimh. Do bheir sé do Mhártain é
agus cuireann Mártain leis an min é.]



Máire - Go raibh maith agad. (Le Máire) Is
cosamhail é leis an míorbhúil do rinne
Dia ar Cholmán naomhtha nuair chuir Sé
a dhinéar chuige agus é ar na sléibhtibh.



Raf. -
Sin é an t-ógánach
Bhfuil féile 'n-a chroidhe;
Is é do chuir fáilte
Roimh bean nuadh an tighe.



Ógánach. - Chualaidh mé go raibh an domhan
's a mháthair le bheith annso ag cur
fáilte roimh Raifterí anocht, agus ní
bheidh mise ar deireadh. Thug mé mo
bhronntanas do bhean an tighe.



Raf. - Ná dearmad an bheidhleadóir.



[Ag crathadh a phláta].



Óg. - B'fhearr liom an file atá 'san bhfeidh-
leadóir seo fheiceál 'ná a bhfuil de
bheidhleadóirí ins an domhan.



[Caitheann sé cúpla scilling ar an bpláta].



Raf. -
'Sé an t-ógánach cóir é
A bhfuil féile 'n-a chroidhe;
Agus molaim go mór é,
Fear óg an chúil bhuidhe.



Óg (le Mártain) - Nach maith do bhí fhios
aige gur cúl buidhe atá orm, agus é 'na
dhall! Cá bhfios dó sin?



Mártain - Éist do bhéal. Tá mo cheann
ag dul thart leis an iongantas atá
orm.



Máire - Is beag an t-iongnadh sin. B'éidir
gur ag brionglóideacht atámaoid uile.



Fear Liath (agus beirt chailín leis). - Go
mbeannuighídh Dia annso. Chualaidh mé
go raibh Raifterí annso i dteach na
bainse, agus nach leigfeadh sé duine ar
bith isteach gan bronntanas aige do'n
bhean nua-phósta. Ní raibh dadaidh
agam ar an gcart acht sac prátaí, agus
seo é.



[Caitheann sé sac prátaí ar an urlár].



Máire - Sonas ort! Tá mé an-bhuidheach
dhíot: má's im' chodladh nó im' dhúis-
echt atá mé! tá sibh uile ró-chineálta
dham.



Raf. - Ná dearmad an bheidhleadóir.



Fear Liath. - An tusa Raifterí?



Raf. -
Is mise go cinnte
Raifterí an file
'Tá ag cruinniughadh na scillinge;
Cuir leó-san do scilling.



[Craitheann sé an pláta go mbaineann sé
fuaim as an airgead. Caitheann an
Fear Liath scilling air.]



Fear Liath. - Seo dhuit mo scilling-se agus
fáilte.


L. 289


Raf. -
Anois, a chailíní,
Tigidh anall;
Ná dearmad a-choidhche
An bheidhleadóir dall.



Feilméar. - Ara! A Cháit, ara! A Úna, an
sibh-se atá ann? Féach cia hé atá
rómhaibh, an file is mó i nÉirinn. Sin
Raifterí féin. Is minic chualaidh sibh
caint ar an gcailín do fuair fear
leis an moladh thug sé dhi. Gabhaidh
a leith annso.



[Ag gáiridhe]



B'éidir go bhfuigheadh sé fir dhaoibh-se.



Cailín. - Is minic chualaidh mé trácht ar
Raifterí.



Cailín Eile. - Tá cáil mhór ar Raifterí i
gcómhnuidhe.



[Cuireann an bheirt Chailín cúpla píosa ar
an bpláta go cúthail.]



Feilm. - Há! há! Sin é an ceart. Tá sibh
ag teacht isteach anois. 'Nois, a Raif-
terí, nach fial flaitheamhail fairrsing
an tír í seo? Nach fearr í seo 'ná
do Chonndae Mhuigh Eó-sa.



Raf. -
Déarfaidh mé go deó
Gurab í seo an tír áluinn,
Má chloisim bhur n-airgead
Ag damhsa ar mo phláta!



[Síneann sé amach an pláta.]



Feilm. (Ag gáiridhe). - 'Nois a chómhur-
sanna, síos leis! Mo chóinsias, tuigeann
Raifterí an t-airgead do bhailiughadh.



Fear aca. - Maiseadh, ní dá mhaoidheamh
air atámaoid, agus tá bród orrainn uile é
fheiceál ins an tír seo.



[Cuireann sé cúpla scilling ar an bpláta,
agus cuireann na daoine atá leis airgead
bán air, mar an gcéadna.]



Raf. -



A chailíní chóra,
Is mór é bhur gcroidhe;
Tabhair tabhartas le gean
Do bhean mhaith an tighe.



Cailín - Tá cúpla duisín ubh ins an
mbuiscéad so dhuit, a bhean an tighe.



[Cuireann sí ar an mbord iad].



Cailín Eile - A bhean an tighe, n'íl
dadaidh agam annso, acht tá cearc mhaith ar
gor agam san mbaile, agus má leigeann tú
dham, tiucfaidh mé amárach agus bhéarfaidh
mé dhuit í. Ní'l an teach againne i bhfad
as so.



Máire - Go raibh míle maith agat. Is
ró-chineálta thu.



[Tagann fir agus mná eile isteach ag rádh
"Céad fáilte a Raifterí. Tá rud
éigin ag gach uile dhuine aca in a láimh,
gráinne siúcra, mioscán ime, spóilín
feóla, crúibíní, cúpla punt olna le
sníomh. Cuireann siad ar an mbord
iad].



[Tagann sean-fhear ramhar isteach.]



Mártain.- Ó! a Mháire, sin Seághan an
Stiocaire, nó Seaghán an cráiteachán a
thugann siad air. Sin é an duine is
cruaidhe ins an tír seo. Níor thug sé
sé pighinn do dhuine beo ó rugadh é.



SEÁGHAN an Stiocaire. - Go mbeannuighidh
Dia annso! Go mbeannuighidh Dia annso!
Ó, an é sin Raifterí! Hó, hó! Go
mbeannuighidh Dia dhuit, a Raftairí! agus
céad míle fáilte rómhat go dtí an tír
seo! Tá bród orrainn uile tú fheiceál.
Tá áthas ar an tír go léir tusa do
bheith 'nár measc. Má chreideann sibh
mé, a chómhursanna, chonnaic mé le mo
dhá shúil féin an sgeach a dtug Raiftarí
a mhallacht dó, agus chomh cinnte a's tá
mé beó do chríon sé 'n-a dhiaidh. Ní'l
ann acht cúpla sean-ghéagán anois.



Raf. -
Chualaidh mé an glór sin
Go minic le mo linn.
Glór nach mbeith chomh mór sin
B'fhearr liom é 'ná sin.



Seaghán. - Hó! Hó! a Raiftarí, ag fili-


L. 290


dheacht i gcómhnuidhe. Well, tá an
t-áthas orrainn go deimhin thú fheicheál
'nár measc annso.



Raf. - Cad é an tabhartas thug tú leat
do bhean an tighe.



Seaghán (ag tochadh a chinn) - Cad é an
tabhartas thug mé liom, an eadh?
O, Maiseadh! tá an aimsir seo an-
chruaidh ar dhuine bocht. Thug mé
beagánín beag olna do bhí agam chum
an mhargaidh indiú, agus níor fhéad mé
a dhíol. Bhí uain agam, agus b'éigin
dam a dtiomáint abhaile arís. Tá an
donas ar an aimsir seo.



Raf. - hUile dhuine tháinig isteach, bhí a
bhronntanus féin aige. Sin í an bhean
nuadh-phósta agus cuir síos tabhartus maith
dhí.



Seaghán. - O maiseadh, ní mhaoidhim uirri é.



[Baineann sé amach as póca a bheiste
páipéirín beag snaoisín; tógann sé
píosa páipéir de'n urlár, agus annsin
dóirteann sé go mall agus go staidéarach
scuibín beag snaoisín ar an bpáipéar agus
fágann sé ar an mbord é.]



Raf. - Cad é thug sé dhuit?



Máire - Pinse snaoisín.



Raf. -
Nach maith an bronntanas pinse snaoisín,
Ó'n bhfear is saidhbhre d'á bhfuil annso,
Bhí taé agus siúcra ó bhean na circe,
a's tá - pinse snaoisín! - ó fhear na bó.



Feilm. - Maiseadh saoghal fada 'gad a
Raifterí nar chaillidh do bhilleóg a
faobhar go bráth. Sin fear na bó go
cinnte, agus mise fear na caorach.



[Ag amhrán:]



Mála mine ó fhear na caorach
Agus - pinse snaoisín! - ó fhear na bó!



Fear Óg - Agus mise fear na muice.



[Ag amhrán:]



Spóilín feóla ó fhear na muice
Agus pinse snaoisín ó fhear na bó!
[Scairtheann siad uile ar gháiridhe].



[Iad uile.]



Pinse snaoisín ó fhear na bó!



[tuilleadh gáire.]



Feilm. - Diabhal a leitheid de ghreann a bhí
agam le bliadhain!



Seaghán. - O go deimhin ní raibh mé acht ag
congbháil gráinnín bhig dam féin, acht
'sdóigh ní mhaoidhim uirri uile é.



[Tarraingeann sé an páipéirín snaoisín as
a bheist arís agus fágann sé ar an mbord
é.]



Raf. -
Nach brontanas breagh é, leath-unnsa snaoisín,
Do bhean an tighe sin nach mór an sógh?
Bhí tae agus siúcra ó bhean na circe.
Bhí mála mine ó fhear na caorach.
Bhí spóilín feóla ó fhear na muice,
A's - leath-nsa snaoisín ó fhear na bó!



[Iad uile]
[Ag amhrán: -]



Leath-unsa snaoisín ó fhear na mbó!



Feilm. - M'anam ó'n diabhal, a Sheágháin,
déan an rud go geanamhail. Tabhair
isteach ceann de na lomradhaibh sin do
chonnairc mé ar an gcart leat.



Seághan. - Ní fhacaidh mé a leitheid d'amad-
ánacht ó rugadh mé! Ar an buile tá
sib?



Iad uile.
[Ag amhrán:]



"Leath-unnsa snaoisín ó fhear na mbó"!



Seághan. - O maiseadh má's éigin bronn-
tanus do chur síos daoibh glac an
lomradh, agus mo chuid tubaiste libh.



[Ritheann triúr nó ceathrar de na gasúnaibh
amach.]



Feilm. - Ara, a Sheághain, cad é do bharamhail
ar Raifteri anois! Do scrios sé níos
mó 'ná an sean-sceach!



[Tagann na gasúin ar ais agus lomradh leo].



Gasún - Seó an lomradh, agus is lomradh
trom é.



[Cuireann sé ar an mbord é agus tuiteann
máilín beag airigid as, agus pléascann sé,
agus scapthar an t-airgead anonn 's anall
ar an urlár].


L. 291


Seaghan. - Ub, ub, ú! - Sin é an t-airgead
do fuair mé ar mo chuid uan scaptha
orm!



[Cromann sé air, d'á chruinniugadh le chéile,
scairteann na daoine uile ar gháiridhe
arís].



Feilm. - Maiseadh a Seághain, cá bhfuair tu
an t-airgead? Dubhairt tu nár dhíol
tu do chuid uan!



An fear do fuair airgead ar a chuid
uan gan a ndíol,
Badh chóir dhó bheith tabharthach agus go
buan a bheith fial;
Cuireadh sé sabharan mar badh dhual
dó, dham, síos,
Nó déanfaidh mise rann dó, chuirfeas
buaidhreadh ar a shaoghal.



Seaghán. - Ó a Raifteri, ná déan sin! Bhlas
mé go leor de do chuid rann anois;
agus ní theastuigheann aon bhlas eile
uaim. Seó sé pighne dhuit.



[Cuireann sé sé, pighne ar an bpláta
pighin ar phighin.]



Raf. -
Baisdim "Seághan na sé pighne"
Ar aon Sgolóig láidir,
Nach bhfuil in a chroidhe-sean,
Acht cruadhas agus cráidhteacht.
Amach le do shabharan
Ag damhsa ar mo phláta,
Nó mise mo bhannaidh
Beidh aithreachas go bráth ort!



Seághan. - O i n-ainm Dé, a Raifterí stop,


L. 292


do bhéal agus leig dom imtheacht. Seó
an sabharan duit, agus go deimhin ní
le mo bheánnacht é!



[Seineann Raifterí ar a bheidhlín; éirigh-
eann siad uile agus rinnceann siad, acht
Seághan an Stiocaire. Bagrann sé a
dhorn ar éadan Raifterí. Tar éis
damhsa bhig ritheann gasún isteach].



Gasúin - Tá stoirm mhór ag teacht. Ní
sheasfaidh na capla. Tá siad sgann-
ruighthe. Tá an t-adhastar briste ag
capall aca. Ó féach an teinnteach!



[Teinnteach agus tóirneach; stopthar an damhsa].



Feilm. - (Ag féachaint amach an doras).



Tá an ceart aige. Béidh stoirm
againn agus caithfimid bheith ag imtheacht
le bheith san mbaile i n-am, agus ní
raibh aon chosamhlacht stoirme nuair
bhíomar teacht isteach! Sin é an teinn-
teach ag tosughadh.



[Téidheann sé anonn go Raifterí agus craith-
eann sé a lámh].



Well, beannacht leat a Raifterí;
dheamhan a leithéid de spórt do bhí
agam le bliadhain. B'fhearr liom thú
fheiceál, 'ná galún uisce beatha a-bhaile
liom, ar an gcart.



Fear óg -
[Ag crathadh láimhe le Raifetrí].



Beannacht leat a Raiftarí; ní bhain-
feadh an méad sagart agus bráthar d'á
bhfuil in Éirinn an oiread airgid i
ndeich mbliadhan ar Seághan an Stio-
caire, agus do bhain tusa as anocht!



[Craitheann siad uile lámh le Raifterí agus
imtigheann siad, leis agus leis, go bhfuil an
teach follamh. Beireann Mártain agus
Máire ar lámhaibh a chéile.



Mártain - A Mháire a mhúirnín ní mheas-
aim go scarfamaoid le chéile anois.



Máire - Ar éigin creidim é a Mhártain.
Ní fhacaidh duine ariamh a leithéid de
bhainis! Shaoil mé nuair bhí sin uile ag
dul ar aghaidh nach raibh ann acht brion-
glóid! Acht féach na rudaí sin uile.



Mártain - A Mháire, a mhúirnín.



Mártain - Ní scarfamaoid a-choidhche anois,
a Mhártain. Tá an oiread againn ar
an mbord sin agus a dhéanfas dúinn go
Lughnas.



[Tosuigheann siad ag breathnughadh ar na
neithibh ar an mbord. Eirgheann
Raifterí i a-gan-fhios dóibh-sean. Téidh-
eann sé go dtí an dorus. Tiontuigheann
sé annsin agus éisteann sé leó go leath-
bhrónach ar feadh móimid. Tógann sé a
dhá láimh i n-áirde amhail agus dá mbeith
sé d'á mbeannughadh. Annsin éiligheann
sé].



Mártain. - Agus is é Raifterí thug dúinn é.



Máire (ag iompódh). - Acht cá bhfuil sé?
Cá bhfuil Raifterí.



Mártain (ag iompódh). - Ní'l sé annso!
Is dóigh go bhfuil sé taobh amuigh de'n
dorus, óir d'fhág sé an pláta 'n-a
dhiaidh agus é lán d'airgead.



[Téidheann sé go dtí an dorus, agus féachann
sé amach).



Ní fheicim i n-áit ar bith é. Ní'l sé
ann.



Máire (ag suidhe síos). - Óra, a Mhártain,
an measann tú gur Raifterí féin do bhí
ann. Tá mé i n-amhrus nach é do bhí
ann chor ar bith. Cia an chaoi d'éireó-
chadh sé chomh hobann sin agus é tinn?
Cad é an chaoi chonnairc sé agus cia an
chaoi d'aithin sé an méid sin agus é
dall? Bhfuil an fear beó do bhéar-
fadh an méid seo isteach ins an tigh
i leith-uair a chluig amháin? Agus cad
é do thóg an toirneach do chuir na
daoine a bhaile?



Mártain. - A Mháire cad tá tú 'rádh?



Máire. - Agus a lámha - bhí siad chomh fuar -


L. 293


ó, chomh fuar agus chonnairc tú ariamh. A
Mhártain tá mé 'ceapadh nach fear beó
a bhí ann.



Mártain. - O! tá'n ceart agad a Mháire,
tá'n ceart agad a Mháire. Tuigim
anois é.



[Téidheann Máire síos ar a glúnaibh agus do
ghnidh Mártain an rud céadna].



(Brat Anuas).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services