Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



MION-CHAINT: Cuid III. An tAthair Peadar Ó
Laoghaire dho scríobh. Dublin: The Irish Book
Company. Réal a fhiacha, nó seacht bpinginne
tríd an bpost.



Is í seo an tríomhadh cuid de Mhion-chaint an
Athar Peadar. Tá cruinneas an ughdair le feicsint
i ngach leathanach san leabhar. Tá sé ag taispeáint
dúinn cionnus usáid do dhéanamh de sna táth-fhocail
mar is 'n-a dtaithighe sin is mó bhíonn an tuathal ar
lucht foghlumtha na Gaedhilge.



Is í ár gcomhairle do gach léightheóir an leabhairín
seo do cheannach; leathanach dhe do mheamhrughadh gach
lá; agus síor-thaithighe do dhéanamh de sna ráidhtibh
atá ann. Ní fada go mbeidh Gaedhilg aige - agus
Gaedhilg fhóghanta leis.



Tháinig na ceachtanna so amach i "St. Patrick's"
ar dtúis. Is maith an rud iad do bheith ar fagháil i
n-éin-leabhar amháin anois againn. Beidh ceannach
mór ar an leabhar so gan amhrus.



"AN SOÍSGÉAL AS LEABHAR AN AIFRINN." An
tAthair Peadar Ó Laoghaire do chuir Gaedhilg air;
agus "The Irish Book Company, 35 Upper O'Connell-
street, and 6 D'Olier-street, Dublin," atá da chur
amach. Réal a fhiacha; nó seacht bpinginne tríd an
bpost.



Is é an tAthair Peadar do scríobh an leabhairín
gleóite seo. Is leór soin dúinne. Ní féidir dó
gan bheith go maith, dálta gach éin-nídh thagann ó n-a
láimh-sean.



Is minic do chonncamar go léir mar thógfadh sagart
leabhar an Aifrinn agus dhéanfadh aistriughadh ar an
tsoíscéal dá léigheamh amach os comhair an phobail,
Sin é go díreach an rud do dhein an tAthair Peadar agus
é ag scríobhadh an leabhair seo. Níor bhac sé le héan-
cruaidh-cheisteannaibh acht chuir sé gach éin-nídh síos go
cruinn deas soiléir agus ar chuma go dtuigfeadh gach
éinne é.



Is áluinn ar fad an chainnt atá ann, dar linn féin.
Féach air seo:



"Agus thug sé soluíd dóibh: Féucaigh ar an gcrann
fige, agus ar na crannaibh go léir. Nuair a bhíon a
dtoradh acu d'á chur amach is eól daoíbh go mbíon an
samhra buailte libh. Mar sin daoíbh-se; nuair a
chídhfidh sibh na neithe seo ag teacht bíodh a fhios agaibh
rígheacht Dé bheith buailte libh. Abraim libh go deimhin
ná beidh an tsliocht so imighthe go comhlíonfar na
neithe seo go léir. Rachaidh an spéir agus an talamh
ar neamhnídh, ach ní rachaidh mo bhréithre-se ar neamhnídh.



Bheidh an leabhar so 'n-a áise mhóir do'n Chléir; agus go
deimhin do b'fhiú dhúinn go léir é cheannach agus é léigheamh
arís agus arís.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services