Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Unpublished Work of Keating.

Title
An Unpublished Work of Keating.
Author(s)
Céitin,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DO'N TSALTAIR MHUIRE.



Do réimhthosach na Saltarach Muire ann so.



Atáid néithe ioncomharuighthe bheanas ris
an saltar Mhuire as cneasda do mhínúghadh agus
measaid drong dárighthe gurab é an t-athair
riaghalta S. Dominic do thionsgain a hor-
dughadh an tan fa haois don tighearna míle
agus dá chéad bliadhain nó measaid drong eile
gur ab sagart riaghaltha dár bh'ainm Piaras
ó Amens san Piocarde do thionnsguin céad
bliadhan roimhe sin í, máille re nuimhir dó-
armhighthe paidreach agus Ave agus créidh mar aon
le fath rúnaibh pronnsapáltha do smuaineadh
ann oinóir ár mbantighearnan bheannuighthe
Muire Ógh; agus as cúig paidreacha déag a líon,
agus deich Ave a ndiaig gacha paidre dhíob, agus
atáid chúig diamharrún deag ann fhreagreas
do na chúig deichniomharaibh deag sin mar
atá diamarúin an agaidh gacha deichniomhar
dhíobh.



As uime cheana goirthear saltar Mhuire


L. 174


dhí do bhrígh go bhfuil Ave no Failte innte
an agaidh gacha sailm dá bhfuil a saltair
Dabhith rígh óir amhail atáid trí caogad sailin
a saltair Daibhith rígh mar sin atá trí caogad
Ave san saltair Mhuire, agus atá fáthrún fa
leith ag gach caogad díobh mar atá fáthrún
gháirdeachais ag an gcead chaogad, fathrún
doilghíos ag an dara caogad, agus fáthrún
ghlórmhar ag an treas caogad.



An fhoirm úrnaighthe so, atá sí ar na cur
an eagair comhoireamhnach sin da gach aon
duine shaoileas beith fioraonda gur ab ró
éigsinteach don aineolach, agus gur ab ró shochrach
don aithrioghach a gníomhgnáthughadh ré díbhirt
an daoímhaoínis agus re foruagadh gach faghain
inntinn ó aithfriotal na húrnaighthe so agus fós
gur ab sochrach í re tóigbhail na hinntinne
re meas agus re machtnamh do dheanamh ar rún-
diamharaibh an chreidimh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services