Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceól Tire. Fan ar an bhaile 'm chomhair.

Title
Ceól Tire. Fan ar an bhaile 'm chomhair.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 75


A chara, - Seo é an t-amhrán do thóg an bharra-dhuais
ag Feis Bhaile Mhúirne, Lughnasa, 1901. 'Sé Dómhnall Ó
Laoghaire ó Innse-Geimhleach do chúm é, agus, mar mheasaim,
a lán eile nách é d'amhránaibh breághtha. Ní raibh an
t-amhrán so sgríobhtha ag ár gcaraid ag an bhFeis, acht
seal 'na dhiaidh sin do chuir sé go Tadhg Ua Scannail
oide i mBéal Átha an Ghaorthaidh é, agus is ón bhfíor-
sgoláire cliste seo do fuaras é agus gabhaim mo mhór-
bhuidheachas leis ar a shon.



Le súil go bhfeicfead i gcló i n-uimhir na míosa
so é.



Is me do cara go buan,



MÍCHEÁL Ó MURCADHA
Cúil Aodha,
Baile Mhúirne.



Seosamh Laoide,
Cúil Cham,
Beinn Éadair.



FAN AR AN BHAILE 'MO CHOMHAIR.



Gléas Bb. Go héadtrom. Peadar Breathnach, cct. Sibéal Ní Mhig Éantaigh do ghléas.



I. Chuaidh mé seal tamaill ar cuairt go mbreathnuighinn fhéin uaim an spéir,
Ó, thart fá na hoileáin ar ruaig, mar eilid is cú 'na déidh;
'Sé déarfadh gach duine fá'n chuan, tráth thainic mé 'nuas fá'n chéidh:
"Is furus liom aithn' ar do ghruaim gur fear thú 'bhfuil ruaig 'na dhéidh."


L. 76


II.



Casadh damh cailín deas óg, 's má casadh, 'sí labhair
go géar:
"Má's duine thú bhain do mhnaoi óig, ní mholaim go
mór do chéard;
Nó, chonnaic mé fear as tír mór ag imtheacht gan bhróg
i ndé;
'Sé mheasaim gur tusa an fear óg a bhfuilear 'sa' tóir
'na dhéidh "



III.



D'fhreagair mé an ainnir gan bhród, mar ghlac mé go
mór a sgéal:
"Stad de do mhagadh níos mó, ní duine de'n tseórt
sin mé;
Mur dteanna tú 'nall do mo chomhair agus stad de do
ghlór gan chéill,
Go racha mé os coinne mo shróna amach ar tír mór dhe
léim!"



IV.



Thuit mise 'un tuirse 's 'un bróin is d'fhiosruigheas
de'n óg-mhnaoi chaoin:
"Cá bhfuighmis gloine le n'ól a thógfadh an brón so
dhínn?"
"Sin teach beag i n-imeall an róid agus coinnigheann sé
'gcomhnaidhe braon;
Gabh thusa agus rapáil an bórd is díolfa mé an sgór mé
fhéin."



V.



Tráth chuaidh mise isteach go tigh an óil, b'fhaiteach go
leór liom suidhe,
Ar eagla go dtiocfadh an tóir 's go mbainfidhe an
óig-bhean díom;
Tráth fuair sinn gach cineál d'ar fhóir, 'sé mheas mé
nar chóir dúinn suidhe,
Acht dubhairt sí, "Bí thusa 'gabháil cheóil, 's ní leigfear
duit feóirling 'íoc."



VI.



Níor bhfada bhí mise 'gabháil cheóil gur chruinnigh an
t-aos óg 'un tighe,
Gach duine 's a ghloine 'na dhórn le comóradh thabhairt
do'n dís;
Bhí biotáilte fairsing go leór agus beagán d'á hól 'sa'
tír,
'S dá n-ólainn-se galún Uí Dhómhnaill, b'fhurus mo
sgór a dhíol.



VII.



Tráth shocruigheamar comhthrom an sgóir, 'sé fhios-
ruigheas an óig-bhean díom:
"Cia háit i mbíonn tú 'do chomhnaidhe nó a' gcoin-
nigheann tú cró beag tighe?"
"Tráth chaithim-se seal i dtigh an óil, ní dheanaim aon
lón de'n phighinn
Acht an méid ud a chruinnighim 'sa' ló a chaitheamh le
spórt 'san oidh'e."



VIII.



"Má's duine thú leanas do'n ól, ní mholaim duit
labhairt le mnaoi,
Ní fhóireann do dhuine ded' sheórt-sa greamughadh le
buaidhreadh an tsaoghail;
Dá dtéidhmis a choingbheáil an chró, nach mbéimis gan
dóigh le'r saoghal?
Is fheárr dúinne fuireach go fóil go ndeánamuid lón
araon."



IX.



"Le fuireach go ndeánamuis lón a caithfidhe cuid mhór
d'ar saoghal;
Is fheárr dúinne toisiughadh go hóg, 's béidh cuidiughadh
d'ar gcomhair arís;
Má leanann tú mise 'sa' ród, ní heagal duit buaidh-
readh an tsaoghail,
Acht mise bheith 'cruinniughadh an lóin, 's gheobha tusa do
lóistín saor."



X.



"Dá leanainn-se thusa 'sa' ród, badh ghoirid go dtógfá
díom;
Tráth bhuailfea le himirt 's le hól, badh ghoirid badh
lón an mhaoin;
Acht fan ar an bhaile 'mo chomhair, agus bí ar aon nós liom
fhéin -
Gheobha tusa talamh go leór agus mise go deóidh mar
mhnaoi."



XI.



Ní fhéadaim a moladh le feabhas, 'sí laguigh go mór mo
chroidhe;
Ní'l duine d'á bhfeicfeadh an tseóid nach dtuitfeadh i
mbrón d'á díth;
Ní fhaca mé a leitheid go fóil i mbealach 'sa' ród d'á
mbím,
'S dá bhfeicfidhe í i mBaile an Átha Móir bhéidheadh
cailíní óga ar phighinn!



TAGRA.



Brighid Ní Mhic Giolla Dhé, cailín fíor-Ghaedhealach do chomhnuigheadh i nDún-na-nGall, is uaithi-se fuarthas
an fonn. Is iomdha duine ó' dtáinig an innsint atá ar na foclaibh .i. ó Eibhlín Breatnach, deirbhshiúr do'n
fhilidh, ó Sheaghán Mhag Éantaigh dar treó Ailt i dTír Chonaill, agus ó'n Athair Domhnall Ó Murchadha do chuir an
t-amhrán i gcló'sa' tsean-"Ghaodhal," i mí na Bealtaine, 1888. Togha gach inniste atá annso suas.



I. Fhéin: is minic "'bhfad" agus "thart" i n-a áit seo. II. Fuilear = fuiltear ("fuilthears, fuiltheas" ar
uairibh 'sa' Mhumhain); ní hannamh "bhfuil siad" i n-áit "bhfuilear." III. Mhagadh : nó "bheadaidhe."
Dteanna : nó "ndruidfe." Chéill : nó "feidhm." IV. I n-imeall : nó "ar leathtaoibh." VI. Comóradh
.i. urraim, modh, ómóid. VII. Cró beag tighe : nó "cró dhuit féin." XI. Laguigh : nó "mhearuigh." - S.L.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services