Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



The LÉIGHEANN ÉIREANN Series. Edited by Norma
Borthwick. No. 6 (Double Number). Seaghan an
Díomais: Blúirín as Stair na hÉireann. Conán
Maol do sgríobh. Dublin: The Irish Book Com-
pany, 35 Upper O'Connell-street. 1901. Price
Twopence. By Post Threepence.



Is an-mhaith an leabhrán é seo. Ní h-éin-iongnadh é agus
Conán Maol 'na Ghaedhilgeoir mhaith. Tá sgéal Sheagháin
an Díomais innste go deas aige agus, go deimhin, ní'l
focail do dhíth air chum é chur i dtuigsint dúinn. Is
mór an truagh an litriughadh agus gléasadh na gramadaighe
bheith comh holc sain ar uairibh agus a usacht do'n ughdar a
leithéid do sheachnadh. 'Sé an dearmad is mó d'á
bhfuil ann, b'fhéidir, ainm Uladh gan díochlaonadh!
Féach an 12° leathanach "i n-Uladh" agus c. 'Sé an
díochlaonadh i gcomhnaidhe: Ulaidh (ainmneach), Uladh
(geineamhnach), Ultaibh (tabharthach). Is mór an iongnadh
a mhéad de dhearmadaibh do-ghní na hughdair is fearr
Gaedhilig d'á bhfuil indiu ann.



Banba: Leabhar a hAon. Nodlaig, 1901. Cuid a
hAon.



Seo isteach i gceart-lár leabhar agus léighinn Ghaedheal-
tachta Éireann bé mhaiseach bháindeas mhúinte "fá n-a
colamhnaibh breághtha breaca agus iad go pioctha sgiomartha,
fá n-a teidealaibh i litribh móra casta cama agus fá n-a
sreathannaibh cló Gaedhilge." Tá an cló go fíor-
álainn, gan amhras. Acht tá aith-innsint ar an sgéal.
"Na rúna diamhara agus na cialla iongantacha agus na
sgéalta sultmhara" atá ar iomchar aici, an bhfuilid
sin comh hálainn leis an gcló? Táid go dearbhtha, agus
is ar fheabhas innste atá gach éin-cheann aca.



'Sé céad rud d'á bhfuil ann "Cogar Nodlag" ó
Phádraig Ó Séaghdha dar' forainm sgríobhtha "Conán
Maol". Ní gábhadh é 'mholadh. Nach ar na Connachtaigh
is mó dúil i n-a gcanamhaint féin do bhí lán a gcroidhe
de dhiombáidh, agus a n-intinn greadtha buaidheartha, nuair
do stad sé d'á thuarasgbháil ar an gcogadh so ar
siubhal 'san Afraic Theas, ar son nach "Connachtach
béilbhinn" é i n-éan-chor acht fíor-Mhuimhneach. "Is
fearr an t-imreas 'ná an t-uaigneas" is é an chéad
rud eile. Tús maith ar sgéal Bhricreann d'aith-
innsint i nGaedhilg nua is eadh é, ó láimh an Athar
Peadar Ó Laoghaire. Dhá amhrán atá 'na dhiaidh
sain, sean-amhrán .i. "Cailín deas crúidhte na
mBó," ó sgríbhinn do bhí i nDúngharbháin, agus amhrán
nua, .i. "An tSean-bhean Bhocht," ó "Mhicheál". Tar
slán, a Mhichíl! Is deas é do dhéantús. Tá "Casadh
an tSúgáin" curtha le chéile go han-dheas, acht
b'fhéidir nach éin-iongnadh sain, agus gur follus do'n
tsaoghal gurab é an chéad bhiadh chuaidh ar sponóig
do'n té do sgríobh é an Ghaedhilg. "Filleadh na
Féile" ó'n Athair Peadar Ó Duinnín an chéad
sgríbhinn eile. Ní gábhadh a rádh gur fíor-mhaith an
trácht é agus gur foghanta an chomhairle thug an
t-ughdar i ndeireadh thiar innti. Is éachtach an
sgéalaidhe Micheál Ó Murchadha dar' treó Cúil Aodha
i "mBaile Mhúirne an ghrinn." Ní'l dá mhéad dá
gcuireann sé síos ar rud, nach amhlaidh is mó gheibh-
thear greann agus sult ann. Is ionmholta "Paidí Bán
agus an Saighdiur" tar bárr i leith grinn. A leithéid
de bhob, is doigh, níor buaileadh ar éinneach eile riamh.
Agus cá tógtha ar Phaidí é? Muna mbeadh gur imir
sé ar an saighdiuir, is dócha ná fágfadh sé an áit go
deó na ndeór, agus dá bhfágfadh féin, go dtiubhradh
sé bliadhain i ngéibheann chruaidh de dhruim an reithe
do ghoid, mar budh eadh. Paiste fíor-fhilidheachta is
eadh "Maidin i mBéarra" ó Osborn Ó hAimhirgin.
"Galar gan náire an grádh." 'Sé rud do sgríobh
Diarmuid Ua Foghludha i gcomhair "Bhanba" "Sean-
aimsireacht." Is maith an sás sgéalta gearra do sgrío-
bhadh Diarmuid, agus ní hí seo an chéad uair aige é go
deimhin. Tá "An File" ag tracht ar "An Músgailt,"
agus "An bhruinneal sgiamhach 'na codladh" mar adhbar
cainte go deas aige. Ní baoghal nach mbeadh "Beirt
Fhear," nach bhfuil ann acht fear aonair, ámh, os
comhair lucht léighte "Bhanba". Tá sé riamh ar an
nós chéadna agus "Sgoláirí na Sgoile" ag caint agus ag
cur tré chéile an turus so. Ní hiongnadh ná ollsacht
déantús ó "Thórna," .i. "Músgail do mhisneach a
Bhanba," ar fhonn "Mallaí Níc Ailpín". Do rinne
"Sgeilg na sgeól" taidbhreamh neamhghnáthach i gcomhair
"Bhanba" agus do thrácht ar Cholaisde an Droichid Nua
comh maith céadna ("Fíor-oideachas"). 'Sé rud do
shaothruigh "Caoilte Mac Rónáin" "Greann na Cath-
rach" (.i. Sráid na Catrach i gContae an Chláir).
Faisnéis mhaith bhríoghmhar is eadh "An cuimhin leat-sa
an oidhché úd?" ó láimh Osbuirn Uí Aimhirgin. Is
dearbh ná beidh ainm na féile feasda ar Bhéal-feirsde
d'á dheasgaibh. Dá olcas "Baile-'bhfad-Síos," agus dar
ndóigh, dar leis an ughdar, ní mór le rádh é chuige ná
i n-éan-chor, is deimhin go bhfuair sé a leór-dhóithin bídh
agus dighe ann, tar éis cúrsa go Béal-feirsde agus tar
n-ais arís agus an tart agus an t-ocras ag cur air go dian
ar feadh an sgathaimh sin ar fad. Nár chóra dhó an
leasainm úd do bhaisteadh ar Bhéal-feirsde feasda, go
mór-mhór nuair atá sé na ceadta míle níos sia síos
'ná Baile Átha Cliath, agus é i bhfíor-íochtar na hÉireann?
"Aontaighe" ó "Riseárd" an chéad rud eile; a
theideal fhoillsigheas an fháithchiall atá leis. I ndeir-
eadh thiar thall atá "Éifeacht teangadh na Gaedhilge
ar Náisiúntacht na hÉireann" ó'n leoghan úd na glan-
Ghaedhilge "Seandún" dara' comhnaidhe cathair sgiamhach
na laoi theas. Nára' fada go sgríobhfaidh sé arís
Do tugadh duilleacán 'sa' bhreis le cois "Bhanba" agus
is é rud é acht "An Feirmeoir Gaedhealach," amhrán
deas ar gléas ag Tomás Ó hAodha.



Saoghal fada fá mhaise chugat, a Bhanba.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services