Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Muiris an Phreucháin.

Title
Sgéalaidheacht. Muiris an Phreucháin.
Author(s)
Ua Briain, Micheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MUIRIS AN PHREUCHÁIN.



Do bhí a lán againn bailighthe ag sgoruidh-
eacht i dtigh Sheághain na bhFiacal an
oidhche fé dheireadh, mar fear ana-
shúgach is eadh é, agus is feárr le n-a lán
againn dul ag éisteacht leis ag innsint
sgeultha ná bheith ag gabháil do chártaí mar a
bhíonn buachaillí eile.



Do bhíomar tamall ag caint mar gheall
ar an aimsir agus 'ghá rádh ná feacamair na
prátaí bainte ag gach éinne mór-thímcheall
orainn i gcómhair Lae Mhuiris an Phreucháin
go dtí i mbliadhna, agus go mbíodh sean-daoine
'ghá rádh i gcómhnuidhe ná beadh aon bhaoghal
ó'n sioc ortha go ceann coictighise tar éis
an lae sin.



"Mhuise, a Sheághain," arsa mé féin, "an
bhfuil aon chúntas agat ar goidé an bunudhas


L. 9


bhí le Lá Muiris án Phreucháin a ghlaodhach
ar an gcúigeamhadh lá deug do Shamhain."



"Am briathar féin go bhfuil, mhuise," arsa
Seághan, "agus is minic a gháirim nuair a
chuimhnighim ar an bhfiadhach a bhí againn an
uair a thosnuigh an ainm sin ar dtúis ar an
lá sain, cé gur 'mó bliadhain ó shoin é. Do
bhí feirmeóir annso nuair a bhíos óg. Ní
raibh do chloinn aige acht aon mhac amháin.
Muiris ab' ainm do'n mhac, agus bhí sé féin agus a
athair áirimhthe chun bheith ar an dá sgannradóir
ba mhó a bhí sa pharóiste le n-a línn. Ní
fheudfadh aon bhuachaill aimsire ná fear oibre
seasam leó, do bhídís chómh dian sain ortha.
Do tháinig stracaire do bhuachaill óg chúcha
uair áirighthe ar lorg oibre, agus réidhtigh Muiris
leis ar feadh bliadhna ar deich púinnt.
Tímcheall is mí tar éis an réidhtighthe do
ráinig go raibh ráiseanna sa tsráid seo thíos
'n-ár n-aice. Maidin lae na ráiseanna
nuair éirigh an buachaill do chuir sé a chuid
eudaigh ghlain uime. Nuair chonnaic Muiris
an buachaill socair suas fé n-a chuid eudaigh
ghlain, d'fhiafruigh sé dhe goidé an fuadar a
bhí fé.



"Táim chun dul ag feuchaint ar na
ráiseanna," arsa an buachaill.



"Ní raghair ag feuchaint ar na ráiseanna,"
arsa Muiris; "ní chun tu bheith ag gluaiseacht
ad' fhiadhaire feadha ar an gcuma sain a
réidhtigheas-sa leat, acht chun bheith ag
obair dam."



"Ar nóin, tabharfad-sa lá ag obair duit
i n-ionad an lae seo," arsa an buachaill.



"'Seadh anois," arsa Muiris, "is é an
rud a dheunfaidh tú gan a thuilleadh dod'
ghach-re-seo thabhairt dam - mar táim ag
tabhairt foláraimh duit, má théidheann tú go
dtí na ráiseanna, gan filleadh ar an dtigh
seo led' shaoghal arís."



"Is dócha ná téidheann rogha ó'n réidh-
teach," arsa an buachaill, "agus gur fearra
dham fanamhaint; ar nóin, cheapas nár bh'aon
deifir leat me thógaint lae chun spóirt dam
féin ó'n uair is go dtabharfainn lá dhuit i
n'-ionad."



Nuair dh'itheadar a mbreicfeast do chuaidh
Muiris agus a bhuachaill amach sa pháirc ag
baint phrátaí. Ní fada bhíodar ag obair
nuair a bhí na cómharsain go léir ag gabháil
thársa ag dul go dtí na ráiseanna.



"Nách aereach an croidhe a tá ag na
daoine sin seochas agat-sa," arsa an bua-
chaill le Muiris.



"Ná bíodh aon fhormad agat leó," arsa
Muiris, "mar ní'l ionnta acht glaigíní.
Is é fear an tábhairne a bheidh suas leis na
ráiseanna um thráthnóna, agus is aige bheidh an
spórt go léir agus ní hag na hamadánaibh sin
a tá ag lot an lae bhreágh so leo."



"Mhuise," arsa an buachaill, "b'éidir
nár bhfearra dhóibh a gcuid airgid a bheith i
bpoll an fhala aca ag cuir clúmh-liath tríd
agus annsain b'éidir é imtheacht gan mhaith uatha
fé mar imthigh sé ar Sheághan na Sgolb nuair
dh'ith na franncaigh air é."



"Cionnus é sin?" arsa Muiris.



"Do bhí duine muinteartha dam thiar i
n-aice na fairrge," arsa an buachaill, "go
dtugaidís Seághan na Sgolb air. Do bhí
beirt inghean aige. Do bhí cleamhnas socair
aige do dhuine aco agus ceud púnt spré aige
le tabhairt di. Do tháinig an t-ógánach go
dtí tigh an chailín óig an oidhche roimis an
bpósadh chun na spré fhághail. I gcionn
tamaill d'éirigh Seághan na Sgolb 'n-a
sheasamh agus phreab sé i n-áirde ar an mbórd.
Sháigh sé a lámh isteach i bpoll an fhala agus
tharraig sé amach seana-bhulcais ceairt-
eacha (cirtach'a). "Tar i leith chúgham," arsa
eisean leis an ógánach, "chun go dtugfaidh
mé do spré dhuit." Do shuidheadar araon


L. 10


ar dhá thaobh an bhúird. D'osgail Seághan
an bhulcais, acht má osgail, b'é an cheud
rud a bhuail uime ná franncach. "Míle
murdal é!" arsa Seághan, "táim sgriosta!
Ní'l folth dom' chuid airgid le chéile gan
bheith coganta! Faire go bhráthach, a Cháit,"
arsa eisean le n-a mhnaoi, "cad deunfaimíd?
Gurab é an mac mallachtain a bheurfaidh
franncaigh na cruinne leis! Ochón! feuch
spré mo chailín bhig 'n-a bhriosc bruathar
annsain ar an mbórd os cómhair mo dhá
shúl amach dá fhaid a bhíos 'ghá chnuasach!"
Do bhí an uile fhocal do'n fhírinne aige 'ghá
rádh mar ní raibh aon phioc d'á chuid airgid
le chéile gan bheith coganta ag na franncaigh
'n-a mhion-rabh."



Do bhí an buachaill agus Muiris ag caint leó
go breágh sítheóilthe ar an gcuma sain go
dtí gur tháinig aimsir dínnéir. Tar éis
dínnéir do bhuaileadar araon amach chun
dul ag obair dóibh féin mar a bhíodar. Do
thug an buachaill fé ndeara go raibh Muiris
ag cimilt a bhas d'á chéile agus ag cuir seilí
ortha anois is arís. D'fhiafruigh an buachaill
de an amhlaidh a bhí a lámha teinn, tráth is go
raibh sé 'ghá gcimilt d'á chéile ar an gcuma
sain.



"Ní hamhlaidh, mhuise," arsa Muiris, "acht
d'imthigh rud greannmhar orm: dá shaibhea-
rain a tá agam agus is baoghalach go bhfuil siad
loitthe orm mar táid siad líonta do mheirg."



"Loitfir iad, má bhíonn tú 'ghá gcimilt ar
an gcuma sain," arsa an buachaill.



"Agus cad deunfaidh mé leó?" arsa
Muiris.



"Cuir isteach i bpráta fuar iad," arsa
an buachaill, "agus fág ann iad ar feadh
tamaill agus chídhfidh tú go nglanfaidh sé an
mheirg díobh."



Nuair a chuadar sa gharrdha do chuir
Muiris an dá shaibhearain isteach i bpráta.
Annsain chuir sé an práta ar thulchán cloch
a bhí tamall uatha. Ba gheárr 'n-a dhiaidh
sain gur thug sé súil-fheuchaint ar an
dtulchán agus cad a chídhfeadh sé ná preuchán agus
an práta aige 'ghá árdach 'n-a ghob leis!



"Mo chorp ó'n riabhal go leanfad tú an
fhaid atá sgraith ar an dtalamh," arsa Muiris.



Leis sin do chaith sé an ránn faid a urchair
uaidh agus do rith sé i ndiaidh an phreucháin. Do
bhí an preuchán ag imtheacht go módhmharach
san aer agus an práta 'n-a ghob aige.



Do stad an buachaill suas ag feuchaint
ar Mhuiris ag rith i ndiaidh an phreucháin. I
gcionn tamaill dubhairt sé leis féin go
mbeadh tuilleadh spóirt aige ó'n uair is ná
raibh sé aige ag na ráiseanna. Leis sin do
rith sé fé ghéin an tighe i n-anaithe an
tsaothair. Do bhí athair Mhuiris ag tógaint
aoiligh amuigh sa chlós roimis.



"Airiú, a Sheághain an chroidhe istigh," arsa
an buachaill, "tá Muiris imthighthe as a
mheabhair: rith i leith chúgham, rith i leith
chúgham."



"Airiú, cad imthigh air?" arsa an t-athair.



"Andaigh mhuise, rud greannmhar," arsa
an buachaill; "do bhí sé ag caint liom chómh
gasta is d'fheudfadh aon fhear i nÉirinn
bheith tá ceathramha uaire ó shoin, agus níor
airigheas pioc chun gur chaith sé a ránn uaidh
'ghá rádh go leanfadh sé é an fhaid a bhí sgraith
ar an dtalamh."



"Cia hé féin?" arsa an t-athair.



"Airiú, a dhuine, ní fheadar," arsa an
buachaill, "mar ní raibh éinne i n-aon chor
ann - acht é ag rith 's ag feuchaint i n-áirde
ar an spéir."



Do sheasaimh an t-athair i n-áirde ar chloidhe
an chlóis agus chonnaic sé Muiris ag rith agus é
ceann-lomnochttha.



"Mhuise, go bhfóiridh Dia orainn," arsa
an t-athair go hochlánach, "feuch air sin do


L. 11


thubaist tuitithe amach anois orainn agus gan
éinne ar fuid an bhaile i ndiu a leanfadh é!"



Tháinig máthair Mhuiris go dtí an dorus,
nuair airigh sí an sean-duine ag caoi mar a
bhí sé.



"Airiú, goidé sin oraibh?" arsa ise.



"Tá droch-sgeul againn, fóiríor," arsa
an sean-duine; "tá Muiris bocht imthighthe
as a mheabhair. Rith síos go dtí páirc na
ráiseanna, a bhuachaill macánta, feuchaint
an bhfaghfá éinne ann a leanfadh é."



Do rith an buachaill fé dhéin na ráiseanna.
Nuair a bhí an pháirc sroisithe aige do casadh
buachaillí aithinide dho air. Dubhairt sé leó
go raibh Muiris imthighthe as a mheabhair agus go
raibh sé ag rith treasna na mbailíacha le
neart buile agus gur chuir a athair é féin annso
go dtí na ráiseanna feuchaint an bhfaghadh
sé éinne ann a leanfadh é.



"Tá baoghal mór ar an staigín," arsa
duine do na buachaillí, "agus dá mbeadh sé
imthighthe uair is ceud, ní chaillfimís-ne spórt
an lae chun dul dh'á fhiadhach."



"Cár bhfearra dhúinn spórt a bheadh
againn," arsa tuilleadh aca, "ná dul dh'á
fhiadhach?"



D'fhiafruigheadar do'n bhuachaill cá raibh sé
imthighthe chun go leanfaidís é. "Do rith sé
anonn treasna an bhaile," arsa an buachaill,
"agus tá fhios agam, dá mbeadh sibh i mbarra
na carraige sin thoir, go mbeadh radharc
agaibh air."



Ní raibh an charraig i bhfad uatha agus do
ritheadar chun dul 'n-a barra chun go bhfeic-
fidís Muiris. Nuair a chonnaic na daoine
a bhí mór-thímcheall ortha ag rith iad, do
bhíodar féin 'ghá fhiafruighe d'á chéile feuchaint
goidé an chúis go raibh na buachaillí sin ag
rith ó n-a ráiseanna. Dubhairt duine thall 's
i bhfus ná raibh aon bhaoghal ná go raibh spórt
éigin sa taobh eile dho'n charraig tráth is go
rabhadar ag rith fé n-a ghéin. "Andaigh
mhuise," arsa tuilleadh aco, "má tá, beidh ár
gcion againn-ne dhe." Leis sin do ritheadar
i ndiaidh na mbuachaillí seo a bhí imthighthe fé
ghéin na carraige. Is é fhaid ar a ghiorracht
gur ar éigin fhan éinne beag ná mór ag na
ráiseanna gan rith go dtí an charraig - mar,
nuair a chonnaiceadar beul an tsluaigh
ionntuighthe uirthi, do cheap gach éinne go
raibh míorbhuilth éigin sa taobh eile dhi.



Do bhí Muiris san am sain ag rith ar inse
bhreágh shocair a bhí sa taobh eile do'n charraig
agus é ag caitheamh chloch leis na preuchánaibh.
Do rith buachaillí d'ár aithin é síos fan na
carraige agus do thángadar mór-thimcheall air
agus rugadar suas air.



"Sgaoilidh uaibh me," arsa Muiris, "nó
beidh sé imthighthe as mo radharc."



"Cia hé féin?" arsa na buachaillí.



"Nách cuma dhíbh-se sin," arsa Muiris,
"acht aire thabhairt d'bhar ngnó féin."



"Mhuise, go bhfagaidh Dia ár meabhair
shaoghaltha againn," arsa cuid aco.



"Mo thruagh go bráthach an fear bocht,"
arsa tuilleadh aco, "nách geárr a bhí an
bárthan sain 'ghá bhualadh, agus is mór an truagh
a athair 's a mháthair bhocht a bhí i dtúrtaoibh
leis i gcómhair dheire a saoghail."



Do bhí Muiris fan na haimsire a d'iarraidh
é féin a stracadh uatha agus ná 'neósadh sé a
chúis d'éinne chun go ndubhairt duine éigin:



"Nách tuigseanach a thriail a bhuachaill, is
teacht fé ár ngéin go dtí na ráiseanna chun
sgeula thabhairt dúinn, mar níor bh'aon
chabhair do féin bheith a d'iarraidh é fhiadhach."



"Mo chorp ó'n riabhal," arsa Muiris, "go
bhfuil sain deunta aige liom, agus is beag an
truagh mise a dhein a chómhairle ó thúis.
Bogaidh díom, a bhuachaillí, mar ní'l aon
easba meabhrach orm acht chómh beag le héinne
agaibh féin, agus is maith a bhí fhios ag an mbua-


L. 12


chaill sin leis ná raibh - acht cuid d'á chladh-
aireacht, mar is mór de a tá 'n-a chorp."



"Cad a dhein sé leat?" arsa na buachaillí.



"Mhuise, is dócha go bhfuil sé chómh maith
agam é innsint," arsa Muiris, "mar bheadh
an cladhaire úd 'ghá innsint orm ar aon
chuma. Is amhlaidh a bhí dhá shaibhearain i
bpoll an fhala agam le breis is bliadhain agus
níor fheuchas ortha i gcaitheamh na haimsire
sin go dtí i ndiu. Nuair a thógas amach as
an bpoll i ndiu iad, do bhíodar líonta do
mheirg. Do bhíos 'ghá gcimilt idir mo bhasa
a d'iarraidh na meirge a bhaint díobh. Do
chonnaic an buachaill me agus dubhairt sé liom
go loitfinn iad dá mbeinn 'ghá gcimilt ar
an gcuma sain. Annsain dubhairt sé liom
iad a chuir isteach i bpráta fuar agus go nglan-
fadh sain an mheirg díobh. Do dheineas a
chómhairle. Do chuireas isteach sa phráta iad
agus chuireas an práta ar thulchán cloch a bhí
tamall uaim. Ba gheárr 'n-a dhiaidh sain gur
árduigh preuchán 'n-a ghob leis an práta, agus is
ag fiadhach an phreucháin sin a bhíos nuair a
rugabhair-se orm; agus tá náire fághaltha lem'
shaoghal agam mar gheall air: sin iad muin-
tir na ndúthaighe le chéile i n-áirde ar an
gcarraig ag feuchaint orm."



Do sgaoil na buachaillí Muiris uatha
annsain agus chuadar fé ghéin mhuintire na car-
raige agus d'innseadar dóibh goidé an imirt a
dhein an buachaill ar Mhuiris; agus na daoine
go raibh agus ná raibh caidreamh ar Mhuiris aco
do gháireadar a ndóthain um an mbotún a
bhí imthighthe air. Do tháinig na daoine go
léir thar n-ais go dtí páirc na ráiseanna
arís agus gan focal i mbeul éinne aco acht ag
gabháil do Mhuiris agus do'n phreuchán.



D'fhág an buachaill an pharóiste annsain
agus ní fheadar goidé an saoghal ó shoin aige é;
agus i dtaobh Muiris do dhírigh gach éinne ar
bheith ag magadh fé, agus ba gheárr 'n-a dhiaidh
sain gur chuir sé ceant ar a fheirm agus gur
dhíol sé amach í. Annsain d'aistrigh sé féin
agus a mhuintir síos i dtreo Chondae Luimnigh agus
níor airigheas aon tuairisg uaidh riamh ó shoin.



MICHEÁL UA BRIAIN.
Carraig an Adhmuid,
Baile Mhúirne, Co. Chorcaighe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services