Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Sgurtha - Moladh an Tobac.

Title
Caint Sgurtha - Moladh an Tobac.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Séamus
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MOLADH AN TOBAC.



Eoghan Mac Aodhgáin na Snadhma, i
gContae Chiarruidhe, do chuir teachtaire ó
bhaile go baile i n-iarthar Chiarruidhe a d'iar-
raidh tobac, acht níor bh'fheidir leis a fhághail.
Fé dheire bhuail duine leis ag dul go Beann-
traighe do thug do smut. Tháinig áthas ar
Eóghan bocht agus dubhairt sé mar seo -



[Fuaras an oráid seo o Sheághan Chrócáin
Uí Bhroin, Sráid na Snadhma]



'Sé sin an tobac breágh donn dorcha dún-
bhileógach, d'fhás go cinn-árd i n-Oileán an
tobac i gcoill mar a dtainneann an ghrian
air.



Ná réidh seo, a chailín, ná dearmad seo,
a bhuachaill, ná caith ar an iarta i n-ainm an
diabhail é, mar do chuir súd an múgha ar mo
thúirne agus ar mo chúpla cáirde.



Mar is fígín breágh cúmhra é ó chúl tighe
an mhargaidh é, go mb'fhiú cúig tuistiún gach
aon tarrac de.



Níl aon tsean-bhean, d'ólfadh trí tarrac
de, ná go mbéarfá air trasna trí ghreim
bluinig di na seacht mbaile budh ghiorra d'á
chéile í.


L. 133


Níl aon chailín óg i n-a mbíodh trí orlacha
'na póca de ná go ndéanfadh sé ionad
leannáin gach aon lá 'sa mbliadhain di.



Gan é thabhairt do streathairíbh, do spreal-
lairíbh,ná do lucht fuadaigh; acht é thabhairt
d'fhearairíbh, do phreabairíbh, agus do dhaoinibh
uaisle.



Budh mhaith é d'fhigheadóir chum é bheith 'ghá
shíor-ól aimsir Nodlag.



Agus níor bh'fheárr 'ná sin é ag táilliúr
ag a mbeadh straisiún 'na chosaibh.



Píob na coise caoile agus na gaoithe móire
d'fhághail, í líonadh, do chómhlíonadh, acht gan
í ró-líonadh.



Gal agus gailín do bhaint aiste.



Huip agus huipín do bhaint aiste.



Gaoraoil brághda do bhaint aiste.



Trí tutúna an bháis do bhaint aiste.



Plum do bhaint aiste.



Órdóg do luighe uirri.



D'á bhrígh sin cuarduig do chóta, íochtar do
phóca agus faichín do bhríste.



Sliocht mór mac ort agus ingheanacha geala
ort.



Seo dhuit gal de agus nach ndeineann sé
maith duit mar a múinfidh mé an ceacht
duit.



TAGRA.



Dún-bhileógach, close in the leaf.
Tainneann = taitneann, tn assimilated.
Fígín, pipe. Huip, huipín : the pronunciation sug-
gests the meaning. Gaoraoil (gaorghail?) is applied
to the noise of a cataract.



Séamus.



[The fourth paragraph does not make clear sense,
or, at any rate, shows want of coherence. A sug-
gested correction of the latter portion is : Trí ghreim
blonoige trasna gach aon bhaile dos na seacht mbaile
ba chomhgaraidhe d'á chéile. -ED.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services