CLODHANNA NUA.
Cormac Ua Conaill. Sgéal bhaineas le hÉirghe
amach agus Díth-cheannadh Iarla na Deasmhumhan A.D.
1579-1583. Leis an Athair Pádraig Ua Duinnín,
M.E.. Ar n-a chur amach ag Connradh na Gaedhilge i
mBaile Átha Cliath, 1901.
Tagrann an leabhar so do "íochtar na seiseadh haoise
déag nuair bhí Gearaltaigh na Mumhan ag síor-bhruighin
le Bainríoghain Sagsana." Ba mhór an aimsir í sin, le
linn Ailíse bheith i gceannus Shasan, acht ba bhrónach.
Rinneadar Gaedhil a ndícheall ar smacht na Sasanach
do bhaint d'á dtír agus do theip orra i ndeireadh na dála,
ní nár náir dóibh ar mhodh, óir do bhí an cogadh ar siubhal
i roinnt dúithchí ar feadh fiche bliadhan, nó fa'n tuairim
sin. Dob' fhéidir sgéal maith do chumadh ar an aimsir
sin. Is deimhin gur fághaltas mor an leabhar so, acht
ní gan locht atá sé, faraor.
Tá furmhór cainte an leabhair go han-deas, má tá
go bhfuil canamhaint agus síor-chanamhaint uirri beagnach
i ngach focal. Tá an dul ceart ar fághail ann gan
amhras, acht ní gan Béarlachas é, agus is deise shamhluigheadh
sé dá madh nach mbeadh an oiread sain dúile ag an
ughdar ins an chanamhaint ar a son féin. Tá sé buailte
isteach i n-ár n-aigneadh anois nach n-oireann canamh-
aint d'á leithéid sin de leabhar. Comhthrom theasduigh-
eas uaidh. Ní'l éan-mhaith ag oibriughadh canamhainte
an iomarca. Ní dhéanann sé acht innsint an sgéil do
mhilleadh. Fágamais an chanamhaint ag an sgéalaidheacht
ghnáthaigh .i. ag na sgéaltaibh innstear cois na teineadh.
Ní ceart í sháthadh isteach i ngnó nach de í.
Locht eile againn ar an déantús so, na paistí filidh-
eachta atá ann. Níor chuirthe do'n ughdar ann iad.
Ní oireann siad do réim an sgéil. Is é meas an
léightheóra, tar éis a léighte dhó, nach bhfuil ionnta acht
paistí nó preabáin 'sa' bhreis agus go m'fhearr an sgéal
'na n-éagmuis. I dtaobh na filidheachta féin, tá cuid
di maith go leór, acht tá cuid eile ró-chasta ró-neamh-
nádúrtha, mar sh. "giar," l. 55, agus "gliag" agus "giagaibh,"
l. 85, rudaidhe nár cleachtadh riamh, go fiosach dúinn.
Gall-chruth is eadh "Éire"; ní mór le rádh a leithéidí.
Is deacair cáile agus tréithe Chormaic féin do thuigsint.
Go deimhin is ait an buachaill é. Is mór an locht air
an dúil mhór úd aige i sileadh deór. Ní'l brón ná
imshníomh, tiubaiste ná mí-ádh d'á dtig air nach "ag
tál na ndeór" bhíos sé d'á dhruim, agus is minic iad ar
sileadh leis 'na gcaisíbh nó 'na srothannaibh. Seo sompla
ar a shlighe: "Do ghoill a chuid machtnaimh chomh trom
soin air gur léig sé sgread as." Is géarchúiseach an
duine é, acht mar sin féin leigeann sé a rún leis an
gcéad duine castar leis, agus gan a fhios aige le n-a linn
sin cia aca cara nó námha é. Bíonn calmacht chuirp
aige acht ní bhíonn aon mheisneach mheanman ann; dá
mbíodh, ní bheadh sé comh gruaidh-fhliuch sain. Tá tír-
ghrádh te teolaidhe aige, acht is deimhin gur mhó a shuim
i n-Iarla Deas-Mhumhan 'ná i n-a thír, agus go bhfuair sé
bás de chumha 'na dhiaidh. Go dearbhtha féin, ní fheada-
mar caidé an sórt fir é, munab é an sórt úd ar a
dtugthar an focal Laighneach "bogadán". Dá madh
gein saoghalta é, 'sé déaramaois: "An buachaill
bocht! Cad chuige ar cuireadh ar an saoghal é ar
éan-chor?"
Is aisteach an duine Domhnall Dubh leis. Is duine
dúr é agus croidhe cruaidh feille aige, agus ar a shon sain,
caidé rinne sé acht "na caisí deór do thaosgadh as a
shúilibh" seal, le teann aithrighe, is dóigh, agus an chéad
seal eile tá sé comh feallmhar agus bhí sé riamh! Ní dóigh
linn gur féidir do dhuine chruadh-chroidheach bheith go
bog agus go holc gach re seal.
Tá an Caomhach ruidín níos feárr 'ná ceachtar aca
so, acht cad chuige dhó ionntaoibh do thabhairt leis an
té d'fhéach le n-a mharbhadh dhá uair, agus é 'na chodladh,
mar budh eadh an dara huair?
Tá an t-Iarla agus Seaghán an Ghearaltaigh rud beag
bog mar an gcéadna.
Is mór an truagh an oiread sain de thuathalaibh 'sa'
leabhar. Seo cuid aca:
L.2, 14. ag sgríobhadh go mall agus go socair an rann so. (Tuathal)
Ag sgríóbhadh an rainn seo go mall agus go socair. (Ceart)
L.5, 10. Go raibh sé féin ro-ullamh a thoil sin do leanmhaint. (Tuathal)
(Ba cheart "chum" do bheith idir "ró-ullamh" agus "a thoil". (Ceart)
L.5, 14. Go mbuaidhfidh. (Tuathal)
Go mbuaidhfeadh. (Ceart)
L.7, 1. Ar chloisint sin. (Tuathal)
Ar n-a chloistin sin. (Ceart)
L.14, 18. i measg cairrgibh. (Tuathal)
I measg cairrgeach. (Ceart)
L. 16, 7. 'on Ghréig-fhuil úd fhír. (Tuathal)
(Ní féidir "fhír" do chur i ndiaidh úd.) (Ceart).
L.23,3. -chluthar (Tuathal)
-chluthmhar. (Ceart)
L.23, 10. Meagal. (Tuathal)
Meigeall. (Ceart)
L.28, 27. -aimneach (Tuathal)
-ainmneach (Ceart)
L.29, 10. Chabharóchadh (Tuathal)
Chabhróchadh (Ceart)
L.29, 15. an námhad. (Tuathal)
na námhad (Ceart)
L.30, 26. fuirighthe (Tuathal)
foirbhthe (Ceart)
L.35, 12. go mbaile (Tuathal)
go baile. (Ceart)
L.35, 14. lasmuigh (Tuathal)
leath-is-amuigh (Ceart)
L.36, 7. Dá mbeith fios. (Tuathal)
Dá mbeith a fhios. (Ceart)
L.37, 18. Cabharuighthe (Tuathal)
Cabhruighthe (Ceart)
L.38, 6. asmhuchán (.i. canamhnachas nach fiú a chur síos). (Tuathal)
achmhusán (Ceart)
L.44, 15. Lastíos (Tuathal)
Leath-is-thíos. (Ceart)
L.46, 4. Ar raibh (Tuathal)
a raibh (Ceart)
L.50, 9. Do shéideadh (Tuathal)
Do séideadh (Ceart)
L.52, 18. Le hais Eóchaill (Tuathal)
Le hais Eóchaille (Ceart)
L.55, 8. spiriodaidhe (Tuathal)
spreamhraoidí (Ceart)
L.58, 24. feidhme (Tuathal)
Feadhma (Ceart)
L.59, 10. I gach (Tuathal)
I ngach (Ceart)
L.59, 28. d'aithriseadh (Tuathal)
Go hathriseadh (Ceart)
L.60, 11. Do ghéill fá dheireadh dá athchuirt an seanóir. (Tuathal)
Do ghéill an seanóir dá athchuirt fá dheireadh. (Ceart)
L.61, 2. Tar éis glacadh claidhimh dam níor sguir, etc. (Tuathal)
Tar éis glactha claidhimh dam, níor sgar, etc. (Ceart)
L.61, 9. samhaluigheadh (Tuathal)
samhluigheadh (Ceart)
L.63, 12. an solais sin. (Tuathal)
an tsolais sin. (Ceart)
L.63, 14. champánaigh (Tuathal)
chompánaigh (Ceart)
L.63, 18. an bhfuil acht soin? (Tuathal)
nach bhfuil acht soin? (Ceart)
L.63, 20. i ndiaidh (Tuathal)
'na dhiaidh (Ceart)
L.63, 22. dubh-bhrónach (Tuathal)
dubrónach (Ceart)
L.64, 29. muingín (Tuathal)
muinighin (Ceart)
L.65, 4. meidhireach (Tuathal)
meadhrach (Ceart)
L.65, 6. an leithéid. (Tuathal)
a leithéid (Ceart)
L. 68, 2. an aon. (Tuathal)
an t-aon (Ceart)
L.68, 5. mbunaibh (Tuathal)
mbonnaibh (Ceart)
L.71, 14, 15. ciannos. (Tuathal)
cionnus (Ceart)
L.71, 22. balcasaidhe (Tuathal)
balcaisí (Ceart)
L.71, 23. gurbh' cladhaire (Tuathal)
gur chladhaire (Ceart)
L.72, 7. claidhiridhe (Tuathal)
cladhairí (Ceart)
L.72, 14. aistiriughadh (Tuathal)
aistriughadh (Ceart)
L.72, 22. go dtí an athaigh (Tuathal)
go dtí an t-athach (nó athach) (Ceart)
L.73, 19. ag tabhairt a n-aghaidh (Tuathal)
ag tabhairt a n-aighthe (Ceart)
L.74, 18. d'aduigheadh (Tuathal)
do haduigheadh (Ceart)
L.74, 31. dóibh seo thiocfas (Tuathal)
do'n dream thiocfas (Ceart)
L.75, 1. ag rádh soin. (Tuathal)
'gá rádh soin. (Ceart)
L.76, 21. sean-shuadh (Tuathal)
sean-saoi (Ceart)
L.76, 23. do seasaibh (Tuathal)
do sheasaimh (Ceart)
L.77, 26. mothán (Tuathal)
mbothán (Ceart)
L.78, 2. leastoir (Tuathal)
leath-is-toir (Ceart)
L.78, 7. coisne (Tuathal)
cuisne (Ceart)
L.80, 3. cnead (Tuathal)
cneadh (Ceart)
L.83, 16. Cia an nós do shaoruigh (Tuathal)
Cia an nós ar shaoruigh (Ceart)
L.84, 13. bhíothas (Tuathal)
bhítheas (Ceart)
Ní maith linn gan an chuma ghaolmhar de'n bhréithir
i bhfeidhm, ná "éigin" (éigean), ná "fé" (faoi), 'ná
"óir" i n-áit ó (nó nuair).
Is iongantach a bhfuil d'fhoclaibh 'sa' sgéal. Ní ghoill-
eann a n-easbhaidh ar an ughdar go dearbhtha.
Bíonn neart agus fuinneamh ar uairibh i gcaint an
ughdair, ag cur síos dó ar neithibh éagsamhla, mar
shomplaidhibh ll. 14 agus 30, etc., acht is truagh a ró-
dhúil i gcúigeachas d'á milleadh. Tá súil againn go
mbeidh an sgéal níos fearr aige an chéad uair eile.
Celtia. May, 1901
Ins an uimhir seo atá trácht geárr ó'n "bhFile" ar
Lá Bealtaine, agus tionntodh do rinneadh ar alt do sgríobh
an t-Ollamh J. Loth ar "chomhfhuaim mheadhónaigh" (nó
chomhardha) rannaigheachta na Gaedhilge agus na Breatnaise.
Maidir leis an dara ceann, is sár-léigheannta an
t-alt é, acht is deachair dúinn a chreideadh ó'n ughdar agus
ó'n Ollamh Thurneysen gur ó'n Laidin do tháinig ár
sean-rannaigheachta-na; óir tá an iomarca de chomhar-
thaíbh an dúthchais uirri. Do chímíd fós rudaidhe tait-
neamhla eile fá chló, go háirithe "Sgoilearachd".
The following is the final section. XI. - The kings
are led to Tara: -
I ccionn chóicc mhíos, monar nglan,
ro léicthe an ríoghradh for magh,
dia mbrith do Donnchad mac Floinn,
do Rígh Midhe mór áloinn.
M. "Assú dut an ríoghradh réil,"
ar Muircheartach, ar mac Néill;
"óir as tú, a Dhonnchaidh, dearbh liom,
duine as fhearr d'fhearaibh Éreann."
D. "As fearr tusa anossa, a Rí!
rit nocha gebh neach i ccrí,
as tú tucc an ríoghraidh réil,
a Mhuircheartaigh mic mhóir Néill."
M. "As fearr thusa, a Dhonnchaidh dail
indás duine 'nar ttalmhain;
cipé bes hi tTeamraigh teinn
as é as Airdrí for Érinn."
Beir mo bheandachtain co mbloidh,
a mheic Néill Ghlúnduibh ghlé-ghloin!
corop uait gabhthar Teamhair,
a fhlaith Locha finn Feabhail!
Corop lat' chinedh Magh mBreagh
corop leo Teamhair thoibhgheal,
co mbet géill Goidhel it' thaigh,
a mhic mhaith, a Mhuircheartaigh!
Creideamh agus Gorta: Traighidheacht bhaineas le
haimsir an droch-shaoghail, 1847. Leis an Athair
Pádraig Ua Duinnín, Ughdar an Sgéil "Cormac Ua
Conaill;" eagarthóir "Aodhagáin Uí Rathaille," etc.
Dublin: E. Ponsonby, 116 Grafton-street; M. H.
Gill & Son, 50 Upper O'Connell-street; Gaelic
League, 24 Upper O'connell-st. 1901. Price 6d. net.
Is ró-dheas ar fad an traighidheacht bheag so. Tá an
chaint go hálainn agus go bríoghmhar innte ó thúis go
deireadh. Is mór is ionmholta fós í mar gheall ar a
simplidheacht. Go deimhin féin, ní baoghal nach bhféad-
fadh éan-duine, 'pé canamhaint atá air, í thuigsint go
maith, agus is é ba chinn-tsiocair leis sin, dar linn, do
bhrígh gur cuireadh an sgéal síos go réidh deas socair
gan cruas gan dócamhal gan forcamás. Is amhlaidh sin
is fearr canamhaint do sgríobhadh, mar milltear í,
má cuirtear fa chruas focal.
Is binn do thug an t-ughdar fa "na Súpers," acht is
dearbh gur thuilleadar uaidh é agus a thuilleadh. Ní'l i n-a
leithéidíbh acht lucht bréagchrábhaidh 'ga mbadh mhaith leo
an Ghaedhealtacht do mharbhadh agus an Ghalldacht do chur
'na háit ó cheann go ceann na tíre. Ní hé rud atá
uatha an t-anam do dhéanamh, acht ceapann siad aigneadh
an Ghaedhil do chur fa smacht Galldachta. Ní daoine
ionnraice iad.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11