Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Chumaisg - Dubh-shlán lucht' an Bhéarla.

Title
Caint Chumaisg - Dubh-shlán lucht' an Bhéarla.
Author(s)
Máirtín, Máire,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 118


DUBHSHLÁN LUCHT' AN BHÉARLA.



An I Cheathramha.



'Sé mo chroidhe atá árd agus aigeantach anois,
Ag smaoi'tiughadh ar a' tráthnóna,
Atá againn ag musgladh na Gaedhlice suas
Agus ar bhréaghachta na hÉirinne ag comhrádh.
Caithfidh mé 'rádh leobh gur maith an obair í.
Ar eagla go ndéarfadh lucht a' Bhéarla
Gur obair beag-a'-mhaith í a d'fhéadfaidhe chaitheamh thart,
Mar dubhairt siad go minic go bréagach.



An Sgéal.



Nach í an Ghaedhilic a bhí i n-Éirinn ariamh
agus nach í caint na hÉireann í agus nach bhfuil sé
comh cóir againne a' Ghaedhilic a bheith againn
lé an uile náisiún eile ar a' domhan a gcuid
cainte fhéin a bheith aca, do bhrígh gurab í an
Ghaedhilic caint na hÉirinne? Tá a gcuid
cainte fhéin ag an Spáinn, ag an Fhrainnc,
ag an uile náisiún eile ar a' domhan acht
Éirinn, agus 'sí an Ghaedhilic a bhí i n-Éirinn acht
gur plúchadh sinn le Béarla a gan fhios duinn
fhéin.



An 2 Ceathramha.



Bhí an Ghaedhilic i n-a neart a' t-am a thainic leis na
cailíní
Éirinn a shiubhal go haoibhinn;
Ní rabh a'n mhac do chuig Ghráinne lé a'n fhocal a rádh
leobhtha
Tréigeach, gránda ná graosda;


L. 119


Bhí mílte d'á chlainn mhac 'teagasg chreididh an
Chríostaidhe,
Ag siubhal fríd na náisiúin mhóra;
Sin a' t-am a baisdeadh í Oileán na Naomh,
Agus shaothruigh sí ionnraice go leór í.

An Sgéal.



Bhí mílte do chlainn na hÉirinne a' t-am
sin ag siubhal an uile áit a d'fhás féar agus a
rith uisge ag teagasg a' chanamhaint agus a
chreideadh. Bhí na mílte as an uile náisiún
eile ar a' domhan ag teacht isteach go hÉirinn
a fhoghluim a' chanamhaint agus a' chreideadh. Bhí
Éirinn a' t-am sin 'na solus ag an domhan.
Sin a' seort am' a bhí i n-Éirinn nuair a bhí
an Ghaedhilic i n-a neart sol mur dtainic
lucht a' Bhéarla isteach ann agus chuir siad a'
luifearnach i n-ar measg.



An 3 Ceathramha.



Óch! óch! budh é sin a' lá dubh dúinn
A bhfaca muid lucht a' Bhéarla;
Bhí mallacht ar a mbonnaibh, bhí nimh ar a bhfiacla,
Bhí faobhar mór ar a méaraibh;
Mharbh siad na míltí, fir agus mná,
Agus rinn siad rud a rabh léan air.
Á! ní rabh siad coisreactha ó dhia lé theacht
Fríd chréafóig bheannuigh'e Éireann.



An Sgéal.



Mharbh siad na míltí, fir agus mná, a' t-am
sin agus bhí siad go minic go dtí n-a dhá ghlúin
i n-a gcuid fola. Leag siad ar gcuid tighthe
poblach, ar gcuid cathaireacha cruinne. Ní
rabh a leitheid ar a' domhan ariamh nó ní bhéidh
go bráth. Leag siad ar gcuid tighthe sgol-
tacha, mharbh siad ar gcuid maighistirí. D'fhág
siad sinn gan chionn gan chos agus nuair a mharbh
siad an méad daoiní maithe toighte a bhí i
n-Éirinn, thiomáin siad a' chuid eile againn
amach as an uile acaire maith talaimh a bhí i
n-Éirinn.



An 4 ceathramha.



Tá mé bródamhail anois go dtig liom innse daoibh
Goidé bheir a' Ghaedhilic comh deánta againn,
Nuair a fuair muid ar raogha do ifrionn ná Connachta
Agus tiomáineadh sinn trasna ar a' tSeánainn;
Sinn a' sean-stoc daoiní a bhí i n-Éirinn ariamh
Agus labhair muid i gcomhnaidhe an Ghaedhilic,
Beó comh maith 's a thig linn, 'deanamh talaimh as a' fhraoch,
Is 'ar gcomhnaidhe fa bhun na sléibhte,



An Sgéal.



Támuid 'ar gcomhnaidhe fa bhun na sléibhte.
Níor bh'fhiú leobhtha sinn a chur as sin. Ní
thiocfadh leobhtha fheín a bheith beó ann ná
talamh ar bith a dheanamh de. Nuair a dheán-
fadh ar mbunadh-suidh talamh de ins a' chruth
's go dtiocfadh le duine bheith bheó ann,
thigeadh siad an uile thrí mbliadhain d'ar
n-árdughadh i gcíos go dtí nach mbeidheadh
sinn ábalta a dhíol. Nuair a thigeadh siad
annsin 'gus gan a' cíos sin againn dóbhtha,
amach a rachadh sinn, leagfaidhe an teach.
cead againn bás fhághail i gcúl na gcloidh-
theach ná imtheacht linn béal ar gcinn.
Duine ar bith annsin a rabh maith ar bith ionn,
bhain se an t-Oileán Úr amach. Tá a shleacht
air; tá i bhfad níos mó éireannaigh ins an
Oileán Úr anocht ná tá i n-Éirinn agus, leóga,
ní chuirfidh sé fearg ar bith ortha iomrádh a
chluinstin ar a' Ghaedhilic, agus is minic adubhairt
siad a' Paidrín Páirteach thart fa chladach
na teineadh fhad 's bhí an pota préataidhe
'bruith ar a' teinidh mhónadh agus iad ag freagra
a chéile i nGaedhilic.



An 5 ceathramha.



Deirim anois agus féadaim a rádh,
Agus míle marbh-fáisg ar a' Bhéarla,
Agus déarfaidh siad linne gur'b í an chanamhaint í is
fheárr,
Acht deirim-sa go bhfuil siad bréagach;
Tá 'fhios againn a gcuid tréarrthaidhe ró-mhaith anois
Le cuid mhór eile chur i gcéill dúinn,
Nó ní thainic leobhtha seasamh d'á ngeallstan ariamh
Agus go fealltach loit siad Éirinn.



An Sgéal.



'Ar ndóigh, nuair a chasfaidhe duine ar
bith do lucht an Bhéarla seo daoibh agus iad
'dréim le dadaidh a ghnódhughadh orainn, tá
cárr ortha leat mar bheidheadh cárr madaidh
le dreisiúr ann, agus ins an am chéadna sin
bheidheadh fuil do chroidhe aca dá leigeadh an
eagla dóbhtha. Casfaidhe tuilleadh aca duid
a bheannachas duid a' t-am a lá tá ann.
Ní'l a sheamhair ná a shughtán ins na focla


L. 120


sin ach' oiread le driseoig Fheil' Pádraig
a chuir i gcomórtas le focla bréaghacha sona
na Gaedhlice. 'Ar ndóiche, ní thainic leobhtha
seasamh do gheallstan ar bith thug siad
ariamh. 'Ar ndóigh, is go fealltach agus nuair
a fuair siad faill agus ar an fhaill a rinn
Sasain a' chaill do Éirinn, acht fuair Éirinn
buaidh nach bhfuair áit ar bith eile ar a'
domhan ariamh, nuair a thainic Naomh Pádraic
annseo fad ó shoin agus Creideadh Críosta
leis. Shlug siad suas é mar a d'ólfadh cat
bainne milis. Níor iarr siad ariamh a' ceart
a chinntiughadh (nó a chruthughadh) dóbhtha le
luach a chuid fola. Ní'l a'n oileán ná a'n
dhaoiní ar a' domhan ariamh ná ó shoin a d'íoc
oiread ar son a gcreididh 's a d'íoc Éirinn
agus i ndéidh cuid inntleacht' na Sasana agus
méad a rinn sí ó shoin, áltughadh 'Dhia tá
sí fhad ar gcúl uadh sin indiú is do bhí an
chéad lá.



An 6 ceathramha.



Agus i ndéidh sinn a lot go fealltach 'gus go holc.
Shaoil siad go muirbhfeadh siad ar fad sinn
Acht i ndéidh a saothair le seacht gcéad bliadhain,
Támuid anois mar bhí sinn a' t-am sin
Ionn i gcanamhaint agus creideadh mar a' bunadh thainic
romhainn
Agus mar bhéidheas na daoiní bheas 'ar ndéidh ann,
Ó, tógaigidh mur (bhar) gcroidhe, nuair atá a' ghrian
'na suidhe,
Agus soillseachaidh sí ar Éirinn.



Rádh deiridh.



Agus a' bunadh a thoisigh ar an obair mhaith
chéimeamhail seo, ag tabhairt na Gaedhlice
ar ais go hÉirinn agus ag dréim lé Éirinn a
bheith mar bhí sí sul ma rabh Béarla ar bith
ann, fad-saoghail agus sláinte dóbhtha ar fad
agus ar leithead na hÉirinne, onóir agus céim ar
a' tsaoghal seo agus flaithis Dé i ndéidh a
mbáis.



MÁIRE MÁIRTÍN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services