Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Sgurtha - Sgéal ó Chontae Shligigh.

Title
Caint Sgurtha - Sgéal ó Chontae Shligigh.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGÉAL Ó CHONTAE SHLIGIGH.



ANTOINE GABHA.



An Fáth a sgartann na Gaibhne an chéad
bhraon ar an Inneoin.



Fad ó shoin, 'nuair do bhí mé beag,
mar dubhairt Tomás Gearr, bhí
aithne agam ar ghabha 'sa gcomhar-
sanacht, a dtugamar Antoine
Gabha air, go ndéanaidh Dia grása
air.



Budh hiomdha sgéal ar Fianna Éireann
do chualas uaidhe, acht bhí dhá ghnás aige do
chuir a cháil ar fud na tíre .i. bhí sé chomh
luathchainteach sin gur ar éigin d'fhéadfá
congbháil suas leis, agus i n-a cheann sin bhí se
go h-an-aithbhéalach. "Diabhal crudh capaill
níos bréige 'ná í do chonnaic tu le seacht
gcéad déag bliadhain," déarfadh sé le duine
do bheith ag fághail lochta ar a chuid oibre,
is b'éigean do'n duine eile bheith 'na thost
'nuair do chuirfeadh Antoine an thullach
thallach sin as.



Budh gnáthach linn, ag tigheacht a bhaile ó'n
sgoil, triall isteach tamall 's gceartcha,
's budh hé sin an chéad uair do bhreatnuigh-
eas féin an chéad bhraon dá dhórtadh ar an
inneoin 'nuair do tiubharfaidhe deoch chuig
an ghabha is chuir sé tnúth mór orm sgéal
d'fhághail uaidhe 'na thaobh. Acht cidh go rabh
sé réidh go leór sean-sgéalta eile d'innsint,
níor mhaith leis trácht ar an ghnás seo ar
aon chor.



Lá breagh dá rabhas ag tigheacht a bhaile
liom fhéin tharla dham isteach ag Antoine lé
spíce do chur in mo tap no rud éigin mar
sin, mar go rabh sé leis fhéin agus 'na chomh-
nuidhe.



"Cad do theastuigh uait anois?" ar
sé, "a chabhaire chataigh."



D'innis mé mo ghnoithe dhó, is leig sé dham
na builg do shéideadh dhó - rud do b'ait
liom an tráth úd - go ndearnaidh sé cé bith
a rabh i láimh agam.



"Anois," arsa mise, 'nuair do bhí sé
críochnuighthe, "badh cóir dhuit an sgéal
údaidh d'innsint dam, a Antoine, i dtaobh
braoin na hinneona; is fada mé 'do dhiaidh
air, is má ghnír bhéarfaidh mé leath-unsa
tobac duit."



"Nach mór do theastuigheanns sgéalta
uait, a chinn sgeithte? Imthigh leat a bhaile, no
buailfidhear thú faoi a bheith mall, acht cia
bhfuighfeá-sa leath-unsa tobac?" ar sé.



"Ní'l deifir ar bith orm a bhaile, tig
leo(fa) déanadh tharam - agus seo é an tobac,"
dhá taisbeaint dó, agus ní mór admháil anois
nach go cneasta do fuaras an tobac céadna,
acht fágthar sin mar atá sé. Budh mhór do


L. 114


chuaidh a radharc ar Antoine ar chum ar bith,
is rinne sé gáire -



"Á, maiseadh, budh dual sin, acht 'ndóiche,
ní thuigeann tusa Gaedhilg, agus ní féidir
dhamh-sa sgéal do innsint duit i mBéarla,"
ar sé.



"Ná cuireadh sin bac ort, tuigim thú
maith go leór, muna labhruigheann tú go ró-
thapaidh." Do líon sé is dhearg sé an píopa
is d'innis sé an sgéal dam mar do leanas:



"Na mílte bliadhan ó shoin, a thaisgidh,
sul ma dtainic Naomh Pádraig go hÉirinn,
bhí na gaibhne faoi árd-mheas is cliú thar gach
ceird eile 'sa domhan, chomh mór sain go rabh
cead ag an ghabha dul i láthair an ríogh gan
fiú an phráisgín nó lorg an ghuail do bhaint
de fhéin, agus nídh budh mho 'ná sin bhí draoidheacht
aca níos láidire 'ná bhí ag na draoithe
fhéin, is b'fhéidir go bhfuil cuid de aca go
fóil, cidh gur beag an meas atá ortha anois,
acht ní'l maith a' caint air sin. Budh iad-san
na fir do rinne na claidhmhí 's na h-airm nár
fhág fuighleach an bhuille 'na ndiaidh ariamh.
Ins an am sin bhí árd-ghabha os cionn gaibhne
na hÉireann, is bhí grádh aige ar chailín óg
do mhair 'san am chéadna, a rabh cáil mór
áilneacht' is breaghacht' uirthi ar fhud na tíre,
agus, mar bud dóich, bhí mórán tighearnaidhe is
daoine uaisle 'na diaidh dá hiarraidh le
pósadh, acht do b'fhearr léi an gabha 'ná an
t-iomlán aca is phós sí é.



Budh mhór an fhearg agus an t-éad do chuir
an pósadh seo ar duine de'n dream eile do
diúltuigheadh agus chuir se roimhe díoghaltas do
dhéanadh ortha. Budh draoi do bí ins an
bhfear so, cidh nár leig se air fhéin é, mar
go rabh faitchíos air roimh ghiolla an uird
mhóir, agus shaoil sé gom'fhéidir leis biorrán
do dhéanadh ar an lánamhain le n-a chuid
draoidheacht'.



Thigeadh go minic go tigh an ghabhann, ar aon
leithsgéal nó eile, is bhíodh se ag cúlchaint
air leis an mnaoi óig ag iarraidh cuir
eatorra, is a rádh léi nach rabh grádh no
gean ag a fear uirthi, ná gur chreid sí é faoi
dheireadh. Annsin dubhairt sé go dtiubhair-
feadh sé deoch dhi le thabhairt do'n ghabha an
chéad uair do bheith tart air 'sa gceártcha,
is go gcuirfeadh sé méadughadh is spreagadh
ar a ghrádh di. Acht bhí an gabha dubh chomh
críonn leó fein, is mar go mbudh mhinic
leis cuairteanna an fhir so d'á mnaoi, bhí se
ag éirghe amhrasach, agus, nuair do thainic an
deoch chuige bhreathnuigh sé é go géar is
dhoirt sé braon de ar an inneoin. A théagair,
ní luaithe sin 'na sgoilteadh an inneoin 'na
dhá leith síos go dtí an crumpán. Thainic
an gleacaidhe óg isteach, 'réis seo, ag
féachaint cad do tharla ó'n digh, acht chuir
sé an locht ar an inneoin 'nuair do chualaidh
sé an sgéal -



Agus d'fhág an gabha mar sin é. D'iarr
sé rásúr le ceannach annsin agus thug an gabha
lán a ghlaice díobh le ceann do thoghadh asta
acht ní rabh ceann díobh dár chuir sé lé na
fhéasóig dá feuchaint nár bris na dhá leith.
"Bhí fhios agam nach rabh de mhaith in do chuid
uirleis no in do chuidh oibre," ar sé, agus
d'aithin an gabha annsin gur draoi do bhí
ann.



"Má thigeann tú annseo an tráth seo
i mbárach, beidh rásúr déanta agam duit
nach mbrisfear go réidh," arsa an gabha.



Thiompuigh se an inneoin annsin i n-aghaidh
an draoi, agus rinne sé an rásúr faoi gheasa
draoidheachta go rabh se críochnuighthe. Thainic
an fear óg lá'r n-a bhárach is tugadh an
rásúr dó, acht chomh luath is chuir sé le n-a
ghiall é lé n' fhéachaint sgiob sé an smig de.



"Mise mo bhannaidhe," arsa 'n gabha, "go
bhfuil do sháith de rásúr anois agat," acht
bhí an draoi imthighthe is ní bhfacas ní budh mhó


L. 115


é, agus sin agat sgéal ar an mbraoinín
do sgartamuid ar an inneóin ó shoin go dtí
an lá indiu, agus nac bhfuil tú sásta?"



"Acht, a Antoine, cia mar thiompuigh an
gabha an inneoin i n-aghaidh an draoi?"



"Éist, éist, a chuid, ní cóir labhairt air sin
"chor ar bith;" ruith leat a bhaile anois; ní
thuigfeá é, dá n-innseoghainn fhéin duit é."



"Agus cia dar bh'ainm iad, an t-árd-
ghabha agus an draoi?"



"Maiseadh, cuirfidh tú go cró na
gcaorach orm é. Ní'l fhios agam, agus muna
leigeann tú dham, ní innseoghaidh mé sgéal
eile dhuit a choidhche," is b'éigean dam a
fhágáil mar sin.



POSSIBLE LOCALISMS.



Luath-chainteach = quick-spoken.
Aith-bhéalach = given to exaggeration, "big-worded"
(? aidhmhéalach).
'Na chomhnuidhe = idle, doing nothing, in this sense.
Cabaire = a chatterbox. Catach = curly-headed, un-
kempt.
Ceann sgeithte = catach. Níor leig se air fhéin = he
didn't let on.



Amhrasach = suspicious. Crumpán = a block of wood
or stump.



Biorrán (? bearrán, bearthán) = spite, revenge.



Thiompuigh sé an inneoin. Tionntuigh was as often
said as tiompuigh.



Go cró na gcaorach was an expression applied to an
inquisitive person who was too fond of finding out the
"ins and outs" of a tale.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services