Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cóimhfhreagairt.

Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Ó Briain, Pádruig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÓIMHFHREAGAIRT.



"AN BHORAMHA LAIGHEAN".



D'Fhear eagair Irisleabhair na Gaedhilge.



Is mór an buidheachas do thuilleann tú ó leightheoiríbh
"Irisleabhair na Gaedhilge" i dtaobh feabhais na sgeul
agus na n-alt, lán de aiteas agus de shuairceas, chuireann tú
ós a gcomhair gach uile mhí. Acht budh holc liom, go
deimhin, litir bhruighneach bhagarthach d'fheicsin ins an
uimhir dhéidheanaigh ded' Irisleabar (do mhí na Bealtaine)
ó mo dhuine muinnteardha, Tadhg O Murchudha, ag fághail
locht agus ag trácht go droich-mheasamhail ar T. O'N.
Ruiséal. Ní troid ná bruighean atá ag teasdáil uainn
acht caradas agus aontacht. Adeir an seanfhocal nach
bhfuil saoi gan locht. Bé locht is féidir d'fhághail ar
sgríbhneoireacht an Ruiséalaigh, is é mo thuairim nach
bhfuil i n-Éirinn indiu aon fhear atá ag deunamh a
dhíchill níos feárr chum eolais ar an nGaedhilg d'fhoir-
leathnughadh, agus ní indiu ná indé é, acht le ós cionn deich
mbliadhan fichead, agus é sin uile gan díol, gan tuaras-
dal, ná aon bhúntáiste ar bith d'fhághail d'á bhárr, acht
'n-a hionad soin is rol-mhinic do rinneadh cúl-chaint agus
tromuidheacht air gan fáth, gan adhbhar. Suas le dá
fhichid bliadhan ó shoin, anuair chuaidh sé go 'Merica,
chuir sé (le beagán congnaimh eile) cumann nó comh-
chaidreamh Gaedhealach ar bun i nEabhrach Nua chum
teangan a dtíre féin d'fhogluim, agus do b'é a ghnó de ló
agus d'oidhche, le n-a pheann, agus le n-a chomhrádh, na daoine
do bhrosdughadh chum eolais d'fághail ar an Ghaedhilg.
An tráth úd is beag an meas do bhí ar Ghaedhilg
i n-Éirinn ná i n-America, acht níor chuir sé soin aon
mhí-mhisneach ar an Ruiséalach; is amhlaidh d'oibrigh sé
níos déine ioná dá mbeidheadh a mhalairt de sgeul le
hinnsint. Tar éis teacht thar n-ais go Baile-Átha-Cliath
do'n Ruiséalach, is é do chuir ar bun Connradh na
Gaedhilge, agus is ag á áit comhnuighthe do bhí an chéad
chruinniughadh. Do bhidheas féin láithreach, agus is maith is
cuimhin liom an oidhche úd. Tamall geárr sul a
bhfuair Seaghán Pléimionn (bhí 'n-a fhear-eagair ar
Irisleabhar na Gaedhilge) bás, chuadhas d'á fheicsint lá,
agus i n-a chomhrádh liom adubhairt sé, "Is iongantach an
fear é an Ruiséalach."



"Cad fáth?" arsa mise, "go ndeir tú é soin?"



"Is é an fáth atá agam le h-é rádh," ar seisean
"Oir ní túisge tháinig sé thar n-ais ó 'Mherica go Baile-
Átha-Cliath 'ná gur chuir sé Connradh na Gaedhilge ar
bun. Déanann sé a dhícheall i ngach uile áit d'á
dtéidheann sé ar son na Gaedhilge, agus is cóir moladh
agus buidheachas mór do thabhairt do."



Bhí an Pléimionnach agus an Ruiséalach i gcaradas mór
an tráth úd. Dá mbeidheadh aithne ag Tadhg O Murchudha
ar an Ruiséalach, agus fios na nidhthe so aige, is é mo
thuairim ná sgríobhfadh sé an litir soin.



Anois i dtaobh an tiodail, "an Bhoramha Laighean,"
atáid na somplaidhe so le fághail anns na "Passions
and Homilies", faoi an bhfocal "in" (an t-alt "an",
mar sgríobhtar anois é) - "In rith fola," the bloody
flux; "in charcair cloiche," the stone prison; "in
brethemh bratha," the judge of judgment. Is iontuigthe
as na heisiompláiridhe so go bhfuil an tiodal, "An
Bhoramha Laighean" ceart go leór. Ní'l an focal
"Boramha" le fághail ar aon chor gan an t-alt, mar
mórán focal eile anns an Ghaedhilg, e.g., coimhdhiu, "an
coimhdhiu na ndúl." Feic "Passions and Homilies".
Soin a bhfuil le rádh agam.



PÁDRUIG O BRIAIN.



(Ní dubhramar riamh nach ndearna an Ruiséalach a
dhícheall ar son na Gaedhilge. Ní hionann "dícheall
chum eolais ar an nGaedhilg d'fhoirleathnughadh" agus an
t-eolas féin. Ní leigimíd leis an sgríbhneoir gurab
é an Ruiséalach do chuir Connradh na Gaedhilge ar bun.
Tá mearbhal mór air i n-a thaobh sain de. Ní dhearna
an Ruiséalach acht cabhrughadh leis an té do chuir ar bun
é, dálta a láin eile, agus is é an té sin Eoin Mac Néill.
Is é féin do cheap agus do chum é, i bhfad sul ar fhág an
Ruiséalach Nua-Eabhrach. Nach ró-mhaith is cuimhin liom
féin an Niallach do theacht chugam, d'á iarraidh orm
congnughadh leis an ngnó, ní ar nár eitigheas é, bíodh
geall. Ní raibh an chéad chóimhthionól ann go dtí
tamall fada 'na dhiaidh sin i seomraidhibh Máirtín Uí
Cheallaigh, áit ar ceapadh uachtarán, rúnaidhe agus cisdeoir
agus eile. I dtaobh "An Bhoramha Laighean," ní dheiri-
míd acht nachionann gléas do'n Ghaedhilg Mheadhónaigh
agus do'n Ghaedhilg Nua; ní féidir linn annois, mar shompla,
"An coimdiu na ndúl" do rádh, acht deirimíd "Dia
na ndúl" gan alt ar bith i dtosach an chéad fhocail.
Caidé adubhramar? Atá gur sgríobhamar mar so:
"Certainly modern usage requires "Boramha Laigh-
ean"." - F. an I.).





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services