Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuirse.

Title
Tuirse.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TUIRSE.



Tuirseach mé don tuirse se,
Don tuirse cia táim tuirseach,
Truagh, is méid mo thuirse-se,
Mé ón tuirse go tuirseach.



Tuirse thuirseach atuirseach
Atá orm na tuirse,
Tuirse tré a mbím ro-thuirseach
is é as adhbhar dom thuirse.



Tuirse thréan mo thuirse-se,
Tréan mo thuirse giodh tuirseach,
Tré ró-mhéid mo thuirse-se
Ní mór nach fuilim tuirseach.



(Ní mór dó bheith tuirseach. Dá mbeith a
thuilleadh tuirse ann, do bheimís féin tuir-
seach de. I leabhar sgríobhtha darab teideal
"Conciones Hibernicae", i leabhar-thigh na
bProinsiasach ar Chéibh na gCeannaidhthe i
mBaile Átha Cliath, is eadh fríth an aisde seo.
Sa leabhar chéadna atá an Trácht do sgríobh
Seathrún Céitinn ar an gCoróin Mhuire,
maraon le Eochair-Sgiath an Aifrinn, Trí
Biorghaoithe an Bháis, agus dornlach beag do
dhántaibh diadha.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services