Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Teideal
Clodhanna Nua.
Údar
Ní fios,
Bailitheoir/Eagarthóir
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Dáta cumtha
1900
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Sgéilíní cruinnighthe le “Éadhmonn ó h-Albainn.”
Pinginn a luach. Dublin: M. H. Gill & Son. 1900.



Is mór do bhí leabhrán d'á shamhail seo uainn agus céad
fáilte is cuirthe dhúinn roimhe. Tá cuid de na sgéilíníbh
gonta go leor. Is iongnadh linn a bhfuil de Muimh-
neachas ionnta agus a rádh gurab as críochaibh imchiana Iar-
Chonnacht .i. as an Leitir Mhóir, do tháinig an leabhrán
d'ár n-ionnsaighe. Ní'l fhios againn cia hé féin an
fear teagair acht b'fhéidir gur Muimhneach atá ann.
Tá roinn de dhearmadaibh ar fághail ann, mar shom-
plaidhibh, “le h-aigne diongmhálta é sin a déanamh,”
“itheadh” (“ithe” an ceart), “leis a h-inghean” (“le
n-a hinghin” dob' insgríobhtha), ”ar an teineadh”
(i n-áit “ar an teinidh”), “a trí no a ceithre píosaí”
(i n-ionad “a trí nó a ceathair de phíosaidhibh”), ”ins an
deoch” (i n-áit “ins an digh”), &c. Má thagann
“Sgéilíní” 'sa' chló arís, badh cheart aire do thabhairt
d'á leithéidíbh seo. Acht 'na dhiaidh sin agus uile tá an
leabhairín go foghanta. Go rabhthar 'gá gceannach 'na
gcéadtaibh cóibeann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services