Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht Nua-Dhéanta. An Coigcríoch Thar Sáile.

Title
Sgéalaidheacht Nua-Dhéanta. An Coigcríoch Thar Sáile.
Author(s)
Ó Neachtain, Eoghan,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 497


AN COIGCRÍOCH TAR SÁILE.



Gidh gur fíor an nídh adeir an iomad
daoine .i. gur mór an mío-fhortún agus an
mí-ádh do thír a clann 'imtheacht uaithe, an
uair budh cheart di féin do bheith acfuin-
neach ar a dtógbháil, óir tá sé cruth-
uighthe go dtógfadh Éire a clann féin (mar
is ar Éirinn amháin a thráchtaim anois) dhá
mbeidheadh balla práis 'na thimchioll; gidh
go ndeirid gurab é tarrang a cuid fola
é, muintir na tíre do dhíbirt, agus eallach a
chur 'na n-áit, 'na dhiaidh sin 's uiliog, sílim
nach bhfuil an díbirt seo gan a leas agus a
mhaitheas féin ann. Muna mbeidheadh eu-
gcóir dhá dheunadh, ní bheidheadh buaidh le
fághail ag an gceart, ná ní bheidheadh an
saoghal daonna, agus is minic do-ghnidheas
duine le eugcóir agus le mailís droch-bhearta,
ann a mbeirtear faoi dheireadh air féin,
mar beirtear ar sgadán i líon. Chuala-


L. 498


bhair go léir i dtaoibh an ríogh do thug a
mhallacht do'n dlighe do dhíbir uaidh na
saighdiúirí do bhuaidh an cath i n-a aghaidh féin,
agus ní'l a fhios agam-sa nach beag nach
bhfuil an mallacht ceudna le tabhairt ag an
té tá suidhte san áit a raibh an rí sin do 'n
dlighe do dhíbir fir eile tá ag troid indiú
i n-aghaidh an riaghaltais cheudna. Acht an
ndeirid lucht an riaghaltais seo gur eugcóir
atá aca féin d'á deunadh anois? Is beag
an baoghal atá orra sin a rádh, ó! go deimhin
ní eugcóir, ní rabhadar acht ag iarraidh saor-
racht bheag do thabhairt dá muintir bhocht féin
do bhí faoi pheannaid agus faoi gheur-smacht ag
Pól gránna crúbach úd. Bheidís gabhtha sásta
le fóiríthin beag dhá laighead a fhághail dá
muintir bhocht féin.



Acht bíodh sin mar atá sé, agus gidh gur chaoin
an bárd gur'b é “dibirt is imtheacht na
ndaoine do mheuduigh a bhrón 'na chroidhe,”
imthigheann siad, agus ar sgaramhaint le gach
nídh d'á dtug a gcroidhe grádh agus gean
ariamh, “an iongantach é a gcroidhe bheith
lán?” ná go ndeirid mar dubhairt an file
Sasanach:



“Acht mo leun! sé coróin an bhróin é
Aoibhneas t'óige bheith 'n do chroidhe.”



Ar ngluaiseacht dúinn as Sasana chum na
hAfraice Theas, admhuighim anois gur eu-
dtromuigh mo chroidhe, agus gur imthigh mórán
bróin díom, óir ní rabhas an tan sin cáir-
deamhuil ná carthannach leis an dtír sin, ar
bhfeicsint dam go raibh buaidhreadh agus dólás
ar dhaoinibh eile ar an ádhbhar cheudna agus bhí
agam-sa .i. ar bhfágáil a dtíre dhóibh; acht
'pé i nÉirinn é, shroicheamar caladh tar éis
trí seachtmhainí, agus trí lá agus teora oidhche
'na dhiaidh sin bhíomar (ár bhfurmhór, ar nós ar
bith, agus bhí os cionn sé cheud againn ar bhórd
na luinge) 'stigh i gceartlár an Transbhaal.



Bhí go maith, agus ní raibh go holc, sin í go
díreach an áit a raibh gach uile mhac máthar
againn, muna raibh beirt nó thriúr as an
gceud, 'na choigcríoch cheart chríochnuighthe.
Bheidheadh sé dona go leor ag duine bheith
'na dheoraidhe, agus a bheith imeasg daoine
aitheantais, a threoróchadh é ar shlighe i n-a
saothróchadh sé a bheatha, acht 'sé an chaoi a raibh
sé agam féin, agus ní'l a fhios agam ag cé
eile 'raibh an sgeul ceudna le n'innsint,
ní raibh mac an éin ann ar ar sgairt an ghrian
do chonnaic mé ariamh go dtí sin, agus an
méid do chonncas an uair sin féin chítear
dham nach cosmhaileacht mhór carthannais ná
déagh-chóntanúis do bhí aca faoi mo chómhair.
Budh é sin luighe mo smuainte ar nós ar bith,
acht, dhá mbeidheadh maith ag caint air, b'fheárr
do dhuine bheith gan smuainte ar aon chor,
nó, muna bhféadfadh sé bheith amhlaidh sin, bheith
go cruadh-dhúr-chroidheach ar sheachrán an
domhain, 'ná bheith go caoin séimh simplidhe
adhnáireach, gan chealg, gan ghangaid, gan
mhailís, ag géilleadh do theanntás uaibhreach
dhroch-mhúinte.



Fearacht gach tíre óir eile dhá bhfuil le
fághail, bhí an iliomad dream daoine ar
Shliabh an Uisge Bháin, an t-ainm atá ag
daoinibh dúthchais na tíre ar an áit seo. Bhí
gaca le dream daoine ann agus tá 'san
Roinn Eorpa, agus tuilleadh le n-a chois, agus ní
breug a rádh nach ait an áit bheith ar sgoil,
mar deurfá, 'n-a measg. Sgaipighthe ar
fud na tuaithe agus ar fud an bhaile mhóir
bhíodar so go léir fillte fuaighte i ngnó lé
n-a chéile, ag maireachtáil, agus i dtuilleamaidh
agus ar neamh-thuilleamaidh le n-a chéile; iad ar
fad ag forcamhás agus ag buaint bheatha
as an óir, agus an chuid aca nach bhfeudfadh
aon t-slighe bheatha bhuaint amach (agus is beag,
sílim, nach raibh gacha le duine ag imtheacht
as, ar uairibh, agus bhí ag teacht ann), ghread-
faidís leo go háit eile.


L. 499


Is beag céard de'n domhan nach raibh dream
daoine as ann-sa' mbaile seo, agus ar fud na
n-áiteach óir. As gach uile thír ó Éire go
Rusland (mar thugaidh Iúdaidhthe na Ruissa,
i n-a mbeagáinín féin Beurla, ar an dtír
sin), as an tSín Mhóir agus as na hoileánaibh
ó dheas di, chomh fada 's tá ann; as Ameiriocá,
ó dheas agus ó thuaidh, agus dhá dhream eile
do rugadh agus do tógadh ann-sa' dtír féin
.i. na Búra, agus na fir dhubha — nó mar thugtar
annsúd orra, na malraigh, nó na buachaillí.
Agus ó is ag an dá dhream dheiridh seo do
bhí an talamh ar dtús, is mó aca atá ann,
agus a castar ar dhuine aca ná de aon
mhuintir eile. Is ait an sadhas duine é an
fear dubh. Tá teanga ar leith aige, nósa
ar leith, dlighthe ar leith, agus tá déanamh ar
leith air. Tá an dath atá ar chuid aca chomh
dubh leis an sméir, agus tá tuilleadh aca a
bhfuil a ndath dubh-bhuidhe nó dubh-dhonn, nó
idir eatorra, mar deurfá. Acht cia ar bith
bunudhas do bhí ag a ndath, ná ag a ndéanamh,
sin é uile 'bhfuil de dhithfir idir iad féin agus na
fir bhána, an dithfear eile atá eatorra is é
an t-oiliughadh agus an tógbháil do-ghnidheas é.
Tá na fir dubha so i n-ainbhfios, i mbochtain-
eacht, 'na sglábhuidhthe, agus 'na n-ain-chríostuighthe.
Táid ag obair do'n fhear bhán anns gach áit
a bhfuil sglábhuidheacht le déanamh, faoi
thalamh no as a chionn, agus is minic gur beag
an rogha atá le fághail aige, acht a dhul ag
déanamh an rud a hiarrfar air; tá na fir
bhána chomh cleachtach sin orra nach mbeidheadh
aon déanamh dhá n-uireasbaidh aca, agus ní
haistighe é sin féin ná an chaoi a dtugtar
ann iad.



Is iondamhuil go mbíonn daoine ar fud
na tíre annso agus annsúd imeasg treabh na
bhfear-ndubh 'ghá gceannach ó'n rígh, nó 'ghá
bhfághail, b'fhéidir, ar ghealla go bhfuighfidís
saothrughadh maith ag obair ann-sna fodhuir-
meachánaibh óir. Ceannuigheann siad so an
oiread buachaillidhe dubha agus fheudfas siad, agus
cuirid iad ag triall ar obair, an áit a gcos-
nuigheann siad ó phúnt go dtí cheithre phúnt an
duine, do réir mar bhios ganntanas no fair-
sneacht buachaillidhe ann. Chonnaic mé féin
go minic chomh maith le ceud aca ag teacht
i n-éinfheacht, agus go deimhin deurfá nach
gcuirfeá a' ruagadh na bpriachán iad. (Is
corr-dhuine, is dóigh liom, nár chualaidh caint
ar an bhfear bréige, atá ag an bhfeilméir 'na
gharrdha arbhair san earrach, leis na priacháin
do sgannrughadh as.) Ní'l spreac ná
éifeacht ná gliocas ionnta, i gcosmhaileacht,
acht go bhfuilid ar fad óg. Tá siad o dheich
mbliadhna go dtí fiche bliadhain d'aois, agus
gidh go bhfuil siad suarach go leor ag obair
le bheith san aois sin dóibh, níor bh'fhiú dhuit,
bheith ga da mheathadh féin leo ar dteacht
dhóibh go haois a seanóireachta. Ní fheadair
mé féin an bhfuil fhios cia mheud treabh de'n
mhuintir seo ann, acht tá a fhios agam go
bhfuil teanga ar leith ag gach aon treibh de
thuairim deich no dó dheug de cheannaibh ar
ar chuireas eolas. Gidh gur phiocas suas
corr-fhocal d'á dteangthaibh éagsamhla annso
's annsúd, do bheidheadh úsáideach dham 'mo
chuid oibre leo, ní raibh an oiread eolais
ar na teangthaibh agus go bhfeudfainn idir-
dhealughadh do dhéanamh eatorra, agus cuimh-
nighim go dtáinig aon mheitheal úr amháin aca
as an dtír ó thuaidh, chomh maith le cheithre cheud
míle suas, nár thuig aon treibh eile dá raibh
san áit áirighthe sin. Tá sé riachtanach ag
gach uile dhuine san áit a bheag no a mhór dhá
dteangaidh d'fhóghluim, mar nach bhfuil bóthar
ná teach ná obair a gcuirfir do lámh ná do


L. 500


chos nach bhfuilid ann romhat, agus ag teastáil
uait. Bhí fodhuirmeachán amháin ann, ann
a raibh ocht míle de na créatúiríbh seo ag
obair, agus mo léan! budh furusda iad a riar, —
níor bh'fheárr leis an gcuid do bhidheadh ag
obair 'san oidhche suidheachán dá mbeidheadh
aca ná sínte sa ngréin a' codhladh a sátha.



Gidh go bhfuillid seo “faoi amhgar 's faoi
leathtrom an tsaoghail” mar deir an file,
ann-san áit a bhfacas-sa iad is dóigh liom go
bhfuil dlighthe agus beusa, earrach agus fóghmhar,
treabhadh agus forsadh aca ann a dtaltaibh
athardha féin mar tá ag gach aon treibh eile
de shíol Ádhaimh; acht ní rabhas-sa ariamh ann
a mbothánáibh, ná imeasg a mbailte beaga, ní
féidir liom a rádh acht gur chualas sgeulta
iomadamhla ó dhaoinibh do mhair ann a measg,
agus do thuig a dteanga, do chuir i gcéill dam
iad do bheith chomh síbhialta do réir a dtuig-
sint féin le daoinibh ar a bhfuil cáil mhór do
bheith síbhialta.



Is iad na Búra na daoine ag a bhfuil
ordlámh ar an dtír sin, agus ann a dteangaidh-
san is Búr (Boer) do thugaid ar fheilmeoir.
Cheapfadh duine gur aisteach símplidhe,
b'éidir cealgach na daoine iad na Búra,
acht is iongantach spioradamhail atáid, agus is
mór a ngrádh ar an tsaorsacht. Do bheidh-
eadh saorsacht aca cia bé áit ann a
mbeidís, agus, is uime sin do throideadar agus do
shíor-throideadar ar a son, ionnus gur
díbrigheadh agus gur sgaipeadh iad isteach ar
dhruim shléibhte an fhásaigh ar feadh fiche ceud
míle. Is dócha gur mar gheall ar an anró
agus an easbaidh d'fhulaingeadar de ghnáth ar
an mbealach so atáid i gcomhnuidhe gabhtha
leis an tsean-stáid sean-nósach atá d'fhia-
chaibh orra a chleachtadh agus úsáid do dhéanamh
de gach nídh a castar orra. Tá an tír faoi
chnocaibh agus faoi ghleanntaibh, an talamh lom-
nocht, searg, agus farsaing, agus is éigean do na
feilmeoiríbh giota talmhan do shaothrughadh
i ngleann, no ar áit a mbeidh cosmhaileacht
éigin uisge ann. Beidh teach nó dhó annso
sa ngleann, agus ceann eile i bhfoisgeacht dó
nó trí 'mhílte, nó b'éidir chúig mhíle dhó, ceann
eile ar an dtaoibh eile de'n chnoc agus fál
timchioll na feilme.



Is ar an nós sin do mhairid, agus ní hiongnadh
gur eallach, capaill agus múillí an saidhbhreas
ann a gcuirid spéis. Ní'l meas ar aon
fhear nach bhfuil capall, srian is diallaid
aige, agus má bhíonn péire aige atá a dhá oiread
measa air. D'innis Gearmánach dam, do
mhair ocht mbliadhna deug ann a measg, dá
mbeidheadh capall maith, srian is diallaid
aige, go mb'fhéidir leis aisdear dhá cheud
deug míle do thabhairt thríotha agus nach gcos-
nóchadh sé leith-phinginn air. Ní chómhairid an
t-aisdear do réir na mílte acht do réir an
asdair a dheunfas an capall san uair.
D'fiarfhuigheas, lá, de dhuine aca cá 'aide
uair bhí baile áirighthe chum a rabhas ag dul
ar mo rothar, agus dubhairt sé go raibh sé
cheithre huaire uaim, “gidh,” adeir se, “go
ndeárnas féin é aon lá amháin i dtrí uaire
go leith, acht má rinneas, bí capall maith
agam.” Sé mhíle san uair an comhthrom a
cheaptar do chapall a dheunamh, agus má ghni-
dheann sé níos mó is de fheabhas air féin a
bheidheas sé. Is cuid eile dhá saidhbhreas an
t-eallach; agus is uime sin gur beag nár sgrios-
adh a bhfurmhór an bhliadhain cheana annso,
nuair tháinig an tinneas tógbhálach ar ar
thugadar rinderpest mar ainm fútha. Caill-
eadh na ceudta mílte an t-am sin, ionnus,
faoi dheireadh, nach raibh bulán ná gamhan, ar
éigin, ag an bhfeilmeoir do chuirfeadh sé
roimh chairt ná cheuchta.



Bhí iarsma na pláighe sin ag teultughadh
as, agus bhíodar ag éirghe níos spleodaraighe
arís nuair bhuail pláigh eile fútha .i. cogadh;


L. 501


agus ní hé an beithidheach do buaileadh an t-am
so, acht na daoine.



Gidh go ndeunann cogadh athrúiteacha
cumasacha i ndaoinibh go hiondamhail, ní
dóigh liom go ndeunfadh sé aon athrughadh
mór i mbeusaibh ná i n-imtheacht na bhfeil-
meoiridhe símplidhe neimh-spleádhach so. Ní
cheapaid gur cumaoin ort é thú ghlacadh go
lághach carthannach fialmhar, má castar ann
a measg thú ag taisdeal. Tá ceud fáilte,
croidheamhlacht, leabaidh, biadh, gnaoidheamh-
lacht agus meas le fágháil ag coigcríoch uatha,
acht má bhídheann sé ag taisdeal dhá chois ní
chuirid an oiread suime ann — ceapaid go
mb'éidir go bhfuil an duine ceart go leor
ann a bhealach féin, acht is mór an locht air
gan a chapall marcuigheacht' do bheith faoi;
acht cibé caoi a bheidheas air, ní chaithfear
caoitheas na daoitheamhlacht leis munab é
féin is ciontach.



Ní gnáth leis na Bura cómhnuidhe sna bailtibh
móra, ná ní'l siad luighte leis; go deimhin
tá cuid aca nach raibh ariamh ceud míle ón
áit a rugadh iad; tá siad sásta leis an
ngunna, an bíobla agus an baile. Is dá bhrígh
sin atáid chomh haineolach ar nuadh-bhealghaibh
na coda eile de'n domhan, agus chomh neamh-
shuimeamhail ann. Gidh gur bochtuigheadh go
leor aca leis an bhpláigh bhí ar an eallach, ní
rabhadar toilteanach ar dhul ag obair faoi
thalamh. Bhí meitheal aca ag obair faoi
thalamh liom aon uair amháin, agus chonnaiceas
go ndearnadar an oiread oibre agus dheunfadh
meitheal ar bhith eile, gidh go rabhadar doich-
eallach ar a dhul síos. Bhí aon fhear amháin
ann do chuaidh síos, agus do chinn air fanacht
ann níos faide ná uair a' chluig. Dubhairt
sé, tar éis a theacht aníos, nár orduigh Dia
d'aoinneach ariamh oibriughadh gan solus na
gréine, agus ní dheachaidh sé síos 'na dhiaidh sin.
Bhí nídh eile do chuir toirmeasg ar na Búraibh
gan a dhul ann-sna fodhuirmeachánaibh, agus is
mar gheall air nach ndeachadar mórán ariamh
ar lorg na hoibre .i. gur ag na Sasanaibh
do bí ordlámh, agus ní thiubhraidís seo slighe-
bheathadh dhóibh, dhá mbeidís ag fágháil bháis ar
an bhfód le hocrus. Ón bhfear is áirde ag
a raibh cumhacht ar na taltaibh óir go dtí
an t-oiffigeach is ísle bhí faoi, ní raibh le
fághail ag an mBúr bocht acht droch-mheas,
masla, agus tarcuisne, agus ní hiongnadh, do réir
an nádúir dhaonna atá ionnainn, gur mhol
na Búra an eascainidhe cheudna, agus gaimbín
le n-a chois ar an Sasanach. Agus tá bealach
eile ag na Búraibh leis an míol-chúntanús sin
do chúitiughadh .i. gan aon tSasanach do
leigean ann aon oifig faoi n-a Riaghaltas.
Glacfar Gearmánach, nó Éireannach nó
Holóndach 'na oifigeach, agus tá muinighin asta,
acht ní gan fáth, mar tá cuid aca chomh dílis
do'n Riaghaltas leis na Búraibh féin. Bhí mé
lá ag an bposda ag iarraidh beirt bhig
rudaidhe do tháinig chugam thríd an bposda,
agus nuair shín máighistir an phosda an beartín
chugam amach d'iarr sé orm é fhosgailt.
Cheapas féin go raibh sé dlisdeanach aige é
fheiceáil fhosgailte ar fhaitcheas go mbeidheadh
aon nídh ann ar a gcaithfinn íoc, acht mar
mar sin féin, ní raibh fonn ar bith orm a thais-
beánt dó, agus roighin réidh go leor thosuigheas
ag cuartughadh mo sgeine im' phóca, nó go
ngearrfainn an deirteul. Faoi dheireadh
thairg sé é ghearradh, agus nuair bhreathnuigh sé
thríd sgiorr sé amach arís chugam é, agus bhí
fearg mo sháith orm faoi gur chuir sé
d'fhiachaibh orm a fhosgailt. Dubhras leis go
mbudh cheart dó iad a cheangal suas arís
dham, réir mar sgaoil sé iad. “Ní mé sgaoil
iad,” adeir sé, “acht thusa. Is Sasanach
thusa, is Gearmánach atá ionnam-sa agus feicfidh
tú go bhfuilimíd-ne chomh glic chomh clisde
libh féin.” Thosuigh mé ag luadh mionna


L. 502


móra air, ag easgainidhe, a' sgioladóireacht,
agus 'ghá mhaslughadh i nGaedhilg, agus nuair chualaidh
sé sin, shaoilfeá go dtáinig aithmheul air, agus
dubhairt sé “ó b'éidir gur Albanach thú, no
munab eadh is Breathnach tú.” “B'éidir,”
arsa mise, “b'éidir go mbéarfadh dall ar
gheirrfhiadh, nó b'éidir go bhfuilir níos
críonna 'nois ná bhídhis cheana,” is leis sin
bhuaileas amach uaidh.



Tá dream eile no dhó as na hIndiachaibh
ann de'n dath dubh, agus ní mór gur feárr iad
ar aon nós ná fir dhubha na tíre; ta deunamh
lag-bhrígheach éidtreorach orra, acht go
bhfuilid meabhrach go maith. Ní'l obair le
fághail aca so go coitchionnta, agus dá bhíthin sin,
mairid ar cheannuidheacht bheag annso 's
annsúd, agus is bocht an mhaireachtáil í; acht
mar sin féin, is cosmhail gur feárr í ná
mar tá aca i dtír bhocht the thirm sheasgach
na nIndiach.



An chuid is mó de mhuintir na hEorpa atá
'san tír úd is as Sasana do thángadar, agus is iad
so atá ag obair 'sna fodhuirmeachánaibh faoi
thalamh; tá corr-dhuine as Ameriocá, agus as
tíorthaibh eile Shasanacha, beirt no dhó as an
bhFrainc, agus as an nGearmáin, agus corr-Éir-
eannach agus Albanach, agus sin é an t-ádhbhar a
bhfuil ó sheisear go deichneabhar Sasanach
i n-obair ann i n-aghaidh duine ó aon áit eile.
Ní de bhrígh feabhais 'ná fearr is bárr maith-
easa orra féin é seo, óir gur feárr agus gur
eolgaighe go mór na hAmeirocánaigh ná iad
ann gach uile áit ar chuireas-sa teurma ar
bith isteach. Ní mór dham a rádh annso
b'eidir, ó thárla nár luaidheas cheana é, nach
bhfuil gráin ar bith dhá laighead agam ar
Shasanach, mar gheall ar a thír; dhá mbeidheadh,
níor mhór dham bheith ar nós ar bith cáir-
deamhail le gach Eireannach, acht faraoir níl
sin le rádh agam leo.



'Sé mianach an óir bun agus tús an ádhbhair
do tharraing gach uile choigcríoch chum na
rainne úd de'n domhan, agus ní hiongnadh sin
nuair smaoinimíd go ndeirid lucht eolais
an mhianaigh, go mairfidh sé 'ghá thógbháil go
ceann dhá fhichead bliadhan fós. Níor fríth
amach go nuige seo a dhoimhneacht, gídh go
ndeachas síos os cionn trí mhíle troigh ar a
lorg síos díreach. I n-áiteannaibh tá sé
troigh ar tiughas, agus as sin suas go deich
dtroighthe, agus cuid dhe tuilleadh, agus tá sé ag
rith thríd an talamh ar feadh trí fichead míle.
Sin é an t-achar atá idir dhá chríoch, an rainn
is mó dhe, acht tá giotaidhe beaga eile anonn
's anall atá dhá n-oibhriughadh, agus atá ag íoc
go maith freisin.



Acht is deacair do dhuine laethe agus saoghal
a óige do dhearmad. Gidh gur féidir beusa
agus teanga do dhearmad, gidh go n-athróchadh,
agus go n-athruigheann an aimsir nádúr féin na
ndaoine muna ndeunfaidhe iarracht ar a
gcoimheud, agus gidh go n-abair an sean-fhocal
gurab é an gnás an dara nádúr, 'na dhiaidh
sin 's uile, ní féidir splannc dhúthchais na
tíre ann ar hoileadh duine do mhúchadh chomh
críochnuighthe sin amach 's amach ann, nach
sprogfadh a chroidhe uair éigin, agus nach ndeur-
fadh:— “Mo leun is mo dheacair nach bhfeic-
im mo shean-tír dhúthchais, aon uair amháin
eile sul dá gheabhad bás, nach mairg nach
bhfuil sé i ndán dam?” Agus muna bhfuil
sé ar a chumas is iondamhail go gcuirfidh
an smaoineadh sin spreacadh ann le iarr-
acht do dheunamh ar é bheith ar a chumas. Is
minic go n-éirigheann leis, agus ar dteacht
ar ais dó tagann sólás áidhmhéil air, agus
lasann a chroidhe le gáirdeachas agus lúth-
gháire; d'fhágaibh sé uaigneas agus aduantas
an tsaoghail 'na dhiaidh, agus gidh gur deacair
lorg agus fithínidhe na mbliadhanta do bhuaint
amach as eudan an duine, tá an t-athrughadh
chomh mór sin, go dtugann sé sásadh agus


L. 503


samhaoin a óige chuige arís, i gcruth 's go
ndeurfadh leis féin:



Cibé fód ar dhruim an domhain
'Bhfuil roghain an euga orm breith,
Tá mé gabhtha, bíodh gur sleamhain
An bealach úr tá faoi mo chois.



EOGHAN Ó NEACHTAIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services