Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Taidhbhse na Reilige.

Title
Taidhbhse na Reilige.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Ó Cinnéide, Cormac
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TAIDHBHSE NA REILIGE.



Sean-bhean a bhí 'na comhnuidhe le taoibh
reilige. Lá amháin chuaidh sí amach agus bhuain
sí grísgín d'á mhás (.i. sean-dhuine beag
meaithte a cuireadh in-sa' reilig). Tráth-
nóna thainic a' dá chois mhóra isteach agus sheas
sé taobh 'stigh do'n dorus is bhí an chailleach
ag sníomh 's ag casadh. Annsin thainic a'
dá lurgain chaola bheaga isteac is sheas sé
os a chionn sin. Thainic a' dá ghlúin mhóra
isteach is sheas sé os a chionn sin. Thainic a'
dá leis bheaga chaola isteach is sheas sé os a
chionn sin. Thainic a' tóin mhór isteach is
sheas sé os a chionn sin. Thainic a' caoldruim
beag caol isteach annsin is sheas sé os a
chionn sin. Thainic a' muineál beag caol agus
a' dá ghualainn mhóra os cionn a' droma big
ciair is sheas sé os a chionn sin. Thainic a'
cionn mór isteach ar deireadh agus sheas sé os
a chionn sin.



Bhí an chailleach d'á sgá'rughadh agus ag (d)ul
fríd a chéile nuair a hainic = (chonnaic) sí
ag teacht isteach i n-a ghiotaidhe é. Dar
léithí go gcuirfeadh sí speic síos air.



“Goidé bheir a' cionn mór sin ort?” ars'
ise.



“Buillidhe móra, buillidhe móra,” ars'
eisean.



D'fhiafruigh sí annsin: “Goidé bheir a'
chaoldruim beag caol sin ort?”



“Barraidheacht ualach, barraidheacht ua-
lach,” ars' eisean.



D'fhiafruigh sí annsin goidé bheir a' tóin
mhór sin air.



“Suidhe 'gus éirghe, suidhe 'gus éirghe,”
ars' eisean.



D'fhiafruigh sí annsin goidé bheir a' dá
leis bheaga chaola air.



“Péistí is crumhógaí, péistí is crumhógaí,”
ars' eisean.



D'fhiafruigh sí annsin: “Goidé bheir a' dá
ghlúin mhóra sin ort?”



“Urnaidhe 'gus paidreacha, urnaidhe 'gus
paidreacha,” ars' eisean.



D'fhiafruigh sí annsin: “Goidé bheir a' dá
chionn cos mór sin ort?”



“Barraidheacht siubhaltaí, barraidheacht
siubhaltaí,” ars' eisean.


L. 464


D'fhiafruigh sí annsin de: “Cé bhuain a'
grísgín sin do do mhás?” ars' ise.



”Ó, tá thusa, a rógaire, tá thusa,” ars'
eisean, “cuirfe mise deireadh leat,” agus thug
sé casadh dí. Ó, thug, is tharrainn sé amach
gur mharbh sé í.



Tagra.



Caoldruim: “snadhmaid na dóidlámha tar chaol-
dromannaibh a chéile,” Tór. Dh. agus Ghráinne.



Speic: Bíthear dá labhairt seo 'sa' Mhumhain leis,
mar shompla, ”chuir sé speic orm” .i. chuir sé caint
orm, chuir sé furán orm.



Cormac Ó Cinnéide, píobaire, d'innis i nDún na
nGall. Má's olc sgéal ar ghoul, ní holc a réabadh
súd.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services