Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. A Chéibhfhionn Bheag.

Title
Filidheacht. A Chéibhfhionn Bheag.
Author(s)
Mac Domhnaill, Seaghán Clárach, Mac Tíre
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 56


A CHÉIBHFHIONN BHEAG



Seaghán Clárach MacDomhnaill cct.



I.
A Chéibhfhionn bheag bhéal-tana bhaoth;
A thréid-bhean budh séadmhaire suim;
A réilteann na spéir-gcoinneal gcaomh;
'S a chéile na ndéithe go fíor:
Mo léan-sa! cár éaluigh do ghné,
Is do chlaon-rosg na spéir-gcriostal
gcaoin;
Do sgéimh-dhreach mar aon-tsneachta an
tsléibhe
Is caor-lasair thréan ag teacht tríd?



II.
Ná do chraobhfholt tiugh dréimreach do
théidheadh
Go faon-chluthmhar fé bhun do chuim;
Do chaol-mhala éadtrom ghlan réidh,
Is t'éadan ar aon-dath an aoil;
Do thaobh geal rug céim ar an ngréin;
Do ghéaga mar ghéis ar an dtuinn?
Do thréigis do chaomh-chruth go léir;
Tabhair sgéala dham créad do bhain díobh.



III.
Is é chuir mé i n-éagmuis mo ghné,
'S le 'r threigeas mo chaomh-chruth go fíor,
Na faolchoin-se ag aodhaireacht mo thréad,
Is mé gan mo chéile lem' thaoibh,
Ná aon-mhac d'fhuil Éibhir na séad
Dom' chaomhna ar spéirling mar bhíodh,
Is saor-chead ag daorsgur go claon
Chum éirligh mo chaorach gach laoi.



IV.
Atá daol-bhrat ar Phoebus go féar;
Féach Pan mar thréig sin a phíp;
Ag éigsibh ní'l caomh-chruit ar gléas;
Ag déithibh ní'l aon fhocal fuinn;
D'éagadar maoth-thoradh craobh;
Is tréith atáid éanlaith 'na gcrích;
Ó's éigean dom' chéile gheal féin
Mé thréigean 's gan é ag teacht, fóiríor!



TAGRA.



Tá an t-amhrán so simplidhe a dhóthain, am' thuairim.
Na comhfhocail féin, is de ghnáth-fhoclaibh cainte nó
dáin do rinneadh iad uile. II. Géis .i. eala; is dóigh
liom go bhfuil gaol ag an bhfocal so le gans i
n-Almáinis, le goose i Saixbhéarla, le xnv i nGréigis,
le h-anser i Laidin, &c. ; ní fhaca-sa riamh dá thabhairt
fá ndeara é, acht b'fhéidir go dtugadh. III. Daor-
sgur =(?) daor + sgor (.i. groigh nó tréad); b'fhéidir,
ámh, gur “daosgar” an ceart. IV. Maoth-thoradh:
”maoth-thora” 'sa sgríbhinn; b'fhéidir gur “maoth-
thoirthe' an ceart.



Sliocht sgríbhinne Phóil Uí Longáin 'san R.I.A. an
t-amhrán so.



Mac Tíre.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services