Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Duan an Ólacháin.

Title
Filidheacht. Duan an Ólacháin.
Author(s)
Ó Gliasáin, Tomás, Ó Donnchadha, Tadhg
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 53


DUAN AN ÓLACHÁIN.



Ag seo duan Tiobóid Phádraig
agus Mhathghamhna .í. triúr ba
ghnáth i dtigh an tábhairne go
suairc saobh-nósach; agus ar
n-ól a sásaimh dhóibh, is amhlaidh bhídís,
fear aca dall droch-radhairc, fear
liodartha lag-chosach, agus an tríomhadh
fear baoiseach buan-bhalbh; ionnus gurab
ar shubstaint an triúir seo atá an eachtra
so im' dhiaidh:



1.
Thárla i Luimneach le chéile
I n-éinfheacht i n-aimsir siosóin,
Triúr nár bh'annamh i dtigh an tábhairne,
Mathghamhain, Pádraig agus Tiobóid.



2.
Mathghamhain an tan d'ibheadh a dhóthain
Ní bhfaghadh fear eolais a thuigsin
I mBéarla ná i dteanga a mháthar,
Acht amháin “gibé ar bith é.”



3.
Contrárdha bhíos Tiobóid,
Ní bhíonn agó 'na fhocail,
Ní chailleann ball d'a chréachtaibh
Acht gur tréith lag a chosa.



4.
Gidh mór súla Phádraig
Is iad áluinn le feicsint,
Tar éis slogtha na gcopán
Fad a leath-lámh ní fheiceann.



5.
Suidhid ar chlar na póite
Is goirid an cárt 's an pota,
Slogaid an piúnt 's an cnaigín
Mar do bhí a taithighe aca.



6.
Ar bhlaiseadh an leanna do Thiobóid
Is plubóg de'n uisge bheathadh,
Do-bheir sé an Tríonóid
Gurab í sin beoir is fearr sa chathair.



7.
“Má's í,” arsa Pádraig
“Ibhimís lán ár gcroiceann
Annso go meadhón oidhche
'S téidheadh an giuistís dá chrochadh.”



8.
“Maith an chaint,” arsa Mathghamhain,
Is é féin leath-shúgach roimhe sin,
“Bímís sealad go súgach,
Is leanaimís dúthchas ar sinsear.”



9.
Ibhid deoch ar a chéile
'S ní féidir liom innsin
Cá mhéid uair gan seachrán
Do ghabh an copán timcheall.



10.
Mar sin dóibh le carrbhas
'S le hadughadh an phíopa,
Do caitheadh leó go gáireach
An lá agus cuid de'n oidhche.



11.
Dar liom is maith an comhrádh
Adeir an Págánach sa Laidin;
“Mar a mbíonn an spórt 's an sólás
Go mbíonn an dólás 'na aice.”



12.
Ar a deich dhe'n chlog go trom-éiseach
Tig an droiméir go tapaidh,
Is deir,“Gach duine d'a lóisdín
No i gcórdaíbh go maidin.”



13.
“Is mise milleadh,” arsa Tiobóid,
“Is bead fá thrioblóid go maidin;


L. 54


Dá bhfaighinn saidhbhreas na dúithce
Ní dhéanfainn siubhal ná aistear.



14.
“Is measa mise,” arsa Pádraig,
“Gidh nár liom le n-innsint;
Thar doras amach ní léir dam
Aonfrud acht oidhche.



15.
Do rinne Mathghamhain gáire
Nuair chonnairc cás na beirte;
Duine aca lag-chosach cainteach;
Is duine eile dall le meisge.



16.
Do labhair Tiobóid go cráidhte,
“Cad is fearr dúinn do dhéanamh;
A Mhathghamhain chroidhe na páirte
Is nár dúinn ár sgéalta.”



17.
“Gibé ar bith é bí thuas ar mo ghualainn,
'S ní dhéan duanaireacht bréige,
Is mé ag sodar fá dhroch-ualach
Gibé ar bith é luadar do dhéanfad.”



18.
Do rinneadh marcach de Thiobóid
'S níor iarr stioróip ná giorta;
“Och, ochón!” arsa Pádraig,
“Cá bhfágfaidh sibh mise?”



19.
“Beir thíos ar mo chlóca,
No ar íochtar chóta an duine,
Is lean sinn tríd an tsráid
Mar dhall gan súil i gcloigeann.”



20.
Mar sin dóibh go sásta
Go rángadar an geata;
“Zounds”, arsa an Gall-fhear, “It's Satan
incarnate”,
And cries,“A monster, a monster!”



21.
Do labhair Tiobóid go héasgaidh,
'S ní hé a chuid Bhéarla bhí ar iarraidh;
Is Mathghamhain faoi 'na sheasamh,
Is é ag feachad 's ag fiaradh.



22.
“I am no monster
Nor counterfeit Devil,
But a country gentleman
Both honest and civil



23.
Who, coming up street
By chance got a fall
And broke both my legs,
O, fortune dismal!”



24.
“Who is he that carrieth thee?”
Asketh the soldier,
Dubhairt seisean,“For my money
I hired the porter.”



25.
“What's he that follows thee?”
Instances the sentry.
“A blind harper, says he,
“That plays for the gentry.”



26.
Mar sin dóibh, ar éigin
Do léigeadh iad thar geata;
Is díombuidheach do bhí Mathghamhain
De chaint droch-mhúinte an mharcaigh.



27.
Mar adubhairt gan chontabhairt
Gur portúir é do cheannuigh,
Do theilg Tiobóid uasal
Dá ghualainn sa lathaigh.



28.
Annsin do gheall Tiobóid
Leath-choróin mar luach saothair
Dá mbeireadh é d'a lóisdín
Is do mhóidigh sin ar vade mecum.


L. 55


29.
Do ghlac Mathghamhain a ualach
An dara huair go háimhleisg,
Is do rug Tiobóid d'a lóisdín
Ar bhinn clóicín ag Pádraig.



30.
Nuair do shuidh Tiobóid 'na chathaoir
Is é gan faitchíos gan dochmadh,
Is maith do chóruigh a mharcaigheacht,
Is fear ealadhan le deochaibh.



CEANGAL.
31.
Do-chím gur tubaisteach turus an óil
seo ghnáith;
Do-chím na hiosgada uireasbach fór-lag
tláith;
Do chím an duine le daille gan treoir sa
tsráid,
'S an tríomhadh duine gan focal 'na bheól ar
áird.



32.
'S a Chríost cá'r mhiste sin tuitim le
cródhacht lámh,
No le gníomh oirdheirc chuirfeadh me ar nós
an bháis?
Acht duine le daille, le hiomarca an
ólacháin,
Gan siubhal gan mhire gan friotal, is
d'reoil an cás.



Tagra



Is fada me ag braith ar an duan so an ólacháin do
chur i gcló, acht ní bhfuaras caoi go dtí anois. Nach
iongantach nár cuireadh i gcló cheana é, — ní fhaca féin
i gcló é go háirithe — mar tá sé coitcheann go leór ins
na leabhraibh lámh? Tá sean-chóib de agam féin.
Fuaras i gCo. Chorcaighe é. Do-gheineas-sa coimhmheas
idir é sin agus sé cinn eile do fuaras i leabhraibh lámh i
nAcadaimh Ríoghdha na hÉireann. Tháinig ceithre cinn
díobh-san ó Chontae an Chláir; ceann amháin aca ó
Chontae Phuirt Láirge, agus níor ró-mhaith an ceann é; agus
do réir an chinn eile is ann a fuaras é ná curtha síos
ag Micheál Ó Longáin. Ní raibh puinn deifridheachta
eatorra go léir i lár an duain, acht bhí cuid aca nach
raibh acht ceathramha amháin sa cheangal orra, agus ceann
no dhó nach raibh aon réamhrádh leo. Tá an duan so i
mbéalaibh na ndaoine fós i gCo. an Chláir mar d'inis
Tomás O hAodha dham gur ghabh duine éigin mar aiste
labhartha é ar Fheis Shráide na Cathrach, an samhradh so
chuaidh thorainn.



Tá mearbhall orm i dtaobh ughdair an duain seo. Is
é adeir Tomás O hAodha liom gur dóigh leis gurab é
Tomás O Gliasáin do cheap é. Is follus as an dán
féin gur i gCo. an Chláir do ceapadh é, agus is ann do
rugadh agus do tógadh Tomás O Gliasáin. Acht b'é
Tomás O Gliasáin féin do sgríobh ceann de na leabh-
raibh 'na bhfuil an duan so 'san Acadaimh agus ní
abair gurab é féin do cheap é. Ní'l ainm an ughdair
thíos i n-aon leabhar dá raibh agam-sa acht amháin i
leabhar an Longánaigh. Ní'l an réamhrádh thuas aige-sean
i n-aon chor, acht táid na ceathramhna so 'na ionad:



“Séamus English cct.
A Bhráthair na Faire, a Dhiarmuid,
Ag a mbíonn biadh agus daoine,
Coin is gadhair is coileáin,
Go for-fháilteacht id' thimcheall.



Seo chugat ó Shéamus
Faide saoghail agus sláinte;
Gabh agat gan ghruaim
An duan-so ó shliocht an dána:
Thárla &c.”



Ní fheadar éinnídh mar ghioll ar an Séamus so, ná
ní fheadar cia'r bh'é Diarmuid acht chomh beag.



“le haiteas an phíopa,” a tá im'
chóib féin. “Le fíor-tharrang
an phíopa,” i gceann eile.



“adeir an sean-rádh.”



“Gach n-aon.”



“No go mbeidh a muiníl i gceapaibh.”



“Ar bhfeicsint cás.”



“Beir-se thiar.”



“Is lean-sa san tsráid sinn.”



“Ars an geatóir.”



“Gan siubhal gan aistear ná focal
'na bheól ar áird.”



Sin é a bhfuil eatorra go léir gur fiú é teacht
thairis.



Tadhg O Donnchadha

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services