Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Chumaisg - Barántas.

Title
Caint Chumaisg - Barántas.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 20


BHARÁNTAS.



Ag Eóghan Ruadh.



Contae Chiarraidhe mar aon lé
mór-chuairdibh Eóghain Uí Shúilio-
bháin, agus chum a lucht cuardaigh:
sidé gearán agus fuairnéis Sheu-
mais Uí Chuirc mhic Chormaic
báille, chómhnuigheas i n-imeall na Coille
Crosdara cois na Brice i gcontae Chiar-
raidhe reumhráidhteach.



Do dhearbhuigh mac an bháille gan saor
mionn ná buntáiste ar leacacha dearga an
tinnteáin, ar bhataidhe dubha an dorais, agus
ar phortús a mháthar, go dtáinig sladaidhe
leath-nochtuighthe, ciar-bhuidhe, cairtighthe, liath,
lom, dorcha, crom, crom-shlinneánach, cliabh-
chumhang, bolg-mhór, breun-análach, agus é 'n-a
shruimile cheatach, mhalluighthe; agus é 'n-a
phusaidhe phus-shúileach, phrioslach, phlámásach,
bhorr-phusach; agus é 'n-a liarna tinnteáin,
cham-iosgadach, bhreac-luirgneach, ghabhal-
dóighte, dhíomhaoin, droch-ghnóthac; agus é 'n-a
chliútach bhuidhe, bhreac-shúileach, sgíth-shúileach,
chríon-fhiaclach, gan náire, ag feitheamh agus
ag faire na h-uaire chum gur striupáil mac
an báille dhe a chasóg le brothal agus le duadh-
obair na coille glaise ins an áit sin go
ráidhid siad “An tOileán Dorcha” air.



Do ghaibh an táthaire reumhráidhteach lais-
tiar de, agus do sgiob sé uaidh a chasóg gheur-
chóirighthe dhe'n mhín-bhréidín chiar-dhubh chómh-
shnáthach, fé n-a leathanh-chnaipidhibh deár-
náltha, insa' bhliadhain sin d'aois ár
dTighearna, seacht gcéad deug, chúig
bhliadhna deug, agus trí fichid (1775).



Ag seo bharántas anois chum Taidhg Uí
Chonaill, iúistís socair, sochma, céillidhe,
do fuair cúntas, ceannus, agus réim-cheart i
ndlighe agus dtuigsint, do Ch-Eóghan Long-
ward agus d'á ghárdaibh, agus d'árd-chúnstáblaithe
Chloinne Muiris, moin-chuardach a dheunamh
'n-a líomatáiste, agus aspeisialtha is gach
n-aon go bhfuil droch-gheataidhe ionnta
briste:—



Le h-eagla ar dtúis go meathfadh do
lúth,
Go bhfaghfá brúghadh ná buille mhaide,
Bailigh leat congnamh d'fhearaibh óga
dhe'n dúthaigh
Do bheidh go lúthmhar agus ná foigidneóidh
caismirt.
Tuaidh cuardach fada fuadrach,
Agus arís cuardaighidh is gach baile,
Ó Ghleann na léime go Bárr Féile,
Cois na Sméide agus iar cois Mainne.
Ba ghnáthach sgriosaire ciar-bhuidhe cair-
tighthe
Ar nós an duine seo i gCúilósochta.
Ná fágaidh iothla, ná bun tripinne,
Gleann ná imeall chunuic do gan lorg.
Cuiridh a thuairisg ar fuaid na tuaithe,
Go Sliabh Luachra is go Crosaire an
tSionnaigh:
I nGleann Ó Ruachta ba mhinic lucht
cuardaigh
Augs sladaidhe luaimneach aco dh'á
chloithe.
Cuarduighidh go sáir-mhaith timcheall
Chill-Áirne,
Imeall na sráide agus cois an locha;
Ná stadaidh do'n stáir sin go Dain-
gean na mBárc


L. 21


Le h-eagla ar stráille bheith 'n-a
chodladh.
Geuraighidh ar bhar siubhal, agus cuiridh
fúibh
Ag Cruacha Dubha Mhac Giolla Coda:
Deinidh cómhairle annsain cá ngeóbhaidh
sibh,
Agus meabhruighidh an t-eólas ar a
lorg.
Tá Tigh Mhóire gan cuardach fós do,
Agus creidim gur cóir díbh cuir ar na
cosaibh;
Nuair a chuirfidh sibh bhar n-amhras dos
na gleanntaibh,
Tugaidh fogha ar Chaisleán na Mainne
Cuarduighidh go ró-mhaith portaighthe
móna
De Chrochaire an Chórda, agus cois na
Fleasga;
Ná fágaidh trínse ná bun díge
Ó Chrois Uí Laighin go h-Áth Data:
Ó Thigh Duibh go Ceann Daoithe
Go Baile Mhic Íre, ná as sain go
Corcaigh;
Deinidh ar bhar n-aghaidh go Carraig an
Adhmuid:
Ná deinidh aon mhoill acht bheith ar
sodar.
Ná blaisidh greim brotha ná meidhg
Le h-eagla aon treighid do theacht 'na
bhar mbolg.
Bídhidh múinte i mBaile Mhúirne;
Tá droch-chriú ann fébh mar a chloisim;
Is suarach an chúis d'iarrfaidís chúgaibh
Chum sibh a rúsgadh leis na clochaibh.
Is geárr an t-aistear díbh dul go
Cairbirt;
Ná téidhidh thairis mar ní'l sé dleaghthach.
Cuarduighidh timcheall árd is íseal,
Gleannta is cnocáin, mín is garbh;
Casáin tacair, clathacha daingeana,
Is, gan aon dearmad, fraoch is aiteann.
Ná fágaidh áitreabh, cró, ná stábla
Ar bruach na Gáile dho gan lorg.
Thuas ag Lios Tuathail atá se am
thuairim,
Is fuisge uaine aige dh'á shlugadh
Le h-eagla a amhraicht; do bhí a leicine
scrabhaite;
Do bhí garbh-phus ramhar air, is é dubh-
smeartha;
Do bhí sé ceann-throm, gearb ar a dhrom,
Bárr a chaincín cam, is leathan-bhreall
ar a theangain.
Má fhaghann sibh radharc air, cuiridh
greim air,
agus tugaidh an cladhaire go bun na mara;
Tugaidh, ar adhastar, ceangailthe
d'(W)hit(e) é:—
Agus miotamas doimhin leis an bhfear
lochtach.
Ba mhór an sásamh le mac an bháille
É fheicsint i n-áirde idir dhá mhaide.
Sin agaibh críoch air: is go bhfóiridh
Críost air,
Is fad ó a thuill se an córda dh'á
thachtadh.



Conchubhar O Deasmhumhna,
Baile Mhic Aoire
Baile Mhúirne



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services