Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ughdair Ghaedhealacha na h-ochtmhadh aoise déag. II.

Title
Ughdair Ghaedhealacha na h-ochtmhadh aoise déag. II.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

UGHDAIR GHAEDHEALACHA
NA H-OCHTMHADH AOISE DÉAG. — II.



Acht do cuireadh sgoil nuadh fhilidheachta
Gaedhilghe ar bun i dtosach na haoise do
chuaidh thort. Thug filidh na haoise sin aire
mhór do na guthaidhibh. Is é tionnsgnadh na
filidheachta so, oireamhnughadh na nguthadh
'sna siolladhaibh ar a bhfuil fioghair an
ghotha, i riocht go mbíd dánta Gaedhilge na
haoise sin go binn blasta láin-cheólmhar.
Ní fhuil aon dán 'san mBéurla comh ceoil-
bhinn leó; acht ní ar fhilidhibh Sasan atá
an locht, acht ar an mBeurla féin. Ní
bheidheadh guthaidhe an Bhéarla oireamhnach
do na miosúraibh do chleacht filidh Ghaedheal-
acha na h-ochtmhadh aoise déag, mar atá
guthaidhe na Gaedhilge agus guthaidhe
teangadh na hIodáile. Ní fhuil an ceól
úd le fagháil i léigheann na Sasan acht
amháin i ndántaibh Swinburne; acht dá
mhilse iad a chuid dánta sin, ní fiú trácht
orra 'n-a thaoibh seo seachas dánta Gaedh-
ilge na haoise do chuaidh thort.



Cor leis sin, ba mhór an meas do bhí ag
na filidhibh Gaedhilge sin ar choimhlitriughadh,
mar is follus as a ndántaibh do léaghadh.
Ní beag iad na línte i na dtosuigheann
gach focal leis an litir chéadna.



Ba mhaith linn cunntas do thabhairt ar na
filidhibh sin féin agus ar a n-oibreachaibh;
acht níor bh'fhéidir linn sin do dhéanamh gan
an páipeár so do bheith ro-fhada againn. Ní
beag linn, maiseadh, sompladha éigin do
thabhairt ar dhántaibh príomh-ughdar na
buidhne sin.



1. Toirdhealbhach O Cearbhalláin (1738).



“Ní'l ceol d'a bhinne fós d'ár sein-
neadh
“Nár bh'eolach dhi-si a dtuigsin 'sa rádh
in gach céim
“A gruadh mar rós ag drithleadh, is
buan 'na gcomharsa an lile,
“A rosg is míne gluise 'ná bláth na
gcraobh.
“'Sé deir oll-dámh molta cláir shíl
Néill
“Go gcuirfeadh na corradha 'chodladh
lé sár-ghuith a béil,
“Ní'l amhras i n-a súil bhreagh lonnaigh,
“Acht óltar linn go grinn do shlámte
mhaith féin.”



(Máible shéimh ní Cheallaigh.)



2. Brian Mac Giolla-Mheidhre.



“Tar éis do 'n aindir bheith tamall ag
éisteacht,
Léim 'n-a seasamh go tapaidh gan
foighidne;
“Labhair sí leis agus lasadh 'n-a súilibh
“'S rabharta feirge feillice fúithi.
“Dar coróin na Carraige, muna
mbeidheadh lé géilleadh
“Do d'chlód, do d'aindeise, 's d'eas-
baidh do chéille,
“'S d'fhonn na hurrama do'n chuid-
eachta shéimh seo,
“Do cheann lé m'iongain do sgiob-
fainn de d'chaol-sgroig.”



(Cúirt an Mheadhóin Oidhche.)



3. Tadhg Gaodhlach O Súilliobháin.



“Mo ghrádh-sa mo Dhia,
“Mo ghárda, mo liaigh


L. 291


“Mo ghrádh geal mo Thighearna tró-
caireach,
“Mo ghrádh milis Críost,
“'S grádhaim uile a chroidhe,
“Mo ghrádh ar fad thu, a Rí na glóire;
“Mo ghrádh-sa do shúil,
“Mo ghrádh-sa do shiubhal,
“Mo ghrád-sa do chlódh 's do chómhachta,
“Mo ghrádh thú lé fonn,
“Cé táim bun-os-cionn
“'S ná deárna, mo chumha, do
chomhairle.”



4. Donnchadh Ruadh Mac Con-Mara.



“Do léig sé gáir ós árd as béiceadh,
“Lé fuaim a ghotha do chritheadar
spéartha,
“Do chualaidh an chruinne é, 's chuir
ifreann géim as.
“Téidheam tar sruthán 'san gcurachán
caol dubh,
“As déanam an t-aithghearr g'nuig
cnocán beag aedhearach
“Go rángamar anaighe i raibh geataidhe
gan aon ghlas
“Áit a raibh maistín ag glamghail gan
traochadh.”



(Eactra Giolla an Amarráin.)



Adubhramar cheana go ndearnadh 'san
aois ar a bhfuilmid ag trácht a lán de
dhántaibh Gaedhilge nár clóbhuaileadh riamh.
Lé n-a chruthughadh so, do bhéuramaid cuid
de na dántaibh sin, fuaramar 'sna láimh-
sgríbhnibh atá i gcoláisde Mhaighe-Nuadhad.



1. Micheál Coimín ro chan.



“Do b'aisling dhom tríom néaltaibh go
bhfaca mise spéir-bhean
“A gciumhais na coille craobh-ghlaise
ag déanamh dubróin,
“A dlaoithe ag feacadh fiar léi go
cíordha casta craobhach
“Soillseach trillseach céibheach mar
Phoebus ar neóin,
“Do gheit mo chroidhe le géir-shearc
do'n mhaighre bhraghaid-gheal bhéasach,
“Chuir saghad i bhfeidhm am chréachta,
nach léighisfear go deó,
“Acht amháin mur bhfaighinn óm' chéad-
shearc cead luighe 'na coim le haon-
toil
“Is gur lé meidhir do mheallfainn cead
ó na bhéal balsom póg.



“A leabhar-ghais de'n tséadar 'na
dtugas searc mo chléibh dhuit
“Do mhalairt-se de chéile ní dhéanfad
dom dheóin,
“Is gur dalta thú d'oil déigh-bhean, 'sa
seabhach Laighneach léigheannda
“Ba ghasda bhlasda bhéarlach, a's gach
tréith eile dá shóirt.
“Tá mo shúil leis an úr-Mic Naomhtha
go mbiam go súgach séanmhar,
“A rúin, a gclúid a cheile tar 'éis so
gan bhrón,
“A's d'a bhrígh sin cuirim céad a's dá
mhíle beannacht séimh chughad
“Ó iarthar Chláir Luirc Eibhir, pé 'n
Éirinn tú a stóir.”



2. So tosach dáin chaointe do sgríobhadh san
mbliadain 1738:—



“A Uillíaim Uí bhriain, is dian do
ghlan-raobais
“Mo chroidhe am chlíabh lé diacair
phéine,
“A fharaire ghroidhe mo dhíth's mo léan thu
“Caithte ded chapall is t'anam dod
thréigean.



“Budh mhór mo thnúth, a dhochtúir léi-
gheannta,
“Gurab tu mo dheacar gan easbaidh do
réidhfeadh;
“Iar bhfagháil garma gheallas am bhéars
duit,
“Do mealladh foiríor mé am laoithibh
bréige.


L. 292


“Biad fá chumha 's fá phudhair i n-éin-
fheacht,
'Ó do cailleadh mo thaca 's mo thaobh
dheas,
“Creach na Mumhan is clú na cléire
“Do chuaidh i n-úir i dtúis a réimis.



“Iar mbeith d'Aoibhill ag caoi go
déarach,
“Ag bualadh a bas gan stad gan
traochadh,
“Maith d'aithnigheas gur gar nídh éigin
“Do'n té 'bhfuil aoird do dhíoladh
éirghe (?).



3. So cuid bheag de dhán ar a nglaodhtar
“Eactra Capaill an Chuimín”:—



“A dhaoine, nó an díth libh na sgeólta
“Do h'innseadh araoir ar an ród dam,
“An díoga so ar shaoithibh an eóluis
“Fa'n gclampar ar mhac Shamhairle
gur séoladh.



“Sgafaire do chaith sealad go seoi-
deach
“Do bhí i gceannas is i rachmas go
ró-fhada
“Do bhí i bhflaitheas i ngradam 's i
nglóir
“An tsaoghail mheanmnaigh mhalairtigh
bhrónaigh.
“Do chomhnuigh a gCorca na braoitre
mhomhuir (?)
“Lán de mheas ag flathaibh Fódla
“Lán de shuim ag daoinibh móra
“Is do dhaoinibh bochta do ghníodh cothrom
is comghar.



“Insan sráid i gcionn táinte 'na dheoidh sin
“Ag labhairt a gcáis a's ag fagháil a
gcomhairle
“Ag ursain an dlighidh do ghníodh a
ngnótha
“A's riamh níor ghlac ó 'n anbhruid
feórlinn.”



Atámuid réidh anois leis na filidhibh
Gaedhealacha. Cuirimid rómhainn labhairt
'san áit seo ar na sgéaltaibh Gaedhilge do
sgríobhadh 'san ochtmhadh aois déag. Ní
fhuil siad comh ainmeamhail leis na dán-
taibh ar ar labhramar thuas agus is í mo
bharamhail-se nach bhfuilid comh luachmhar
leó. Acht ní féidir a shéanadh gur fiú íad
a léigheadh, mar thaisbéanaid dúinn na
cleachta agus na nóis do bhí ag na hÉirean-
nachaibh 'san aoís i n-ar sgríobhadh iad. Is
iad “Stáir Éamuinn Uí Chléirigh” ag
Seaghán Ó Neachtain, “Eachtra Thoirdheal-
bhaigh mhic Stairn,” agus “Eachtra triúir
mhac Thoirdhealbhaigh mhic Stairn” ag
Michéal Coimín, na stáire is mó clú d'á
bhfuil againn as an aois sin. Ag so cuid
do “Stáir Éamuinn Uí Chléirigh,” agus is
cuid í nár craobh-sgaoileadh fós:—



“D'fhiosruigh Ó Néill go hiongantach,
“Créad é an riachtanas do bhí lé scathaibh
an-mhóra na gcolum sin”? “Atá,” ol
Cormac, “óir is éigin do mo ghiollaidhibh
colum, cúig míle colum do thabhairt do mo
ghiollaidhibh ainrighe gach aon tseachtmhain go
cinnte, agus 'na dhiaidh sin féin, bíd ag
casaoid.” “A Chormaic,” ar Ó Néill, “an
misde a fhiosruighe, cionnus a chothuighthear
an uimhir each úd do-chím ag dul chum
uisge?” “Furus go leór,” ol Cormac,
“oír ní fhuil aon acra i bhfearann na
Muláirne léigthear chum feoir, nach
spealtar ceithre céad cárr feoir de fá
dhó gach aon tseachtmhain.” “Ceist ort,
cionnus gheibhthear leapacha go leór do do
ghnáth-mhuinntir féin, anuair a bhíos iomad
daoine ar aoighidheacht agad? nó an ar na
machairidhibh is éigean dóibh codladh?”
“Bíodh a fhios agat, a dhuine uasail, nárbh'
fhiú liom-sa, an duine is táire dá dtiucfadh
chum mo chúirte do chur 'na luighe ar an
leabaidh is dathamhla dá mbíonn ag mo
ghnáth-mhuinntir féin; gidh go bhfuil cuiltí
síoda snas-bháin go léor aca, agus nach


L. 293


raibh mo theaghlach ríamh gan trí míle leabadh
árd áluinn ór-dhaithte rionnuighthe tim-
cheall lé meirgibh éagsamhla de shaoithibh an
bheatha.”



Fá dheireadh, is dóigh linn gur mór an
truaighe é gan tuilleadh de na hoibreachaibh
seo do bheith lé fagháil ag léightheóiribh i
gcoitchinne. Atá súil againn go gcraobh-
sgaoilfear cuid aca ag an “Irish Texts
Society” do cuireadh ar bun tamall beag
ó shoin.



“Mac Phádruic Naomhtha.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services